Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Lámhleabhar Gaeilge don Ábhar Iriseora

Cinnlínte: Saol an Iriseora
le Déaglán de Bréadún. Cois Life, 2016, ISBN: 9781907494581


Léirmheas le Marie Whelton

Comhthéacs

Agus é ag scríobh, le déanaí, in Meon Eile bhí an méid seo le rá ag an iriseoir Ciarán Dunbar: ‘Ar an drochuair níl mórán téacsleabhar ar fáil ar iriseoireacht na Gaeilge, is trua sin mar is minic nach ábhartha téacsleabhair Bhéarla do shaol na Gaeilge.’1 Sa chomhthéacs sin, cuirfidh teagascóirí iriseoireachta agus mic léinn iriseoireachta fáilte roimh Cinnlínte: Saol an Iriseora le Déaglán de Bréadún. Is leabhar é a fheidhmíonn ar dhá bhealach éagsúla: mar chuimhní cinn stairiúla agus mar leabhar oiliúna d’iriseoirí óga.

Sula ndíríonn de Bréadún ar dhá cheann déag de na scéalta nuachta ba mhó a chlúdaigh sé le linn a ghairmréime mar iriseoir, déanann sé a chúlra féin a líniú sa Réamhrá. Tagraíonn sé dá athair a mhúscail suim sna nuachtáin ann agus a chuir ar bhóthar na hiriseoireachta é an chéad lá. Tagraíonn sé, freisin, don tslí ar mhéadaigh ar a spéis san iriseoireacht agus é ina dhéagóir agus don aois óg a bhí aige – ceithre bliana déag – nuair a chuir sé a chéad nuachtán amach agus é ag freastal ar scoil na mBráithre Críostaí i Sráid Synge. Ach tugann sé le fios dúinn, leis, gurbh iad ‘Les événements’ i bPáras sa bhliain 1968, agus an t-iriseoir ina mhac léinn ollscoile óg, ba mhó a léirigh dó go bhféadfaí an domhan a athrú tríd an ngníomhaíocht pholaitiúil agus, dá réir, tríd an iriseoireacht.

Ba le The Irish Times a chaith de Bréadún an chuid ba mhó dá shaol gairmiúil idir c.1980 agus c.2012. Ba bhlianta suaite go leor i stair na hÉireann agus i stair na cruinne iad, agus thar na blianta sin bhí róil éagsúla ag de Bréadúin leis an nuachtán. Ag tús a ghairme b’fho-eagarthóir agus Eagarthóir Gaeilge é ach chaith sé tréimhsí mar Eagarthóir an Tuaiscirt, mar Chomhfhreagraí Gnóthaí Eachtracha agus mar Chomhfhreagraí Polaitíochta ó Theach Laighean, freisin.

Mórscéalta Stairiúla

Tá trí chaibidil sa leabhar faoi Iar-Thaoisigh de chuid na hÉireann. Sa chéad cheann acu tugann de Bréadún léitheoirí ar ais chuig glóir-réim Charles Haughey ar bhealach measúil ach géar, agus cuireann sé i gcuimhne do léitheoirí nach bhféadfaí a rá faoi riamh go raibh sé ‘leadránach’ mar pholaiteoir. I gcaibidil dar teideal ‘Téarma gearr, tionchar mór: Albert Reynolds mar Thaoiseach’, cíorann de Bréadún an ‘éifeacht stairiúil’ a bhí ag Reynolds ar an bpróiseas síochána sa Tuaisceart agus sa chaibidil leathdhéanach sa leabhar, déanann sé plé ar Brian Cowen. Luann sé na laigí a bhí air ach tugann sé cothrom na féinne dó, freisin, agus tagann de Bréadún ar an gconclúid nach raibh ‘an t-ádh’ le Cowen le linn dó a bheith sa ról.

Téann an t-údar i ngleic, freisin, leis an dá mhórcheist eiticiúla a tháinig chun cinn in Éirinn le linn a ghairme – an ginmhilleadh agus an colscaradh. I gcaibidil ar leith, rianaíonn an t-údar stair an ghinmhillte i ndlí na hÉireann agus éiríonn leis an stair chasta sin a chíoradh ar bhealach gonta meáite. I gcaibidil eile, pléann sé leis na tuairiscí nuachtáin a scríobh sé faoin gcolscaradh agus faoi na reifrinn a reáchtáladh sa bhliain 1986 agus sa bhliain 1995. Arís, is cuntas fíorasach é a chuireann an dá thaobh den argóint agus de na díospóireachtaí a tharla ag an am i láthair go beacht.

Tá dhá chaibidil éagsúla sa leabhar ina n-osclaíonn de Bréadún fuinneog isteach ar an Aontas Sóivéadach ag am a raibh an taoide ag casadh go drámata sa tír sin. Leis an tsoiléireacht is dual dó, míníonn sé na cúiseanna ar tháinig deireadh leis an gcumannachas agus cuireann sé coincheapa cáiliúla casta mar ‘glasnost’ agus ‘perestroika’ inár láthair arís ar bhealach sothuigthe glinn. Sa dara caibidil ar an Rúis, déanann de Bréadún cur síos ar an saol a bhíodh aige agus é ag tuairisciú ó Mhoscó ar feadh cúig mhí sa bhliain 1994. Cé go bhfuil sé soiléir gur bhain de Bréadún tairbhe as cultúr agus as áilleacht na Rúise, is léir, freisin, go raibh go leor dúshlán le sárú ag an tír sna blianta díreach tar éis ré an chumannachais.

Is caibidil fhíorchorraitheach í an chaibidil faoi ghéarchéim na dteifeach Coirdíneach sa bhliain 1991, géarchéim a chuir cuntais ar an nGorta Mór in Éirinn i gcuimhne don údar. Tá an meas a d’fhás ann ar na teifigh sin le léamh go háirithe ar an ráiteas seo: ‘Bhí mé den tuairim go bhféadfá sparán airgid a fhágáil ar an talamh i lár an champa agus nach ngoidfí é…’ (lch 44).

Chomh maith leis an gcaibidil ar Albert Reynolds atá luaite thuas, tá dhá chaibidil eile tiomnaithe don phróiseas síochána i dTuaisceart na hÉireann. Úsáideann an t-údar scéal nuachta a scríobh sé faoi shos cogaidh an IRA sa bhliain 1994 mar chúlbhrat chun stair na dtrioblóidí a líniú agus comhlíonann an chaibidil dar teideal ‘I láthair ag Comhaontú Aoine an Chéasta’ an tuairisc, caibidil ina bpléann sé go háirithe le ról Bertie Ahern agus George Mitchell sna comhráite síochána. Nuair a léitear iad le chéile, is gearrchuntas críochnúil iad na caibidlí sin a bheidh an-áisiúil do mhic léinn nó d’aon duine atá ag iarraidh staidéar a dhéanamh ar stair an phróisis síochána in Éirinn.

Ní fhéadfadh an t-údar scríobh faoin tréimhse staire atá i gceist aige sa leabhar seo gan dul i ngleic leis an lá cinniúnach 11 Meán Fómhair, 2001 (nó 9/11, mar a thugtar air), agus ní haon ionadh é go dtugann sé mionsonraí faoina raibh ar siúl aige ar an lá. Bhí sé ar an mbóthar go Gaza leis an Aire Gnóthaí Eachtracha, Brian Cowen, a bhí ar a bhealach chuig cruinniú le Yasser Arafat. Tugann an chaibidil léargas nithiúil ar a chontúirtí agus a bhí na cúinsí i nGaza ag an am áirithe sin.

Is feiliúnach, i leabhar a foilsíodh sa bhliain 2016, go dtéann de Bréadún i ngleic ar bhealach tomhaiste sa chaibidil dheireanach leis na ceisteanna bunúsacha a chuirtear faoin Éirí Amach agus go ndéanann sé comparáid agus codarsnacht idir an comóradh a rinne an tír ar 1916 sa bhliain 1966, 1976 agus 1991. Taispeánann sé go raibh tionchar éagsúil ag cúinsí staire agus ag an tuairimíocht pholaitiúil reatha ar gach comóradh.

Comhairle don Ábhar Iriseora

Is léir, dá bhrí sin, go dtarraingíonn an t-údar ar fhoinsí iriseoireachta agus ar a thaithí iriseoireachta féin chun leabhar staire soléite insroichte a chur ar fáil do léitheoirí. Tugann sé gearrchuntais chuimsitheacha shoiléire ar eachtraí agus ar phearsana tábhachtacha ón saol poiblí ag tréimhse staire ar leith, ach, mar a dúirt mé ag an tús is mó ná sin atá sa leabhar seo. Tugann an t-údar go leor leideanna agus eiseamláirí d’iriseoirí, freisin, maidir leis an dea-chleachtas agus maidir leis na scileanna is gá a fhorbairt do ghairm na hiriseoireachta. Tá na caibidlí lán de léargas ar nádúr cheird na hiriseoireachta í féin agus le comhairle áisiúil faoina thábhachtaí agus atá sé:
• réamhthaighde a dhéanamh ar phearsantacht agus ar nósanna daoine sula gcuirtear faoi agallamh iad (lch 13);
• a bheith straitéiseach agus gan an iomarca eolais a thabhairt don té atá ag dul faoi agallamh roimh ré (lch 18);
• béim ar leith a aimsiú do gach alt agus an bhéim sin a dhéanamh soiléir sa cheannlíne (lch 15);
• a bheith cothrom meáite (lch 26);
• deiseanna a thapú agus scéalta a shníomh as rudaí a tharlaíonn gan choinne (lch 33);
• a bheith cruinn agus féaráilte (lch 80);
• an difríocht idir ráflaí agus fíricí a thuiscint go háirithe nuair atá na cúinsí teann agus dainséarach (lch 93);
• comhairle a fháil go rialta ó eagarthóirí agus ó chomhghleacaithe (lch 40);
• an scéal daonna a chur i láthair (lch 40);
• obair dhian a dhéanamh i gcónaí (lch 55);
• foinsí údarásacha iontaofa a úsáid (lch 62, lch 102);
• sleachta agus frásaí daoine a scríobh síos agus a úsáid (lch 71).

Ach tugann an leabhar léargas, freisin, ar na dúshláin a bhíonn le sárú ag iriseoirí ina saol gairmiúil. Luann sé, mar shampla:
• go raibh air lóistín a thógáil in áiteanna aisteacha ar mhaithe lena bheith i láthair chun scéal nuachta eisiach a fháil (lch 87);
• go raibh air scéalta a scríobh ag amanna neamhshóisialta (lch 89);
• go mbaineann neirbhís nádúrtha le mórscéal nuachta a chlúdach (lch 63);
• nach raibh sé éasca i gcónaí aistritheoir a aimsiú i dtíortha iasachta (lch 33);
• go raibh air taisteal a dhéanamh chuig cuid de na háiteanna ba dhúshlánaí agus ba shuaraí ar domhan (lch 39);
• gur bhain dainséir phearsanta leis an taisteal sin (lch 38, 46, 99, 100).

Aoibhinn Beatha an Iriseora?

Ar an iomlán, áfach, is léir gur bhain de Bréadún sásamh as saol an iriseora agus go mbíodh an-bhá aige, i gcónaí, leis na daoine a bhí mar ábhar a chuid scéalta. Thug sé sásamh ar leith dó a bheith in ann aird an phobail a tharraingt ar thragóidí uafásacha agus as a bheith in ann cabhrú, dá réir, le daoine a bhí i dtrioblóid. Aithníonn sé, leis, go mbaineann spreagadh le saol an iriseora. Ina chuid focal féin: ‘Pé rud a déarfá faoi shaol an iriseora, is annamh a bhíonn sé leamh.’ (lch 55). É sin ráite, níl de Bréadún dall ar an gclaochlú ollmhór atá tar éis teacht ar chúrsaí iriseoireachta le daichead bliain anuas. Mar a deir sé: ‘Ní áibhéil a rá go bhfuil éifeacht réabhlóideach á himirt ar an tionscal nuachta ag an idirlíon’ (lch 9). Cé go n-aithníonn sé nach fiú a bheith ag clamhsán faoi fhorbairtí teicneolaíochta, luann sé an bhuairt atá air faoi ‘chaighdeáin fostaíochta agus tuarastail’(lch 9) dá mbarr agus molann sé d’iriseoirí óga ‘cáilíocht bhreise i réimse eile oibre a fháil mar chúltaca’ (lch 9). Ach cé go bhfuil na cúinsí ina mbíonn iriseoirí ag obair athraithe ó bhonn, dar leis, is é an ‘t-aon rud nach bhfuil athraithe ná dúil an phobail sa nuacht’ (lch 7).

Tagairt

1. Dunbar, C., ‘An tIriseoir Fánach: Comhairle d’Ógánaigh,’ Meon Eile, Meán Fómhair, 2016, https://www.meoneile.ie/anailis/an-tiriseoir-fánach-comhairle-dógánaigh, faighte 19/6/17, 16.56. I measc na leabhar maith Gaeilge atá ar fáil faoi cheird na hiriseoireachta luaigh Dunbar: Scéal Scéil: Rúndiamhra na Meán (Cois Life: 2014) agus Ar an Taifead: Fís, Fuaim, Focal (Cois Life: 2012) le Breandán Delap; In Ord is in Eagar (Cois Life: 2015) agus Cruinneas (Cois Life: 2015) le hAntain Mac Lochlainn chomh maith le Ár Nuachtán Laethúil: Fiche Bliain De Lá (Coiscéim: 2004) atá in eagar ag Philip Cummings.
——◊——
An t-údar: Is léachtóir le Gaeilge í An Dr Marie Whelton in Institiúid Oideachais Marino, Baile Átha Cliath.
Feasta, Lúnasa 2017

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais