Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Roinn Éadóchais an 1.5%


Gearrscéal le Maolsheachlainn Ó Caollaí


‘The survey showed that there is a limited capacity to provide services through Irish by the administrative sections in the Department. In response to the survey, less than 1.5% of the administrative staff indicated that they are proficient in Irish.’ Department of Education and Skills Irish Language Scheme 2013‐2016 under the Official Languages Act 2003, pp 14-15

‘Bhí fhios aige go raibh fhios ag Príomhfheidhmeannach na Roinne go raibh páiste de chuid cholcheathrar a mhná chéile ag freastal ar erse-school. Scaoil sé an rún cráite amach oíche a raibh siad ag céiliúradh. Bhí braon istigh aige. Le fírinne bhí sé ‘tuirseach agus corraithe’ an oíche úd. Bhí an-aiféala air ina dhiaidh sin.’

Bhí scanradh agus scéin iontu. Bhíodar cruinnithe le chéile san oifig i Sráid Mhaolchoilm. Ceannasaithe na rannóga ar fad. Cruinniú seachtainiúil na foirne ceannais le tosú i gceann nóiméid.

Beidh sí le ceangal, beidh sí ar buile —Príomhfheidhmeannach na Roinne. Íosfaidh sí iad! Bhí an scéal faighte ag an gCoimisinéir Teanga. Cén chaoi a mbeadh an scéal aige siúd ach amháin go raibh duine ina measc i ndiaidh é a scaoileadh chuige? Bhí ráfla cloiste acu go raibh sé ag beartú labhairt go poiblí ag comhdháil éigin agus iad a cháineadh.

Bhí an-imní ar Chrocadóir. Bhí fhios aige go raibh fhios ag Príomhfheidhmeannach na Roinne go raibh páiste le colcheathrar a mhná céile ag freastal ar erse-school. Scaoil sé an rún cráite seo amach oíche a raibh siad ag céiliúradh. Bhí braon istigh aige. Le fírinne bhí sé ‘tuirseach agus corraithe’ an oíche úd. Is ar a bhí an t-aiféala ar ball . Ní dhéanfaí dearmad ar an rún a scaoil sé uaidh an oíche úd. Bhí sé cinnte go raibh an mhídhiscréid sin ag cur bac ar a dhul chun cinn. Agus ‘baint’ mar sin aige le erse-school, b’fhéidir go gceapfadh Príomhfheidhmeannach na Roinne gur eisean a thug an scéal amach.

Ach bhí eolas faighte aige go raibh teach samhraidh, in aice le Tuaim i gContae na Gaillimhe, ag oifigeach sóisearach. Tá sin sa Ghaeltacht, nach bhfuil? Má tá, b’fhéidir go bhfuil sé gar d’oifig an Choimisinéara — agus nach mbeadh sé indéanta, má sea, a thabhairt le tuiscint gur eisean a scaoil an t-eolas? Thosaigh sé ag smaoineamh ar bhealaí a bhféadfaí an t-eolas áirithe seo a chur faoi bhráid an Phríomhfheidhmeannaigh.

Sháigh Rálach, Rúnaí Phríomhfheidhmeannach na Roinne a cloigeann isteach an doras. ‘Beidh moill cúig nóiméad ar an bPríomhfheidhmeannach.’ Ligeadar uilig osna faoisimh astu. Thosaigh a n-aigne ag fánaíocht.

Ar an gcarr nua a cheannaigh sé inné a bhí Rachmallach ag smaoineamh. ‘Top-of the–Range’, a dúirt sé leis féin, Lexus 2011 RR. Beidh 11 D air nuair a chlárófar é. Leathar bán ar na suíocháin agus ar na ballaí istigh. Taithníonn mana Lexus liom, a deir sé: ‘Leave them all Behind!’ Sea, ‘Leave Them All Behind!’ … na hamadáin! An chumhacht agus an ceannas a mhothaíonn duine agus é ag bailiú amach thar na daoine beaga ag 160 km san uair ar an M50!

Nuair a fheicfear an Lexus sa charrchlós beidh meas faoi dheireadh air sa mbeár san Royal George Yacht Club in Kingstown! Agus na comharsana úd, na Murphys! Beidh siadsan ite le héad. Gnó dá gcuid féin acu! Tráth dá raibh bhíodar inchomórtais leis féin. ‘Caiteachas taibhseach’ a bhí ar siúl ag na Murphys sin! Ach thóg an banc an carr uathu cupla lá ó shin! Sách maith acu, agus páiste de chuid dheirfiúr na mná ag freastal ar erse-school!

Trua gurbh éigean dó an Range Rover (10 D, ar ndóigh) a dhíol leis an ngaráiste, ach ní bheadh clós tosaigh a thí sách mór leis an gceathrú carr a choinneáil — an ceathrú charr mar aon leis an Motorhome Mercedes Rapido (09 D). Bhí os cionn €120,000 air sin nuair a cheannaigh sé é. Bíonn carr (10 D) na mná céile, an Motorhome féin, an Toyota IQ (10 D), a choinnítear ar an leantóir, agus a charr féin ann.

Caitheann sé féin agus an bhean chéile mí ar a laghad ar an Mór-Roinn chuile bhliain, iad ag dul ó áit go háit agus an leantóir leis an gcarr beag ina ndiaidh aniar. Bíonn an carr beag an-áisiúil thall nuair a bhíonn fo-aistir le déanamh acu chun lasta fíona a cheannach ag fíonghort. Ba dheas an 300 buidéal a thugadar abhaile anuraidh. An scothfhíon sin a fuaireadar, Dom Pérignon 2002, ní raibh ach €140 an buidéal air agus ba dheachair an Châteauneuf-du-Pape 2008 ar €45 an buidéal a shárú, Cheeky little wine é sin; all the breeding of a vintage. Thosaigh sé ag aithris dó féin na nathanna go léir a bhí de ghlanmheabhair aige lena rá sa George agus le Bat Penny: Aromatic and relatively delicate, nutty bouquet; long rich flavour; Light in texture, slightly fading in body; a good blend of age and moderate youthful fruit; silky texture at first, then even some astringency at end of palate, agus go leor eile mar sin.

Chuir na nathanna sin i gcuimhne dó gur san Loire a chéad-bhuaileadar le Bat Penny, an láithreoir úd le RTÉ ar mian leis bheith ina Fhrancach. Chateau breá fairsing ag Bat thall – 17ú haois, shílfeá. B’fhada ó chateau a tógadh Bat, ach níor mhór do dhuine umhlú don saibhreas. Chuimhnigh sé ar an mbealach a mbíonn Bat ag srónaíl agus ag iarraidh an corrfhocal Fraincise a thagann anuas a fhuaimniú go líofa, le blas a bhíonn níos Francaí ná blas na bhFrancach féin.

Rinne sé miongháire dó féin nuair a chuimhnigh sé ar an tsnagaireacht agus ar na hiarrachtaí a dhéanann an Bat céanna an corrfhocal Gaeilge a thagann anuas ina chlár raidió a fhuaimniú mícheart.

Ar an dá shaoire bhliantiúla thar lear a bhí beartaithe aige don bhliain seo a bhí Slamaire ag smaoineamh. Meitheamh agus Meán Fómhair. Ba mhaith leis a chur in iúl do PhríomhFheidhmeannach na Roinne go mbeadh sé féin agus a bhean chéile ag dul anonn go Stratford ar oilithreacht chultúrtha. An Bard, tá fhios agat. Buaic-phointe an chultúir dhaonna! Caitheann ard-státseirbhíseach feabhas a chur de shíor ar a chultúr agus a bheith ag cur lena eolas ar a fhoinse!

An-spéis aige freisin sna logainmneacha Sasanacha. Nach aoibhinn iad! Fonn air cuairt a thabhairt ar Steeple Bumstead. Tá ceol san ainm sin – cé go ndeirtear go bhfuil iarsmaí Ceilteacha san áit, ach ní bheadh seisean ag bacadh leo sin! Agus Little Muchness gan trácht ar Pooley Bridge! Nó Stow-on-the Wold. Ag smaoineamh ar Puddington a chur ar a theach féin. Céard faoi ainm nua d’ardoifig na Roinne? Nach bhfeilfeadh Rattery? Is fearr go mór iad na hainmneacha sin ná Ballygobackwards agus Ballyslapbuttery atá le fáil chuile áit abhus. Meas tú, a deir sé leis féin, an fíor an scéal a chuala mé inné go mbeidh deontas le fáil feasta ag státseirbhísigh a chaithfidh tamall thall sna Home Counties ag freastal ar ranganna Ardbhéarla agus Morris Dancing? Go deimhin, Morris Dancing!

Cuspóir ag an Roinn go mbeidh deis ag gach páiste Morris Dancing a fhoghlaim. Caithfidh sé cur isteach ar an deontas. Ní fhéadfadh sé dul ann le linn Lúnasa ar aon nós, mar is ag seoladh idir oileáin na Gréige a bheidh sé le linn an dara mí saoire. Luamh 30 méadar curtha in áirithe aige. Beidh na pictiúirí á dtaispeáint aige san George. Dá fheabhas iad na báid seoil atá ag baill eile an Royal George, níl aon cheann acu inchomórtais leis an gceann seo atá in áirithe aige sa Ghréig. Lig sé osna beag sásaimh as.

Ag bun an bhoird chruinnithe a bhí Caimiléir. An áit sin roghnaithe aige d’aon ghnó. Bheadh sé le feiceáil ag PríomhFheidhmeannach na Roinne san áit sin: bhí sé léite aige sé in alt ar The Daily Telegraph – an t-aon nuachtán gurb fhiú é a thógáil – gurb é sin an dara hionad is cumhachtaí ag boird chruinnithe. Bhí imní air inniu. B’fhéidir go gceapann Príomhfheidhmeannach na Roinne gur eisean a scaoil an t-eolas leis an gCoimisinéir. Beidh sí i gcruth a ceangail! Caithfidh go bhfuil a chomhad pearsanra scrúdaithe ag Príomhfheidhmeannach na Roinne.

Nuair a cuireadh agallamh air fiche bliain ó shin don phost sa státseirbhís, bhí meas éigin fós ar an nGaeilge ag roinnt seandaoine sa Roinn, agus shíl sé go ndéanfadh sé a leas bréag bheag a insint. Dúirt sé leis na hagallóirí gur fhreastail seanuncail leis ar rang Erse i gColáiste na Tríonóide i 1924. Cuimhnigh air sin! An áit dheireanach ar domhan a fheicfeá Uncle Jonathan ná ag rang Erse. Ach, b’fhéidir nach bhfuil an comhad sin feicthe aici. Ní maith leis an aigne dhaonna na smaointe gruama, agus ba ghairid go raibh sé ag smaoineamh ar ábhair ní ba thaitneamhaí.

B’fhéidir nach gá bheith buartha. Beidh Príomhfheidhmeannach na Roinne iontach sásta leis na socruithe atá á dhéanamh aige don churaclam nua staire. Ar ndóigh, leasaíodh an curaclam tamall maith de bhlianta ó shin — leagan Fústarach den stair, ar ndóigh, ach bhí an tAire Cheana Féin faoi bhrú ag airí eile socruithe cuí a dhéanamh le haghaidh chomóradh 1916. Shíl an tAire ag an am sin go mbeadh Fia na bhFál i gcumhacht fós in 2016! Bhí sí ag iarraidh cúrsaí a bheartú a bhainfeadh le scéal na bhFíníní, Cogadh na Talún, Parnell, na hÓglaigh agus araile.

Cinneadh Rialtais a bhí ann, a dúirt sí! Cinneadh Rialtais! Ach seo Roinn an 1.5%! Ní fiú tráithnín linne cinneadh Rialtais! D’iarr Príomhfheidhmeannach na Roinne air na fadhbanna seo a réiteach. Beidh sí thar a bheith buíoch dó nuair a inseoidh sé di go bhfuil staraí den chéad scoth fostaithe aige chun curaclam ar leith a scríobh a ullmhóidh daltaí na hÉireann don chomóradh. Beidh an dream nua thar a bheith sásta freisin.

Ó sea! Déanfaidh an t-iriseoir cáiliúil Kevin Tryers an-jab go deo. Messines Ridge, The 16th Irish, Gallipoli, Sud-el-Bar, na Dublin Fusiliers agus an seasamh cróga a rinneadar le linn na círéibe a bhí i mBaile Átha Cliath an bhliain sin. Ba iad a chosain an ‘líne, thanaí dhearg’ le linn an chéad chupla lá círéibe i mBaile Átha Cliath. B’fhearr, ar ndóigh, nach mbeadh aon tagairtí do na Gearmánaigh agus na Turcaigh a mharaíodar, 50,000 ar a laghad, agus an Ghearmáin i gceannas anois ar an EU, ach ní luafadh Kevin rud ar bith mar sin.

Nach é Kevin an buachaill chun crógacht na Fusiliers agus an 16th a mhóradh. Ní bhíonn lá ar bith nach mbíonn tuairimí agus smaointe nua aige ar bhealaí a bhféadfaí an curaclam a fheabhsú. Bhí scéim ar leith á moladh aige inniu – deontais do na múinteoirí staire a bheidh ag tabhairt a ranganna anonn go Mesinnes Ridge le linn sheachtain na Cásca 2016 chun an stair a bhlaiseadh san áit ar tharla an fíor-1916. Deontas Kitchner á mholadh aige mar ainm ar an scéim.

Ní raibh mórán imní ar Fhailpéir. Nach bhfuil Príomhfheidhmeannach na Roinne buíoch dó fós as ucht na cabhrach a thug sé le linn dóibh bheith ag ceansú an Aire Cheana Féin! Tháinig sí sin isteach san áit ag mionnú go gcuirfeadh sí stop leis an leatrom ar erse-schools, agus go gcuirfeadh sí deireadh leis an bpolasaí a bhí acu múinteoirí gan Ghaeilge a fhostú sna bunscoileanna. Bhí sí fiú ag smaoineamh ar churaclam ar leith Gaeilge do lucht na n-erseschools agus lucht na Gaeltachta – Na Gayltocks, t’ás agat! Bhí sí ag cur i gcoinne an dumbing down. Bhí imní uirthi faoin rabharta díolúintí ón nGaeilge a bhí á gceadú. Dá mbeadh fhios aici gur chaith iar-Phríomhfheidhmeannach na blianta ag beartú an bonn a bhaint den Ghaeilge — agus na díolúintí céanna a dhéanamh ní ba éasca, cad eile!

Mar a tharla le gach aire roimpi, ba ghairid go raibh sí faoi bhois an chait acu agus í ag seinm a bpoirt. Nach mór an gáire a rinneadar fúithi agus í ag dul timpeall na tíre ag tabhairt sail ghreadaigh do na h-erse-schools agus a gcuid tumoideachais! Tumoideachas. ‘Tumoideachas!’ a dúirt sé leis féin, ‘Tumoideachas! Tom-oideachas!’

Leath slí idir barr agus bun an bhoird bhí cleaicín i ndáil chomhairle. Shílfeá gur dáilchomhairle a bhí ann agus go raibh fadhbanna móra an oideachais á bplé, ach ba léir, mar sin féin go raibh an-sult á bhaint acu as caint Shnibire, a raibh formhór na cainte á dhéanamh aige. Bhí Radalach sna trithí agus chuir an gáire cuma ní ba ghránna fós ar Smulc. Ag bualadh dorn ar a ghlúin le háthas a bhí Mugarlach agus é ag éisteacht leis an gcaint a bhí á dhéanamh ag Snibire.

‘Ha!’ a dúirt Snibire, ‘nach muide na buachaillí – ó, agus na cailíní, ar ndóigh, caithimid a bheith PC – Is muide na buachaillí agus cailíní atá go maith chun na seifteanna agus na cleasanna a cheapadh le bac a chur le bunú erseschools agus le caighdeán na Gaeilge sna scoileanna a laghdú níos mó fós. Agus, fanaigí a chairde go n-inseoidh mé daoibh faoi chleas nua a sháraíonn cuid de na seifteanna eile. Tá an-éileamh ar áiteacha sna h-erseschools, rud atá ina ábhar mór imní dúinn, ar ndóigh. Bhuel, chuimhnigh mé anuraidh ar chleas leis an mbonn a bhaint ó na h-erse ….’

Phléasc an doras ar oscailt. Le trí abhóga móra bhí Raicleach, Príomhfheidhmeannach na Roinne ag seasamh ag barr an bhoird. Bhíogadar ar fad. Thriail siad cuma éirimiúil a chur orthu féin. ‘Seo chugainn anois’, a dúradar faoin a n-anáil: ‘Ceist an Choimisinéara. Tá fhios aici go bhfuil an scéal ag an gCoimisinéir – 1.5%! Níl ann ach an 1.5% agus é sin ar éigean. Ní féidir le héinne gnó a dhéanamh leis an Roinn i nGaeilge. Tá thiar orainn!’

Bhí Príomnhfheidhmeannach na Roinne ar buile. Bhí fíoch agus fearg uirthi. Ar éigean go raibh sí in ann labhairt: ‘Tá mé le ceangal’, a bhéic sí, ‘1.5%’,’ a scread sí.

Chuaigh a glór i méid agus in airde níos mó fós. Bhí imní orthu go mbeadh taom croí aici.

‘Tá sé uafásach! Cén chineál bainisteorí sibh? Tá sé uafásach! Tar éis ár ndíchill ó 1973 i leith! Tá teipthe oraibh! Tá 1.5% acu fós inár measc!’

Feasta, Márta 2017

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais