Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


TEIFIGH, CAD TÁ LE DÉANAMH?


‘Cad tá le déanamh? an cheist a chuir Lenin fadó maidir le réiteach na réabhlóide de. Cad tá le déanamh maidir leis na milliúin den chine daonna atá ar fán sa tsaol anois, láithreach, ar ala te na huaire seo againn?’ a fhiafraíonn Alan Titley

An Fhadhb

Tá 65 mhilliún duine, mná, páistí, fir agus a mbaineann leo ina dteifigh ag lorg dídine ar fud an domhain inniu, agus beidh níos mó amárach.

Ní go deonach a lorg na daoine seo a bheith ina dteifigh. Cogadh agus díbirt an chúis is mó lena scaipeadh, cé go bhfuil ocras agus bagairt agus bás ina dtrúigeanna chomh maith. Go díreach mar a tharla dhúinne.

Seo an méid is mó díbeartach fáin ar fud an domhain ón dara cogadh mór barbartha, agus b’fhéidir níos mó féin ná sin.

Sin an méid céanna daoine nó pobal a bheag nó a mhór is atá sa Bhreatain Mhór, sa Pholainn, sa bhFrainc, níos mó ná pobal na Spáinne, na hIodáile ceann ar cheann. I bhfad i bhfad níos mó ná pobail na dtíortha Lochlannacha arna gcur le chéile ó shliabh go sliabh.

Samhlaigh Páirc an Chrócaigh lán go doras. 80,000 éigin duine ag súil le teip eile ó Mhaigh Eo. Féach led shúile cinn orthu. Samhlaigh arís é. Agus arís. Agus arís. Agus arís. Agus arís. Samhlaigh breis agus 800 uair an radharc céanna.

Sin iad líon na ndaoine atá gan teach, gan bhaile, gan phost, gan tír, gan tuí, gan áit a bheith acu a bhaineann leo féin. Deacair an samhlú a dhéanamh.

Cad as do na daoine seo? Cé hiad? An bhfuil ainm orthu? An bhfuil scéal acu go léir? Nuair a fheiceann tú iad, an bhfeiceann tú teifeach / muslamach / gormach / sceimhlitheoir / sponger /, nó an bhfeiceann tú duine?

B’fhéidir nach fearr rud a dhéanfá ná féachaint ar na campaí géibhinn, na campaí do theifigh ar fud an domhain, cá bhfuilid, agus cé atá iontu?

Cá bhfuil an campa is mó ina bhfuil teifigh ar fud an domhain? Ní hé an Jungle i gCalais é atá leagtha ar lár anois, ná rud ar bith san Iodáil, ná sa Ghréig féin ina bhfuil na mílte míle. Fan leis, is sa Chéinia atá sé!

I gcampa Hagadera áirítear go bhfuil ar a laghad 140,000 duine. Sin breis is mar atá i gcathair Chorcaí. Samhlaigh Corcaigh go léir in aon champa amháin le chéile gan séarachas, gan uisce ar éigean, gan obair. Ach níl tú chun an tsamhlaithe sin a dhéanamh, an bhfuil?

Cad as dóibh? Ón tSomáil don chuid is mó, ar a dteicheadh ón Rialtas ansin.

Agus cá bhfuil an tarna ceann? Áit darb ainm Daghahely, anois nuair a fhiafraíonn tú. Sa Chéinia chomh maith, mar a tharlaíonn agus gan ach 120,000 ina lúib istigh.

Agus an tríú agus an ceathrú ceann, cá bhfuil siad sin? ÓÓ, ná habair, is sa Chéinia chomh maith arís ar ais atá siad.

Sa Tansáin atá an cúigiú ceann de na campaí seo is mó sa chruinne. Teifigh ón gCongó is mó atá ansin, agus abair teifigh a theich! B’fhéidir gur maraíodh suas le 10 milliún duine ansin le breis agus scór éigin bliain anuas. Ach is dócha nár chuala tú faoi sin. Seans go raibh Brad Pitt nó Angelina Jolie sa nuacht an lá sin, nó stíl gruaige Louis Walsh, nó suirbhé éigin a chruthaigh má tá airgead agat go bhfuil tú saibhir, nó chaill Blac Chyna meáchan tar éis breithe a linbh … tá’s agat, nithe tábhachtacha mar sin a bhaineann an cloigeann den chine daonna.

Ar aghaidh linn an liosta síos, mar sin: campa mór san India (teifigh ó Sri Lanka), sa Phacastáin (ón Afganastáin), An Iordáin (ón tSiria), An Aetóip (ón tSomáil arís), sa tSead (ón tSúdáin), Neipeal (ón mBútáin), agus go fiú Wad Sheifa sa tSúdáin féin, atá ar an gcaogadú campa teifeach is mó ar domhan.

Ar thug tú rud ar bith faoi ndeara? Smaoinítear go deireadh is go grinneall air. Níl oiread is campa amháin díobh sin thuasluaite san Eoraip, ná campa amháin i dtuaisceart na hAfraice ar liosta an 50 campa is mó ar domhan, oiread is aon cheann beag bídeach mór uafásach amháin?

Agus is dóigh linn go bhfuil fadhb againn?

Níl d’fhadhb againn ach a bhfuil istigh inár n-intinn féin.

Tá slí eile againn le féachaint air seo.

Cad iad na tíortha is mó atá ag glacadh le teifigh, á leogaint isteach, ag cur fáilte rompu?

Figiúirí iad seo don bhliain seo caite óir ní fiú labhairt ar chéatadáin: is í an cheist, an mó duine de réir 1,000 duine sa daonra a thugtar dídean dóibh, an mó duine as míle ar gá dóibh tóin a bhogadh ar an gcúiste d’fhonn spás a dhéanamh do dhuine ar bith eile ar éigean go bhfuil tóin aige?

Arís, samhlaigh míle duine, i gcnó d’intinne istigh. Agus ansin samhlaigh an mó teifeach ina measc. Abraimis cluiche League of Ireland idir Cobh Ramblers agus Droichead Átha, cé nach dócha go mbeadh an méid sin féin ann.

Cad iad na tíortha is mó a d’oscail a ndoirse agus a scaoil isteach na daoine bochta gan de mhaoin an tsaoil acu ach a mbeadh ag seilmide ar a dhroim, dar linne, na tíortha is ‘Críostúla’ ar domhan?

Nílim ag iarraidh daoine a bhuaireamh le figiúirí, ach níor mhiste liom go bhfeicfí pátrún.

Féach leat na tíortha is mó a ghlacann le teifigh in aghaidh an mhíle duine: arís an Chéinia go hard le 12 as míle, an Iaráin 12, an Aetóip 7, an Congó 7, Mauritania 20, an Liobáin 208! Tugtar fé ndeara nach bhfuil oiread is tír Éorpach ar bith sa mhéid sin, cé gur ghlac an tSualainn le 14 in aghaidh an mhíle ar feadh tréimhse.

Sinne, Gaeil chaitliceacha róshaibhre, thógamar 1.25; sin duine amháin agus leathchos chlé eile! Naoimh sinn suas is anuas leis an tSlóváic ámh, 0.15 a ghlac siad sin, abair, gualainn, nó cúpla méar d’aon duine amháin.

Go simplí, go hachomair, go díreach, tá formhór na ndaoine seo ag teicheadh ó áiteanna a bhfuil cogadh ar siúl iontu – agus á dtógáil isteach ag tíortha bochta nach bhfuil an acmhainn acu déileáil leo.

Prionsabail

An bhfuil aon phrionsabail a stiúrfadh an gnó seo dúinn, slat tomhais ar bith a thabharfadh méar ar eolas dúinn?

Tá an Ungáir againn, gan amhras, dream a mhaíonn gur tír Chríostaí í. Maíonn go bhfuil chomh Críostaí sin nach dtógann ach Críostaithe isteach. Chomh Críostaí sin go leagann sreang dheilgneach chun cách a chéile eile a choimeád amach.

B’fhéidir nár buaileadh isteach iontu mar a buaileadh isteach ionamsa gurb é bunphrionsabal na Críostaíochta caitheamh le daoine eile mar ba mhaith leatsa daoine a chaitheamh leat féin! Thugtaí an riail órga air seo, agus tá stráicí agam lena thaispeáint. Deinim amach go bhfuil sin mar bhunphrionsabal gach reiligiúin, agus gach moráltacht dá raibh riamh ann. Níl casta, le fírinne. Agus ansin, gan amhras, tá an Dea-Shamaraitíneach … Cé hé do chomharsa? Och, tá brón orm rud gránna mar seo a tharraingt amach i measc Críostaithe adeir go léann siad an Bíobla.

Seasca bliain ó shin bhí réabhlóid, nó éirí amach san Ungáir in aghaidh an rialtais Chumannaigh a cuireadh ann le taca na Rúise / Sóivéide Aontaithe. Theich na deicheanna de mhílte duine, mar a thuigfí. Tháinig cuid acu anseo ar a gcoimeád. Tá díospóireacht san Ungáir anois maidir le brí na heachtra sin suas is anuas lena n-iompar in aghaidh na dteifeach anoir. Is léir do chuid acu an íoróin, ach ní hí an íoróin an gléas is láidre in aghaidh na doircheachta.

Léigh mé tuairisc amháin ó bhean a theich lena hanam agus lena beo le linn an ama sin, bean a bhfuil cónaí anois uirthi i gCeanada. Cosnaíonn sí gan cheist polasaí rialtas na hUngáire dídeanaithe a choimeád amach.’Ní hionann an dá chás!’ ar sise, go hard. ‘Teifigh mhaithe ba ea sinne, na daoine eile seo, níl siad go maith!’

Ní dóigh liom gur féidir aon argóint ná aon réasúnaíocht a dhéanamh le duine mar sin.

Ó sea, agus d’airigh mé bean eile ag gearán abhus go raibh an iomad inimirceach anseo. Mar a ráinig bhí mac léi i Meiriceá, agus iníon san Astráil. Nuair a léirigh mé seo di thuirling mearbhall uirthi ar feadh meandair. Ní fhaca sí an chomparáid in aon chor. Agus ansan nuair a scaip an ceo is ea a dúirt sí ‘Ach ní hionann an dá chás’.

Mar adeir siad i gConamara, ‘Tá sorry orm, ach is ionann an dá chás’. Má tá cead againne dul go tír ar bith ar domhan, cén fáth nach bhfuil cead ag muintir na Somáile dul chomh maith céanna?

Agus ina dhiaidh sin bhíos ag cúléisteacht sa Spáinn, mar is dual dom. Ag cúléisteacht le Sasanaigh i bhfad roimh Bhrexit agus ar bhain leis. Bhí a bhformhór go mór ar son UKIP, cé gur cheapas féin gur banríocht neamhspleách go maith ba ea an bhanríocht chéanna. ’Just too many of ‘em in ‘ere, I mean in the UK…’ Cónaí bhí orthu seo sa Spáinn áit a bhfuil nuachtáin agus raidió agus siopaí dá gcuid féin acu. Iad d’aon ghuth ar son Brexit, ar a laghad gus anois.

Prionsabal tá agamsa: cead dom, cead duit. Is deacair cur ina choinne, muran fimíneach amach is amach tú.

Ach amháin gan amhras, gur measa as go mór na daoine atá ag iarraidh teacht anseo ná sinne ag iarraidh dul thar lear.

Formhór na ndaoine ón tír seo atá ag dul ar an eitleán bán, ní bás ná beatha atá á gcomáint ach fostaíocht agus feabhsú agus forbairt phearsanta agus taithí saoil. Ní ag teicheadh ó bhuamaí atá siad.

Baineann an prionsabal sin le prionsabal eile chomh maith atá díreach agus neamhchas, go fiú do dhaoine tiubh-chraicneacha tiubh-mheabhracha.

Is é sin, gur linne an cine saghas daonna an domhan go léir agus go raibh an cine saghas daonna riamh siúlach. Is é is dual dúinn a bheith ag gluaiseacht.

Féach síos ar do chosa. Is chun gluaiseachta iad. Ní préamhacha iad, ná rútaí. Bíonn préamhacha ag plandaí, ag meacain, ag yams, ag sceacha, ag neantóga, ag mongacha meisce, ag gach fiaile nár bhog.

Bhí an duine riamh ag gluaiseacht. Leis na milte mílte mílte bliain. Na mílte mílte mílte mílte bliain.

Níl aon amhras ormsa ná go bhfuil baint mhór ag ciníochas leis an dothíos atá roimh theifigh, cé go bhfuil leisce ar dhaoine sin a rá.

Nuair a bhíos im bhuachaill óg chonaic mé fear gorm ar an tsráid. Ní raibh mórán daoine gorma i gCorcaigh ná in Éirinn san am. Dheineas dánaíocht ar an múinteoir agus chuireas ceist air: ‘A mhúinteoir, dhuine uasail, cén fáth a bhfuil daoine gorma ann, agus daoine geala?’ Ba léir dom go raibh mearbhall air, ach nuair a ghlan sé an comhartha ceiste dá aghaidh is é a fhreagair sé: ‘Dhein Dia mar sin sinn.’ B’fhéidir é, cérbh é mise le cur ina choinne. Ach níor mhar sin ó thosach.

Má dhein Dia sinn inár ndaoine, is inár ndaoine gorma a dhein sé sinn.

Ní hí an cheist cén fáth daoine gorma ach cén fáth daoine geala?! Is í an ghoirme an bunchló, an bhunfhoirm. Thosnaíomar mar dhaoine gorma san Afraic fadó riamh agus chailleamar ár ndúchas fírinneach san fhuacht.

Ghluaiseamar amach as an Afraic agus táimid ag gluaiseacht ó shin. Agus is í an fhírinne lom go mbeimid go brách ag gluaiseacht. Get used to it, mar adeir siad i gConamara. Sin í an aimsir chaite, láithreach agus fháistineach. Go brách na breithe.

Cad atá le déanamh?

An freagra atá agamsa a chuireann alltacht ar dhaoine ná ‘ligtear isteach iad’! Oscail na doirse, oscail na geataí. Lig don chine daonna siúl!

Cad í an rogha atá againn?

Níl ach trí rogha ann dáiríre:
1. Iad a ligean isteach san Eoraip, agus Éire san áireamh.
2. Ligean dóibh bás a fháil ar an bhfarraige; nó
3. iad a chur ar ais chun bás a fháil den ocras nó de bhuamaí ag titim orthu in Aleppo, nó Mosul, nó Mogadishu nó cibé áit is maith leat, nó nach maith leat.

Abair liom, má tá rogha eile agat.

Cuireann an moladh ‘iad a ligean isteach’ alltacht ar dhaoine, mar ceapann siad go bhfuil an iomad anseo cheana féin.

Níl. Níl teifigh na hEorpa ar léarscáil theifigh an domhain in aon chor. Ní hann dóibh suas is anuas leis na milliúin amuigh ansin i mbraighdeanas.

Anuraidh, mar shampla, shrois 1.3 milliún duine cósta na hEorpa, is é sin le rá 0.2% de phobal an Aontais Eorpaigh, céatadán níos lú fós má chuirimid an Eoraip ar fad san áireamh. Smaoinigh go bhfuil tuairim is 750 milliún duine san Eoraip trí chéile, go bhfuil an daonra ina stad, nó ag dul síos in áiteanna. Cén difear a dhéanfadh cúpla milliún eile? Ghlac an Ghearmáin 800,000 díobh sin (1.3m), rud a d’fhág 500,000 don 27 dtír eile san Aontas. Dein na figiúir tú féin. Ní fheicfí iad dá ndáilfí go tuisceanach ar fud na stát iad.

Báthadh breis agus 4,000 ar an muir ag iarraidh teacht slán i mbliana. Na figiúir, is é sin líon na ndaoine atá á mbá lá ar lá ag dul suas fós. Seans go bhfuil duine ag dul faoin uisce agus seo á léamh agat. Is deimhin go bhfuil. Loch an Bháis is ea an mheánmhuir, agus ba cheart sin a bhaisteadh uirthi.

Is é is stair na hEorpa ann ná daoine ag dul leo go dtí gach tír eile ar domhan. Cé a lonnaigh i Meiriceá Thuaidh? Eorpaigh. Cé a lonnaigh san Astráil? Eorpaigh. Cén pobal a ghlac ceannas san Afraic Theas? Eorpaigh. Cé a chuir an pobal dúchais faoi chois i Meiriceá Láir agus i Meiriceá Theas? Eorpaigh.

Gan amhras, déarfar nach rud maith a bhí anseo do na daoine a bhí sna baill sin cheana? Is fíor sin ar fad. Ach diofar mór amháin. Chuaigh na hEorpaigh mar lucht concais siar soir ó dheas le agus faoi stiúir rialtais nó ar a laghad le cabhair rialtais. Ní gan chúis a tugadh conquisdatores ar na bastaird a dhein creach ar Mheiriceá Theas.

Tá formhór mór mór mór, beagnach gach duine de líon na dteifeach ag teacht anseo faoi shíocháin. Ag teicheadh ón mbás nó ón anró atá siad.

Gan amhras, cloisfear caint um sceimhlitheoirí agus faoi choirpigh.

Is fuiriste na ceisteanna sin a fhreagairt. An mbeidh sceimhlitheoirí i measc na gcéadta míle, na milliún a thiocfaidh. Nárbh ionadh mura mbeadh? An mbeidh coirpigh? Ó beidh. An mbeidh bligeaird agus bithiúnaigh? Ó beidh. An mbeifear ann ná géillfidh do chultúir na dtíortha nua ina mbeidh siad lonnaithe. Ó beidh.

Ach, beidh naoimh ann chomh maith, agus banaltraí, agus dochtúirí, agus siúinéirí, agus siopadóirí, agus entrepenuraithe, agus fisicithe, agus glantóirí, agus leisceoirí, agus peileadóirí (samhlaigh Mohammed Fellaha ag imirt do Chorcaigh!) agus ceardaithe agus tógálaithe agus gach rud faoin spéir. Beidh siad go díreach cosúil linne, ach an seans a thabhairt dóibh!

Ciníochas lofa bréan is bun le cuid mhaith mhór de seo. Níl gar dá shéanadh, ciníochas a shloig na Gaeil a chuaigh ag troid in Arm na Breataine sa 19ú haois, agus a thug abhaile leo é.

B’iad na hAstráiligh ba mheasa, nó ba léire a nocht a gcuid fiacla geala. Bhí White Australia policy neamhráite ann ar feadh i bhfad, cé go ndúirt príomhaire amháin gur do na ‘descendents of the British race’ an fearann tirim sin a bhí sealbhaithe acu. Níor dúradh seo go hoifigiúil, gan amhras; ní deirtear anois é; níl ann ach nach ligtear na báid isteach.

Ní raibh Ceanada riamh mórán níos fearr, ach ní cás dúinn dul ansin.

B’é an ciníochas sin Sasana-beag-Impireacht-mhór ba bhun le Brexit cuid mhaith, na dorchánaigh a choimeád ón gcósta, cé nár theastaigh Bulgáirigh ná Rómánaigh uathu ach an oiread.

Dúradh go nglacfaí le páistí, b’fhéidir, ach chaithfí a gcuid fiacla a scrúdú mar a dhéanfaí le bó nó le capall d’fhonn a n-aois a mheas. Agus sa chás is go bhfaighfí píosaí óir iontu, bhuel, sea d’íocfadh sé as an lóistín.

Is é nach ndeirtear, mar níor mhaith é a chloisint, gurb instealladh fuinnimh agus nuálachta agus brí i seantíortha na hEorpa a bheadh san imirce isteach, mar atá feicthe againn.

Táid ann, leis, a áitíonn nár cheart ach glacadh leis an scoth. Conas a mheasfar iad seo? Scrúdú iontrála ag teacht den bhád nó den leoraí nó den soitheach?

Cuir i gcás go n-éalaíonn duine ón mbarbaracht ó Chúige Helman na hAfganastáine, agus gabhann sé nó sí ar asail, chamaill, bháid, leoraithe, lamhacán, bhusanna, naomhóga, de shiúl na gcos nochta pé sa domhan é, agus sroiseann imeall chósta na hÉireann, cén saghas duine é sin, dar leat? Sponger, an dóigh leat, nó duine a bhfuil cumas agus díocas agus faghairt agus dul chun cinn ann? Nach mbeadh duine mar sin uait abhus anseo mar mhalairt ar ár gcuid súmairí fola airgid féin?

Is é tús, lár agus deireadh na mbeart é ná gur cuma cad a dhéanfaidh tú, leanfaidh siad ag teacht. Cuir moráltacht agus ceart agus eile sa chiseán, ní féidir iad a stop. Tógtar falla Trump sna Stáit thall ar theorainn Mheicsiceó, sreang dheilgneach thart ar imeall na hEorpa, falla Bhéirlin arís eile dhá mhó ná mar a bhí, tiocfaidh siad fós.

Tiocfaidh siad i mbolg eitleáin, i mbáid bheaga, i leoraithe dúnta, snámhfaidh cuid acu más féidir, de shiúl a gcos, tiocfaidh le breab, le híocaíocht, le bagairt, ach tiocfaidh siad.

Aithníonn Merkel agus Hollande gurb é seo fuadar na hEorpa sna blianta romhainn. Aithníonn ach ní hionann a bhfreagairt. Aithníonn daoine eile é chomh maith, ach eagla orthu é a rá.

Ach ní gá aon eagla. Tá siad go díreach mar atáimidne. Cuirtear aithne orthu. Foghlaimítear astu. Saibhrítear an tír dá réir.

Bhí mé i mbaile beag gránna in iarthar na hÉireann tá tamaillín ó shin. Chomh leamh le liathmhás liath. Siopaí dúnta, sráideanna folamha, blancmange ar bhóthar. Caitear isteach cúpla teaghlach ó Shiria, ón Afganastáin, ón tSúdáin arsa mise liom féin agus ní hamháin go gcuirfeadh siad lasair faoin áit, ach b’fhéidir go mbainfeadh Maigh Eo craobh na hÉireann roimh theacht Philib a’ Chleite.

Is mian lena dtagann clasú linn, a bheith mar pháirt dínn, a bhformhór.

Bhí mé ar cuairt i scoil i nGaeltacht de chuid Gaeltachtaí Thír Chonaill le déanaí. I measc na Náblaí agus na mBrídí mar a bhíodh, bhí leanbh amháin uchtála a raibh aghaidh álainn ghorm uirthi. Ón tSomáil sílim, ach bhí tógtha isteach ag teaghlach áitiúil. Fatima a bhí uirthi. Abraimis Fatima Ní Ghallchóir, cé nárbh é sin a sloinne ceart ar eagla na heagla. Bhí Gaelg aici chomh maith agus níos fearr ná duine ar bith eile sa rang.

I rang eile, i scoil eile bhí cailín Muslamach. Caille nó scairf á chaitheamh aici. A muintir lonnaithe san áit le cúpla bliain. A creideamh féin aici, cé gur scoil náisiúnta Chaitliceach a bhí ann. Arís Gaelg chomh binn le duine ar bith eile sa scoil, í ina ‘cailín Gaelach’ le haon duine sna hamhráin sin nach mian le duine ar bith iad a sheinneamh as seo suas.

Dá bhrí sin, is é atá le déanamh ná i bhfad níos mó!

Ghlacamar le duine agus leathchos as míle anuraidh. Cad faoi chúigear nó seisear, 7ar, 8ar, 9úr, 10niúr as míle, cad é sin? Faic na feicinn fríde.

Cad mar gheall ar sinn a bheith mar cheannródaithe san Eoraip, chomh maith leis an nGearmáin agus leis an tSualainn ar son cearta an duine, ar son a léiriú gur tábhachtaí daoine a theasargan ón mbás, ón angar, ón anró ná rud ar bith eile, go háirithe ár gcompord tolgach féin?

An cuimhin libh Donnchadh Rua Mac Conmara?
‘Is oscailte fáilteach an tír í Éire, Bánchnoic Éireann Ó’
Cuirtear an fháilte sin i bhfeidhm!
(Tugadh leagan den chaint seo don Chuallacht Ghaelach UCC i mí na Samhna, 2016)

Feasta, Márta 2017

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais