Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Tost agus Allagar
Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Coiscéim, 2016. €8.


á mheas ag Liam Prút

Dioscúrsa is ea an fhilíocht, bíodh sí nua nó sean. Sin an teachtaireacht a chraobhscaoiltear i dteideal an chnuasaigh, Tost agus Allagar, le Ailbhe Ní Ghearbhuigh. ‘Muintearthas’ na bhfocal a shantaigh an Ríordánach in ‘Na hÓinmhidí’. Agus tagann cuid mhór de thaitneamh an chnuasaigh seo—saothar ocht mbliana ón gcnuasach Péacadh (2008)—as a mhúnlú Ríordánach / Suibhneach. Agus tá bonn a taithí leathan ar chultúr na dteangacha faoi bhagairt le háireamh ann, m.sh. sna dánta ‘Druma an Chongó’ (8-9) agus ‘Maolteanga’ (14-15).

Séard a theastaigh riamh ó aon fhile ná a bheith mar chuid den dioscúrsa nó den allagar fileata. Más é an dán ‘Tost’ cruinne-lár filíochta Sheáin Uí Ríordáin, mar shampla, is tagairt choscrach do dhiúltú páirte sa dioscúrsa sin na línte: ‘Is fada mise amuigh, / Is fada mé im thost / Is nach fios nach amhlaidh bheidh go deireadh scríbe.’

Cineál twitter nó giolcadh1—síor-argóint nó allagar, b’fhéidir—is ea an fhilíocht! Is fianaise iad na focail ‘tost’ agus ‘allagar’, i dteideal an chnuasaigh, go nglactar leis an smaoineamh sin! Agus, má bhíonn labhairt agus éisteacht, ‘allagar’ agus ‘tost’ ann, caithfidh pobal a bheith ann. Agus, mar a deir Máire Mhac an tSaoi2 faoi Mháire Áine Nic Gearailt (+2014): ‘Is deacair a bheith éadóchasach faoi theanga (nó faoi phobal?), pé cumasc atá i gceist, a dháileann orainn línte glé mar iad seo thíos:
Cá ndeachaigh an páiste neamheaglach
A shamhlaíodh í féin ag eitilt chomh hard le teach
Nuair a shéideadh stoirm anoir thar Chruach Mhártain
Chun na farraige amach...?
Cén sórt pobail atá á mhaíomh ag Ailbhe Ní Ghearbhuigh? Pobal bodhar, an ea? Sa dán ‘Scéala ón Oirthear’ (36) castar fear orainn ‘a bhí chomh fada ina thost / gur bodhraíodh é.’ (Sinne, laochra Fáil, an ea?):
Bhí an bhodhaire sáite
chomh fada sin
siar ina chluasa
gur deineadh bodhrán de.
Ach, sa dán ‘In Inmhe’ (32) agus in ‘Labhraíonn Fear Feasa’ (38) tá an dearcadh níos deimhní. Tá ‘friotal na sprideanna’ bainte amach—‘greanta im’ aigne’—agus tuigtear nach féidir ‘na focail a mhaolú / ná a chur trí thine’ feasta, tharla iad ar fáil sa ‘dán aimsithe’. Ní ionann an pobal feasta agus coca féir Bhertie Uí Eachthairn a raibh liathróid láimhe á imirt ina choinne ag Joe Higgins! Preabann an file a liathróid i gcoinne an choca féir sin (go bhfuil Éamonn an Chnoic i bhfolach laistiar de, i gcás dhán Uí Ríordáin). Tá pinniúr na filíochta níos coincréitiúla nó níos gloineata ná an coca féir, ar shlí go dtagann an liathróid phreabtha thar n-ais san imirt arís agus giolcadh eile á mhealladh aici ó na filí.

Ní go dtí dán deireanach an chnuasaigh a thagann an dara cuid dá theideal, an focal ‘allagar’, chun iomláine a bhrí sa dán ‘Cara Éagmaise’ i gcuimhne an fhile agus an scoláire óig Muiris Ó Meára (1972-2014)—
Thabharfainn duit féirín lá aonaigh ‘gus margaidh
ach do bheith ar ais linn i mbun allagair.
Sa dara cuid den dán ‘Ceathrúintí na nÉan’ (16-18) tá fianaise láidir againn ar an saghas macalla nó athghiolctha a spreagann an saothar seo le file nach bhfuil fós ach dhá bhliain is tríocha d’aois—
Sa Drochshaol fadó
shiúil bean ó lár tíre
chomh fada leis an gcósta
is bhí sí bunchloíte

Ach isteach léi caoldíreach
sa bhfarraige mhíngheal
gur alp sí iasc amh
is deineadh broigheall di.
Tá Máire Mhac an tSaoi á meabhrú dúinn sa bhfocal ‘Ceathrúintí’. Tarlaíonn draíocht nó osréalú — malartú réaltachtaí — san ochtú líne nuair a dhéantar éan den bhean. Is ionann domsa cuid mhaith an frisson nouveau sin agus an gheit Ríordánach. Agus tá cuid nach beag de Nuala Ní Dhomhnaill againn sa bhéaloideasú a mhúnlaíonn an eachtraíocht sa chuid seo den dán-chnuaisín. Tugaim suntas don bhfocal Duibhneach ‘bunchloíte’ a mheabhraíonn saibhreas Gaelainne an fhile Seán Ó Sé dom. Déanann ‘ealabhean’ Dhireánach den bhroigheall sa chéad líne de roinn a trí. Sa chúigiú roinn tá an broigheall iompaithe ina ‘bhadhbh’. Táimid i gceartlár na Tána go gcastar Suibhne Geilt orainn sna línte —
Ar pháirc an áir
sheol sí frasa fola
is ceo lasrach
ar cheanna na laochra

Iad siúd nach bhfuair
bás de rinn
chuaigh le craobhacha
le teann sceimhle.
I dtaca leis an eiseamláir sin dá saothar measaim go bhfuil sé léirithe ag Ailbhe Ní Ghearbhuigh go mbaineann a cuid filíochta le ceartlár an allagair nó an dioscúrsa filíochta. Dánta eile ar bhaineas meabhair Ríordánach, a bheag nó a mhór, astu is ea ‘Sealbhú’ (20) agus an gheit sa cheathrú rann. Mheabhródh a ábhar an dán ‘Colúir’ le Déaglán Collinge ón gcnuasach Sealgaireacht. Sa dán ‘Conriocht’ (21) tá turraing láidir osréalach eile á bhaint asainn. Gabhann uafás nó bagairt leis an dán ‘Rosualt’ (23) atá mar shampla de ghliceas ealaíne an leabhair ina iomlán. Is file í a aithníonn an dioscúrsa agus a labhraíonn tríd ar bhealach spéisiúil. An nath Irish is an English word! a mheabhraíonn an dán ‘Buntús Cainte’(46) dom: ‘Táim bodhar agat, a Bhéarla’ a deir Ailbhe; focal láidir ach cuimhneamh air.

Tá de bhua breise ag an leabhar go bhfuil léirmheas tathagach air ina thús ag Máirín Nic Eoin ina dtarraingíonn sí aird ar mhórán de na cáilíochtaí Gearbhuíocha, amhail ‘an chlisteacht agus an t-imeartas focal atá in ancaire go domhain sa traidisiún Gaelach’. Is comhartha leanúnachais agus dóchais é nach bhfuil an t-allagar seo ina thost.

Tagairtí

1. Aithníonn an Dálach an dara brí leis an bhfocal giolcadh. D’fhéadfaí a rá dá réir sin, nuair a theipeann ar ghiolcadh an fhile aon lucht leanta a aimsiú sa dioscúrsa — sa ghiolclann, sa ghorlann nó sa ghealtlann fhileata!—gurb ionann sin agus giolcadh de shaghas eile, nó smísteáil, a fháil ó phobal an dioscúrsa (ardghlórach) nó an allagair a luaim.
2. Léirmheas ar Leaca Liombó: ‘An ann don ghlór nuair nach bhfuil aon duine á chlos?’- Anois, 1990.

Feasta, Márta 2017

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais