Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


- - Ionsaí Ainspianta Seanadóra - -

Is breá linn go léir, pé acu go pearsanta nó mar bhall de chomhluadar éigin, go mbeifí moltach orainn agus ar ár n-iarrachtaí, nó ar a laghad ar fad nach mbeadh aon seanbhlas fúinn nó droch-cháil orainn. Ach nuair a shamhlaigh an t-iarAire Aodhán Ó Ríordáin, agus é ag labhairt le déanaí sa Seanad, lucht na Gaeilge nó lucht na gluaiseachta in aon bhád leis an Taliban, ní mór dúinn a admháil gur baineadh geit asainn, agus go deimhin nárbh ionadh dúinn go mbeimis ag fiafraí cad a thug ar an Seanadóir a leithéid de chomparáid chomh hainspianta sin a dhéanamh.

Níor mhiste dúinn ar dtús a rá nach bhfuilimid deimhin de ar fad cé hiad go díreach a thuill an scalladh seo: an iadsan a labhrann an Ghaelainn go minic nó go coitianta, nó iadsan a bhíonn gafa, pé acu a bheag nó a mhór, le cur chun cinn na teanga ar bhonn eagraithe. Ach, go háirithe, nuair a chuirtear i gcomparáid sinn le dream chomh mallaithe leis an Taliban, agus go luaitear in aon tráth ‘meon na nGaeilgeoirí’ agus a n-ardnósacht, agus a dtuiscint gur acu féin i gcónaí a bhíonn an ceart i gcúrsaí a bhaineann leis an teanga, is é is dóichí go bhfuilimid cáinte agus daortha trí chéile, mar aicme a shíleann go bhfuil aitheantas agus pribhléid ar leith ag dul dúinn, a dhealódh sinn ónár gcomhshaoránaigh.

B’fhearr go mór linn dá mbeadh an díospóireacht seo, agus treo na hargóna, dírithe ar pholasaithe agus ar chur chuige ag rialtais éagsúla, seachas ar aon leibhéal pearsanta nó aicmeach. Cé againn atá saor ó locht ó thaobh ár dtréithiúlachta, nó nach bhféadfaí a rá gurb é casadh an chorcáin leis an gciteal é, mar is cosúil atá i gceist i gcás an tSeanadóra agus a racht ionsaitheach faoinár ndrochthréithre, agus go háirithe ár sotal. Ní hé go mbeimis i gcónaí gan locht ná saor ó cháim i ngach uile chás, ach nach nós linn ionsaithe pearsanta a dhéanamh ar pholaiteoirí aonair, agus go deimhin gur minicí dúinn á moladh. Gan aon amhras níor mhaith linn, ach oiread, go mbeadh gobán curtha orainn i gcás na rialtas a mbeidís ag tabhairt a dtacaíochta dóibh.

B’fhéidir nár mhiste sampla den chineál argóna atá i gceist, bíodh go mbaineann sé le tréimhse in oifig an rialtais dheireanaigh a raibh an Seanadóir Ó Ríordáin ina bhall de. An raibh sé ceart dúinn ár suaimhneas a cheapadh nuair a d’éirigh Coimisinéir Teanga as oifig cúpla bliain ó shin, agus gur luaigh sé neamhaird an rialtais maidir leis an nGaelainn mar a leorchúis, agus gur thagair sé níos déanaí arís don neamhaird chéanna agus an cur i gcéill i gcás rialtais éagsúla, neamhaird a bhí follasach agus léirithe sa Chartlann Náisiúnta. Nó an amhlaidh go rabhamar rófhulangach agus fiú róghéilliúil?

Feasta, Márta 2017

Abhaile | barr | clár na míosa seo