Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Smaointe Polaitíochta

Vóta Muiníne agus Leibhéal an Dioscúrsa Phoiblí

le Seán Ó Loingsigh



Má tá na cosa tugtha ag an rialtas leis tar éis an vóta muiníne sa Dáil, ní cosúil ar aon chor go bhféadfaí é sin a rá i gcás an Taoisigh féin. Bíodh nach bhfuil aon fhonn bóthair air, agus seo á scríobh, ar shála an vóta muiníne sin sa Dáil, is ionann agus cinnte anois go bhfuil a chúrsa siúd tugtha freisin, agus gur gearr go mbeidh ceannaire nua ar Fhine Gael.

Ar ndóigh, má chiallaíonn sé sin go mbeidh Taoiseach nua againn, pé luath nó mall, is scéal eile cén fhaid a bheidh. Is crá croí é i gcónaí i gcás Fhine Gael gur i gcomaoin d’Fhianna Fáil atá siad in oifig, go dtí go dtagann an lá go dtugtar an buille scoir don socrú beag sealadach sin: níorbh ionadh ar fad dá mb’fhearr le ceannaire nua go mbeadh an rogha san aige féin.

I gcás an Taoisigh, ba léir gó raibh drochsheachtain aige sa chonspóid faoi Choimisinéir an Gharda Síochána agus drochíde an tSáirsint Mhic Cába. Bhí a chlaonadh chun éalaithe agus cumadóireachta agus é faoi chruacheistiú faoi céard a dúirt sé, nó céard a rinne sé, nó céard ab eol dó, tagtha chun cinn arís. Níorbh é an chéad uair a tharla a leithéid, agus ba léir go raibh a chomh-airí ar buile chuige, go háirithe iadsan a bhí thíos lena chuid ionramhaíola.

Is iad Leo Varadkar agus Simon Coveney is mó atá luaite maidir le cé thiocfaidh i gcomharbacht air. Cé go ndeir na geallghlacadóirí go bhfuil Varadkar chun cinn air, is cinnte nach féidir Coveney a chur as an áireamh. Nach é is fearr a réiteodh lena chomharsain Chorcaíocha? Agus an bhfuil Simon Óg as an áireamh ar fad? Nach é siúd an ‘buachaill bán’!

Bhí an díospóireacht sa Dáil faoin rún mímhuiníne suimiúil ach bhí sé díomách freisin. Gan amhras, ba iad Sinn Féin a mhol an rún, agus is cosúil in aon chás mar sin gur gnách don díospóireacht dul ó smacht, agus in áit cloí le hábhar an rúin gur maslúchán, agus aithisiú, agus go deimhin gur clampar agus mí-ord a bhíonn mar thoradh air. Is minic tagairt déanta do leibhéal an dioscúrsa phoiblí agus conas mar atá sé curtha as a riocht. Is measa fós gur teachtaí as an dá phríomhpháirtí, Fine Gael agus Fianna Fáil, atá tugtha don chur chuige seo. I gceart dóibh, bhí roinnt de na teachtaí ón dá pháirtí sin a chloígh leis an ábhar agus an argóint, agus b’éifeachtaí mar chainteoirí iad dá bharr sin.

Ach is suimiúil gurb iad na teachtaí neamhspleácha is fearr a labhair ar an ócáid seo, agus is léir go bhfuil an gradam agus an stádas is dual don Dáil go mór ag brath orthusan faoi láthair. Is suimiúil leis gur mó é an naimhdeas atá anois idir na mórpháirtithe agus Sinn Féin ná mar a bhíodh go traidisiúnta idir an dá mhórpháirtí sin. Dá mhéid é an naimhdeas sin idir Fhine Gael agus Fhianna Fáil, níor shroich sé riamh an leibhéal nimhneach atá i gceist i gcás Shinn Féin. Tá athrú bunúsach tar éis tarlú i bpolaitíocht na tíre seo, ach ba dheacair a bheith cinnte ar uairibh gur athrú chun feabhais é.

Tugann sé seo chun cuimhne an comhoibriú réasúnta a bhí idir an DUP agus Sinn Féin le deich mbliana anuas sa Tionól i dTuaisceart Éireann, nuair a bhí Ian Paisley agus Peter Robinson i gceannas ar an DUP agus Martin McGuinness i gceannas ar Shinn Féin. Níor bheag ar aon chor an t-éacht é gur chinntigh an comhoibriú sin sa Tionól an tsíocháin in áit na coimhlinte le deich mbliana anuas.

An féidir, fiú, gur dea-shampla é Stormont don Dáil, cé gur cosúil anois, go háirithe tar éis na n-ionsaithe ainmheasartha a rinne ceannaire nua an DUP, Arlene Foster, an an bpobal náisiúnach go bhfuil an comhoibriú tagtha chun críche anois, bíodh gur ar bhonn sealadach é, agus go bhfuiltear ag súil go mbunófar Tionól nua tar éis an toghcháin a bheidh ann ar an dara lá de Mhárta.

Tá fhios ag an saol nach bhfuil sé cinnte ar aon chor go mbeifear in ann an Tionól nua a athbhunú. An mbeidh Arlene Foster agus ceannaire nua Shinn Féin, Michelle O’Neill, in ann comhoibriú, agus b’fhéidir comhréiteach, i dtreo go dtarlóidh sé sin, mar a rinne Paisley agus McGuinness rompu? An raibh sé riachtanach, i ndáiríre, do Shinn Féin, mar sin, a dtacaíocht don Tionól deireanach a tharraingt siar, agus nár bhuntáiste polaitiúil ba mhó a spreag é? Tagann an téarma ‘damáiste comhthaobhach’, nó ‘collateral damage’ chun cuimhne. Is ceist í seo a ardófar arís, má fhilleann an riail dhíreach ar an Tuaisceart tar éis thoghchán an Tionóil.

Is maith a thuigtear leis an tábhacht, agus go deimhin an baol, a bhaineann le Brexit do shaol eacnamaíoch na tíre seo. Is féidir, áfach, nach dtuigtear, chomh maith céanna, an baol a bhaineann leis do bhuanú na síochána sa Tuaisceart, agus do Shocrú Aoine an Chéasta ar a bhfuil an tsíocháin sin ag brath. Ba é an tubaist ba mhó ar fad ná go bhfillfeadh an foréigean ar chuir an Socrú sin críoch leis.

An bhfuil baol ann go ligfeadh ár bpolaiteoirí féin i nDáil Éireann é sin i ndearmad? Ní fhéadfaí a rá go bhfuil an suaitheadh polaitiúil atá i gceist faoi láthair tráthúil. Níl leigheas air sin. Ach níor mhiste leis go mbeadh ár bpolaiteoirí, ar an taobh seo den teorainn, aireach, go háirithe má tharlaíonn olltoghchán mar thoradh air, agus nach dtéann an teannas idirpháirtí ó smacht.

Níl aon amhras ná go bhfuil rialtas na Breataine go mór le lochtú de bharr a neamhaird ar an ngné sin de Brexit, agus is mó sin fós é sin nuair is cosúil nach cás leo anois an ‘cruaidh’ nó ‘bog’ a bheidh an teorainn idir Tuaisceart agus Deisceart. Bhí ballraíocht san Aontas Eorpach ag an oileán ar fad nuair a síníodh an Socrú sin, agus tá aitheantas tugtha dó sin i dtéarmaí an tSocraithe. Ní raibh a neamhaird cuí, go háirithe nuair a bhí siad féin i measc na sínitheoirí.

Níl sé ach seachtain ó shin, agus mar is eol dúinn, is fada an tréimshe sa saol polaitíochta é sin, ó thug an Taoiseach óráid i mBaile Átha Cliath don Institiúid Gnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha. Is ar éigean má thug sé óráid níos tábhachtaí le linn a thréimhse oifige.

Mhol sé go hard an tAontas Eorpach agus an ról a bhí acu ag tacú le Socrú Aoine an Chéasta, agus an tábhacht a bhain leis na scéimeanna trasteorann a bhí faoi chúram an Aontais. Leag sé béim ar leith ar an riachtanas a bhí leis go ndéanfadh an pobal ar fad agus na polaiteoirí, Thuaidh agus Theas agus san Aontas Eorpach, a gcroí-dhíchill nach bhfillfí ar theorainn dheighilteach. Bhí sé le tabhairt faoi deara nár luaigh sé an Bhreatain sa chomhthéacs céanna.

Labhair an Taoiseach go bríomhar agus le dearfacht ar an ócáid seo, agus rithfeadh leat gur mór an dul chun cinn é sin, agus gur mó go mór an fheidhm a bhí leis seachas a rá linn gur cúram é Brexit don Aontas Eorpach agus do rialtas na Breataine, mar a bhí sé ag rá roimhe sin. Má bhí locht le fáil ar an óráid, ba é an rómholadh é i gcás an Aontais agus a raibh déanta acu ar son na tíre seo. Níor luaigh sé nárbh é leas na tíre seo é, nó nach raibh sé cothrom i gcás an ghnáthphobail, gur orthu a thit an t-ualach iomlán a bhain le haisíoc an airgid a chuir lucht infheistíochta agus baincéireachta amú, nuair a tarrtháladh na bainc in 2010.

Anois tá binse fiosraithe eile le bunú chun mí-iompar ar an leibhéal is airde sa Gharda Síochána a fhiosrú. Ní hé an chéad uair a tharla sé sin. Ní dócha go bhfuil tír ar domhan atá oiread i dtaithí ar bhínsí fiosraithe agus atá an tír seo againne, ná tír is fearr ina dtuigtear a laghad tairbhe agus toradh a bhíonn lena n-iarrachtaí i ndeireadh na dála, in ainneoin a gcostas ollmhór – agus an tréimhse dhothomhaiste ama a thógann sé orthu a gcúram a dhéanamh.

Táimid ag filleadh ar sheanghearán gur easpa diongbháilteachta, sa chóras rialaithe agus i measc polaiteoirí rialtais go háirithe, is cúis le go leor fadhbanna a bhíonn le réiteach ag na binsí seo. Ba bhocht an leithscéal i gcás an Taoisigh agus an Tánaiste sa Dáil, le déanaí, nach ndúirt aon duine seo nó siúd leo.

Nach bhfuil na scéithirí seo ag gearán leis na blianta? Níor mhiste do pholaiteoirí rialtais ceist a chur ó am go chéile, agus ní fhéadfaí a chur ina leith nár mhór an dúil a bhí acu san eolas i ndáiríre.

Feasta, Márta 2017

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais