Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


An Tóraitheoir


Gearrscéal le Mícheál Ó Ruairc



Tá sé sa tóir orm le fada agus is fada atá.

Sceimhlítear anois mé go bhféadfadh sé a bheith sa tóir orm ar feadh achair fhada sular thugas faoi deara é.

Leanann sé mé agus mé ar mo bhealach chun na hoifige ar maidin agus ag filleadh abhaile dom um thráthnóna. Leanann sé mé agus mé i m’aonar. Leanann sé mé agus mé i gcomhluadar. Leanann sé mé agus mé i dteannta leannáin fiú.

Ó thugas faoi deara go mbíonn sé sa tóir orm, is ar éigean a bhacaim le comhluadar daoine níos mó. Maidir le leannáin, ní fhéadfainn a bheith ar mo shuaimhneas ina dteannta agus duine éigin sa tóir orm, an bhféadfainn? Tar éis an tsaoil, ní fhéadfainn a rá le cara nó le leannán ‘Féach, tá brón orm, ach tá duine éigin sa tóir orm! Tá sé sa tóir orm le bliain anuas.’ Déarfaidís go raibh mé glan as mo mheabhair, go raibh mé imithe le craobhacha ar fad. An chéad cheist a chuirfidís orm ná ‘cá bhfuil sé? Ní fheicimse éinne!’ Agus dá ndéarfainn leo go bhfuil sé ‘taobh thiar díom in áit éigin’ nó ‘ceilte taobh thiar den mballa’ nó ‘as raon na súl,’ ní chreidfidís mé. Lorgóidís fianaise is muna bhfaighidís an fhianaise sin, d’éireoidís amhrasach fúm.

Táim cinnte den mhéid sin.

Dála an scéil, tá tuairim éigin agam gur duine aitheanta é ach dá mbeinn anseo go Lá Philib a’ Chleite ní fhéadfainn a rá leat conas a bhfuil an tuairim sin agam.

Is cuimhin liom an chéad uair gur thugas faoi deara é – sé sin go raibh sé ag faire orm. Oíche Aoine a bhí ann. Bhíos ag ól i nGrogans i mBaile Átha Cliath i dteannta na mbréag-litearati eile. Chonac uaim é ag cúinne an bheáir agus é ag stánadh i mo threo. Níor stop sé ach ag stánadh orm ar feadh na hoíche. Níor thugas mórán airde air ag an am. Bhíos leathbhogtha agus bhí m’aird dírithe ar bhruinneall bhaothghalánta óinsiúil a bhí faram.

Chuas go Club an Chonartha ina dhiaidh sin. D’fhanas ann go dtí go raibh mo leordhóthain ólta agam. Ansin d’fhágas an áit agus thugas aghaidh ar Shráid Westmoreland leis an Nitelink a fháil. D’aimsíos neaidín compórdach dom féin thuas staighre agus le luascadh an bhus agus le speabhraídí an óil, thit néal codlata orm. Gheiteas i mo dhúiseacht tar éis tamaill agus thugas faoi ndeara nach raibh duine ná deoraí faram … seachas tufaire beag d’fhirín maol a bhí suite sa chúlsuíochán. Rith sé liom go bhfacas cheana é in áit éigin … i nGrogans … muna bhfuil breall orm.

Is ag an bpointe sin a tháinig crith cos agus lámh orm. Bhíos imithe thar mo bhus-stad féin agus bhí an bus ag gabháil trí cheantar gránna, bardasach, coimhthíoch nár aithin mé ach ar éigean. D’éiríos i mo sheasamh, bhrús an cnaipe agus seo anuas an staighre liom go beo. Ligeadh amach mé os comhair ionad suarach siopadóireachta. Nach orm a bhí na sceitimíní áthais ar fheiceáil dom an bus ag sleamhnú uaim isteach sa dorchadas agus an tufaire beag d’fhirín maol fós suite thuas staighre agus é ag glinniúint siar orm ón gcúlsuíochán.

‘Slán leat, a bhastairdín bhig lofa!’ dúrt in ard mo chinn is mo ghutha.

Isteach liom i mbéilín amach Iodálach agus cheannaíos neart bia ghasta le hithe. Abhaile liom ansin trasna na bpáirceanna agus mé ag sacadh láimhe isteach sa mhála donn agus ag stuifeáil mo bhéil leis an ngreim álainn, mealltach, blasta, mífholláin.

Agus mé ag druidim le geata mo thí féin, pé sracfhéachaint a thugas taobh thiar díom, mise á rá leat ach gur baineadh stangadh uafásach asam. Ba bheag nár thiteas i bhfanntais, a dhuine. Cé bhí ann ach an tufaire beag d’fhirín agus é seasta ag an gcúinne trasna na sráide uaim. Tháinig fonn orm dul trasna chuige agus é a leagadh ar chúl a chinn ar thaobh na sráide. Nó d’fhéadfainn íde na muc is na madraí a thabhairt dó agus rabhadh a thabhairt dó gan teacht in aice liom riamh arís. Nó d’fhéadfainn glaoch ar na Gardaí ……

Ach bhí géarghá le sciuird a thabhairt ar an leithreas. Bhíos réidh le pléascadh. Ní fhéadfainn fanacht soicind eile nó dhéanfainn an t-iomlán i mo bhríste. Shás an eochair sa ghlas ach sular chasas í d’fhéachas timpeall ach ní raibh tásc ná tuairisc ar mo dhuine le fáil.

B’shin an chéad oíche gur leagas súil air.

Is minic é feicthe agam ó shin.

Inné, mar shampla, bhíos ag ceannach nuachtáin sa siopa Spar gar do m’oifig ar Shráid an Dáma. Bhí scuaine bheag ag dul suas chun an chuntair. Chasas timpeall agus bhí sé ina sheasamh taobh thiar díom: fear beag maol, cuma na haoise air, an trí fichid agus deich mbliana slánaithe go héasca aige muna raibh breall orm, é gléasta i gcasóg mhór dhonn a bhí i bhfad ró-mhór dó. Aghaidh chaol, fhada, leathrach air le srón ghéar agus liopaí leathana, fliucha. Dhá shúil chiorraithe, bhioraithe ag glinniúint orm. Cóip den Sun ina sheilbh aige agus é ag tabhairt sracfhéachana uirthi.

Thabharfá an leabhar ná raibh cíos, cás ná cathú air.

Bhí fonn orm tabhairt faoi agus cic sna magairlí a thabhairt don bhfocar beag gránna, ach dá ndéanfainn é sin d’fhéadfaí mé a chur i bpríosún. Nó d’fhéadfainn íde béil a thabhairt dó agus a rá leis imeacht go tigh an diabhail as mo radharc agus fanacht ann. D’osclaíos mo bhéal agus é i gceist agam dreas cainte a bheith agam leis. Ach ar chúis amháin nó ar chúis eile ní dúrt oiread agus focal amháin leis. Chuireas an nuachtán thar n-ais ar an seastán agus d’fhágas an siopa faoi dheifir.

Ar ndóigh, lean sé mé.

Go dtí doras m’oifige. Go dtí an bhialann ar ball. Go dtí an teach tábhairne ina dhiaidh sin.

Ach cad is féidir liomsa a dhéanamh?

Tada. Faic na ngrást ach teitheadh uaidh. Sin an fáth nach bhfanaim ró-fhada in áit ar bith na laethanta seo. Ithim mo bhéile faoi dheifir sa bhialann. Slogaim siar na piontaí sa teach tábhairne. Brostaím abhaile istoíche. Seachnaím comhluadar daoine eile. Is ar éigean a bheannaím do na comharsana agus ní stopaim riamh chun cainte leo. Tá’s agam go maith go bhfuilid den tuairim go bhfuilim im aonarán aisteach truamhéalach um an dtaca seo agus nach fiú bacaint liom. Chím ina n-aghaidheanna é. Nílim ar mo shuaimhneas agus tá an chuma ar an scéal ná bead go deo. Mise im éalaitheoir, agus eisean ina thóraitheoir agus é sa tóir orm ó mhaidin go hoíche seacht lá na seachtaine.

Ach inniu braithim sona ionam féin. Tá leisce orm a admháil go bhfuilim ar mo shuaimhneas fiú. Cad chuige, fiafraíonn tú? Bhuel, tá sé a leath i ndiaidh a cúig agus ní fhaca fós inniu é. Choinníos súil ghéar amuigh ach ní raibh tásc ná tuairisc air. De ghnáth, chím é ina sheasamh ag cúinne na sráide nuair a osclaím an doras ar maidin. Ansin leanann sé mé go stáisiún na traenach nó go stad an bhus agus i gcónaí bíonn sé taobh thiar díom nuair a fhágaim an traein ar Shráid an Phiarsaigh nó an bus ar Shráid an Dáma.

Inniu níl sé ann. Táim anseo anois i dtábhairne Uí Néill agus pionta á ól ar mo chompord agam.

Rachaidh mé abhaile. Ní hann dó ar an mbus. Seo mé ag déanamh ar dhoras mo thí. Táim ag féachaint taobh thiar díom. Ní hann dó. Ó, an faoiseamh a thugann sé sin dom. Seo an chéad oíche le fada an lá go bhfuil ar mo chumas suí síos agus taitneamh a bhaint as píosa de cháca milis agus cupán caife os comhair na teilifíse. Féachaim amach an fhuinneog. Níl éinne ag cúinne na sráide. Ní tharraingeoidh mé na dallóga go dtí go mbeidh sé dubh dorcha. Amárach cuirfidh mé glaoch ar Chaitríona agus fiafróidh mé di an mbeidh sí sásta dul chuig Amharclann na Mainistreach liom oíche Dé Sathairn. Táim cinnte go mbeidh mar bhíodh sí an-mhór liom sular … sular …

Cad chuige ar fhágas fuinneog an tseomra chodlata thuas staighre ar oscailt? Cloisim go bhfuil éan tar éis teacht isteach. Ó, an clampar atá á dhéanamh aige thuas ansin … rachaidh mé suas agus scaoilfidh mé amach é …

Táimse reoite anseo ar an gceann staighre. Ní éan atá ann ach … ach mo dhuine … é istigh i mo sheomra codlata … rian a choirp bhig, sheargtha, ghránna ar bharr na leapa … é ina sheasamh ag an bhfuinneog agus é ag breathnú amach amhail … amhail is go mba leis féin an áit … an leibide beag, seargtha, craptha, salach, gránna …

‘Cé thug cead duitse teacht isteach i mo theach agus luí ar mo leaba?’ fiafraím de agus cochall feirge orm.

Ní fhreagraíonn sé mé. É ina sheasamh ansin os mo chomhair amach agus gan focal as. Níor iompaigh sé i mo threo fiú. An brealsún drochbhéasach.

‘Hé tusa! Táim ag labhairt leat. An amhlaidh atá tú id bhalbhán nó an ainspiorad atá ionat? Freagair an cheist nó cuirfidh mé scairt ar na Gardaí.’

Casann sé timpeall go bhfuil sé ag féachaint idir an dá shúil orm.

‘Mise, tusa agus ruball na muice!’ ar seisean i nguth ard, míbhinn agus é sna trithí.

Baintear stangadh chomh mór sin asam gur dóbair dom titim i ndiaidh mo chinn anuas an staighre.

Tar éis tamaill bhig tagaim chugam féin agus déanaim iarracht labhairt leis.

‘Tá ar do chumas labhairt! Cén ciall atá leis an ráiteas seafóideach sin? Cé hé tusa agus cad tá á dhéanamh agat istigh i mo theach? Tabhair freagra dom nó maróidh mé thú, a bhastairdín bhig, lofa, ghránna.’

Is amhlaidh a scairteann sé amach ag gáire arís.

‘Cé mise? Is mise tusa, a amadáin, i gceann dhá scór bliain. Is tusa an t-imreas agus is mise an t-uaigneas atá i ndán duit amach anseo. Maidir le scairt a chur ar na Gardaí, bíodh ciall agat, a mhiceó … mise, tusa agus ruball na muice!’

Anois a thuigim.

Bhí fhios agam ón gcéad lá a leagas súil air go raibh aithne de chineál éigin agam air, gur chuir sé duine éigin i gcuimhne dom. Sin an fáth, is dócha, nár thugas faoi nó nár chuireas fios ar na húdaráis ina thaobh. Cad is féidir liom a dhéanamh? Deir sé liom go bhfuil an seomra spártha uaidh agus nach gcuirfidh sé isteach ná amach orm as seo amach. Deir sé nach mbeidh sé sa tóir orm a thuilleadh, go bhfuil a raibh uaidh faighte aige. Deir sé liom go mba chóir dom dul amach le mo chairde agus spraoi a bheith agam leo. Deir sé liom go bhfuil an domhan lán de mhná áille agus nach bhfuilim chomh hóg is a bhí …

‘Nach mbeadh sé go hiontach dá mairfeá go dtí go mbeifeá an aois chéanna liomsa. Ansin d’fhéadfadh an bheirt againn dul ag tóraíocht i dteannta a chéile … bheadh sé sin go hiontach …’ ar seisean agus déanann gáire mór mantach eile a chuireann an croí trasna ionam.

‘A leithéid,’ arsa mise leis agus déistin orm, ‘cá bhfios duitse, pé tú féin … agus séanaim gur tusa mise mar níl baol ar bith ann go mbeidh mé chomh gránna, craptha, seargtha leatsa má mhairim chomh fada leat … cá bhfios duit ach …’

Déanann sé gáire scigiúil, fonóideach.

‘Is fearr beirt fhear foisteanach ag tóraíocht an mhadra rua ná fear amháin agus boladh an chaca óna bhríste!’

Briseann ar m’fhoighne.

‘Á, bíodh ciall lena bhfuil á rá agat, a scafaire bhig ghránna!’

Féachann sé orm agus an dá shúil bheaga, dhorcha ina cheann mar a mbeadh dhá phóirín cloiche ag lonradh ar dhuirling ag lagthrá maidin gheal earraigh.

‘Mise, tusa agus ruball na muice!’ ar seisean agus é sna trithí arís. Deora lena shúile beaga, ruaimneacha, uisciúla. ‘Bhfuil fhios agat go bhfuil an madra rua in ann a bhod a lí agus a shú? Sin dhá rud nach féidir leatsa a dhéanamh!’

Pléascaim amach ag gáire i gcoinne mo thola.

‘Téir amach,’ ar seisean, ‘agus bíodh an chraic agat. Faigh bean … óg nó aosta … duit féin agus bain d’fhaic amach. Fanfadsa i bhfeighil an tí go bhfillfir. Ó, ní fhágfaidh mé féar gé lasmuigh díom nach mbainfidh an ribe deiridh de, a dhuine!’

Agus, an bhfuil fhios agat, a léitheoir, ach go bhfuilimse chun rud a dhéanamh air … anois …

Ó, sea, agus níl sé chun labhairt liom go deo arís, deir sé. Tá móid tosta tógtha aige agus níl sé i gceist aige a bhéal a oscailt arís go mbeadsa réidh chun dul ag tóraíocht leis. Fanfaidh sé sa seomra beag thuas ar bharr a’ tí ag breathnú ar SKYNEWS agus ar charn mór Box Sets de mo chuid atá aimsithe aige faoin leaba go dtiocfaidh an lá sin.

Scairtim amach ag gáire agus mé ag fágáil an tí.

‘By dad! Cé a chreidfeadh é mar scéal?’

‘Mise, tusa agus ruball na muice!’ Freagraíonn an macalla.

Cad fútsa, a léitheoir, an gcreideann tú é mar scéal?

Muna gcreideann, bí ag breathnú taobh thiar díot nuair a fhágann tú an teach feasta!

Úps!

• An tÚdar:

Mícheál Ó Ruairc / Crom Dubh
Ainm cleite é Mícheál Ó Ruairc. Crom Dubh a ainm ceart. É níos siúráilte ná riamh go bhfuil an Chruinne cothrom, leibhéalta is go dtitfidh sé dá ciumhais lá (nó oíche) éigin muna mbíonn sé cúramach. É mar nós aige le fada a bheith ag breathnú taobh thiar de go síoraí mar go gcreideann sé go diongbháilte gur óna chúl a thiocfaidh an tóir nuair a thiocfaidh sí. Mar a deir an seanfhocal: ‘Is fearr féachaint amháin i do dhiaidh ná dhá fhéachaint romhat’. Is eol dó go bhfuil gaol gairid ag Dónall Mac an Trumpa le Pilib a’ Chleite.

Feasta, Meán Fómhair 2017

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais