Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


An Underground Theatre

Major Playwrights in the Irish language 1930 – 1980


le Philip O’Leary

Preas Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath 2017.
383 lch. ISBN-13: 9781910820155
á mheas ag Gearóid Mac Unfraidh

Sa réamhfhocal deireann an t-údar Philip O’Leary, atá mar ollamh le Béarla ag Boston College agus Ollamh Oinigh ag Ollscoil Náisiúnta na hÉireann Gaillimh, go bhfuil an leabhar seo dírithe ar shaothar cruthaitheach don stáitse leis na drámadóirí is mó tionchar agus cáil sa Ghaeilge anuas go dtí 1980. Is iad na scríbhneoirí atá faoi chaibidil aige ná: Máiréad Ní Ghráda; Séamus Ó Néill; Eoghan Ó Tuairisc; Seán Ó Tuama; agus Críostóir Ó Floinn.

Eascraíonn an teideal as ráiteas a rinne Críostóir Ó Floinn ar ócáid fhéile dhrámaíochta an Oireachtais in Amharclann na Péacóige sa bhliain 1967, tráth a dúirt sé:–

‘Is oiriúnach an mhaise é gurb é áit ina bhfuilimid ag cruinniú chun na féile seo ná an catacóm seo faoi thalamh. Cuireann an focal catacóm ag cuimhneamh sinn ar chúrsaí creidimh agus reiligiúin, ar ghéarleanúint, agus ar aiséirí. Tugann sin chun ár gcuimhne gur thosaigh an drámaíocht sa seansaol mar ghné den reiligiúin, agus gurbh í an Eaglais a rinne athbheochan ar an drámaíocht mar ghléas chun soiscéal agus teagasc an tslánaithe a léiriú don phobal. Ach faoi mar a neartaigh an Creideamh go buacach sna catacómaí dó, gur aiséirigh chun buaghlór i gcathair na Róimhe agus sa domhan uile, tiocfaidh an Ghaeilge agus ealaíon an drámadóra slán. Tá siad ag neartú a chéile in imeachtaí ar nós na féile drámaíochta seo. Is le dúchas an chine agus le sprid an duine a bhaineann siad, agus is buaine an cine agus an sprid ná an impireacht nó an eagraíocht, ná an dúil san airgead.’ (Feasta, Bealtaine 1968).

Sa réamhrá tugann an t-údar míniú ar an roghnú a rinne sé. Maidir leis na luathdhrámadóirí Gaeilge, de hÍde, Pádraig Mac Piarais agus Pádraic Ó Conaire, deir sé gur ábhar spéise iad ar bhonn staire seachas ar bhonn litríochta. Tosaíonn drámaíocht na Gaeilge le bunú An Chomhar Drámaíochta i mBaile Átha Cliath i 1923 agus Taibhdhearc na Gaillimhe i nGaillimh sa bhliain 1928. Cuireann sé in iúl go bhfuil ábhar leabhair le scríobh ar roinnt de na scríbhneoirí eile a bhí ag obair leis na grúpaí sin, go háirithe Piaras Béaslaí, Gearóid Ó Lochlainn agus Séamus de Bhilmot, ach dar leis níl siad ar aon chaighdeán leis na scríbhneoirí thuasluaite atá roghnaithe aige. Ach tugtar an urraim chuí dóibh siúd a bhí i dtús chadhnaíochta caighdeán náisiúnta drámaíochta a leagan amach.

Díríonn an leabhar ach go háirithe ar na deacrachtaí a bhí ag na scríbhneoirí atá faoi chaibidil dráma a chur ar stáitse. Is díol spéise an leabhar seo láithreach do léiritheoirí drámaí, scríbhneoirí drámaí agus aisteoirí faoi na deacrachtaí atá ann maidir le dráma i nGaeilge a chur ar stáitse. Mholfainn an leabhar mar vade mecum d’aon scríbhneoir atá ag plé leis an drámaíocht i nGaeilge. Ar an bhonn sin amháin tá gaisce déanta ag Philip O’Leary, toisc an bualeam sciath agus an chaint go léir a bhaineann le cúrsaí drámaíochta in Éirinn.

Is é an teideal atá aige ar Mháiréad Ní Ghráda (1896-1971) ná Unlikely Iconoclast. Bhí Máiréad Ní Ghráda i láthair ag bunú an chomhair drámaíochta i 1923. D’fhill sí arís ar cheist na hamharclannaíochta sna 1950í agus sna 1960í nuair a bhí a clann tógtha. D’eagraigh sí siompóisiam i mí na Samhna 1954 ar an ábhar ‘Ní Drámaíocht go hAmharclann’. Ag eascairt as sin d’eagraigh cumann na scríbhneoirí cruinniú agus iarradh ar gach eagraíocht club amharclainne Gaeilge a chur ar bhun i mBaile Átha Cliath. Orthu siúd a rinne freastal ar an chruinniú bhí Mícheál Mac Liammóir, Gearóid Ó Lochlainn, Siobhán McKenna, Séamus de Bhilmot, Máirtín Ó Díreáin agus Cyril Cusack agus daoine eile nach iad. Ach is iad baill na heagraíochta nuabhunaithe Gael Linn a bhí sásta foirgneamh a fháil ar chíos agus as sin a d’eascair an Damer.

Ainm amháin a luaitear go rialta is ea Tomás Mac Anna. Bhí sineirge idir Mháiréad Ní Ghráda agus Tomás Mac Anna. Dar le Philip O’Leary, drámadóir praiticiúil ab ea Máiréad. (lch 67). Ba dhrámadóir í a scríobh agus staid agus cúrsaí amharclainne ina haigne aici i gcónaí.

Maidir leis an cheist ar chóir don drámaíocht a bheith lonnaithe sa Ghaeltacht nó sa chathair, ba é tuairim Mháiréad ná ‘Ní ceart an drámaíocht a chúngú.’ Is liosta le háireamh na drámaí go léir atá scríofa ag Máiréad Ní Ghráda, ina measc An Triail, Stailc Ocrais, Lá Buí Bealtaine, ach is fiú go mór an cur síos atá ann maidir leis an stáitsiú agus na buanna léirithe a bhí ag Máiréad.

Níor léiríodh an dráma Stailc Ocrais go dtí 1962, sa Damer agus ní in Amharclann na Mainistreach. Is mó líon na léirmheasanna faoin ‘píosa breá amharclannaíochta … crá intinne ….’ dar le Pádaig Ó Siochfhradha, ag scríobh dó in Feasta, Bealtaine 1962. (lch 49).

Ag scríobh di in Feasta i Meitheamh 1967, arsa Máiréad Ní Ghráda: ‘Ach dar ndóigh, má bhíonn an duine sásta leis féin tá deireadh leis mar ealaíontóir. An iarracht chun foirfeachta, an síorchuardach ag lorg an ní is airde – an ní nach bhfaigheann sé riamh – an tsáchtacht agus an mhíshástacht trí chéile a ghabhann leis an iarracht, sin é luachsaothar an ealaíontóra.’ (lch 28).

Tugann an léirmheas a dhéantar ar Shéamus Ó Néill 1910 – 1980 léargas ar na deacrachtaí a bhaineann le scríobh i nGaeilge. Bhí Séamus Ó Néill mar eagarthóir don iris nua dar teideal An Iris. Chreid Séamus Ó Néill, ‘má bhíonn féith na scríbhneoireachta ionat, tosaíonn tú ag scríobh.’ Ag scríobh dó i 1962 dúirt sé: ‘Tá tonn an náisiúnachais ag trá go gasta, agus muna dtig le lucht na Gaeilge litríocht a sholáthar a gheobhas greim ar intinn na ndaoine, is gairid a seal feasta mar theanga bheo.’ (lch 75).

Chreid sé gur obair chriticiúil don náisiún é drámaíocht i nGaeilge: ‘The creation of a vital theatre in Irish was a work of national significance.’ Cháin sé go géar dráma Na Cloigíní, aistriúchán de chuid Mháiréad Nic Mhaicín ar Le Juif Polonais, ag rá: ‘Ba chóir go mbeadh sé soiléir anois ag lucht stiúrtha na Mainistreach go gcaithfidh siad a ndúnghaois a athrú, muna bhfuil siad le drámaíocht na Gaeilge a mharbhadh amach is amach. Bhfuil éinne a chreidfeadh nach féidir bundráma Gaeilge ní b’fhearr ná Na Cloigíní a fháil.’

Chreid Séamus Ó Néill go láidir go mba ghá drámaíocht a chur ar an stáitse a thabharfadh dúshlán an lucht féachana, drámaí a bheadh substaintiúil ó thaobh intleachta agus smaointe agus machnaimh.

Ceann de na rudaí is spéisiúla atá le léamh sa leabhar ná go raibh léirmheas ar dhrámaí i nGaeilge go rialta san Irish Times, san Irish Press agus san Irish Independent, maraon leis na hirisí go léir Gaeilge ag an am. D’oibrigh Séamus Ó Néill le Tomás Mac Anna ach ag scríobh dó in Comhar, Feabhra 1951, dúirt Tomás Mac Anna: ‘Má theip ar Shéamus Ó Néill, agus deirim-se gur theip air, fiú dráma fiúntach amháin a thabhairt dúinn, is air féin atá an locht. Bhí sé sásta ceird na scríbhneoireachta a fhoghlaim agus ceird rí-dheacair na húrscéalaíochta, ach ní fheiceann sé gur ceird eile ar fad ceird na drámaíochta.’

‘A Theatre of Ideas’ is teideal don phíosa faoi Eoghan Ó Tuairisc (1919 – 92). Bhí dearcadh difriúil ag Ó Tuairisc ar an drámaíocht. Ina thuairim siúd, ‘Muna dtig leat do dhráma a chur ar siúl i Muileann gCearr tá locht ar an dráma, cuma cé chomh healaíonta agus cé chomh suimiúil is atá sé ó thaobh na smaointe agus ó thaobh na daonnaí de.’ Maidir lena chúlra sa drámaíocht de, (lch 111), líomhnaítear gur chaith Eoghan Ó Tuairisc ‘… m’óige le drámaíocht na Gréige. Is scoláire Gréigise mé agus do léigh mé an chuid is mó de na drámadóirí sa bhunGhréigis sar ar léigh mé drámaí Gaeilge nó drámaí Béarla agus d’fhág sin rian ar mo mheon ... an rian clasaiceach Gréagach sin.’ Deir sé gur thóg a athair go dtí drámaí Shakespeare é, drámaí a bhí ar chamcuairt le comhlachas Anew McMaster agus iad ar cuairt go dtí Béal Átha na Slua.

Míníonn Philip Ó Leary go raibh Eoghan Ó Tuairisc an-mhaith ag a chuid oibre mar dhrámadóir, go ndearna sé na geamaireachtaí ag amharclann na Mainistreach agus gur chomhoibrigh sé le Tomás Mac Anna agus Niall Tóibín ar Damertásibh ag an Damer in 1962; ag scríobh aoir pholaitiúil faoi na sé chontae, a léiríodh ar stáitse na Péacóige i 1970, agus d’oibrigh sé freisin le Tomás Mac Anna, Críostóir Ó Floinn agus Gabriel Rosenstock ar Táinbócú, a bhí ar siúl ag an Phéacóg i 1978.

Roghnaíonn Philip O’Leary (lch 118) sliocht as ‘Oiliúint Drámadóra’ a scríobh Eoghan Ó Tuairisc: ‘Tomás (Mac Anna) ina stiúrthóir ar an iomlán. É ina shuí ag bord ar thaobh an ardáin, a rúnaí taobh leis ag breacadh nótaí, radharc éigin á chleachtadh, daoine thall is abhus ag cleachtadh na rincí nó ag an phianó le Seán Ó Riada ag cleachtadh amhráin.’ (Religio Poetae, eag. Nic Eoin, lch. 169).

Ar an stáitse freisin ag an am sin bhí Seán Ó Tuama agus Críostóir Ó Floinn. Is ar an ábhar sin a deir Philip O’Leary gur ré órga na hamharclannaíochta i nGaeilge a bhí ann idir 1950 agus 1982. Ní hamháin go raibh amharclann An Damer faoi lán seoil i mBaile Átha Cliath, ach bhí Compántas Chorcaí faoi lán seoil i gCorcaigh.

Áirítear Ó Tuama mar dhrámadóir triallach forchéimnitheach. D’úsáid Ó Tuama an réalachas, an t-osréalachas, an áiféis is an fhantaisíocht ina shaothar drámata. Nuair a seoladh a dhráma Déan Trócaire ar Shagairt Óga, dúradh go raibh Ó Tuama ag iarraidh seanbhallaí a leagadh chun teacht ar mhúnla nua don drámaíocht. Ag léamh faoi Ó Tuama faigheann an léitheoir léargas ar thábhacht an naisc atá idir an Ghaeilge agus an pholaitíocht. Bhunaigh Seán Ó Tuama An Comhar Poiblí (The Public Partnership). Ag labhairt dó dúirt sé ‘Is é an phríomhaidhm do A.C.P. ná teacht ar shlite éifeachtúla chun dul i bhfeidhm ar phobal, ar eagraíochtaí Béarla, agus ar pháirtithe polaitíochta na hÉireann ar mhaithe leis an nGaeilge agus ar mhaithe le leas na hÉireann.’Léiríodh an chéad dráma de chuid Ó Tuama, Gunna Cam agus Slabhra Óir, i 1956. Bhí sé lárnach sa ghluaiseacht drámaíochta in éineacht le Dan Donovan (Dónal Ó Donabháin) agus Compántas Chorcaí á bhunú in 1953. Sholáthraigh sé cúig dhráma do Chompántas Chorcaí, soláthar a chuir an Compántas ar a chosa.

Arís, tá cur síos sa leabhar ar na díospóireachtaí a bhí ar siúl sna heagraíochtaí éagsúla faoin Ghaeilge agus an drámaíocht, alt le Con Ó Drisceoil in The Southern Star, mar shampla. Léirítear chomh lárnach is a bhí an Ghaeilge agus an amharclannaíocht sa dioscúrsa náisiúnta, rud atá in easnamh inniu. Aineoinn go n-áirítear a dhráma Gunna Cam agus Slabhra Óir agus gur ghnóthaigh an dráma duais Oireachtais i 1954, bhí dhá bhliain breise caite sular cuireadh stáitse ar fáil don dráma in Amharclann na Mainistreach. Léiríodh an dráma arís faoi stiúir Thomáis Mhic Anna.

Thart ar 1970 thosaigh an Everyman Theatre ag teacht chun cinn i gCorcaigh. Ag an am céanna bhí Druid ag teacht chun cinn ar An Taibhdhearc i nGaillimh. Is thart faoin am sin chomh maith a tháinig brú ar An Damer de dheasca ciorruithe; bhí am an ghátair tagtha lena fhadhbanna airgeadais. Ardaíonn an chomhtharlúint ceist faoi chúrsaí airgid agus cúrsaí drámaíochta. Léiríodh gach ceann de dhrámaí Sheáin Ó Tuama san Damer. Ach is é Críostóir Ó Floinn an t-aon drámadóir ar éirigh leis trí dhráma lánfhada a chur ar siúl ag an am céanna i 1968: Aggiornamento ag An Damer, Is é a dúirt Polonius ag an Phéacóg agus Cóta Bán Chríost ar siúl ag An Taibhdhearc.

Mínítear an cúlra leis an dráma le Críostóir Ó Floinn Cad d’Imigh ar Fheidhlimidh, atá bunaithe ar Táin Bó Cuailgne. Saothar é ina dhíríonn sé ar an dráma mór sin a tharla idir Méadhbh agus Conchúr, agus tá sé ag iarraidh amharclann na samhlaíochta in aigne an scéalaí agus an lucht éisteachta a chur ar stáitse, agus tús áite a thabhairt dó sin thar an amharclann fhoirmiúil. Is sliocht meitea-amharclannach é ina measctar saol an charachtair ar stáitse agus fíorshaol an charachtair ar a chéile. Dar le Philip O’Leary, ní aithnítear ná ní dhéantar léirmheas ceart ar an genre amharclannaíochta ná na teicnící a bhí in úsáid ag Críostóir Ó Floinn.

Ag scríobh dó in Feasta i 1968, dúirt Críostóir Ó Floinn ‘Le blianta fada anuas is faoi Ghael Linn agus An Damer a fágadh an drámaíocht Gaeilge a chothú go seasmhach.’ Faoi 1988 ní raibh ach cuimhní cinn ann faoin Damer agus níor chreid sé gur chomhlíon Amharclann na Péacóige an ról ba dhual dó don Ghaeilge.

As seo amach a dhíríonn Philip O’Leary ar an lacuna nach léirítear drámaí trí Ghaeilge nó nach gcuirtear iad ar stáitse ach le haghaidh léiriú amháin. San Iarfhocal (lch 297) caitear súil siar ar dhrámaíocht na Gaeilge ó 1980 i leith, agus mar bhuille scoir deir Philip O’Leary dá dtiocfadh na baill a bhunaigh An Comhar Drámaíochta thar n-ais go Baile Átha Cliath anois, bheadh ionadh orthu a laghad athrú atá tagtha ar scéal na hamharclannaíochta Gaeilge in Éirinn ó shin.

Mar achoimre, tá gaisce déanta ag Philip O’Leary sa mhéad is gur éirigh leis sa tseoid seo de leabhar tábhacht na drámaíochta a nascadh le slánú an náisiúin; ba chóir an drámaíocht a bheith i lár an aonaigh sa dioscúrsa náisiúnta. Ní cuí an fhaillí atá déanta i ndrámaí Gaeilge a léiriú ar stáitse nó ar ardán.

Tá an leabhar seo scríofa i stíl atá inléite, agus tá sé maisithe go snasta le grianghrafanna atá bainteach le hábhar. Tá sé le moladh go mór mar shaothar, agus is fiú go mór é mar áis tacaíochta agus mar fhoinse tagartha dóibh siúd atá i mbun staidéir ar dhrámaíocht Ghaeilge. Is margadh an-mhaith é ar 50 euro.

Cé go bhfuil an leabhar seo scríofa i mBéarla, baintear leas as aistriúcháin ó na bunfhoinsí tagartha, agus mar thoradh ar sin tá an Béarla agus an Ghaeilge fite fuaite ar a chéile go healaíonta tríd an leabhar.

Locht suntasach ar dhrámaíocht na Gaeilge ná gurb ionann an scéalaíocht agus an drámaíocht, a bheag nó a mhór, i súile an phobail. San anailís seo déanann an t-údar idirdhealú idir ceird na scéalaíochta agus ceird na drámaíochta. Ní beag sin.

Tá an leabhar dea-chumtha agus dea-scríofa ó thús go deireadh. Is fiú go mór é a léamh. B’fhiú go mór é a scríobh.
——◊——

• An Léirmheastóir:

Is drámadóir é Gearóid Mac Unfraidh. Ghnóthaigh a dhráma Séanadh Gradam BBC STEWART PARKER 2016.

Feasta, Meán Fómhair 2017

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais