Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Tomás Ághas

Dóchas ainneoin Daoirse


le Elizabeth Berkery



Scríobhfar mórán agus déarfar go leor faoi dhea-thréithe iomadúla Thomáis Ághas i rith bhliain seo chomóradh céid a bháis. Cé go bhfuil a thréimhse dheireanach príosúntachta i Mountjoy agus ar fhulaing sé lena linn greanta in annála stair na hÉireann, measaim gur fiú go mór iniúchadh a dhéanamh ar iomlán an ama a chaith an tÁghasach i bpríosún, agus ar léirigh sé de neart agus d’onóir phearsanta lena linn.

Chaith sé tréimshí i bpríosúin i Sasana, in Dartmoor, Lewes, Portland agus Pentonville tar éis Éirí Amach 1916, ach is go Beairic Richmond i mBaile Átha Cliath a tugadh ar dtús é. De réir dealraimh, chas sé dá chomrádaithe ‘My Colleen by the Lee’, amhrán a chum sé féin. Bhí an guth ar fheabhas aige i gcónaí agus d’úsáid sé é ar an ócáid seo chun meanma na bpríosúnach a ardú. Bheadh Tomás i ngéibhinn ó gabhadh é tar éis an Éirí Amach go dtí an t-ochtú lá déag de Mheitheamh 1917, nuair a saoradh na príosúnaigh phoblachtánacha uile. I rith am seo a dhaoirse ar fad, léirigh Tomás Ághas an tréan-spiorad dóchasach ba dhual dó. Níor lig sé dó féin ná dá chomh-chimí bheith in ísle brí.

Daoradh chun báis é tar éis é a thabhairt os comhair armchúirte i gCill Mhaighneann, breith a maolaíodh go téarma pianseirbhíse saoil. Maidir lena thriail, d’inis a dheartháir gur fiafraíodh de: ‘Cén seans a mheas tú a bhí riamh agat impireacht na Breataine a shárú?’, ceist d’fhreagair sé leis na focail seo: ‘Ní áiríonn saighdiúir na constaicí atá roimhe.’ Ina fhreagra, feictear a chrógacht agus a dhiongbháilteacht. Nuair a mheas sé go raibh an bás i ndán dó, ní dócha go raibh scáth ná eagla air. I litir a scríobh sé chuig a chara Séamus Mac Donnchadha, dúirt sé gur ‘tráth spioradálta álainn’ a bhí san am sin.

Is léir go raibh sé amhrasach faoi mheon a athar, Griaire Ághas, i leith a rannpháirtíochta san Éirí Amach. Bhí ardmheas agus cion aige riamh ar a athair, agus nuair a d’inis a dheirfiúr Nóra dó agus í ar cuairt chuige i gCill Mhaighneann gur thacaigh a athair go hiomlán leis, thug sé aghaidh ar a théarma príosúntachta le croí éadrom.

Áit dhuairc ghruama a bhí i bpríosún Dartmoor in iar-dheisceart Shasana agus ba dhian na rialacha a chuireadh i bhfeidhm in áitreabh nua an Ághasaigh. I litir chuig Nóra Ághas, arís ag tús a théarma daorántachta san áit seo, scríobhann sé ‘[…] tá dhá ní ann gur deimhin liom nach mbeidh aon chosc orthu, an macnamh agus an urnaí, […] is mó a rachaidh an urnaí chun tairbhe dúinn ná an cumha.’

Is léir ón litir seo, agus ar ndóigh ó na litreacha uile a sheol sé abhaile chuig a ghaolta agus a chairde, gur ghlac sé go lántoilteanach leis an daoirse. Bhí síol na Críostaíochta préamhaithe go daingean san Ághasach agus is amhlaidh a threisigh a chreideamh agus é ina chime. Mothaítear easpa féintrua agus meon íobartach i leith chúis na hÉireann go mór ina chomhfhreagras freisin.

In áit a bheith duairc faoina stádas mar phríosúnach, is amhlaidh a bhí Tomás imníoch go mbeadh a mhuintir agus a chairde in Éirinn buartha faoi. Níor mhian leis ar chor ar bith go mbeidís gruama ná imníoch ina thaobh. Chuig a athair scríobh sé na focail seo ó Dartmoor:

Abair leo go léir go raibh mé ag cur a dtuairisc agus ná bíodh chumha ar bith ar éinne go bhfuil mé i bpríosún […] nuair nach bhfuil buaireamh dá laghad orm féin faoi ní gá dhuine ar bith eile a bheith mar sin.

I mí na Samhna na bliana céanna scríobh sé chuig a dheirfiúr Máire:

Go dtí seo tá mé i dtogha na sláinte agus lán-dóchasach. Cuireann na litreacha a fhaighim ó Éirinn brón orm go minic. Tá cuma air go bhfuil an tír ar fad ag gol. Tá súil agam go bhfuil sí ag gol di féin, agus nach dúinne é. Níl gá dá laghad bheith ag sileadh deora dúinne […] le súil go bhfuil sibh go léir agus na leanaí ar fheabhas.

I ngach litir a scríobh an tÁghasach ó Dartmoor, agus ina dhiaidh sin ó Lewes, léirítear spiorad céanna an dóchais agus na deimhneachta, é i gcónaí ag fiafraí conas a bhí daoine eile agus é ag áiteamh orthu go léir nár chóir dóibh bheith curtha amach puinn ina thaobh. Is cinnte gur bhraith sé an t-uaigneas agus an géibheann, ach d’iompaigh sé gach olc chun maitheasa. I Lewes, chrom sé ar Ghaeilge a theagasc dá chomrádaithe. Scríobh Liam Mac Cosgair faoi na ceachtanna seo a d’eagraigh Tomás: ‘Bhronn sé gach nóiméad dá chaitheamh aimsire do mhúineadh na Gaeilge agus nuair a d’fhill sé ar a chillín thosaigh sé ar cheachtanna a ullmhú don chéad lá eile.’ Ar ndóigh, is é an tiomna is deimhnithí, b’fhéidir, den ghrá thar cuimse a bhí aige do thír na hÉireann ná an dán álainn inspioráideach a chum sé i bpríosún Lewes, dar teideal: ‘Lig dom do Dhúrchroch d’iompar a Dhia.’ Sa dán álainn seo nochtann Tomás Ághas a ghrá thar fóir d’Éirinn, an mian do-mhúchta a bhí ina chroí istigh fulaingt ar son a thíre, agus impíonn sé ar Dhia Éireannaigh eile a spáráil. Déanann sé neamhshuim dá bheatha féin nuair is saoirse na hÉireann atá i gceist. Cruthú soiléir atá sna focail seo ar a fhéile chroí agus a mhórtas cine.

Léigh sé mórchuid le linn a bhraighdeanais, agus cé go raibh sé gearrtha amach ón saol, níor mhaolaigh ar a shuim sa pholaitaíocht. Bhí an Cogadh Mór faoi lán seoil an tráth úd agus a smaointe féin ag Tomás ina thaobh. I litir a scríobh sé chuig a dheartháir Griaire a bhí sna Stáit Aontaithe, bhreac sé ceann dá smaointe i leith na Stát thall, agus ní ró-mholtach a bhí sé ina léirmheas, ag sonrú ‘gurb é an “dollar” bun agus barr dhearcadh na Meiriceánach […] ’sé is brí le náisiún ná geilleagar dar leo […] an “dollar” is bunús le polasaí Mheiriceá i dtaobh an chogaidh.’

Thuig Tomás go maith gur bhain fimíneacht le ráitis na bpolaiteoirí. B’fhollas dó féin agus a chomrádaithe go gcaithfí comhdháil idirnáisiúnta a reachtú ag deireadh an chogaidh chun téarmaí síochána a phlé, agus bhí sé ar intinn acu deimhin a dhéanamh de go gcuirfí cás na hÉireann faoi bhráid na comhdhála sin. Dá dteipfeadh san orthu, leanfadh na hÓglaigh den troid ar son saoirse a dtíre ón mBreatain. Dá mb’fhíor go raibh an Bhreatain ag troid chun ceart na náisiún beag a dhearbhú, nár náisiún beag í Éire? Sea, bhí boladh na fimíneachta go láidir san aer, agus é de chuspóir ag náisiúnaithe na hÉireann aird a tharraingt air.

Toghadh Tomás Ághas agus Éamon De Valera mar cheannfoirt ar na poblachtánaigh i Lewes agus roghnaíodh Tomás ina Uachtarán ar an IRB ag an am seo freisin, léiriú ar ard-mhuinín na bpríosúnach as. Scaoileadh Mícheál Ó Coileáin saor as Campa Frongoch i mí na Nollag 1916, agus thosaigh sé láithreach ar an IRB a athchóiriú ar fhilleadh abhaile dó. Bhí caidreamh rúnda ar siúl idir é féin agus Tomás Ághas le linn do Thomás bheith fós i Lewes.

Dóchas, diongbháilteacht agus dúthracht i leith na hÉireann, b’iad seo na saintréithe a léirigh Tomás Ághas i rith achar fada a chéad bhraighdeanais. Bhí na comharthaí go léir ann nach ngéillfeadh an fear seo go deo nuair a tháinig saoirse na hÉireann i gceist. Chreid sé óna óige i leith go raibh éagóir á déanamh ar a thír. Neart na córa a chorraigh i gcroí an Chiarraígh chróga. Cath idéalachais a bhí á throid aige. Níor briseadh ar a spiorad ná níor cailleadh ar a mhisneach riamh i gcarcair Shasana. Ní thuigfeadh rialtas ‘ollchomachtach’ na Breataine ná a fheidhmeannaigh an meon seo choíche. Ní rabih d’airm ag an Ághasach ach an t-idéalachas lasrach seo, agus a dhúil dho-mhúchta ‘go mbeadh Éire fós ag Cáit Ní Dhuibhir’.
——◊——

Leabhair:

I die in a good cause, Seán Ó Luing

Doiciméid:

• Bailiúchán an Bhráthair Allen agus caipéisí eile: Cartlanna Míleata na hÉireann
• Bailiúchán litreacha agus uile: Leabharlann Chontae Chiarraí, Cartlann Staire Áitiúil
• Litreacha atá i mo sheilbh féin.

Feasta, Meán Fómhair 2017

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais