Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc

Dánta le Piaras Ó Droighneáin

An Solas

B’fhearr liom fhéin an solas
Éiríonn préacháin aníos as garraí le mo thaobh
Ar nós slua smaointe dorcha scaoilte suas le gaoth.
Leathghealaí thuas anois
Sínte siar ar a droim,
An geimhreadh mar ghlór garbh
Ag séideadh trí chrainnte
Nó mar chruth dorcha romhat ar an mbóthar,
Múr báistí ag teacht
Do bhualadh mar lámhainn fhuar
Trasna na straoise.
B’fhearr liom fhéin an solas
Ualach fionnaigh
’Nós sean-phluid shalach
Caite ansin le bóthar,
Thú ag cuartú cloiginn go bhfeicfeá an straidhp bhán
Go mbeadh fhios agat ansin cén créatúr a bhí ann.
An loch thuas ag glaoch orm
Mar shúil ghorm,
Mo mhealladh isteach le neart milseachta;
Bheadh sé chomh maith dhom mé fhéin a chaitheamh
Isteach i gcarnán sceana geala,
Ach b’fhearr liom fhéin an solas,
Scáile ar an talamh le mo thaobh ag imeacht mar chogar,
Breathnaigh suas,
Faoileán ag imeacht go ciúin ar an aer,
An spéir aige dhó fhéin.

Ealaí

Anuas a tháinigeadar,
Amach as spéir bhog
Na maidne,
Ealaí,
Ní fheicfinn iad,
Is é an glaoch ait a tharraing mo shúil suas,
Dhúisigh mo chliabhrach go tobann
Amhail is gur eitlíodar thríom,
Síos leo i dtreo na farraige,
Iad lasta suas go bán anois
Agus an ghrian ag éirí níos airde,
Síos, síos ag imeacht uaim
Ach an glór beag ait fágtha fós,
Osna cheoil
I mo chluais.

An tÚdar:

Is as ceantar Chois Fharraige i gConamara do Phiaras Ó Droighneáin. Tá sé ag scríobh filíochta le fada. Foilsíodh dánta leis san iris Crannóg agus san Galway Review. Tá an nádúr go láidir mar théama ina chuid filíochta agus go deimhin tá sé mar phríomh-inspioráid aige.

Feasta, Meán Fómhair 2017

Abhaile | barr | clár na míosa seo