Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


- - Tim Robinson agus Logainmneacha Árainn - -

Is i 1986 a foilsíodh an leabhar Stones of Aran leis an scríbhneoir agus cartagrafaí Sasanach, Tim Robinson. Níorbh é Robinson, ar ndóigh, an chéad Sasanach a tháinig go hÉirinn, a d’fhoghlaim an teanga dhúchais, agus a thuill ár meas agus ár mbuíochas, agus a d’fhág cuntas tábhachtach againn ar a bhfaca agus ar a mhothaigh sé agus é inár measc. Tagann daoine mar Robin Flower agus George Thomson chun cuimhne, ach táimid ag tagairt do Robinson ar an ócáid seo, agus do Stones of Aran go háirithe, toisc gur mhaith linn aird a dhíriú arís ar ár logainmneacha, ar an tábhacht a bhaineann leo agus ar an bhfaillí atá déanta iontu. Níl san fhaillí sin, gan amhras, ach gné den fhaillí atá déanta sa teanga i gcoitinne.

Is cuntas atá sa leabhar ar chamchuairt a rinne Robinson ar Oileán Árainn, ar an stair a bhaineann leis an áit álainn sin, ar an tírdhreach agus ar an dinnseanchas, agus ar an bpobal a mhaireann ann, ach thar aon ní ar an teanga ar leith a chleachtann an pobal sin. Ach tá an cuntas neamhghnách leis, de bhrí go gcloíonn an t-údar go huile leis an leagan Gaeilge de logainmneacha an oileáin, bíodh gur i mBéarla atá an leabhar féin scríofa. Ritheann sé linn gurb é seo an chéad uair a tharla a leithéid sin, agus nár baineadh úsáid as an leagan truaillithe Béarla a d’fhág rialtas Shasana mar oidhreacht againn agus iad i mbun a ndualgais choilínithe inár measc: iad ar an intinn, gan amhras, go mb’fhearrde sinn ag labhairt i dteanga lucht an choncais. Maith is eol dúinne, gur léir d’aon rialtas freisin gur mhór an chonstaic í an teanga dhúchais in aghaidh éifeacht an choilínithe.

Is é is mó atá le tabhairt faoi ndeara faoin leabhar ná go mbaintear úsáid as an leagan Gaeilge gan stró, gan dua, faoi mar gurb é an rud ba nádúrtha ar domhan go mbainfí úsáid as na hainmneacha a cuireadh ar áiteanna na cianta roimhe seo, ainmneacha a raibh brí na staire nó na scéalaíochta ag gabháil leo. Agus fiú má tharla le himeacht aimsire nach raibh an bhunbhrí sin soiléir ar fad i gcónaí, ar a laghad ba mhinic ina ábhar díospóireachta é, nó ar an gcorruair fiú ina ábhar cointinne. Nárbh fhearrde mar sin é ná cur suas leis an mbrilléis ba dhual rómhinic don leagan truaillithe i mBéarla.

Nach deacair a shamhlú nach breall é, cineál daille intinne inár gcás féin nuair a bunaíodh ár stát dúchais, nár filleadh ar na ceartleaganacha stairiúla, in ionad glacadh leis an mbrilléis gan dealramh a d’fhág an rialtas Sasanach ina dhiaidh, agus é go deo na ndeor mar chomhartha againn ar ár n-uirísle agus ár n-easpa breithiúnais. Agus i ndeireadh na dála nach tréigean gan ghá a bhí ann. Nach aisteach leis gur Sasanach géarchúiseach eile ba chúis leis an racht is déanaí seo!

Feasta, Meán Fómhair 2017

Abhaile | barr | clár na míosa seo