Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Smaointe Polaitíochta

Éigeandáil chugainn & éigeandáil linn

le Seán Ó Loingsigh



Is port coitianta le tamall anuas ag ár lucht cumarsáide, agus ní bréag a rá ná go mbíonn lántoil na saineolaithe eacnamaíocha den chuid is mó acu, go bhfuil ár gcúrsaí geilleagair tagtha slán ón gcúlú eacnamaíoch a bhuail an tír seo, agus go deimhin an domhan mór, beagnach deich mbliana ó shin anois. Is gearr a deir siad go mbeidh lánfhostaíocht arís againn agus buiséid ina mbíonn an caiteachas agus an teacht isteach i gcomhardú.

Gan amhras ní haon ionadh mór go mbeadh rialtais ag cur an dreach is fearr is féidir ar an dul chun cinn atá déanta, ach nach bhfuil sé éasca glacadh go huile leis an dearcadh réchúiseach seo go bhuil ár staid eacnamaíoch curtha ina cheart. Ba dheacair a rá gur mar sin a bhraitheann an gnáthdhuine.

Ní focal ‘éigeandáil’ is cóir a úsáid go neafaiseach, ach conas eile is féidir tagairt don easpa tithíochta, nó go deimhin an easpa dídine; ach is é an dara héigeandáil a chaithfear a lua ná cúrsaí sláinte, go háirithe an easpa spáis in ospidéil, agus ina theannta sin nach mbíonn teacht ar chomhairle dochtúra, comhairle speisialtóra go háirithe, ag daoine a bhíonn ina ghátar, laistigh de thréimhse fiú leathréasúnta ama. Go deimhin i gcás cúrsaí sláinte i gcúinsí an lae inniu, d’fhéadfaí a bheith ag súil gur bunriachtanas i gcás Stáit fhorásaigh ar bith go mbeadh scéim chuimsitheach sláinte i bhfeidhm, go díreach mar is cúram don Stát córas oideachais a bheith faoina chúram, nó bheith freagrach as córas taistil don phobal nó, más ceadmhach é a lua arís tar éis an iliomad uaire a luadh cheana é le cúpla mí anuas, an easpa damanta tithíochta.

Ach arís, ag tagairt níos luaithe don lucht cumarsáide agus a mbíonn le rá acu faoi theacht slán na heacnamaíochta in aon tráth leis an eígeandáil tithíochta, conas nach mbeadh an éigeandáil sin ann nuair a stop an Stát ag cur tithe ar fáil don phobal, mar a bhí á dhéanamh aige ó thús an chéid seo caite. Go deimhin, ba i ndeireadh na naoú haoise déag, nuair a bhí ‘Home Rule’ go mór faoi thrácht, a thosnaigh rialtas Caomhach na Breataine – agus na hÉireann, ar ndóigh! – ag tógáil tithe i gceantair thuaithe na tíre seo, faoi scáth na sean ‘Boards of Guardians’, chun freastal orthusan nach raibh ar a gcumas iad a thógáil dóibh féin. Tá na tithe céanna le feiceáil i gcónaí agus iad in úsáid i gceantair thuaithe. Ach conas ar thalamh an domhain tost diamhair seo ár meán cumarsáide faoi thréigean an Stáit sa ról gníomhach a bhí acu i gcúrsaí tithíochta?

Ní baol go bhfuil tost d’aon chineál i gceist i gcás ‘Breatimeacht’. Níl aon chur amach fós ar céard a bheidh mar chríoch leis nó a bheidh mar thoradh air. Pé mar a tharlóidh i gcás an Aontais nó i gcás na Breataine féin, séard a mhúscail an scéal míchaoithiúil seo ar fad, nó ar a laghad atá míchaoithiúil i gcás na tíre seo, ná an baol agus an chosúlacht, bíodh gur sinne is mó a d’fhéadfadh a bheith thíos leis, fós go bhfuilimid fágtha mar a bheadh inár staic ar an taobhlíne, agus gan aon fhocal le rá againn ar ár son féin.

Ó, gan amhras, mar a chuireann an Taoiseach agus a airí, agus an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney go háirithe, de shíor ina luí orainn, tá an tír seo ar bharr an liosta, agus aird ar leith á tabhairt ar ár mórbhuaireamh faoin teorainn 499 ciliméadar a ritheann ó Loch Feabhail go Loch Cairlinn, a bheidh laistigh de dhá bhliain ina teorainn idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine. Is ar oileán na hÉireann amháin a bheidh an teorainn seo: ní sa Bhreatainn ná ar Mhór-roinn na hEorpa. Tá dóthain de thromchúis ag baint leis an gceist inár gcás-na a d’éileodh suíochán dúinn ag bord na hidirghabhála.

Tá ár ndíomá curtha in iúl cheana anseo faoi bheartú na Breataine maidir le Brexit, agus a laghad ba chás leo a mhífhóinteacht i gcás na tíre seo. Níorbh é beartú na dea-chomharsan é, ach cé a bheadh ag súil lena mhalairt! Gan amhras is é a éifeacht ó thaobh Shocraithe Aoine an Chéasta is tábhachtaí, agus i ndeireadh na dála is mó is cúis imní dúinn. Níl aon amhras ach oiread ná gur dual don Rialtas anseo an cheist a fhiosrú ó thaobh dlisteanais, agus go mbearnaíonn aon bhacanna ar an teorainn, ní hamháin téarmaí an tSocraithe ach an caidreamh agus saorthaisteal a bhí riamh ina ghnás i measc an phobail. Is ag méadú in aghaidh an lae atá an t-amhras nach mór is fiú deimhnithe rialtais na Breataine nach mbeidh aon chur isteach nó aon athrú ar ghluaiseacht trasna na teorann, pé i gcás daoine nó earraí, agus ar bhealach rúndiamhrach éigin go n-aimseofar bealaí teicniúla chun bacanna a sheachaint.

Ar ndóigh, í deich mbliana níos déanaí, tráth ar ceadaíodh iarratas na tíre seo freisin. Tá sé suimiúil, leis, nach raibh aon cheist an uair sin go nglacfadh an tír seo ballraíocht san eagraíocht ar a nglaotar an tAontas Eorpach anois in éagmais na Breataine. Cén fáth é sin?

Ach an raibh an ceart ag De Gaulle, fiú má thóg sé breis agus daichead bliain sular fíoraíodh a bharúil? An é a bhí ar aigne aige nach raibh poimp agus glóir na himpiriúlachta ligthe i ndearmad go huile ina meon agus ina ndearcadh ag aicme atá fós láidir i saol na Breataine, agus a labhraíonn sciar substaintiúil de bhaill an Pháirtí Chaomhaigh thar a gceann.

Tá an cheist seo, gan amhras, níos casta ná mar atá léirithe. Tá conspóid leanúnach sa Bhreatain faoin inimirce neamhshrianta, agus conas mar a bhíonn na hinimircigh sásta le pá agus tuarastail níos ísle ná na dúchasaigh, a mbíonn a gcaighdeán maireachtála níos ísle dá thoradh. Ar an taobh eile, ar ndóigh, ní bhfaigheann fostóirí locht dá laghad ar an gcóras seo, ach a mhalairt.

Ní pá agus tuarastail amháin atá i gceist, ach gotá bealach soiléir ann chun an t-amhras agus an imní a scaipeadh. Tá rogha ag rialtas na Breataine, fiú más mian leo a mballraíocht san Aontas a thréigean, go bhféadfadh siad san am céanna fanacht ina mbaill den Aontas Custaim nó den Mhargadh Singil, go díreach mar atá i gceist le tíortha eile Eorpacha nach bhfuil ina mbaillstáit den Aontas. Bheadh go leor a shílfeadh, agus go leor acusan anseo in Éirinn, gur bheag d’íobairt é i bhfianaise an leas a dhéanfadh sé, agus ní hamháin ar an oileán seo Thuaidh agus Theas, ach sa Bhreatain Bheag agus go háirithe in Albain, inar vótáil an pobal i bhfábhar fanacht san Aontas.

Is fiú a thomhas cad is cúis le flosc seo an rialtais Chaomhaigh sa Bhreatain an tAontas a thréigean tar éis tréimhse ballraíochta de bhreis agus daichead bliain. Rialtas Caomhach a bhí ann ag an tráth sin leis, ach ba é príomhaire na linne, Edward Heath, ba mhó ar fad a bhí ag brú na ballraíochta, agus níl amhras ná go raibh go leor sa pháirtí Caomhach nach raibh in aon ghiorracht a bheith chomh díograiseach ó thaobh na ballraíochta agus a bhí Heath. Cuimhnítear gur deineadh an chéad iarratas ar bhallraíocht i 1963 agus gur diúltaíodh dó: i ndáiríre gur thoirmeasc De Gaulle ballraíocht na Breataine ar bhonn dá chuid féin, nach raibh an meon Briotanach ag teacht nó i dtiúin le ballraíocht in aon chónascadh polaitiúil, idirnáisiúnta, dá leithéid.

Níor ceadaíodh ballraíocht na Breataine go dt bhfuil coinníollacha oibre i gcoitinne faoi ionsaí, tá méadú ag teacht ar obair pháirtaimseartha agus ar chonarthaí náid-uaireanta, agus tá go leor bealaí eile a bhaineann ó chearta lucht oibre ag fostóirí neamhscrupallacha, bealaí a nglactaí leo gan cheist go dtí gur tharla an cúlú eacnamaíoch.

Go mí-ámharach is mórfhadhb é go gcothaíonn an dearcadh seo doicheall ainspianta in aghaidh na n-inimirceach, dearcadh a bhfuil dream mar UKIP tagtha i dtír air go mór. Tá an fhadhb seo tagtha chun cinn in Éirinn, ach murab ionann agus an Bhreatain, is beag a chloistear faoi anseo. B’olc an toradh é dá gcothódh sé an naimhdeas céanna anseo in aghaidh stróinséirí.

Séard is mó atá ina ábhar machnaimh faoin mBreatimeacht i gcás na Sasanach, agus atá beagnach dothuigthe dúinne in Éirinn, ná conas mar atá sciar maith de na Caomhaigh nach bhfaigheann aon locht ar na polasaithe sóisialta agus eacnamaíocha atá i dtreis san Aontas Eorpach faoi láthair, ach go bhfuil sé soiléir ó ráitis a rinne Jeremy Corbyn agus an scáth-sheansailéir John McDonnell, le déanaí, agus ar shóisialaigh den seandhéanamh iad, go nglacann siadsan freisin le Breatimeacht, fiú is gur ar chúiseanna é atá glan i gcontrárthacht leosan atá i dtreis faoi láthair i measc na gCaomhach. B’fhéidir nár mhiste a rá gur fearr an bonn atá le réasúnaíocht Corbyn agus McDonnell ná mar atá leis na cúiseanna a thugann lucht an Rialtais.

Is é an baol dúinne ná go bhfuilimid anois ag brath rómhór, nó fiú faoi chuing rómhór ag an Aontas Eorpach; is fadhb é a tháinig chun cinn ar dtús nuair a tharla an ghéarchéim bhaincéireachta. An féidir, áfach, go bhfuil an rogha ceart déanta ag muintir na Breataine, nó nach tráth athbhreithnithe anois é inár gcás féin?

Feasta, Meán Fómhair 2017

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais