Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


El Sembradorde Vientos
An té a shíolaíonn an ghaoth …

Scéal le Carmen Cepeda




Bhí aithne ag Bea agus Laura ar a chéile i gcomharsanacht a bparóiste nuair a bhí siad sé bliana déag d’aois. Cailín seanfhaiseanta ba ea Laura. Bhí cuma aibí uirthi mar gur chaith sí éadaí foirmiúla, clasaiceacha dáiríre. Bhí an-aithne ar a teaghlach sa phobal. Théidis ar aifreann le chéile gach Domhnach: tuismitheoirí Laura, Rosalía agus Miguel chun tosaigh, lámh ar láimh, laistiar díobh Laura agus a haintín Moni, deirfiúr neamhphósta na máthar a chónaigh in éineacht leo.

Tar éis an aifrinn théidís le deoch a ól i mbeár sa chomharsanacht agus ina dhiaidh sin ar ais abhaile. Nuair a bhí an lón á ullmhú, théadh athair Laura amach le haintín an-aosta dá chuid, a bhí ina cónaí in aice leis an Phríomhchearnóg, a bhailiú. D’itheadh an aintín leo agus thugadh Miguel ar ais abhaile í i lár an tráthnóna.

Bhíodh na cailíní eile sa ghrúpa ag suirí le buachaillí nó ag imeacht thart le chéile, ach bhí leannán oifigiúil cheana féin ag Laura. Chuir Bea aithne air lá amháin agus í ag fágáil an tséipéil. Raúl an t-ainm a bhí air, dhá bhliain agus fiche d’aois agus staidéar á dhéanamh aige ar an dlí. Bhí sé ag smaoineamh ar Laura a phósadh nuair a bheadh a chúrsa déanta aige agus post faighte aige.

B’iomaí lá a chuaigh Bea chun lóin i dteach Laura. Bhíodh siad ag éisteacht le ceol nó ag comhrá le chéile, ach níor labhair siad mórán faoi bhuachaillí mar go raibh dearcadh an-soiléir ag Laura faoin téama seo: fanacht ina maighdean go dtí go mbeadh sí pósta. Ní ligfeadh sí d’fhear í a phógadh go dtí go mbeadh an caidreamh oifigiúil.

Bean chineálta, sheanfhaiseanta beagán ardnósach a bhí i Rosalía, a raibh dreach brónach uirthi. Dúirt Laura le Bea go raibh fadhbanna aici an dara huair a raibh sí ag súil le leanbh. Cailleadh an leanbh, agus ní fhéadfadh ceann eile a bheith aici. Níor tháinig sí chuici féin riamh ón tubaiste sin, arsa Laura. Chaitheadh Rosalía na tráthnónta ag fuáil agus ag caint lena deirfiúr.

B’annamh a bhuaileadh Bea le Miguel. Samhlaíodh di go mbíodh sé ag obair go mall. Fear gnaíúil cairdiúil a bhí ann, ach bhíodh dreach glic neamhiontaofa amhrasach ina shúile. Bhíodh sé ag stánadh ar Bhea amhail is dá mbeadh sé ag fiafraí an raibh sí maith go leor dá iníon agus chuir sé sin míchompord ar Bhea nach bhféadfadh sí a mhíniú.

Mhéadaigh an mothúchán sin nuair a thaispeáin Laura grianghrafanna di a bhí tógtha ag a hathair. Bhí Laura iontu lena droim nochtaithe go coim agus a ceann casta siar i dtreo an cheamara. Bhí éadach lonrach teanntaithe lena brollach agus dreach mealltach dána ar a haghaidh. Ní raibh Bea riamh ag súil lena leithéid de phictiúr de Laura ná d’aon duine dá teaghlach. Níor smaoinigh athair Bhea riamh ar a leithéid a dhéanamh. Bhí na grianghrafanna sin ar nós scríob ar chriostal an-mhín, fianaise nárbh ann don fhoirfeacht, bhí siad ait, i ndáiríre.

Ach níor shíl Laura gur bhain aon tábhacht leo. Dúirt sí gur glacadh pictiúir dá leithéid dá máthair nuair a bhí sí óg agus gur mhian léi go nglacfaí a leithéid di féin chomh maith. Níor smaoinigh Bea air níos mó agus lean sí uirthi ag dul chuig Laura sa tráthnóna, ag ithe ar an Domhnach nó ag siúl léi nuair a bhíodh ar Raúl staidéar.

Tháinig deireadh leis an saol suaimhneach sin. D’fhulaing teaghlach Laura tubaiste i ndiaidh tubaiste. Maidin amháin chuaigh a dteach trí thine. Bhí Rosalía léi féin. Bhí Laura ar scoil, a hathair ag obair agus aintín Moni imithe amach ag siopadóireacht. Scaip an tine i mbeagán soicind. Shábháil an lucht dóiteáin Rosalía ón mbalcóin, ach bhí an t-árasán agus a raibh ann scriosta go hiomlán. Thug Bea roinnt éadaí do Laura, a bhí fágtha gan tada. Bhí an t-árasán ar nós béal ifrinn, poll dubh bréan dearóil. Dúradh roinnt laethanta ina dhiaidh sin gur de thimpiste a tharla an tine: thit an choinneal a bhíodh lasta de shíor os comhair na Maighdine ar an urlár agus lasadh na cuirtíní.

Bhí Rosalía cráite. Gach rud caillte aici, a cuimhní go léir. Rinne Laura iarracht í a shuaimhniú, ag rá go bhféadfadh sé a bheith níos measa, go raibh an t-ádh uirthi teacht slán. Bhí ar an teaghlach dul go hárasán sa Phríomhchearnóg fhad is a bhí an teach á dheisiú, ach lean siad orthu ag dul chuig an séipéal céanna gach Domhnach. Dhá mhí a thóg sé orthu filleadh. Dúirt Rosalía, go raibh boladh deataigh ann go fóill in ainneoin na hoibre go léir.

Ní raibh gnáthshaol an teaghlaigh ar ais acu i bhfad nuair a bhuail carr Rosalía agus í ag dul trasna na sráide faoi mhearbhall. Mí a chaith sí san ospidéal. Dúirt an comhlacht árachais nach raibh aon locht ar thiománaí an chairr, mar gur thrasnaigh Rosalía san áit chontráilte. Thug Bea cuairt uirthi go minic agus bhí cuma níos brónaí uirthi gach uair. Ní raibh a fhios ag Laura ná a haintín Moni conas í a mhisniú. Ach faoi dheireadh bhí an chuma uirthi go raibh sí ag bisiú. Chaith sí tamall faoin tuath lena deirfiúr eile agus d’fhill sí ar Maidrid tar éis an tsosa, dreach maith uirthi agus í beagnach sona.

Ach níor mhaith an suaimhneas. Maidin amháin, fuair Bea teachtaireacht ó leannán Laura ag rá go raibh timpiste ag Rosalía agus gur maraíodh í. Ba chosúil go raibh na fuinneoga á nglanadh aici agus í ar dhréimire, nuair a baineadh cliseadh aisti agus gur thit sí ón mbalcóin. Chuaigh Bea chuig an tórramh, ach ba ar éigean go raibh deis aici labhairt le Laura. Níor mhian léi cur isteach uirthi ag an am, ach ghlaoigh sí uirthi cúpla lá ina dhiaidh sin. Bhuailfeadh siad le chéile i dteach Laura, mar ba ghnách.

Nuair a chonaic Laura Bea thug sí barróg di agus tosaigh ag gol go fuíoch.

‘Ní timpiste a bhí ag mo mháthair, ar sise,’ mharaigh m’athair í.

Lean sí ar aghaidh sula bhfaca sí an eagla i súile Bhea.

‘Níor bhrúigh sé í, ach ba mhar a chéile é. Dúirt m’aintín Moni liom go raibh m’athair le bean eile leis na blianta. Tá beirt leanbh aige léi. An beagán ama a chaith sé linne ba ar mo shonsa é, lena chlú a chosaint. Dúirt mo mháthair liom go raibh an-chuid oibre aige, nó go raibh sé imithe le cabhair a thabhairt don aintín sa Phríomhchearnóg nuair nach mbíodh sí ar fónamh. Níor chuala mé aon trácht ar scarúint. Dúirt sí go mbeadh sé sin scannalach. Chuir sí suas leis mar sin go dtí nach bhféadfadh sí é a fhulaingt níos faide.

‘Ní raibh aintín Tia róchinnte faoinar tharla aimsir na tine, ach dúirt sí gur brúdh Mam faoin charr. Ní raibh a fhios agamsa conas aird m’athar a fháil agus iachall a chur air a bheith sa bhaile. Dúirt m’aintín le Mam gur cheart di cabhair a lorg, ach ní dhéanfadh Mam é sin. Níor theastaigh uaithi labhairt le m’athair faoi rud ar bith. Chreid sí gur údar náire a bhí ann di féin agus don teaghlach go léir.

‘Níl a fhios agam anois ar thit sí de thimpiste nó d’aon ghnó. Ní féidir liom a chreidiúint gur féinmharú a bhí ann. Bhí an iomarca grá aici dom agus bhí sí an-chráifeach … ach níl a fhios agam cad is ceart dom a cheapadh, a Bhea. Ní féidir liom ach a bheith ag guí go maithfidh Dia do m’athair é lá éigin, mar ní féidir liomsa maithiúnas a thabhairt dó.

Bhris a glór ar Laura. Ní raibh a fhios ag Bea cad a déarfadh sí. Faoi dheireadh chuir sí ceist:

‘Ar inis tú é seo do Raúl?’

‘D’inis,’ arsa Laura. ‘Ní fhéadfainn a leithéid a cheilt air. Ach deir sé go mbeidh sé liom i gcónaí, cibé rud a tharlaíonn.’

Thug Laura barróg do Bhea agus dúirt sí léi gan an t-ábhar a lua go deo arís. Go luath ina dhiaidh sin, chuaigh an t-athair a chónaí leis an bhean eile. D’fhan Laura sa teach lena haintín Moni, a fuair bás roinnt míonna ina dhiaidh sin. Phós Laura agus Raúl agus bhí beirt pháistí acu. Athair Laura a bhí ina fhinné ag an mbainis agus ina athair baiste ag duine de na leanaí. Bhí an fhírinne á ceilt ag Rosalía ar feadh a saoil agus d’íoc sí go daor as. Amhail gné dá creideamh ag Laura: leanúint ar aghaidh le híobairt a máthar.

Tá na blianta imithe thart agus téann Laura agus Raúl chuig an séipéal lena bpáistí. Bíonn Miguel leo uaireanta. Éisteann siad an t-aifreann le chéile agus imíonn Miguel leis ansin, tar éis póg a thabhairt dá gharchlann. Deireann sé le cách go bhfuil a n-aintín, atá ag dul in aois, ag éirí níos measa, agus nach bhfuil sé de neart inti teacht ag ithe leo ar an Domhnach, mar a dhéanadh sí cheana.

Leagan Gaeilge
le hIarla Mac Aodha Bhuí

Feasta, Meitheamh 2017

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais