Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Dúnorgain — nó Dúnmharú?


le Brian Ó Dochartaí



Lá aoibhinn Earraigh ab ea an 27ú Márta 1991. Is ar an lá sin a maraíodh Penny McAllister. Bhí sí ar shiúlóid i bPáirc Foraoise Dhroim Chaoraigh i ndúthaigh fhíorálainn taobh le Sliabh Crúb i gContae an Dúin, agus i ngar d’fhoinse abhainn an Lagáin a théann i bhfarraige i gcuan Bhéal Feirste. Bean óg ab ea í, ceithre bliana is fiche d’aois. Bhí bean ina teannta. Bhí sise in aois a fiche. Susan Christie ab ainm di siúd. Cúig mhí dhéag níos déanaí bhí Susan Christie sa chúirt mar chosantóir toisc Penny McAllister a dhúnmharú.

Ag deireadh lae, nuair a bhí chuile rud thart, ba léir óna raibh ráite ag an mbreitheamh nár mhian leis go mbeadh an coiste cúirte ró-dhian ar an gcosantóir.

‘Nach amhlaidh,’ ar sé, ‘go bhfuil sé thar a bheith sochreidte, dá raghadh bean óg mar í seo, ar de shíol macánta í, isteach i siopa, dá gceannódh sí scian mhór ar a gcuirfeadh sí faobhar breise, agus go maródh sí duine faoi mar a dhein sí, go raibh sí imithe glan amach as a meabhair le linn na heachtra?’

B’é turas an choiste cúirte ansin é. An mbeidís siúd ar aon aigne leis an mbreitheamh? Bhí a gcuid eolais, agus gach a bhain leis an gcás go cruinn agus go hiomlán acu faoi seo.

Ball de Reisimint Cosanta Uladh, nó an UDR mar a b’fhearr aithne orthu, ab ea Susan Christie. Bhí sí lonnaithe i bPort an Dúnáin i gContae Ard Mhacha. Lá áirithe, cheap sí go dtaitneodh snámh agus tumadh faoi uisce agus caitheamh aimsire dá leithéid sin léi. Bhí buíon sa dúthaigh ag gabháil dá leithéid sin cheana féin. Nuair a chuaigh sí ar a dtóir chuireadar fáilte roimpi.

Fear ceannais na buíne ab ea Duncan MacAllister. Bhí seisean ina chaptaen i Reisimint Chomharthaíochta Ríoga. Thug Susan taitneamh dó ón gcéad nóiméad ar leag sí súil air. Ach fear pósta ab ea Duncan.

I gceann tamaill tháinig scéala chuige go raibh Susan tógtha go mór leis. Chuaigh sé chun cainte léi. Dúirt sé léi gur fhear pósta é, agus nach mbeadh sé san áireamh go deo na ndeor, go dtí lá Philib a’ Chleite féin, go dtréigfeadh sé a bhean chéile – maith ná olc. D’fhanfadh seisean dílis dá bhean chéile go dtí lá a bháis.

Ach in ainneoin a ndúirt sé, taobh istigh de choicís bhí Susan agus Duncan ag caitheamh go leor leor ama i gcomhluadar a chéile. Bhí Duncan in aois a tríocha, deich mbliana níos sine ná Susan. Théidís ag siúl amach faoi na coillte ó am go ham. Lá áirithe cois locha go déanach i samhradh na bliana 1990, bhí an bua ag an dúchas ar an bpiúratánachas, agus go luath ina dhiaidh sin d’fhógair Susan go raibh coinne aici le leanbh.

Dar le Susan theastaigh ó Duncan go ndéanfaí ginmhilleadh ar an leanbh ina broinn, ach ní raibh sise toilteanach dá leithéid sin. Bhásaigh a leanbh ina broinn go nádúrtha i mí na Nollag na bliana sin.

Ansin i dtosach na bliana 1991 tugadh cuireadh do Susan tabhairt faoi ardú céime san UDR. Í le bheith ina hoifigeach. Ach níor mhór di tréimhse oiliúna a chaitheamh in Beaconsfield, Buckinghamshire, nó sa Choláiste Míleata Ríoga in Sandhurst Shasana. Timpeall an ama seo, freisin, bhí orduithe faighte ag Duncan dul ar dualgas go dtí an Ghearmáin mar bhall de chomplacht saighdiúirí ón mBreatain.

Nuair a chuala Duncan faoin tréimhse a bhí le caitheamh ag Susan i Sasana, chinn sé gur dheis thráthúil a bhí ann críoch a chur leis an gcaidreamh eatarthu. Dúirt sé léi arís nach mbeadh sé ag fágaint a bhean chéile am ar bith, ar ór ná ar airgead, agus gur mhithid deireadh a bheith leis an gcaidreamh a bhí eatarthu beirt. Ina chuid fianaise sa chúirt níos déanaí, dúirt Duncan gur mheas sé nár chuir a raibh ráite aige le Susan isteach uirthi puinn.

Bean chéile Duncan McAllister ab ea Penny McAllister. Ní raibh sise mar bhall d’aon aonad mhíleata, ach bhí aithne ag Susan agus ag Penny ar a chéile. Tamall gearr éigin sara raibh Susan le himeacht go Sasana, thug sí cuireadh do Penny na madraí a bhí acu beirt a thabhairt leo ar shiúlóid i bPáirc Foraoise Dhroim Chaoraigh. Nuair a tháinig Susan ar an láthair, ní raibh a madraí féinig aici.

Go luath tar éis meán lae ar chiumhais na coille tharla go raibh bean darbh ainm Eileen Rice agus a leanaí ag súgradh agus ag baint taitnimh as an lá breá Earraigh a bhí acu. Chonaic Eileen Rice bean óg ar a bealach amach as an bhfásra, agus dhá mhadra ar éil aici. Bhí fuil go fairsing ar an mbean, agus bhí sí gonta sna cosa. Bhí cuma trína chéile uirthi agus bhí sí ag béicigh, ‘Cabhraigh le Penny’, cabhraigh le Penny.’

Dúirt an bhean a raibh an dá mhadra ar éil aici le Eileen Rice gur imigh a cara Penny ar aghaidh chun tosaigh uirthi, gur chuala sí béicigh, agus gur rith sí sa treo a raibh Penny imithe, gur tháinig sí ar fhear ag déanamh ionsaí ar Penny, agus gur thug sé fuithi féin ansin; gur cheap sí go raibh sé i gceist ag an bhfear éigniú a dhéanamh uirthi ach gur bhailigh an fear leis.

Tháinig na póilíní ar an láthair. Nuair a fuarthas Penny bhí sí marbh, a scornach gearrtha ó chluas go cluas. Ba léir gur uirlis rí-ghéar a úsáideach. Dhein na póilíní dian-chuardach. Stadadar carranna ar na bóithre, agus seoladh héileacaptar in airde sa spéir, féachaint an éireodh leo teacht ar an bhfear a dhein an dunmharú. Tásc ná tuairisc ar a leithéid d’fhear ní bhfuaireadar.

Ach dhá chéad slat nó mar sin ón láthair ina raibh Eileen Rice agus a leanaí ag súgradh, istigh sa choill, fuair na póilíní scian a raibh fuil úr uirthi. Tuigeadh dóibh gurbh í seo an scian a úsáideadh chun scornach na mná a bhí marbh a ghearradh.

Tógadh Susan go dtí an t-ospidéal i nDún Phádraig. Cheistigh na póilíní í go mion. I gceann tamaill, d’athraigh sí a scéal faoi fhear a bheith ar an láthair sa choill. Anois bhí sé á rá aici nár chuimhin léi go cruinn cad a tharla dáiríre.

Faoi seo, tuigeadh do na póilíní gur úsáideadh modh oibre a mhúintear do shaighdiúirí chun scornach a ghearradh: gan choinne, i ngan fhios, ó chúl a bheirtear greim daingean ar smig an íospartaigh leis an lámh chlé. Tarraingítear siar ceann an duine, agus nochtar an scornach dá réir. Ansin láithreach bonn, tarraingítear an scian trasna an scornaigh in aon bhuille amháin. Ritheann fuil gan staonadh, agus ní mhaireann an duine ach neomataí. Tuigeadh do na póilíní gur mar sin a bhásaigh Penny Mac Allister.

Ceithre lá tar éis bhás a mhná céile, as a stuaim féin, chuaigh Duncan Mac Allister go dtí na póilíní. D’inis sé dóibh i dtaobh an charadais idir é féin agus Susan.

Tógadh cás cúirte i gcoinne Susan Christie, ar an mbonn gur ise a bhí freagrach i mbás Penny Mac Allister.

Ag tosach na héisteachta sa chúirt d’fhógair lucht dlí an chosantóra go rabhadar toilteanach go gcuirfí dúnorgain i leith an chosantóra, ar choinníoll go nglacfadh an Chúirt leis gur ar bhonn freagrachta laghdaithe a bheadh admháil an chosantóra.

Ní raibh dlíodóirí an Ard-Aighne toilteanach glacadh leis an tairiscint sin in aon chor. Leanadh ar aghaidh leis an gcás i gcoinne Susan Christie.

Thug saineolaí siciatrach fianaise ar son an Ard-Aighne, agus thug saineolaí síciatrach eile fianaise ar son an chosantóra. Ní raibh coinne leis go mbeidís beirt ar aon aigne ina dtuairimí léanta, agus ní rabhadar. Seo mar a labhair an saineolaí ar son an chosantóra:

‘Bhí tinneas anchúinseach intinne ar an gcosantóir mar thoradh ar aicíd inchinne, rud a laghdaigh a freagracht meabhrach i dtaobh a gníomhartha sa mharú.’

Níor mhór do Duncan, fear céile na mná a maraíodh, fianaise a thabhairt. Tháinig sé chun solais go raibh bualadh craicinn i gceist idir é féin agus Susan go rialta, roimh agus tar éis di an leanbh ina broinn a chailliúnt, agus gur mhinic tigh cónaithe Duncan agus Penny in úsáid acu dá leithéid, nuair a bhíodh Penny as baile ar chúis éigin.

Tamall níos déanaí tugadh bata agus bóthar don Chaptaen Duncan MacAllister as an Reisimint Comharthaíochta Ríoga. Faoi náire.

D’fhág sin deis ag daoine agus ag nuachtáin áirithe. Ba mhór acu tabhairt faoin mbean a dhein fíor-dhrochbheart in aois a fiche di. Chuireadar i leith Susan Christie gur bhean fhíor-chliste í, gur bhean í a chuir an dubh ina gheal ar shaighdiúir cróga, cumasach, macánta, saighdiúir a chaill a bhean chéile i ndúnmharú, agus a chaill a ghairm bheatha freisin dá barr.

Ise a mheall an fear ionraic sin Duncan Mac Allister ón a bhean chéile, agus gan amhras nárbh ise a bhí thar a bheith cumasach in a leithéid sin de chleasaíocht shuarach. Ba chuma léi ach a mianta féin a shásamh. Bean ab ea í a bhí bréagach amach is amach i ngach uile bhall dá corp. Agus mar sin de.

Chaith an coiste cúirte trí uair a’ chloig nó mar sin ag machnamh ar chuile ghné den fhianaise a bhí cloiste acu. D’fhógair siad nach rabhadar ar aon aigne. Fágadh tuilleadh ama acu, agus go luath ina dhiaidh sin d’fhógair siad go raibh aon duine dhéag as an dáréag acu socair ina n-aigne go raibh Susan Christie ciontach i ndúnorgain na mná Penny Mac Allister, ach gur ar bhonn freagrachta laghdaithe é. Ní bhfuarthas Susan Christie ciontach i ndúnmharú.

Ní thar a bheith sásta a bhí an tArd-Aighne le toradh an lae. Agus an-seans go raibh sé le ceangal nuair a chuala sé pionós an bhreithimh. D’fhógair an breitheamh go mbeadh pionós cúig bliana sa phríosún ar an gcosantóir, Susan Christie.

Bhí tréimhse caite sa phríosún aici faoi seo, le linn di a bheith ag fanacht ar lá na cúirte. Chuirfí é sin san áireamh. Ansin, bheadh faoiseamh ama ann di ach í a bheith múinte le linn na mblianta i ngéibheann a bhí le teacht. B’é bun agus barr an scéil go mbeadh cead a cos ag an gcosantóir Susan Christie taobh istigh de bhliain, nó bliain go leith, ó lá na cúirte.

Chinn an tArd-Aighne ar iarratas ar achomharc a chur isteach i dtaobh na tréimhse i bpríosún a bhí ordaithe. Tar éis na héisteachta faoi sin, b’é toradh a bhí air ná gur gearradh tréimhse naoi mbliana sa phríosún ar an gcosantóir. Faoiseamh ar fáil, ar ndóigh, toisc an t-am a bhí caite aici i bpríosún go dtí sin, agus bheadh laghdú breise tuilte aici as a bheith múinte le linn na tréimhse le teacht sa phríosún.

Nuair a scaoileadh saor Susan Christie i Meán Fómhair na bliana 1995, bhí gar do chúig bliana caite i bpríosún aici.

Feasta, Meitheamh 2017

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais