Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Ar Faonoscailt

(Coiscéim, 2015. 56 lch. Bog. €7.50)
le Bernadette Nic an tSaoir

á mheas ag Pádraig Ó Cíobháin



Is é chiallaíonn ‘faonoscailt’ i dteideal an díolama dheireanaigh dánta so ó Bernadette Nic an tSaoir, doras a bheadh ionga ar oscailt seachas é a bheith ar dianleathadh nó ar leathadh an bháin, mar deirtí. Focal is ea ‘doras’ atá luaite agus athluaite trína cuid dánta, mar a bheadh athshondas, macalla, mantra – focal go bhfuil fuaim á bhaint as, mar deirtí, is gur ‘fuaimint’ a bhíodh i gceist leis. Níl aon dabht ná gur féidir leis an mbanfhile seo fuaimint a bhaint as na focail a chuireann sí ag obair sa chleachtadh dhi ar a ceird; táid préamhaithe i ndúchas an fhocail, i ndúthaigh an fhocail – dhá fhocal agus dhá choincheap gur gairid a ngaol dá chéile – saothrú friotail gur minic a cheal a bheith ar shaothair eile cumadóireachta comhaimseartha. ‘Canúint Chorca Dhuibhne’, mar a shonraíonn Pádraig Mac Fheargusa ar chlúdach cúil an chnósaigh, an ithir a threabhann, a fhuirseann sí, ina gcuireann síol an fhocail, a phéacann is a gheamhrann go mbíonn ina bharra a thugann toradh gan chámas.

I gcéad dán an chnósaigh, ‘Doirse’, liostálann sí na doirse éagosúla a castar orainn go laethúil: ‘doirse ar oscailt is cead isteach’, ‘doirse eile go docht faoi ghlas’, ‘doirse is cloigín orthu lena mbrú’, ‘doirse ag oscailt as a stuaim féin’, nó go dtagaimid go dtí ‘doirse ar faonoscailt, ... fút féin atá an doras a bhrú / nó diúltú is bailiú leat’. Ar chúl na ndoirse seo tá ‘rúin’ – na doirse, nó an eochair a gheobhadh leis an gcuid acu atá fé ghlas, a scaoilfidh isteach tú. Samhlaím gur doirse iad dánta so Bhernadette ar rúin a croí, doirse ar faonoscailt, má sea, mar nach mian lenár bhfile an uile rún a scaoileadh, nach maith léi an uile chat a scaoileadh as an mála, mar go mb’fhéidir di cnósach eile filíochta a bheith sa cheann aici agus gur chinn méid áirithe dá rúin a choimeád siar mar bhrosna don gcéad bhailiúchán eile sin.

‘Dún an Doras’ a thugann sí ar a dara dán i dtaobh pháiste ‘sona gréine’ darb ainm Sorcha (a chiallaíonn ‘gile’), an saol dorcha dochmúil ag tromaíocht uirthi, ag caitheamh cloch léi – ‘Pánaí gloine go fiosrach fiarshúileach ag gliúcaíocht’ amach uirthi tar éis di a bheith díbeartha, an doras dúnta ina diaidh. Is é a dán a bheith seolta go tigh níocháin mar a bhfaigheann sciúirseáil agus céasadh. Samhlaigh an bhean dubhghnúiseach ag doras an tí níocháin mar dheineann Bernadette:
Gháir an bhean chaol dubh os ard le straois
Is dhún an doras.
Fuadaitheoir faoi ghúna dubh dúnéaltach a chaith síos í
I sobal a céasta.
Agus sa dán dar gcionn, dar teidal, ‘Cúiteamh?’, tá againn macalla as an gceann roimis, agus as an amhrán grá gur mór é a cháil, ‘Domhnal Óg’, sa phlé di ar an bhfrustrachas a bhraitheann an pobal i dtaobh phobalbhreitheanna is ‘bhreabanna rúin’ lucht ‘b(h)ónaí bána is g(h)únaí dubha’ an lae inniu: ‘Sin clocha á gcaitheamh in aghaidh na gaoithe. / Sin dúnadh an dorais i ndiaidh na foghla’.

Doras eile atá fé ghlas doras an Moderne, ‘Haute Couture Sráid Pádraig’:
Doras iata a d’oscail cuimhní cinn
Ar ghúnaí bána Céad Comaoineach
Feisteas nua aimsir Chásca
Costume dom Mham i stíl na linne
Culaith faoi leith chun lámh an Easpaig

Do shaol na hoifige gheofá éide cuí
Is sheasfá tamall ag stánadh
Ar ghúnaí brídeoige ina sliseoga
Dár gcur ag múscailt brionglóidí
Dár mealladh go slaodach le haoibhneas

An Moderne faoi ghlas
Cá bhfaighinn arís aon ghúna?’
Téama eile a phléann Bernadette an ísle brí ar a dtug Churchill (más buan mo chuimhne) ‘an madra dubh’ – a iolra-san, ‘Madraí Dubha’ mar theideal aici ar an ndán dá cuid a léiríonn san. Is maith léi ‘Peig an peata ... / An Newfie ceanúil dubh’, a thagann chuici le cuimilt i dtigh a carad, ach:
Ní hamhlaidh don bhrúid de mhadra dubh
A thagann ag smúrthacht ar chúl an tí
Ní chífeá ach a scáth, an slíodóir sleamhain
Ag faire ar a sheans lena bhurla mór dubh
A bhrú isteach i lár an tí
Ní féidir é a ruaigeadh
An madra dubh gránna
A ghlacann seilbh
ar an dtigh
ar an gcorp
ar an meon
ar an meabhair.
D’fhonn an madra dubh so a ruaigeadh filleann sí ar thigh a carad mar a bhfuil ‘Peig an peata’ madra:
Is luím go socair mar í
Go gcloisim arís an sceamh
Ag an mbrúid de mhadra dubh
Is go bhfeiceam a scáth
Ar chúl an tí.
Dealraíonn sé nach chomh bog san an teitheadh a chur ar ‘an madra dubh’ céanna’! Ar na téamaí eile lena dtéann Bernadette i ngleic, tá an grá, ‘Ní Fheiceann Leannán Locht’, mar shampla, a chuireann síos go gonta agus go fileata ar conas mar dhallann grá an té a bhíonn i ngrá, ‘Go dtí go ndúisíonn lá / Is go bhfeiceann a scáil féin / In aghaidh a ghrá’. Tá caointe curtha idir chlúid aici anseo leis. Ina theannta san tá dánta a chuireann síos ar fhoréigean in aghaidh ban, ar ócáidí reiligiúnda is araile; ach is le ‘Scéimh na gCrann Silíní’ a chríochnóm, dán a chum sí, ‘A haithle The Dance of The Cherry Trees le John Spillane’:
Fág fúthu an ceiliúradh
Níl ann ach iad faoi bhláth
Tháinig slán ón ngála Mhárta
Is cloisim iad ag rá
Go bhfuil an bhliain istigh
An doineann caite
Seo an t-am Do spórt is greann
Leabhar é seo a labharfaidh leat, a léitheoir, a deir nithe nach annamh duit féin do mhachnamh a dhéanamh orthu, ach nár chuiris friotal ar do mharana, mar go raibh nithe agus freagrachtaí eile sa tsaol a thóg t’am agus t’aird; cnósach sárfhileata a labhrann ar do shon, ná fuil aon chuid den ndúrúndacht le léamh air a bhíonn le brath ar shaothair filíochta chomhaimseartha eile, gur mó gur ag caint leis nó léi féin a bhíonn an té do chum, seachas lena c(h)omhagallóir: tusa, a léitheoir.

Feasta, Meitheamh 2017

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais