Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc

Dánta


Aodh Buidhe Mac Cruitín

Le Micheál Ó hAllmhuráin

Conas a thabharfá fé fhoclóir a chur le chéile?
Sin í an cheist chadránta atá agam le réiteach i mbliana
Agus an tromchuireadh seo tar éis teacht chugam as Páras –
’Bheith i rannpháirtíocht le saoi sa togra chun sibhialtacht
Theanga ár dtíre a shainmhíniú i gcomhthéacs an Bhéarla.

N’fheadar an bhfuil an neart in intleacht mo laetha
Mo thíolaicí is mo thaithí a fhostú go fíordhílis
Ionas go bhféadfainn solas cinn a sholáthar
Agus tuiscintí is toisí á lonnú againn sna briathra
A thiocfaidh ag tuirlingt as ár n-oidhreacht Ghaelach …

Fiú más casta blasta córas chanúintí na hÉireann
Is fada mé ag dianphlé lena struchtúir im ardsmaointe
Is le fuaimshruthanna a reatha timpeall ár n-oileáin-ne
I dtreo is go dtiocfadh liom seilbh d’fháilt ar dhiamhracht
A gcuid rabhartaí is iad ag iompar leo fuascailtí feasa is faisnéise.

Sea, ní foláir dom feasta intinn idirtheangach mo chéille
A chur i mbun gnímh ag dealú is ag suimiú bríonna,
Ag cuidiú le hanamchara réaltacht gach focail a áireamh
Ionas go seasfadh ár bhfoclóir go deo mar thiomsú tíosach
Ar fhód fíorthorthúil i meabhairchompás ár muintire féinig.

Amárach buailfead liom don gcathair ghairm-léannta
Ag breith liom an sreabhann a scar cruthaitheacht ár gcine chiaptha
Thar bhruacha uile na beatha le díograis is dásacht
D’fhonn bunfhírinní a scagadh ó bhréaga ina dtimpeall
Agus fíricí a chur ag fógairt idir neamh is neant-ifreann na ndéithe.


Féin-phortráid

(I gcuimhne ar Dhiarmaid Ó Gráinne, 1950 – 2013)
le Mícheál Ó Ruairc

níl aon oidhre orm ach sionnach
atá i bhfolach i gcró na gcearc
is gan tuairim agam ó thalamh
an domhain canathaobh
go bhfuilim ann

nó mac tíre i mbréagriocht
i loc na gcaorach
clúdaithe ó bhaithis mo chinn
go bonn mo chos
i lomra tochasach

a chlúdaíonn m’eireaball
scuabach ar éigean
mo dhá chluais ag gobadh inairde
gan trácht ar mo phéire
starrfhiacla fada géara

ag ligint orm go bhfuilim
ag innilt ina dteannta
ag ligint orm go bhfuilim caoiriúil
ach mé á bhfaire go craosach
ag an am céanna

feoiliteoir amplóir creachadóir
créatúr ar leithligh
lucht ite féir dom sheachaint de shíor
ag druidim siar uaim
ag cúbadh chucu féin

ag scaipeadh as an tslí
ar nós na mion-éan
a luaithe is a chloiseann siad
m’fhiacla ag díoscán
go huisciúil ina ngaobhar


Carraigeacha Sceirde Charna

Le Paddy Mhéime Ó Súilleabháin

Ag gobadh go hard thar bharr na dtonn,
Daingean ón ngrinneall, tá Carraigeacha Sceirde.
Seoladh is glacadh an glaoch éigeandála
Ag an gcúig, maidin mhoch an tríú lá
Deireadh Fómhair, Bliain an Tiarna 2000.
An Arosa, trálaer amach as calafort
Mharin na Spáinne, faoi bhratach Shasana.
B’é an glaoch deiridh é, théis bualadh.
Bhí gála measartha ag séideadh aniar
Aniar aneas, le hoibriú agus cáitheadh,
Farraige a bhí ag éirí go hard os cionn
Na gcarraigeacha le gach briseadh maidhme.

Greamaithe bheadh bairnigh, cothaithe ag farraigí arda,
Is éanlaith mara ar stáitse gach lá breá.
Nuair a bhuail bheadh scaoll. Bhí earráid déanta.
Tríur fear déag, gan choinne, ag geataí Ifrinn.
Ar thosú an phléasctha bheartaigh tréigint,
Nó bhí scuabtha ar luas ar raftaí is criosanna
Isteach sa taoide fhiáin, neamhfháiltiúil.
Le greim an uafáis, d’fhan dóchas tamall,
Ansin mar cheo scaip go tobann, seachas duine
A fuadaíodh in airde carraig’, is a ghreamaigh.
Ansin an tarrtháil, le grásta Dé, ina bheatha
Bheadh Ricardo Garcia mar fhear inste scéil,
Ag labhairt go tochtmhar ar an tragóid
Roimh filleadh dó go Ponte Verda, ina aonar.

Ag gobadh go hard thar bharr na dtonn,
Daingean ón ngrinneall, tá Carraigeacha Sceirde.


Acmhainn Ghrinn

le Ralph de Prendergast

Sa leaba faon faoi chúram tréan gan sea,
Ag téarnamh tar éis oll-obráide croí,
Ó dhealracháin go himleacán an cneá,
Fan a brollach síos mar shruthán sléibhe ag sní,
D’fhiafraigh mé dem mhnaoi,
Cén chaoi bhfuil sí ag gearradh?
D’oscail sí a leath-shúil is ansan a béilín,
Is i mBéarla, ar sí, ‘You haven’t got a clue.’

‘Na piantaí is na piolóidí níor spíd liom,
Ach is fíor an scéal
Nach mbíonn an saol gan locht,’
Is do tharraing sí aniar an bráillín,
‘Féach,’ ar sí, ‘mar a loit an lia m’ucht.
Anois molaim inneach lámha beannaithe an mháinlia,
Murach iad, do bheinn faoi fhód inniu.
Ach nár agraí Dia orm é má deirim,
Nach rachadh cúrsa snáthaide amú.’


Feasta, Meitheamh 2017

Abhaile | barr | clár na míosa seo