Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


- - ‘An Ghaeilge ó Thuaidh’ - -

Ní beag an cor sa tsaol é ar an oileán seo go bhfuil an Ghaeilge le tamall anuas ina hábhar díospóireachta, agus fiú conspóide, sa tsaol polaitíochta ó thuaidh, oiread céanna agus atá inár meascna anseo ó dheas. Cé a déarfadh leis ná gur dea-chor é don teanga agus gur athrú chun feabhais atá i gceist di ar an oileán ar fad. Ó thaobh na polaitíochta, ba mhaith linn a shamhlú go bhfuil maolú ag teacht diaidh ar ndiaidh ar an doicheall dobhogtha a léirigh an aicme rialaithe do gach ar bhain leis an teanga, agus iad ag maíomh gur gné dheoranta, agus níos measa fós gné naimhdeach don stát féin, ó bunaíodh é, a bhí sa Ghaeilge.

Ba mhinic a léirigh an Chéad-Aire, Arlene Foster, an dearcadh céanna seo, agus ní fhéadfaimis mar sin ach fáilte a chur roimh ráitis a rinne sí le déanaí go raibh i gceist aici bualadh le hionadaithe ó eagraíochtaí Gaeilge, Conradh na Gaeilge ina measc, chun ceist agus cás na Gaeilge a phlé leo. Arís le déanaí, tar éis di cuairt a thabhairt ar scoil lánGhaeilge in Iúr Chinn Trá, luaigh sí an taitneamh a bhain sí as an turas, agus a buíochas do na páistí agus na múinteoirí as an bhfáilte a cuireadh roimpi. Céimeanna beaga iadsan, ach is tuar dóchais iad freisin.

Níor mhiste leis tagairt a dhéanamh don ghrúpa daoine a tháinig le chéile in oirthear Bhéal Feirste roinnt blianta ó shin chun an Ghaeilge a chleachtadh agus a chur chun cinn ina measc féin. Ba gheall le míorúilt go dtarlódh a leithéid, agus ba léiriú a bhí ann ar chomh dlúth a bhí an Ghaeilge luaite ó thaobh reiligiúin le Caitliceachas, agus ó thaobh na polaitíochta le Náisiúnachas. Mura raibh bonn leis an míthuiscint stairiúil sin, ba mhisniúil agus ba cheannródaíoch an gníomh teacht le chéile an ghrúpa seo, go háirithe nuair a bhain siad go huile le cúlra Protastúnach agus Aontachtach.

Ach ná cuirimis dallamullóg orainn féin. Má tá Arlene Foster molta de bharr maolú ar an mífhabhar a léirigh sí go minic i gcás na Gaeilge, is í ceannaire an DUP í freisin, páirtí polaitíochta a bhí go huile ar son Brexit agus a d’oibrigh le dícheall ar a shon, in ainneoin na ndeacrachtaí a chruthaíonn sé do phobal an oileáin, pé taobh den teorainn, thuaidh nó theas, a bhfuil cónaí orthu. Ní hé go bhfuil an tAontas Eorpach gan locht, nó go nglacfaí gan cheist le cur chuige nó fealsúnacht pholaitiúil na heagraíochta sin, ach gur léir go bhfuil na deacrachtaí ar tagraíodh dóibh chomh díobhálach sin i gcás an oileáin uile gur deacair tacaíocht an DUP agus a gceannaire a thuiscint nó a mhaitheamh dóibh.

Gan amhras leis, ní mór don dá rialtas a aithint nach ceist trádála nó cumarsáide nó taistil amháin é Brexit, ach ceist a bhaineann go dlúth le Comhaontú Aoine an Chéasta agus le buanú na síochána ar an oileán.

Feasta, Meitheamh 2017

Abhaile | barr | clár na míosa seo