Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Smaointe Polaitíochta

Alastair Campbell, dílseacht pholaitiúil agus araile
le Seán Ó Loingsigh



Bhí alt spéisiúil ag Alastair Campbell ar nuachtán i Sasana le déanaí ina raibh sé ag déanamh comparáide idir an dílseacht a bhíonn ag lucht leanúna ansin d’fhoireann sacair amháin nó eile agus an dílseacht a bheadh acu do pháirtí polaitíochta amháin seachas d’aon cheann eile. D’aontaigh sé go huile lena raibh le rá ag iarbhainisteoir cáiliúil Manchester United, Alex Ferguson, a dúirt leis uair amháin go raibh dhá rud sa tsaol seo nach bhfaighfeá a athrú, b’iad sin do dhílseacht d’fhoireann sacair agus an modh siúil a bhí agat.

Bhí Campbell ag tagairt dá dhílseacht féin d’fhoireann sacair Burnley, a imríonn sa Phríomhshraith den chomórtas sacair i Sasana, cé gur annamh é sin dóibh, agus gur gnáthaí dóibh críochnú i ndeireadh gach séasúir níos cóngaraí do bhun ná do bharr na sraithe. Ach nár chuma san? Mar a dúirt Campbell, ba í an dílseacht a mheánn. Nuair a bhí an Cambeulach in ard a réime sa pholaitíocht, ba mar chomhairleoir é agus mar phreasrúnaí ag Tony Blair i gcaitheamh trí théarma oifige, agus deirtear faoi go mba é an dara duine ba chumhachtaí sa Bhreatain é i gcaitheamh na tréimhse fada sin.

Gan amhras, ba é ba chúis do Campbell a bheith ag scríobh faoina dhílseachtaí féin faoi láthair, agus ag déanamh comparáide idir dílseacht d’fhoireann sacair agus do pháirtí polaitiúil, ná cosúil lena lán eile i Sasana, go bhfuil sé amhrasach faoi pholasaithe pháirtí an Lucht Oibre ansin faoi cheannaireacht Jeremy Corbyn. Tá go leor a déarfadh gurb é Tony Blair agus a chomhairleoir Campbell ba chúis cuid mhór le meath an pháirtí chéanna, nuair a thréig New Labour bunphrionsabail thraidisiúnta an Lucht Oibre. Nár tharla a leithéid anseo dár bpáirtí Lucht Oibre féin?

Chun a cheart a thabhairt do Campbell, deir sé go bhfuil sé fós dílis don bpáirtí sin agus é ag súil go n-éireoidh níos fearr le Corbyn ná mar atáthar ag tuar san olltoghchán a bheidh acu sa Bhreatain go luath. B’fhéidir gurb í an fhadhb is mó atá ag Corbyn ná an drochmheas ar aon chineál radacachais, ná luaitear sóisialachas, i meáin chumarsáide na Breataine. Arís, nach bhfuil an drochamhras céanna i gceist sna meáin againne féin, agus go forleathan níos sia ó bhaile. B’fhéidir gurb é is mó atá de dhíth ar Corbyn ná preasrúnaí maith – leithéid Alastair Campbell.

Polaiteoir eile atá go doimhin sa bhfaopach polaitiúil faoi láthair is ea an tUachtarán Trump, a bhfuil baol a tháinsithe anois ag méadú in aghaidh an lae. Conas a tharlódh a leithéid de thubaist pholaitiúil agus gan an leathbhliain féin caite in oifig aige? Tá coiste fiosrúcháin feidearálach bunaithe chun teagmhálacha a bhí ag Trump le feidhmeannaigh rialtais Rúiseacha le linn an toghcháin uachtaránachta a fhiosrú. Ansin, tá briseadh James Comey as a phost mar stiúrthóir ar an FBI agus sceitheadh ar eolas rúnda i gceist. Pé toradh a bheidh ar an bhfiosrúchán, agus pé an dtarlaíonn táinseamh an Uachtaráin dá thoradh nó nach dtarlaíonn, tá an córas toghchánaíochta agus an córas rialaithe i gcoitinne sna Stáit Aontaithe faoi scamall.

Go deimhin tá an scéal seo ar fad dochreidte, agus gan aon chur amach againn cad é an tionchar fadtéarmach a fhéadfadh a bheith i gceist sna Stáit Aontaithe féin, nó, ag cur san áireamh an stádas a luaitear leis an mórchumhacht sin mar ‘cheannasaí an domhain shaoir’, ní féidir gan a chur san áireamh an imní agus an t-amhras a chruthaítear i ngach cúinne agus cearn den domhan. Tá, ar ndóigh buaireamh níos mó fós i measc eagrais mhíleata idirnáisiúnta cosúil le NATO, nó fiú eagras idir-rialtais mar na Náisiúin Aontaithe, a bhfuil a gceanncheathrú i gcathair Nua-Eabhrac. D’fhéadfaí a rá gur chóir a bheith buíoch nach é an tríú cogadh domhanda atá ag bagairt orainn, agus seasann an sean-nath fós gurb é an daonlathas an córas is measa, seachas a bhfuil ann de chórais rialaithe eile. Agus, ar ndóigh, dá dhonacht é Donald J. Trump, ní hionann é agus Kim Jong-un sa Chóiré Thuaidh ach oiread.

Séard is mó is ábhar suime, agus go deimhin is mó tábhachta, más táinseamh agus díbirt atá anois i ndán don Uachtarán Trump, cad fúthu sin a chaith a vótaí dó agus a bhraith gur i ndonacht a bhí a staid saoil ag dul, agus an bhearna idir iad agus an aicme ba ghustalaí ag síormhéadú. Gan amhras, ba bheag céille a rinne sé gur do leithéid Trump, gur den aicme ghustalach chéanna sin é, a chaith siad a vóta.

An é gur léirigh sé sin féin méid a míshásaimh, agus ar a laghad gur labhair sé leo agus ar a son. Cá gcasfaidh siad anois? Bíodh nach bhfuil aon chinnteacht ann go mbeidh ar Trump éirí as oifig de bharr na bhfiosrúchán atá ar siúl faoi láthair, ba dheacair ach oiread a bheith muiníneach go gcríochnóidh sé a théarma in oifig.

Anseo sa bhaile is é scéal mór an lae ná go bhfuil Éanna Ó Cionnaith éirithe as oifig mar Thaoiseach sa deireadh thiar, tar éis tréimhse fhada nach raibh fhios acu sinn a chuireann suim sa pholaitíocht cad a bhí ar intinn aige. Go deimhin, ba mhinic ar chosúil go mba ábhar sásaimh aige an t-aos polaitíochta i gcoitinne, agus fiú go leor ina pháirtí féin, a chiapadh agus a chur amú faoin ábhar céanna. Ní hé an chéad pholaiteoir é a raibh doicheall air an stáitse a thréigean nuair a tháinig an lá. Níltear cinnte ar aon chor go bhfuil a chúrsa rite sa pholaitíocht nó nach mbeadh fonn air ról eile a ghlacadh sa tsaol mealltach sin.

Ba bheag polaiteoir a raibh saol chomh fada agus chomh torthúil sin aige i ngairm chomh leochailleach, agus a bhfuil oiread éiginnteachta ag baint leis, agus atá le saol na polaitíochta, ach i gcás Enda Kenny ní rabhthas ag súil go raghadh sé chomh fada sin, nó go mbeadh sé ina Thaoiseach ar feadh sé bliana dá shaol. Bhí sé, gan aon amhras, gnaiúil agus dianseasmhach, agus bhí claonadh dainséarach ag a chomhpholaiteoirí, fiú iadsan ina pháirtí féin, é mheas faoina chumas agus faoina luach.

D’fhéadfadh sé ar uairibh a bheith béalscaoilte, nó an chéad rud a thiocfadh isteach ina cheann a rá, go háirithe dá mbeadh sé i dteannta agus é faoi agallamh. Gan amhras, bhí sé ina Thaoiseach i dtréimhse a bhí chomh mífhabhrach agus a bhí ann ó bunaíodh an Stát, ach b’ábhar díomá é nár leasaigh sé gnás agus éifeacht na Dála, mar a bhí geallta aige. Mar a tharla, is lú éifeacht na Dála anois ná riamh, agus is cosúil go minic nach bpléitear ann ábhair ar dhual agus ar chóir gur ann a phléifí iad, seachas cúramaí a chur ar thionóil de shaoránaigh anaithnid, nó ar choistí fiosrúcháin leadránacha, nach mbíonn go minic mar thoradh orthu ach cur ó dhoras, díreach gan amhras, mar a bhí beartaithe. D’fhéadfadh anois go bhfuil stádas na Dála agus na dTeachtaí níos ísle ná bhí riamh.

I gcás Éanna Uí Chionnaith, bhí sé chomh líofa de chainteoir Gaeilge agus a bhí riamh ina Thaoiseach agus é i gcónaí breá sásta í úsáid. Ba mhó creidiúint dó an méid sin de bhrí go raibh air í a fhoghlaim, ní hionann agus cainteoirí ó dhúchas go dtagann an teanga chuchu ón gcliabhán gan dua ná duainéis, agus gur minic dóibh a bheith ar easpa tuisceana maidir lena dheacra atá sé ag foghlaimeoirí (seachas páistí óga) an dara teanga a shealbhú.

Mar sin féin, ba mhinic le brath go raibh aon chineál díograise in easnamh, nó gurbh aon chás mór leis dá mbeadh an teanga dhúchais imithe de dhroim seoil. Thabharfadh sé Dónal Ó Conaill chun cuimhne, nuair a dúirt seisean gur chuma leis dá mbeadh an Ghaelainn imithe gan tásc ná tuairisc uirthi.

Bhí neamhshuim bhunúsach seo Uí Chionnaith follasach nuair a d’éirigh an Coimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin as oifig, de bharr an neamairt oifigiúil a léiríodh an tráth sin ina chuid gearán, agus ba léir an neamhshuim chéanna arís in easpa cumais scannalach na státseirbhíseach aon ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge leis an bpobal. Ba chosúil gurbh é a bhundearcadh ná gur ghnó do mhuintir na hÉireann ar theastaigh uatha an teanga a tharrtháil, mar is cosúil a luaigh sé nuair a cuireadh an cheist chuige. Bheadh sé le rá faoi sin gur bealach éalaithe a bhí ann, tráth nach raibh an fonn nó an toil ann aon ghníomh dearfach a dhéanamh a chuirfeadh an teanga chun cinn, agus a fhios ag an saol gur dualgas d’aon rialtas ceannaireacht a thabhairt, chun gné chomh luachmhar den chultúr dúchais le teanga shinseartha a chosaint.

Is cosúil gurb é Leo Varadkar a roghnófar mar cheannaire nua ar Fhine Gael agus mar Thaoiseach nua. Ní bheidh, a deirtear, ar chumas an dara hiarrthóir, Simon Coveney, an buntáiste tacaíochta atá ag Varadkar i measc Seanadóirí agus Teachtaí Dála a shárú nó a chealú. Polaiteoir cumasach an tuairim choiteann faoi Varadkar, agus mura bhfuil Gaeilge líofa aige, is eol gur suim leis í, agus go bhfuil tréimhsí caite i nGaeltacht Thír Chonaill aige. Más mar seo a bhíonn, bí cinnte go mbeidh olltoghchán againn go luath mar a tharla sa Bhreatain le Theresa May.


Feasta, Meitheamh 2017


Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais