Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


‘Athnuachan’

mír as an nóibhille ‘Sa Teach seo Anocht’

atá idir lámha ag Micheál Ó Conghaile



Athnuachan. Athghríosadh. Athphósadh beagnach … Na smeachóidí a bhí sa ngríosach a bheoú is a fhadú arís … Níor chreid mise riamh ann nó b’fhéidir gurbh amhlaidh nár theastaigh uaim. Ná an chaint a bhíodh againn air, cé gur lean muid leis. An gá le spás. Deis cheart cainte is machnaimh. Comhrá meáite a bheadh saor ó shíorbhrú an tsaoil. Briseadh lár seachtaine nó saoire athmhuintearais fiú molta ag lánúineacha athaontaithe eile … an ceann fánach, a deirimse … Athfhilleadh ar chuid de na hóstáin ar chaith muid deirí seachtainí iontu sul má phós muid. An clog a chur siar ar bhealach. Spiorad pléascach an ama sin a athghabháil, a athbhlaiseadh. An doras a fhágáil oscailte. Doirse nua a aimsiú b’fhéidir. An ghloine leathlán. Agus araile, agus araile.

Is nach féidir an ghloine a líonadh ar aon nós.

Nuair nach féidir aon chlog a chur siar. Nuair atá snáthaidí an chloig briste ar aon nós. Is cliste le fada. Leanbaí a cheapadh gur féidir tosú ag an tús arís. Ní bhíonn ann ach tús amháin. Mar nach féidir dhá thús a chur le haon rud. Cá bhfuil an tús go beacht dá dtiocfadh sé go dtí sin? Cé chomh fada siar is atá siar ann …

Ligean don nóiméad órga a bhí ann a bheith agus fág mar sin é mar scéal. Úsáid d’fhuinneamh chun slacht éigin a chur ar an nóiméad atá i do thimpeall anois díreach, más féidir, agus beidh sé sin nó a scáth agat duit féin ar a laghad. Dá easpaí é, ní bheidh ina choinneal mhúchta nach bhfuil ach deatach liath scagach ag éirí as a buacais … óir is iomaí craiceann a chuireann an duine de.
——◊——
Agus níl bean eile i gceist. Faoi láthair. Gach seans go mbeidh amach anseo, ach níl faoi láthair. Agus sin mar is fearr liomsa é. Fágáil ar mhaithe le fágáil. Fágáil mar gurb in an rud ceart le déanamh ag an tráth seo. Go bhfágfainn ar aon nós, bean eile nó gan bean eile. Agus nuair nach bhfuil bean eile i gceist anois, beidh sí saor ó aon mhilleán nuair is ann di amach anseo. Ní bheidh a ladar sise mar neascóid ar an gcuid seo den scéal. Admhaím go raibh mná eile ann, bhí. Bhí fir eile ann chomh maith. Tá a fhios agamsa sin. Is tá a fhios aicise go bhfuil a fhios agamsa. Ach sin scéal eile is ní hin é mo ghnósa feasta. A comhairle féin. A chomhairle féin do Mhac Anna. Ach is cinnte nach bean eile an chloch is mó ar mo phaidrín faoi láthair. Cé go ndéanfadh, an uair seo, níos éasca is níos nádúrtha ar bhealach eile. Ar nós duine nach ndíolfadh a sheancharr gan carr nua a cheannacht i dtosach.

Tuigeann Séamas mo chás mar is minic a labhair muid faoi. Agus beidh seomra agam ar iasacht ina theach an t-am seo amárach. Tá na heochracha amuigh sa gcarr. Faoin dashboard. Chomh fada agus atá sé uaim, a áitíonn sé. Tabhair do rogha duine ar ais ann agus déan do rogha rud chomh fada agus nach gcuireann tú isteach ná amach ormsa. Agus, dar ndóigh, ní chuirfidh mise isteach ortsa. Ar do shaolsa. Tuigeann Tadhg Taidhgín.

Íocfaidh mé cíos leis má shocraím fanacht ann thar dhá mhí nó trí, má bhíonn gach rud ag dul i gceart. Óir is mór idir mo theach cónaithe anseo agus seomra leapan i dteach strainséarach. Tá aithne againn ar a chéile le blianta agus ní fheicim aon deacracht romham ina chomhluadar. Faoi aon díon. Feicim ár spás féin againn araon. Agus is féidir liom gach a dtabharfaidh mé liom ón teach seo a stóráil i seomra amháin go héasca, faoi láthair ar aon nós, mar nach cnuasálaí mé. Níorbh ea riamh. Ligim le rudaí. Agus má chaillim rud nó má dhéanaim dearmad ar rud, bím ag súil go mbeidh sé de leas ar shaol duine éigin eile, agus ní ceilte ar an saol seo ar fad. Nílim, dar ndóigh, ag déanamh aon chomparáid anois idir rud a chailleadh agus bean a chailleadh. Bean a fhágáil ba chirte dom a rá.

Tá Séamas é féin scartha óna bhean le fada. Agus é níos sásta ná riamh. Ach tá níos mó ná sin i gceist. Tá sé aerach anois, a deireann sé. Níor chóir dom an focal ‘anois’ a úsáid san abairt sin, a dúirt sé, nuair a d’inis sé i dtosach dom é roinnt mhaith blianta ó shin. É aerach riamh, ach nár thuig sé sin nó nár thug aghaidh air. Pósta i bhfad ró-óg mar go raibh a chomhghleacaithe ar fad ag pósadh ina maidhmeanna. Mar a bheadh ina choimhlint eatarthu. Scartha théis dhá bhliain nuair a bhí tuirseach den phósadh. An t-ádh dearg air nach raibh cúram clainne orthu. Gan tada a choinneodh le chéile iad. Iad saor ó ladhar an chasúir. Thuig sé go maith faoin am sin go raibh sé aerach, mar go raibh tástáilte go maith ar an gcúlráid aige. Mise, i ngan fhios dom féin, a chuir é féin is a chéad leannán ar chaith sé trí bliana leis in aithne dá chéile … agus braitheann sé féin faoi chomaoin éigin agam dá bharr, aineoinn gur trí dheargsheans a tharla sé … Sraith leannán agus comrádaithe craicinn aige ó shin. Is iad a choinníonn lasracha ina shaol, a áitíonn sé. A bheith ag dul ó shaol go saol. Féach ar fhormhór na lánúineacha díreach atá ar d’aithne a d’áitíodh sé. Oscail do shúile, a Sheosaimh. Oscail. Féach chomh tuirseach is atá siad dá chéile. Chomh stálaithe is atá a saol. Chomh míshocair ina saol pearsanta is iad ag síorbhreathnú thar a gcuid ina mbrionglóidí. Ina mbrionglóidí amháin go minic, dar ndóigh. Chomh leadránach atá siad ina saol gnéis – ní hea, ach gan caidreamh gnéis ar bith ag a bhformhór ach cur i gcéill leanúnach. Rud amháin nó rud eile á gcoinneáil lena chéile. Cuireann suas lena chéile lá i ndiaidh lae, mí i ndiaidh míosa, bliain i ndiaidh bliana, nó go dtí nach mbíonn siad in ann tabhairt faoina mhalairt. Nó nach mbíonn sé de mhisneach acu tabhairt faoina mhalairt. Ní drochshaol ar bith é an saol aerach, a Sheosaimh, creid uaimse é. Ná saol an fhéileacáin, dá n-abraínn é. Ní chreidimse sa tseafóid sin níos mó gurb é nádúr an duine – bíodh sé díreach nó casta – a shaol iomlán a chaitheamh i bhfochair duine amháin eile go scarann an bás iad. Ní hé ach a mhalairt. Nílim ag rá go bhfuil tada mícheart leis má oibríonn amach, ach de réir mar a fheicim, is annamh a oibríonn. Agus dá dtabharfadh daoine daonna cluas dá gcorp scaití, thuigfidís sin go maith. Thuigfidís a nádúr daonna féin níos fearr, mar a thuigeann fir aeracha go minic. Fad atá beocht sa tine í a choinneáil coigilte. Má tá sí ar tí múchadh, bíodh. Ní bheadh murach gurb in é a nádúr. Thuas seal thíos seal. Rotha mór an tsaoil, mar a dúirt an té a dúirt. Foc is ea foc i ndeireadh báire, agus chomh luath agus a chailleann fear spéis san aicsean sin lena pháirtí, tá leataobh de, nó sciar suntasach de, righin marbh. Tá. Díreach mar a bheadh théis stróc a fháil.
——◊——
‘Seosamh,’ is í ag baint ceol chomh grámhar as gach siolla den fhocal, ag leagan béime ar gach siolla is á shealbhú go leochaileach di féin. Í á rá ar bhealach nár chuala mé éinne eile á rá riamh roimhe sin. Ná ó shin … ‘Seosamh,’ is í díreach théis filleadh ón leithreas … Gan aithne agam uirthi ach le dhá lá ag an gcomhdháil … Uair roimhe sin, mise i mo sheasamh leataobhach ach os a comhair ag an gcabhantar, ag iompú agus ag casadh ansin arís is arís eile ag súil go dtabharfadh sí faoi deara an cruas a bhí leathcheilte istigh i mo threabhsar. Moilleadóireacht bheag eile ansin chun an tsinseáil cheart a chomhaireamh amach cent ar cent d’fhreastalaí foighneach an bheáir. Is an fuílleach a shiothlú síos i mbosca St Anthony a bhí faoi m’uillinn ansin. Fios maith agam go raibh sí ag breathnú. Ormsa. Agus níor ghá dúinn labhairt le chéile ina dhiaidh sin. Seosamh ná Sinéad a rá os ard ná os íseal ná i gcogar. Am amú. Ár dteangacha a bhí i mbéal a chéile ag labhairt go slupach ar ár son … ag dearbhú an chéad chéim eile dá chéile an oíche sin ar bhuaicphointe thar bhuaicphointí a bhí ann domsa. I gcompord sábháilte seomra glasáilte an óstáin. Níor thuig mé go dtí sin go bhféadfadh gach féith de mo chorp a bheith chomh beo breabhsach le fuil, go bhféadfadh corp duine eile an bhail is an chóir seo a chur orm. Go raibh mé fhéin is mo chorp uile ag géilleadh dá smacht, dá riail, go fonnmhar. Go coinsiasach. Le mo mhíle milliún beannacht …

Is ní ba dheireanaí san óstán bhí muid in ann an bháisteach a chloisteáil ag clagarnach taobh amuigh, ag raideadh go fórsúil i gcoinne phána na fuinneoige, rud a mhaisigh ár milseacht allasach tuilleadh. Agus ina dhiaidh sin arís braonacha móra ag titim den díon agus anuas ar leic na fuinneoige ar feadh tamaill fhada … nó gur mhothaigh muid na braillíní tais inár dtimpeall, agus buille beag míchompordach ansin ag ár sruthanna allais féin a shil dár gcorp sa teocht …

D’imigh sin is tháinig seo … Dá fhaid dár chónaigh muid le chéile sea ba mhíchompordaí a bhí muid i gcomhluadar seasc a chéile, ionas in imeacht ama go n-éiríodh muid fuar scaití nuair a bhíodh muid sa seomra céanna – mura mbeadh ann ach an bheirt againn. Dá dtiocfadh Shane isteach sa seomra, shlánódh a theocht muid, más go sealadach féin é. B’eisean bun is barr an scéil.
——◊——
Cloisim an phusaíl is an caoineachán taobh thiar díom, ag teannadh níos gaire.

‘Níl mé in ann codladh, níl mé in ann codladh, a Dhaidí.’

Céard atá ort, a stóirín.’ É ag siúl chugam go mall, amhail is dá mbeadh sé ag siúl ina chodladh. Baineann a aghaidh bhán geit asam, ag cur i gcuimhne dom na tráthanna i lár na hoíche nuair a thosaíodh ag screadach amach os ard, ionas go dtógfadh an tsíoraíocht orainn é a chiúnú agus é a chur ar a shuaimhneas inár leaba sula dtitfeadh néal arís air.

‘Cén fáth nach bhfuil Mamaí ag teacht ar ais?’ Ardaím chugam i mo ghabháil é ag tabhairt barróg mhór dó is á fhaisceadh go dlúth isteach chugam.

‘Fan anseo go fóill i ngabháil Dhaidí,’ a deirim leis, ‘agus beidh sé níos éasca agat codladh tar éis tamaillín ach a dtiocfaidh an tuirse ar ais ort.’

‘Ach tá mise ag iarraidh Mamaí.’

‘Ach nach bhfuil Daidí anseo? Beidh Mamaí ar ais sul i bhfad, a chuid.’

Tosaíonn sé ag seitreach isteach i m’ucht, agus pógaim a ghruaig fhionn cúpla babhta agus bolaím de chumhrán úr an tseampú lenar nigh mé a chuid gruaige níos túisce.

‘Beidh sí ar ais ar ball,’ a dhearbhaím dó arís, ‘tá sí ag obair deireanach anocht ag an gcruinniú agus beidh sí tuirseach ach a dtiocfaidh sí abhaile ach déarfaidh mé léi dul isteach i do sheomra le hoíche mhaith a rá leat.’

‘Cinnte?’

‘Cinnte, cinnte.’

‘Ceart go leor mar sin,’ a deireann sé tar éis osna bheag eile agus braithim faoiseamh nó sástacht éigin ina chorp, mé ag cuimhneamh siar ar an gcéad oíche a raibh droch-thromluí aige is gur dhúisigh a screadach an bheirt againn, amhail is dá mbeadh duine á shá nó á mharú, gur léim mé amach chuige ag lasadh an tsolais is á ardú amach as an leaba. Ach níos déine a scread sé nuair a d’fháisc mé chugam é lena shuaimhniú. Níos déine ná riamh, ag tolladh mo chluas is ag screadach Mamaí, Mamaí, nó gur tháinig Sinéad taobh thiar díom, á thógáil uaim is á shuaimhniú …

Tá a cheann ar mo ghualainn chlé anois, teocht a cholainne á shú isteach agam i mo cholainn féin, ionas gur aon duine amháin muid, aon cholainn amháin, ar feadh nóiméid, i ngan fhios dom.

Cloisim braonacha móra báistí ag titim ar dhíon an tí taobh amuigh is éistim lena rithim ar feadh tamaill.

‘Tá tuirse bheag anois orm,’ a deireann sé ag méanfach, gan a chloiginnín a ardú de mo ghualainn. ‘Beidh Mamaí fliuch ag an mbáisteach seo?’

‘Ní bheidh, má éiríonn léi siúl isteach ón gcarr idir na ráigeanna!’ a deirimse.

‘Ach nach féidir léi siúl isteach idir na braonacha …’ a deireann sé.
——◊——
Céard a chuirfidh mé sa nóta seo a fhiafraím díom féin. Cineál iontais tagtha anois orm nár smaoinigh mé i gceart air roimhe seo. Ní hé nár smaoinigh mé ar an nóta agus go gcaithfidh a leithéid a fhágáil, ach céard go díreach a chuirfinn ann. Gan é i gceist agam é a scríobh anois, ná níos deireanaí anocht, ach ar maidin amárach. An gníomh deireanach a dhéanfainn sul má d’fhágfainn an teach seo. Nó ar chóir bacadh le smaoineamh mórán ar bith air, ach é a dhéanamh faoi dheifir, a deirim liom féin. Te bruite sa nóiméad. Ar an spota. A mbeadh ar m’intinn an ala sin a bhreacadh is é fhágáil mar sin … ach ar chóir é a chur isteach i gclúdach nó díreach é a leagan i lár an bhoird sa gcistin.

B’fhearr sin ná é fhágáil sa seomra suite, óir tharlódh nach ngabhfadh sí isteach ann go mbeadh tamall istigh, nó b’fhéidir amach sa lá. Ach muna bhfeicfeadh ar an mbord é, nó dá bpiocfadh Shane suas roimpi é agus tosú á léamh fiú muna mbeadh in ann. Dá dtiocfadh sé i dtosach air, ba é a dhíreodh a haird air, a d’iarrfadh céard a bhí ann … Dá n-osclódh sé é … b’fhearr é a chur isteach i gclúdach. Cinnte. Lena hainm. A hainm baiste amháin, dar ndóigh, gan bacadh lena sloinne óir chuirfeadh sin cuma oifigiúil, agus fuar, air mar nóta. Nuair nach mar sin ba chóir a bheith? Nó gan a chur air ach ‘S’. Ar an sinc le taobh an chitil. Ansin ab fhearr é a fhágáil. Cinnte, d’fheicfeadh sí láithreach ansin é, óir m’fhearacht féin, tá nós aici déanamh ar an gciteal chomh luath agus a thagann isteach an doras, seiceáil an bhfuil a ndóthain uisce ann, an cnaipe dearg a bhrú má tá … tae nó an caife a thógáil anuas ón tseilf. Sea, an faisean céanna ag an mbeirt againn, ach mhothaigh mé sásta nó cineál sásta go raibh an méid sin socraithe i m’intinn agam.

Ach b’in an chuid ba éasca. Agus diúltaím ansin aon mhachnamh breise a dhéanamh ar abairtí nó ábhar an nóta. An t-ábhar soiléir, dar ndóigh. Ach focail, abairtí agus a n-úsáid. Tar éis an tsaoil is nóta imeachta atá i gceist, a deirim liom féin, mar shólás sealadach, ní nóta féinmharaithe nó rud éigin tromchúiseach. Níl sé chomh tromchúiseach sin páirtí leathscoite a fhágáil ar na saolta seo, an bhfuil? Is deacair tada a rá lena rá ceart, a deireadh mo sheanathair agus tuigim anois brí a ráitis, go háirithe i ngnóthaí den chineál sin. Bheifí ag léamh idir na línte. Thabharfaí an oiread suntais don rud nár dúradh leis an méid a bheadh ráite. Bheadh go leor ráite idir na línte, agus fiú muna mbeadh i gceist go mbeadh, bhainfí go leor adhmaid as na spásanna. B’in nádúr an duine. An síor-spíonadh. An síor-chrá croí is imní á dtarraingt mar bhrat timpeall air féin.

Ach cé chomh luath agus a d’fhéadfaí ceisteanna a chur? Sin rud eile nach raibh socraithe i m’intinn agam agus nár smaoinigh mé air go dtí anois díreach. Cé chomh fada agus a d’fhágfainn m’fhón póca múchta. Le bheith as réim. Le deis a thabhairt do chúrsaí fuarú, deis do shaol nua tosú. Dul i dtaithí, i gcleachtadh. An laptop a fhágáil múchta freisin. Fanacht glan go hiomlán ar na meáin shóisialta. Mar a bheinn ag cur mo shaol siar deich nó scór bliain …

Ach ansin sa gcás go dtiocfadh aon donacht ar Shane! Dá mbeadh aon ní práinneach. Cás éigeandála éigin …
——◊——
‘Oscail na cuirtíní,’ a deireann sé, mé théis an duvet a scaradh amach os a chionn. ‘Oscail anois dom iad.’

‘Tuige?’ a deirimse, ‘Tá gealach lán anocht ann. Beidh an solas róláidir.’

‘Ní bheidh. Táim ag iarraidh í a fheiceáil, mar b’fhéidir nach mbeadh sí amuigh oíche amárach nó go mbeadh scamaill uirthi,’ a deireann sé. ‘Ba mhaith liom an solas a ligean isteach sa seomra anocht, agus feicfidh mé Mamaí níos fearr nuair a fhilleann sí freisin.’

Leathann lóchrann na gealaí ar fud an tseomra, ag soilsiú íochtar na leapan, an cófra éadaí, na seilfeanna ar a bhfuil cual leabhar, cluichí agus bréagáin bhoga, cuid acu atá aige ó bhí sé bliain d’aois.

‘Is maith liom an solas sin mar níl sé róláidir ar fad,’ a deireann sé. ‘Ní bhíonn sé ródhorcha ná rógheal agus bím in ann titim i mo chodladh. Agus tá fear thuas ar an ngealach agus is maith liom é a fheiceáil, ach ní fheicim chuile oíche é. Bíonn caipín air agus speacláirí gréine, agus uaireanta bíonn scáth báistí aige ina láimh, ach ní osclaíonn sé riamh é ach é á úsáid mar mhaide siúil. B’fhéidir nach mbíonn aon bháisteach ar an ngealach. Agus is maith liom é nuair a bhíonn gealach ann.’

‘Nach mbíonn gealach i gcónaí ann,’ a deirimse go spraíúil, ‘Tá a fhios agamsa go mbíonn. Ach ní fheiceann muid í.’

‘Tuige?’

‘Mar is láidre an ghrian ná í. Ach feiceann daoine eile í, mar go mbíonn sí ar an taobh eile den domhan.’

‘An mar sin é?’

‘Imíonn sí i bhfolach orainne, ach tagann sí ar ais. Tagann an ghealach ar ais i gcónaí gcónaí chuile oíche.’

‘Tagann?’

‘Fiú nuair nach bhfeiceann muide í, mar gheall ar na néalta agus an bháisteach, bíonn sí ann, réidh lena solas a scaladh anuas orainn trí na néalta ach poll beag a fháil iontu.’

‘Is cé acu is fearr leat, an ghealach nó an ghrian?’

‘Is maith liom iad péire!’ a deireann sé, ag sacadh amach a lámh ó íochtar an duvet.

‘Beir ar láimh orm, a Dhaidí. Beir ar láimh anocht orm. Suigh ar an leaba liom. Ba mhaith liom tú a bheith le mo thaobh nuair a thitim i mo chodladh, mar níl mé in ann fanacht i mo dhúiseacht go dtagann Mamaí ar ais … agus tá faitíos beag orm. Faitíos mar go dtiocfaidh sé siúd ar ais ….’

Nóiméadachaí fada ina dhiaidh sin tarraingím trasna na cuirtíní go ciúin. Tocht orm a bhraithim ag méadú. Ag fáisceadh timpeall mo mhuiníl.
——◊——
Ach cén fáth sa diabhal nach bhfuil an ghráin againn ar a chéile. Nach mbeadh sé sin níos éasca. Ní fios dom cé chomh minic is a rith an méid sin trí m’intinn le blianta beaga anuas. Amhail is dá mbeadh aiféala orm faoi nach bhfuil muid i muinéal a chéile, mar is minic lenár leithéidí. In áit a bheith in ann cur suas lena chéile chomh héasca tuisceanach – ar nós cúpla de dheartháir is de dheirfiúr – is dul ar aghaidh leis na laethanta. Lenár saol. Leis an saol. Nach n-éascódh an bóthar seo romhainn. Is an oíche anocht. Níorbh ann do anocht. Bheinn fágtha le fada dá mbeadh muid in árach a chéile. Taobh amuigh de na ballaí cairdiúla seo a dhéanfaí an réiteach, a thiocfaí ar réiteach, cibé réiteach nó socrú. In áit an réiteach seo nach réiteach. Dlíodóirí agus orduithe bearáilte b’fhéidir. As mo theach féin. Cáipéisí agus costaisí. Siar agus aniar le dréachtaí agus athdhréachtaí. Orlach anseo agus dhá orlach ansiúd. An té is géire scian. Cúram agus uaireanta oifigiúla fuara le Shane … Cur i gcéill agus míthrust. Cás cúirte, b’fhéidir, nó an iliomad cásanna cúirte. Idirghabhálaithe agus bealaí a leasa do gach páirtí agus don ghasúr. Sea, cinnte. Go háirithe an gasúr. Ba é a leas siúd a chaithfí a chosaint is ba thábhachtaí don dá thaobh. Dar ndóigh …
——◊——
Ná roghnaigh do ghuibhe féin! Ach cén duine riamh againn nach roghnaíonn, a fhiafraím. Toradh nó gan toradh. Tá paidreacha fairsing is tagann go héasca. Chomh héasca le heascainí beagnach.

Ach muna bhfuil rud níos fearr ann ná fíorghrá dílis cneasta idir lánúin, ná rud níos measa ná colscaradh síor-achrannach deilgneach, cá bhfágann sé sin an chuing is an duine atá síoraí seasta idir dhá cheann na meá. Idir dhá uisce. Dhá uisce beatha. Nach bhfuil in aon áit. Ná ag dul in aon áit. Ann ná as. Gan tóin ná ceann. (Mír de shaothar idir lámha)

Feasta, Samhain 2017

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais