Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Léirmheas le Brian Ó Baoill

Fuaim na Gaoithe Aniar

Paddy Mhéime Ó Súilleabháin. Coiscéim, 2017. €7.50


Bronnadh an chéad duais ar chnuasach de na dánta seo ag Oireachtas Gaeilge Cheanada.

Clúdach le Patsy Farrell
Clódóirí: Johnswood Press Teo.


Cnuasach é seo ina bhfuil ocht gcinn agus dhá scór dánta le Paddy Mhéime as Loch Con Aortha, fear a chuaigh ar imirce sa bhliain 1961, a thaisteal an Domhan agus a d’fhill ar a áit dúchais. Tá sé ina chónaí lena bhean chéile Úna ag bun Chnoc Mhordáin. Is file é a scríobhann i nGaeilge atá so-thuigthe agus gonta. Bíonn áilleacht sna focail agus sa chaoi a gcuireann sé le chéile iad.

Uaireanta d’fhéadfadh duine a cheapadh, b’fhéidir, go bhfuil cuma sách simplí ar an bhfriotal, ach ní dánta simplí iad, bíonn smaointe doimhne ceilte iontu. Ó thaobh stíle agus ó thaobh ábhair scaití, d’fhéadfaí na dánta seo a chur i gcomparáid le dánta na sean-Ghaeilge, a dhán ‘An Spideog’, mar shampla:
Scal léasracha na gréine
Ar an éan ar an ngéag,
Ansin d’eitil go haerach
Mar spiorad ón gcraobh.
Faightear anseo an spiorad céanna is atá le fáil i ndán Sean-Ghaeilge ón 9ú haois: An t-éan beag / lig fead / de rinn goib / glanbhuí ….’

Údar é a bhreathnaíonn ar an saol agus, ar nós fealsúna agus smaointeoirí ó thús ama, fiafraíonn sé: ‘Céard sa diabhal atá ag dul ar aghaidh anseo? Seo muid,’ ar sé, ‘agus muid beo. Ach is beag a thuigeann muid, agus mar sin, bíonn ceisteanna againn.’ Sea, spreagann na dánta seo ceisteanna in intinn an léitheora.

Tá línte anseo agus ansiúd aige a thugann le fios, im thuairmse, go bhfuil ceisteanna aige faoi thionchar creidimh. Sa dán ‘An Scaradh’, mar shampla, faightear na línte: ‘An Chríostaíocht súite isteach le brú / Gan éifeacht’ agus ‘Ag mothú lámh ar cholainn óg / Gan chuireadh, / Ag fágáil loit....’ Tá dorchadas anseo.

Ina dhán ‘An Clóca’ faightear na línte, ‘Chuaigh sé i léig orm fadó, … … Gan éad orm ná fuath’:
Ar díth muiníne bhíos mall
Ag leanúint slua,
Tréadaithe ’déanamh an treorú
’Cothú mearú dom shuain.

An bhfuil gá le treorú?
Nó b’fhéidir gurbh in mo locht.
An clóca a chaith mé díom,
Tá sé i gcónaí ann.
Mar a dúirt Schopenhauer: ‘Is le linn na hóige is láidre an acmhainn chun rudaí a chreidiúint: má chuirtear, i bhfíor-óige an duine, tuairimí agus creideamh ina láthair i slí an-sollúnta, agus gan aon cheist amhrais fúthu ach a mhalairt, beidh an lorg chomh domhain sin, i ngach cás beagnach, go mbeidh sé chomh dodhéanta ag an duine a bheith in amhras fúthu is a bheadh sé a bheith in amhras faoina bheatha féin.’ Sin ‘clóca’ Phaddy Mhéime duit: chaith sé uaidh é, ach mar a deir sé, tá sé ‘i gcónaí ann.’

Tá dánta faoin aiféala a bhíonn ar dhuine anseo, faoi shean-aois, grá, uaigneas, athruithe, laigí an duine, faoi thragóid; faoin nádúr, faoi éagothramaíocht na beatha, faoin mbás; faoi shean-nósanna atá imithe agus na rúin atá imithe leo; tá dánta pearsanta anseo, dánta molta, dán faoin nGaeilge.

Scrúdaíonn an file an bheatha, agus is dóigh liom go dtagann sé ar an tuairim gur ní gan bhrí gan chuspóir í. Tá an aigne sin le tabhairt faoi deara i gcuid mhaith de na dánta agus tá sé iontach soiléir sa dán ‘Údar le bheith.’

Sa dán gairid seo labhrann sé leis an léitheoir, ‘tú’, agus spreagann sé ceisteanna mar ‘céard í an bheatha?’ agus ‘céard é an duine?’ Tugann sé leid faoi fhreagra sa véarsa deiridh, mar a deir sé: ‘Rinne tú an t-aistear, / Amach as na coillte’. Is é sin, go mba neach nó ainmhí de chineál éigin é an duine, a thosaigh sna coillte, agus trí chlaochlú éigin, a d’fhorbair ina dhuine. Leid faoin myosin mutant, sóiteán mióisine na héabhlóide chuile sheans, atá anseo.

Ón aigne smaointeach, shibhialta, charthanach, ghrámhar a léirítear sna dánta seo, ceapaim go mbeadh an file ar aon intinn, a bheag nó a mhór, leis an bhfealsamh Eipiciúrus. Níor chreid Eipiciúrus, 341 – 270 RCh, go raibh aon saol ann ach an saol seo agus mhol sé do dhaoine taitneamh a bhaint as. Cuireadh ina leith go mba héadóiní é agus go mba héadónachas a bhí á mholadh aige, ach níorbh ea. Is é a mhol sé do dhaoine, ciúnas inmheánach a bhaint amach trí charadas a bheith acu le daoine fealsúnta, agus trí staonadh ó mhianta neamhriachtanacha ar nós an iomarca óil, an iomarca itheacháin, agus ró-spéis i ngnéas.

Ach is féidir leis an bhfile seo a bheith an-oscailte nuair is léir dó go bhfuil, nó go mbíodh, éagóir á himirt ar dhaoine, agus ní spárálann sé na déithe féin. Mar shampla, sa dán ‘Dílleachtaí ár Náir’ (Uaigh Ghasúir Thuama 2014), ceistíonn sé Dia go díreach oscailte:
Cá raibh do náir san am?
A Dhia na nGrást.
Cá raibh do chothramaíocht?
Nó cad chuige an fuath?
Dán fíochmhar, macánta é seo. Meabhraítear dom dán sa Laidin a scríobh file Gaelach, dán a aimsíodh i measc pháipéirí Thírecháin, easpag a bhí beo sa 7ú haois, ina fhiafraítear, ‘Quis Est Deus?’ – Cé hé Dia / agus cá bhfuil Dia, / cér díobh é Dia, / agus cá gcónaíonn Sé? Níl dán ar bith sa bhailiúchan seo nach bhfuil taitneamh le baint as agus nach bhfuil ábhar machnaimh ann. Tá go leor dánta áille ann, cuir i gcás, ‘Lá Dá Raibh Muid Triúr’ :
Ar an lá breá úd,
I náid a ceathair déag,
Bhí triúr againn,
Ag spaisteoireacht.
Beirt pháistí
Is mé féin.

Bhí buataisí beaga snasta
Is éadaí ildaite
Acusan beirt.
Agus mise féin
Le caipín speice,
Bronntanas ón Nollaig thart.

Ag taisteal an bhóithrín chaoil
I dtreo bhaile beag an Ruisín
Is an scútar beag,
Rothar trí-rothach,
Is mé de shiúl mo chos...’
Tá dánta an-spéisiúla eile anseo, faoi Johnny Chóil Mhaidhc, Sheosamh Ó Guairim, Shorcha Ní Ghuairim, agus dán do Mháirín Ní Chéide, mar shampla. Tá nós álainn aige logainmneacha a lua sna dánta: Cnoc Mordáin, Trá Mhaorais, An Teach Dóite, Na Beanna Beola, gan trácht ar an Yukon, Camden Road, Albert Hall, An Veinéis, Páras agus mar sin de, nós a thugann radharc taitneamhach os ár gcomhair, a thugann i láthair an dáin muid. Sa dán faoin nGaeilge, ‘Céad Bliain Slánaithe 1916-2016’, deir sé:
Bhí dainséar na cónasctha i gcónaí
Le meath an chultúir Ghaelaigh,
An teanga dhúchais dhá tréigint
Gan saoirse tríd athbheochan na Gaeilge.
Ach, tá sé dóchasach:
Tá céad bliain slánaithe de bhuíochas
Sceiptigh, ag teanga seo ár sinsir.
Nithe cruthaithe sna crathacha, martha,
Agus fós ag síolrú is ag leathnú thar sáile fosta....
Tá a chuid ráite, agus ráite go maith agus go healaíonta ag an bhfile, agus bainfidh duine ar bith a bhfuil suim aige nó aici in áilleacht, i ndaoine nó i smaointeoireacht faoin mbeatha, taitneamh iontach as na dánta áille atá ar fáil sa leabhar seo ó chainteoir dúchais as Loch Con Aortha i gConamara, Paddy Mhéime Ó Súilleabháin.
1. www.eurekalert.org/pub_releases/2004-03/uopm-mmp032204.php

Feasta, Samhain 2017

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais