Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Conaire Mór
Seacht nDoras na Cinniúna

le Diarmuid Johnson

Leabhar Breac, 2017

ISBN 978-1-911363-12-5. Lgh 90. Crua. €16

Léirmheas le Tadhg Ó Loingsigh




Athinsint é ‘Conaire Mór’ ar ‘Togail Bruidne Da Derga’ na Sean-Ghaeilge. Ní miste a lua gur insint bhríomhar thaitneamhach ar an scéal í seo murab ionann agus aistriúchán dílis ar an mbuntéacs. Leis an leagan seo den scéal tá cuid bheag dár seanlitríocht curtha os comhair an phobail as an nua ag Diarmuid Johnson, agus é déanta go slachtmhar aige.

Baineann an scéal seo le ré an laochais, na ndraoithe agus na sí, ré na gcarbad agus na n-óglach, agus sa chás áirithe seo ré dhíbheirge. Ní dócha gur chaill an pobal riamh a ndúil i scéalta fantaisíochta agus tá borradh faoin seánra sin faoi láthair. Is díol suntais é mar sin go bhfuil i seanlitríocht na Gaeilge ábhar ar nós ‘Togail Bruidne Da Derga’, a mbainfeadh pobal léitheoireachta an lae inniu taitneamh as, go háirithe leagan mar seo ina bhfuil struchtúr an scéil athraithe beagán ag an údar agus bearnaí líonta aige chun scéal leanúnach dea-shnoite a insint.

Cén cur amach atá ag pobal léitheoireachta Gaeilge an lae inniu ar ár seanlitríocht? Tá gan dabht mórán daoine d’aois áirithe agus an-chur amach acu ar an litríocht ársa sin, ach sílim go bhfuil ar a laghad cúpla glúin in Éirinn ar beag a n-eolas ar an litríocht, seachas b’fhéidir an méid a chualadar ar an mbunscoil dóibh. Tuigimid uile gur beag é pobal léitheoireachta na teanga, ach ba mhór an trua é dá mbeadh an pobal beag sin dall ar ár seanlitríocht agus an t-aoibhneas agus an t-ardú croí a ghabhann léi. Ó thosach deireadh beidh idir iontas agus aoibhneas ar an té a léifidh an leabhar seo, agus ina theannta sin beidh tuiscint níos fearr aige ar thraidisiún litríochta na nGael.

Is léir ón insint seo gean an údair don ábhar, agus do shamhlaíocht agus sárchumas liteartha na n-údar a chum. Éiríonn thar barr leis a eolas ar nósmhaireachtaí agus ar stíl liteartha na n-údar sin a chur i bhfearas d’fhonn saothar próis fileata bríomhar a chruthú, agus bainfidh léitheoirí taitneamh ar leith as na ruthaig chainte bhreátha aige anseo. Mar is dual sna seanscéalta, is breá ealaíonta mar a chuirtear síos ar an dúlra agus an dreach tíre, ach an teannas i gcónaí le brath lena bhfuil ag titim amach.

Deirtear gur tábhachtach mar a chuirtear tús le gach scéal, agus is breá mar a chuirtear tús leis an scéal seo nuair a bhuailimid le hEochaidh Feidhleach i dTeamhair, ar ‘maidin aoibhinn earraigh dár éirigh an rí sin go moch meanmnach dá leaba leathan luachra’ go dtéann sé ag seilg le buíon dá laochra. Déanann Johnson an plota a fhorbairt céim ar chéim as sin amach, agus sáraíonn go héifeachtach aon fhadhbanna a bhain le bunstruchtúr an scéil.

Cás an duine is téama do chuid mhaith mhór den litríocht i gcoitinne agus feictear anseo, mar a fheictear sa Rúraíocht agus san Fhiannaíocht trí chéile, suáilcí agus duáilcí an duine, an mhaith agus an t-olc i gcoimhlint agus an pháirt a imríonn an chinniúint i gcúram an duine, pé acu olc nó maith an duine féin.

Ní fada isteach sa scéal sinn go bhfaighimid amach go bhfuil geasa ar Chonaire nithe áirithe a dhéanamh, agus tagann amhras dá réir ar an léitheoir go gcuirfear i gcruachás éigin an laoch a mbeidh sé deacair air teacht slán as.

Mar a bheifí ag súil leis i scéal fantaisíochta mar seo, buailimid leis an uile shaghas carachtair, iadsan atá grámhar, dílis, suáilceach, séimh ach iadsan leis atá gránna, duáilceach, fealltach, garbh; buailimid le laochra agus cladhairí, neacha saonta agus neacha brúidiúla. Agus táthar ann ón uile chearn, ‘Macra na Mí. Díbheirgigh na Breataine. Allúraigh na Breataine. Fir Morc. Muintir Chonmhaicne. Déisigh, Oiriallaigh. Cruithnigh, Bréifnigh, Cairbrigh. Sliocht Oirghael, Iarghael, Deasghael, Tuathghael agus daoscar gan áireamh’.

Gné phléisiúrtha de litríocht na Sean-Ghaeilge agus den scéalaíocht thraidisiúnta i nGaeilge is ea an cur síos greannmhar áiféiseach a dhéantar ar fiú na carachtair is baolaí agus is nimhní, agus is amhlaidh atá sa scéal seo freisin, gan ach an bhean feasa a bhfuil ‘dhá chois fhada fúithi mar a bheadh cosa corr éisc’, agus Ingéal Caoch, ‘an mullach mór garbh gránna fir’ a lua.

Liosta le háireamh freisin is ea na carachtair uaisle chalma lena mbuailimid, agus is taitneamhach mar a chuirtear inár láthair na gaiscígh atá le sárú ag Mac Rí na Breataine agus é ag insint dá chomhghleacaithe cérbh iad na cosantóirí a bheadh le cloí acu sa dún sin laistiar de sheacht ndoras na cinniúna úd a luaitear sa bhfotheideal.

Sár-scríbhneoir is ea Diarmuid Johnson; is léir tuiscint dhomhain aige ar litríocht agus ar ghnáis na Gaeilge, ionas nach mbraithimid aon ní aduain ná tacar san athinsint. Is fileata saibhir an prós aige, agus éiríonn leis saibhreas liteartha agus rithimí an bhunsaothair a shlánú. Deir an t-údar linn faoi ‘Togail Bruidne Da Derga’ nach bhfuil a leithéid eile ann sa Ghaeilge ná i dteangacha na hEorpa, agus táimid faoi chomaoin ag an údar go bhfuil an scéal curtha os comhair an phobail arís aige.

Ó luadh an saibhreas Gaeilge sa leabhar seo, b’fhéidir nár mhiste a lua nach bhfuil an Ghaeilge ann in aon tslí crosta ach í breá sothuigthe soiléir.

Molaim go mór an leabhar.
——◊——
An túdar: 'File, ceoltóir agus prós-scríbhneoir é Diarmuid Johnson. I gCardiff na Breataine Bige a rugadh é in 1965. Cuireadh oideachas air i nGaillimh. Ph.D. sa Léann Ceilteach aige. Ó 1989 i leith tá tréimhsí caite aige ina léachtóir ollscoile in Éirinn, sa Bhreatain Bheag, sa mBriotáin, sa Ghearmáin agus sa Pholainn.'

Feasta, Samhain 2017

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais