Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Gearrscéalaíocht Annraoi Uí Liatháin (Cuid 2)

Ar ghearrscéalta an Liathánaigh féin a dhírítear sa dara cuid den alt seo.

Aisling Ní Dhonnchadha




Faoi mar a luadh an mhí seo caite, ba é an scéal ‘Ceithre peacaí a ghlaodhann ar Neamh…’, leis an Liathánach a ghnóthaigh an chéad duais i gcomórtas gearrscéalaíochta Oireachtas na bliana 1943. Caitear solas ar chúis imní an phríomhcharachtair, Nóra Ní Chéirigh, i radharc tosaigh an scéil, í suite in aice fhuinneog na cistine sa teach feirme ina gcónaíonn sí lena hathair, agus taibhreamh na súl oscailte ar siúl aici:

I n-a suidhe dhi annsúd le h-ais na fuinneoige bhí miangas cráidhte i n-a súile. Chuala sí gean-gháire leanbhaí nár saoghluigheadh, samhluigheadh di patairí beaga ag súgradh ar leacacha na cistine. Agus ba mhó aici na haislingí sin ná aoibhneas an domhain lasmuigh. Mar is dual do gach mnaoi clann d’iomchar is d’oiliúint. Bhí Nóra cúig bliana ar thriochaid d’aois, agus ní raibh sí pósta fós.1

D’fhéadfaí a rá go bhfaightear éachtaint ar chuid áirithe de stair shóisialta na linne sa sliocht sin thuas. Is é an tréith is suimiúla sa ghearrscéal fada seo, dar liom, ná an tslí inar thug an scríbhneoir faoi mhothúcháin na mná neamhphósta a chur in iúl. In ainneoin mhéaldrámatacht chríoch an scéil, d’fhéadfaí a rá go raibh cuid de na téamaí a bhaineann le scéal leithéidí Bridie in ‘The Ballroom of Romance’ le William Trevor2 agus Shiobhán in ‘Bean Aonair’ le Pádraic Breathnach3 á gcur i láthair go beo tuisceanach i luathscéal seo Uí Liatháin.

‘Cúig bliana imithe agus gan aon leanbh fós agaibh!’4 Scéal cráite na mná aimride a thagann chun léargais in ‘Gleann an Leasa’, an scéal a ghnóthaigh duais Oireachtais don Liathánach sa bhliain 1944. Triúr carachtar atá sa scéal seo, mar atá, Seán agus Eibhlín, an lánúin óg nach bhfuil aon chlann orthu go fóill agus Mícheál Mór de Róiste, athair Sheáin, atá éirithe cantalach gearánach toisc go ndealraíonn sé nach mbeidh aon oidhre i gceist do thalamh mhéith fhairsing na Róisteach i nGleann an Leasa. Cruthaítear atmaisféar an teannais, an fhrustrachais, na míshástachta agus na himní laistigh den ghearrscéal. Tuigtear, ar ndóigh, go mba ghnách an milleán a chur ar an mbean dá mbeadh an lánúin gan chlann agus go mba ábhar náire dá fear céile é a bheith gan sliocht.5 Sa chomhthéacs sin is fiú leagan 1944 de scéal Uí Liatháin a chur i gcomparáid le leagan 1973. Sa sliocht seo, mar shampla, tá Eibhlín ag caint lena fear céile tar éis di cuairt a thabhairt ar an dochtúir. Ní thugann Seán freagra ar bith uirthi, áfach. I leagan déanach an scéil léimid:

‘A Sheáin, abair rud éigin, ar son Dé. Dúrt leat nach mbeidh leanbh agam choíche.’

‘Chuala tú, a bhean. Nílim bodhar.’

‘Agus nach bhfuil tú chun aon rud a rá?’

Phreab sé ina sheasamh agus lig búir as –

‘Agus in ainm an diabhal dearg donais cad tá le rá? Níl ionat ach seascach. Tá go maith. Níl ionat ach seascach. Cad eile sa diabhal atá le rá?’6

I mbunleagan an scéil, is é an ní a scríobhadh ná:

‘Cad is gádh a rádh’ ar sé go borb. ‘Ní bheidh páiste choidhche agat. Cad is gádh [a rádh] acht amháin go mbrisfear croidhe m’athar, agus go mbead-sa im stoc magaidh ag na cómharsain.’7

Tamall níos faide ar aghaidh sa scéal, nuair atá Seán sa teach tábhairne, tuigtear gurb í an chaint mhaslaitheach fhonóideach a dhéantar faoina chás pearsanta a spreagann an fiuchadh feirge ann agus, ar ndóigh, an troid chinniúnach ina dhiaidh sin.

Díol suime an bhreith a thug Seán Mac Giollarnáth, a bhí ina mholtóir ar chomórtas na gearrscéalaíochta in Oireachtas na bliana 1944, ar an ngearrscéal áirithe seo:

Sean-adhbhar aighnis agus náire sa sgéal seo, an sgéalaidheacht go maith bríoghmhar, ach na cainteanna ró-lom beagán. Is cinnte gur sgríbhneoir oilte an t-ughdar seo a bhfuil eolas ar a cheird aige.

Tá seirbhe agus gairbhe san innseacht ach má tá déarfadh an sgéalaidhe go mbíonn an saoghal searbh agus garbh go minic.8

Nóta beag anois faoi theideal an scéil, ‘Gleann an Leasa’. Nuair a scríobh Leon Ó Dubhghaill, rúnaí Choiste an Oireachtais, chuig Ó Liatháin i mí Lúnasa 1944, chun an dea-scéal a thréaslú leis, is é sin, gur bhuaigh sé an chéad duais sa chomórtas gearrscéalaíochta, chuir sé in iúl dó go mbeadh a scéal ar cheann de na hiarrachtaí próslitríochta a bheadh á bhfoilsiú i leabhrán Duais-Iarrachtaí Oireachtas na bliana 1944. Bhí achainí bheag amháin ag eagarthóir leabhrán na nDuais-Iarrachtaí air, áfach, agus ba é sin go n-athródh Ó Liatháin teideal a ghearrscéil. An teideal a bhí roghnaithe aige féin dá scéal ná: ‘An Smoirt sa Chruithneachtain’ ach b’fhearr le Pádraig Ó Siochfhradha (‘An Seabhac’) a bhí ina eagarthóir ar leabhar na nDuais-Iarrachtaí, go dtabharfaí teideal ar nós ‘Gleann an Leasa’ ar an scéal. Ghlac an Liathánach leis an teideal nua sin agus foilsíodh an scéal i leabhrán na nDuais-Iarrachtaí roinnt míonna ina dhiaidh sin. Níor chaith sé an bunteideal uaidh ar fad, ámh, mar chímid gur chuir sé dráma trí ghníomh isteach ar chomórtas Oireachtais roinnt blianta ina dhiaidh sin, dráma dar teideal Tá Smoirt sa Chruithneachtain agus an treoir ‘bunaithe ar an ngearrscéal Gleann an Leasa’ ag gabháil leis.9 Ní deacair brí mheafarach an bhunteidil sin a cheangal le scéal na mná aimride.

Maidir leis an mórthéama eile in ‘Gleann an Leasa’, mar atá, an ceangal agus an dáimh láidir a bhraitheann an seanfhear le talamh a shinsear, aithnítear gur buntéama uilíoch é sin a phléitear i mórán litríochtaí éagsúla. Cuimhnímid, b’fhéidir, ar shaothair le T.C. Murray, Dónall Ó Corcora, nó John B. Keane, nó ar an ráiteas cáiliúil méaldrámata seo ón ngearrscéal ‘An Strainséara’ le Máirtín Ó Cadhain:

Lig uait do bhean, a Mhicil. Lig uait do chapall, do bhó, do phéire bróg, do róipín láir agus do léine. Ach ná lig uait talamh mhuintir Chéide dhá mba le greim fiacal aníos as d’uaigh a choinneófá é.10

Gan amhras, thacódh Micheál Mór de Róiste in ‘Gleann an Leasa’ leis an meon sin i dtaca le seilbh talún, agus lena bhfuil i gceist sa nath áirithe seo, leis: ‘Ní tréigean dúchais go tréigean talún.’11 Meon eile ar fad, áfach, a léirigh Eibhlín, bean chéile a aonmhic, a d’fhág Gleann an Leasa i ndiaidh shochraid a fir chéile. Dhiúltaigh sí fanacht oiread is lá eile ar an bhfeirm le hathair a céile: ‘Bíodh agat anois, bíodh do chuid Róisteach agus do chuid talmhan agat agus chífimid cad é an maitheas a dhéanfaidh siad duit.’12 Cé nach ann don chaint sin i leagan déanach an scéil, is cinnte go gcruthaítear diongbháilteacht nuaghinte na mná go beo drámatúil i gcríoch an scéil.13 Dionghbháilteacht a bhí ar iarraidh go dtí sin, faraoir, i saol pósta na mná óige.

Gnéithe eile de théama casta an ghrá atá sa ghearrscéal ‘Idir Ainnir is Uaigneas’14 ina dtagaimid ar Bhríd Ní Dhomhnaill, bean atá ag súil le deich mbliana anuas nó mar sin go gcuirfidh feirmeoir sa cheantar darb ainm Liam Condún ceiliúr pósta uirthi go luath amach anseo. Ní léir go bhfuil aon deabhadh chun na haltóra ar Liam, áfach, agus ní cheileann a athair coinbhreoite an drochmheas nimhneach atá aige siúd ar Bhríd bhocht. Seo isteach le Peigí, an bhanaltra óg sciamhach atá tagtha abhaile ar laethanta saoire ó Shasana agus í chomh mánla le haingeal ag cabhrú le Liam ó thaobh chúram a athar bhreoite de sa tréimhse sula gcailltear é. Agus a athair ar shlí na fírinne, is léir go bhfuil féidearthachtaí nua á samhlú do Liam ionas go mbeartaíonn sé dul chun cainte láithreach leis an mbruinneall ghleoite (Peigí), féachaint an nglacfaidh sí leis mar chéile. Cruthaítear radharc greanntragéideach den scoth ina mbraitear ródhíograis an bhaitsiléara mhearaithe mar aon le stuaim thuisceanach na hógmhná cineálta nach gcuimhneodh go deo ar leithéid Liam a phósadh. Agus críoch an scéil? Chítear Liam agus é ag siúl go malltriallach trí na páirceanna i dtreo theach Bhríd, mar a bhfuil an bhean fhadfhulangach ag feitheamh: ‘… í gléasta ina h-éadaigh Domhnaigh agus cluas uirthi le gíoscán an gheata agus le trostar trom fir ar an gcasán.’15

Gan amhras, ba thípeanna so-aitheanta iad na carachtair sin ach is áirithe gur éirigh leis an Liathánach cothromaíocht mhaith a choimeád idir an greann éadromaigeanta agus gné na tragóide sa luathscéal bríomhar soléite seo a bhí fréamhaithe go maith i saol tuaithe na tréimhse inar cumadh é.

Gearrscéal fíorchumasach de chuid an Liathánaigh is ea an scéal ‘Sop’ a foilsíodh ar dtús faoin teideal ‘Sop i nGreim Cuilithe’ i 1946 16 agus a foilsíodh arís sa chnuasach Nuascéalaíocht, tamall de bhlianta ina dhiaidh sin.17 Sa scéal seo airítear éiginnteacht, míshuaimhneas agus cráiteacht phearsanta an ábhair sagairt a bhfuil amhras air i dtaobh ghairm na sagartóireachta. Aithníonn Searlaí ina chroí istigh nach mian leis leanúint de shaol na haontumha a thuilleadh, ach aithníonn sé, leis, nach bhfuil sé de mhisneach aige fírinne an scéil a nochtadh dá mháthair, bean atá thar a bheith bródúil maíteach as a mac a bheith ag dul le sagartóireacht. Ní theastaíonn ón bhfear óg náire a tharraingt ar a mháthair ná ar a mhuintir cé go dtagann fonn láidir air ó am go chéile deireadh a chur leis an gcur i gcéill seo ina shaol. Fear géarchúiseach tuisceanach é athair an fhir óig a fhiafraíonn go ciúin dá mhac: ‘Bhfuil d’aigne socair, a Shearlaí, nó ar mhaith leat éirí as an sagartóireacht?’ Ag an bpointe sin, agus seans anois ag an ógfhear an deis a thapú agus an fhírinne a insint dá athair, teipeann an misneach air agus is go lagmheanmnach a fhreagraíonn sé a athair: ‘Táimse ceart go leor.’18 Airíonn an léitheoir dubhuaigneas croí agus anama an phríomhcharachtair, é cráite, éadóchasach, teanntaithe agus é cheana féin ar deighilt ón ngnáthshaol ina thimpeall.

Is cinnte go n-éiríonn leis an gcúpla blúire breise a chuir an Liathánach isteach i leagan déanach an scéil béim shoiléir a leagan ar fhrustrachas collaí an ógfhir ar bhreá leis blaiseadh de chaidreamh grá le hógbhean, rud a bhain le réimse na samhlaíochta agus na dúile neamhchomhlíonta aige go dtí seo. Tagraítear, mar shampla, do ‘na samhlacha banda a chuir le buile mhacnais istoíche é, agus nach bhféadfadh paidreoireacht dá dhéine an ruaig a chur orthu.’19

Tagann an dúil agus an miangas collaí i gceist i ngearrscéalta eile leis an Liathánach, mar shampla, sa scéal Cúiteamh mar a bhfeictear an tslí inar chuir mealltacht ghnéasúil na hógmhná neamhbhuartha neamhscrupallaí an príomhcharachtar ar seachrán tráth dá shaol. Gearrscéal fuinte dea-scríofa eile de chuid na 1940idí é ‘Cúiteamh’ a bhfuil idir shuíomh, phlota, charachtair agus téamaí inspéise ag roinnt leis.20 Luathscéal eile a ritheann liom sa chomhthéacs seo é ‘Tréigtheacht’, scéal cathrach ina ríomhtar cás an fhir óig atá suaite go maith ann féin toisc é a bheith tréigthe ag an ógbhean dár thug sé grá a chroí agus tuigtear dó go bhfuil sise gafa le fear eile anois:

Dá mbeadh slighe ar bith aige chun an mianghus do-fhulangtha do-shásamhtha a mhaolú. … Tháinig dubhachas agus éadóchas air… Bhí fonn air a cheann a leigeant isteach ar chaoin-bhrollach éigin agus a dhóithin do chaoineadh an fhaid is a bheadh lámha tlátha á shlíocadh go ceanúil.21

Plé suairc éadromchroíoch a dhéantar ar théama an ghrá in ‘An Rud nach mBíonn Agam’ agus ‘Ciarraí Abú’, gearrscéalta a foilsíodh ar dtús in Comhar sna 1940idí agus a foilsíodh arís in Gleann an Leasa (1973).

Chítear gur roghnaigh Ó Liatháin roinnt gearrscéalta a bhaineann le saoltaithí an bhuachalla óig dá chnuasach Gleann an Leasa. Thuairimeoinn gur bunaíodh na scéalta ‘Agus an Féarán?’ agus ‘Éan na hOíche’ ar eachtraí óna óige féin, dhá ghearrsceál a foilsíodh ar dtús in An Glór sa bhliain 1946. Sonraítear ról éifeachtach na coille – agus éanlaith na coille – i gcur i láthair shuíomh agus atmaisféar eachtraí an dá ghearrscéal sin. Tugtar faoi ndeara sna scéalta sin agus i scéalta eile ar nós ‘Gleann an Leasa’, ‘Gealtachas Fómhair’, ‘Sop’ agus ‘An Bardal Fiáin’, a chruinne a chruthaítear gnéithe ar leith de shaol agus de thimpeallacht na tuaithe. B’fhollas a fhairsinge a bhí tuiscint agus taithí an Liathánaigh ar shaol sin na tuaithe. Dála Thomáis Bairéad, scríbhneoir a raibh ardmheas aige air,22 bhí ceantar a óige féin ina mhórfhoinse inspioráide ag Ó Liatháin ar feadh a shaoil. Ceann dá mhórbhuanna scríbhneoireachta i gcoitinne is ea an tslí a n-éiríonn leis an dúlra agus idir shaol agus timpeallacht na tuaithe, an ghleanna agus na coille a chruthú go críochnúil, léirsteanach, áititheach ar phár.

Ar na tréithe suaithinseacha stíle a shonraítear i ngearrscéalta Uí Liatháin trí chéile, d’áireoinn an bhríomhaireacht agus an ghontacht i gcúrsaí insinte, an cur síos grinnsúileach, an chluas ghéar, féith an ghrinn agus faobhar na híoróine. Ó thaobh réimse na carachtrachta de, cuid suntais é ardchumas portráidíochta an scríbhneora agus éagsúlacht thaitneamhach na bpearsan cé nach seachnaítear na típeanna coinbhinsiúnta i gcónaí. Maidir le ceist an chanúnachais i scríbhneoireacht Uí Liatháin, chítear dom gur chuir léirmheastóir amháin go cruinn beacht é nuair a dúirt: ‘Tá an chaint dúchasach gan a bheith róchanúnach.’23 Cuimhnímis ar an gcaint seo a dhein Ó Liatháin féin faoi chúrsaí stíle sa léirmheas a scríobh sé ar Dialann Deoraí i 1960. Molann sé stíl éasca seolta Dhónaill Mhic Amhlaigh agus deir sé go gcuireann sé stíl ‘Ghruagach an Tobair’, údar Annála na Tuatha, i gcuimhne dó cé go bhfuil cánúintí agus tréimhsí scríbhneoireachta difriúla i gceist:

Ach, ar ndó, i gcás seo na stíle, ní bhíonn cúigeachas ná canúnachas i gceist. Eolas ar theanga, tuiscint di, agus grá dá réir. Sin é, im’ thuairimse, an bunús le stíl thaitneamhach. … Is mó go mór ná aoinne againn an teanga – leanaimís a bealach siúd, máisea, le linn dúinn bheith ag plé léi. Ná bímís ag iarraidh í chasadh isteach inár mbealach caol achrannach féin.24

I léirmheas a scríobh an Liathánach ar cheann de chnuasaigh scéalta Phádraic Bhreathnaigh, mhaígh sé gurbh í an chaoladóireacht ‘buaic na gearrscéalaíochta’25 agus, gan amhras, d’fhéadfaí a rá gur léirigh sé féin ardchumas caoladóireachta sna gearrscéalta ab fhearr aige. Bhain ceardúlacht, snoiteacht agus sriantacht stíle ar leith le gearrscéalaíocht Uí Liatháin. Go deimhin, chonacthas do léirmheastóir amháin gur i saothar Annraoi Uí Liatháin a bhí ‘an prós is clasaicí dár scríobhadh san aois seo.’26

Conclúid

Ní raibh uainn ach scéalta a scríobh le haghaidh gnáthphobal léitheoireachta na Gaeilge… An scéal a bheith soléite agus inspéise. Ba é sin ár n-aidhm.27

I gcás Annraoi Uí Liatháin, is cinnte gur éirigh leis aidhmeanna i bhfad ní b’uaillmhianaí agus ní b’uileghabhálaí ná sin a bhaint amach i réimse na litríochta cruthaithí sa Ghaeilge ó na 1940idí anuas go dtí na 1970idí. B’fhuirist mianach, fuaimint agus féinmhuinín an scríbhneora thréithigh a aithint i ngearrscéalta Uí Liatháin agus is cinnte gur forbraíodh na buanna scríbhneoireachta a tháinig chun solais sa luath-thréimhse sin sna seánraí eile scríbhneoireachta a chleachtaigh sé i ndiaidh thréimhse úd na 1940idí. Bhain úire, ionracas, géarchúis, daonnacht, doimhneacht braistinte agus acmhainn grinn leis an ionramháil théamach a dhein sé ar ábhar na scéalta aige. Cé nár foilsíodh aon chnuasach scéalta leis an Liathánach go dtí 1973, bhí a ainm in airde mar ghearrscéalaí i bhfad roimhe sin. Luaim, mar shampla, an méid seo ó nóta faoi Annraoi Ó Liatháin a foilsíodh in An tUltach, Meitheamh 1950 agus é nuacheaptha ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge: ‘Fear óg é a bhfuil cliú air mar sgríbhnóir gearr-scéaltach.’28

Ó thaobh na gearrscéalaíochta de, agus tamaillín caite anois againn ag féachaint ar chuid áirithe de thimpeallacht agus de chúlra ginearálta shaothrú na litríochta Gaeilge sna 1940idí, agus ar ghearrscéalta ar leith leis an Liathánach féin, is dóigh liom gur ríléir dúinn, ní hamháin a oilte agus a ealaíonta a bhí Ó Liatháin i mbun sheánra an ghearrscéil, ach a luachmhaire a bhí an sampla agus an spreagadh a thug sé do scríbhneoirí eile chomh maith. Mar fhocal scoir, is é an ní atá á áiteamh anseo agam ná gur chuir Annraoi Ó Liatháin go fuinniúil, éifeachtach, suaithinseach le forbairt agus bláthú ghearrscéalaíocht na Gaeilge. Agus sinn ag cuimhneamh ar scríbhneoireacht chruthaitheach an Liathánaigh ina hiomláine, ritheann ráiteas álainn Phádraig Uí Mhaoileoin linn: ‘D’fhág sé a chroí mar oidhreacht againn i bhfriotal snoite snasta.’29

Tagairtí

1 Annraoi Ó Liatháin, Ceithre peacaí a ghlaodhann ar Neamh…, Glún na Buaidhe, Baile Átha Cliath, 1943(?), 3.
2 William Trevor, The Ballroom of Romance and Other Stories, The Bodley Head, London, 1972.
3 Pádraic Breathnach, Bean Aonair agus Scéalta Eile, Clódhanna Teo., Baile Átha Cliath, 1974.
4 ‘Gleann an Leasa’, Gleann an Leasa, Sáirséal agus Dill, 1973,23.
5 Féach Rosemary Cullen Owens, A Social History of Women in Ireland 1870-1970, Gill and Macmillan, 2005, 165-6.
6 Gleann an Leasa, Sáirséal agus Dill, 1973, 29.
7 Leabhrán an Oireachtais: Duais-Iarrachtaí, An Seabhac do chuir in eagar, Coiste an Oireachtais, 1944, 22.
8 Féach tuairiscí na moltóirí ar chomórtais 1944, Páipéir Oireachtas na Gaeilge, LS G1,369/9, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
9 Páipéir Oireachtas na Gaeilge, LS G1,375/3, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
10 Cois Caoláire, Sáirséal agus Dill, 1953,166.
11 Féach Pádraig Óg Ó Conaire, ‘An Fód Dúchais’, Fuine Gréine, Sáirséal agus Dill, 1967, 75.
12 Leabhrán an Oireachtais: Duais-Iarrachtaí, An Seabhac do chuir in eagar, Coiste an Oireachtais, 1944, 32.
13 Féach Gleann an Leasa, Sáirséal agus Dill, 1973, 38.
14 Foilsíodh an scéal in An Iris, Feabhra 1946, 35-47.
15 An Iris, Feabhra 1946,47.
16 An Glór 12 Eanáir, 1946, 2, 6.
17 Tomás de Bhaldraithe a roghnaigh na scéalta. Sáirséal agus Dill a d’fhoilsigh, 1952.
18 Gleann an Leasa, Sáirséal agus Dill, 1973, 90.
19 Gleann an Leasa, Sáirséal agus Dill, 1973, 84.
20 Féach Gleann an Leasa, Sáirséal agus Dill, 1973, 61-71.
21 An Glór, 30 Meitheamh 1944, 3.
22 Annraoi Ó Liatháin, ‘As an nGéibheann: Best seller na Bliana’, Feasta, Feabhra 1974, 16.
23 Tomás Ó Cathasaigh, léirmheas ar Luaithreach an Bhua, Comhar, Iúil 1969, 25.
24 ‘An Náisiún Caillte’, Comhar, Meán Fómhair 1960, 26.
25 ‘Beirt scríbhneoir le dealramh’, Feasta, Iúil 1978, 16.
26 Mairéad Ní Chinnéide, ‘Scríbhneoir Clasaiceach an Laochais’, An tUltach, Iúil/Lúnasa 1982, 20.
27 Réamhrá Gleann an Leasa, Sáirséal agus Dill, 1973, 10.
28 Féach An tUltach, Meitheamh 1950, 4.
29 ‘Cuimhní Cinn ar Annraoi Ó Liatháin’, Comhar, Meán Fómhair 1981, 4.
——◊——
• An Dr Aisling Ní Dhonnchadha, Léachtóir Sinsearach, Roinn na Nua-Ghaeilge, Ollscoil Mhá Nuad.

• Tá an t-alt seo bunaithe ar chaint a tugadh le linn Thionól na nDéise, eagraithe ag Dáil na Mumhan de Chonradh na Gaeilge, i gColáiste na Rinne, 1 Aibreán 2017.

Feasta, Samhain 2017

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais