Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Nós

le Ralph de Prendergast

Maidin ar bith ní fhágaim mo thigh
Gan comhartha na croise a ghearradh
Le huisce coisricthe an umairín bhig
Atá ag crochadh laistigh ins an halla.
Is é mo chathéide dhofheicthe é,
Mo sciath ar dhíobháil is dochar,
A thiocfadh mo bhealach i gcaitheamh an lae
Is mé ag taisteal ag spórt is ag obair,

Agus i gcónaí istoíche ní luímse síos
Gan gach seomra dem thigh a bhaisteadh,
Gach poll is prochóg thuas staighre is thíos,
Na doirse, glais, bóltaí is laistí.
Seascair im leaba, faoi choimrí an uisce,
Ní heagal liom ionsaí ón ropaire,
Ach le fios nó le hamhras, mar áis chosanta bhreise,
Coimeádaim camán faoi mo leaba.


Feasta, Samhain 2017

Abhaile | barr | clár na míosa seo