Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Ciotachán

le Colin Ryan

Sinn féin a rinne é
le draíodóireacht:
ciotachán leathdhaonna
a cheileadh é féin
faoi bhrat na doiléire

é inár gcuibhreann
gach oíche
ag cogaint go mall
a shúile sáite i rud
a bhí thar insint scéil

nó gur oscail an doras
faoi spéir rédhorcha
is gur tharraing
an cogar a chosa

amach chun na háite
a bhí i ndán dó
amach chun ár
a chogaidh



Apacailipsis

le Colin Ryan

Ar dtús níor tugadh faoi deara
go raibh an saol ag claochlú

is na cait ag siúl
ar na claíocha mar ba ghnáth
na pinsinéirí ag imirt an deimhis
ar rósóga
is gan de thubaistí ann
ach i bhfad ó bhaile

ach dhúisíomar lá
is an saol ag dul go séimh
as alt a chéile:
uisce an vása dulta i ndísc
an cupán tite den bhord
na héin trí thine le spéartha an lae

ach téimid fós ag ceannach
an nuachtáin ar maidin
ag siúl thar an léanna spíonta
thar gháire dóite na gcloigne.



Feasta, Samhain 2017

Abhaile | barr | clár na míosa seo