Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


- - Liam Cosgrave, RIP, agus an Ghaeilge - -

Gan amhras, b’ócáid ar leith é bás an iar-Thaoisigh Liam Cosgrave. Níorbh é a aois mhór amháin a bhí i gceist, ach bhí pearsantacht neamhghnách aige, agus a dhearcadh suaithinseach agus neamhspleách féin aige maidir le cúrsaí poiblí agus moráltachta. Ba chinnte nárbh aon bhac air vótáil in aghaidh a pháirtí féin nuair nár aontaigh sé leo, go háirithe ó thaobh gné éigin a bhain lena chreideamh pearsanta féin. Maidir lena dhearcadh polaitiúil féin, b’ábhar maíte dó go n-áireofaí go daingean é ar an eite dheis.

Thart ar dhá bhliain ó shin d’fhill sé ar an nuacht tráth a d’éirigh conspóid: luaigh an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, a mhíshásamh le cur chuige agus dáiríreacht an rialtais maidir leis an nGaeilge a chosaint agus a chur chun cinn mar theanga labhartha i saol na tíre. Mar is eol, d’éirigh an Coimisinéir as oifig go gairid ina dhiaidh sin, á lua mar chúis nach raibh aon dóchas fágtha aige go mbeadh ar a chumas tabhairt ar an rialtas aon athrú a dhéanamh ar an gcur chuige sin a bhí acu maidir leis an teanga.

Ní hé an rialtas a raibh sé féin ag plé leis amháin a bhí i gceist i gcáineadh an iar-Choimisinéara tar éis do éirí as oifig, agus is cinnte nárbh é Cosgrave an t-aon Taoiseach a bhí i gceist aige. Thagair sé dó ar an ócáid, toisc gur tháinig sé trasna sa Chartlann Náisiúnta ar chomhfhreagras a bhí curtha in 1974 ag Cosgrave, a bhí ina Thaoiseach ag an am, go dtí an tAire Airgeadais, tráth ar cuireadh deireadh le riachtanas na Gaeilge chun dul isteach sa státseirbhís, comhfhreagras inar léiríodh gur tuigeadh go maith go mbeadh drochthoradh ag an gcinneadh ar chumas na státseirbhíseach gnó a dhéanamh trí Ghaeilge leis an bpobal. Ní hé a bhí i gceist go raibh Cosgrave ná a rialtas eisceachtúil, ach gur luadh iad mar shampla den chur i gcéill agus easpa dáiríreachta i gcás rialtais i gcoitinne, cur i gcéill a bhí ag cur cosc ar dhul chun cinn na teanga.

Is é is dóichí ná go raibh Cosgrave go pearsanta báúil don teanga, agus fiú ceanúil uirthi, ach nár leor é sin chun í thabhairt slán, go háirithe agus fórsaí eile ann a bhfuil tionchar acu, cosúil leis an Státseirbhís, gur cuma leo beo nó marbh í. Tá fhios againne anois gur dhein cinneadh sin an rialtais in 1974, nach mbeadh sí riachtanach chun dul isteach sa státseirbhís, dochar as cuimse don Ghaeilge. Is breá ar fad gur léirigh polaiteoirí tábhachtacha eile, taoisigh agus iar-thaoisigh eile mar Leo Varadkar agus Brian Cowen fiú, a mbá agus a ngean don teanga. Ach tá fhios againn leis nach leor an dea-thoil sin, fiú i gcás gné chomh tábhachtach dár n-oidhreacht le teanga bheo, chun í a thabhairt slán agus sábháilte inár measc.

Feasta, Samhain 2017

Abhaile | barr | clár na míosa seo