Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Smaointe Polaitíochta

le Seán Ó Loingsigh




Más ócáid mhór an Buiséad inár saol polaitiúil gach uile bhliain, ba dheacair a rá go raibh sé sin fíor i mbliana nó go raibh aon mhórsceitimíní ag baint leis. Gan amhras, ní chun sceitimíní a chur orainn a bheartaítear é, ná is cúram dó, ach chun cuntas a thabhairt ar staid eacnamaíoch na tíre, agus léargas a thabhairt leis ar athruithe agus leasaithe atá riachtanach, ag brath i gcónaí ar cé chomh holc nó maith atá an staid sin.

Sin an teoiric, gan amhras .Maith is eol dúinn, i ndáiríre, nach beag ar aon chor an úsáid a bhaintear as chun an dreach is fearr is féidir a chur ar chumas agus ar éifeachtúlacht na bpolaiteoirí atá i mbun rialtais. Ní le haon soiniciúlacht a deirtear é, ach ní beag an tionchar a bhíonn ag tráth agus ionchais an chéad olltoghcháin eile ar threo agus ar théarmaí an bhuiséid bhliantúil. Is gnáthchuid den chóras daonlathach é.

Más fíor é sin, b’fhéidir go bhféadfaí a thuar, le hoiread cinnteachta agus is féidir a lua le haon tuar polaitiúil dá leithéid, nach bhfuil aon chosúlacht ann go bhfuil an rialtas seo ag brath nó ag beartú go mbeadh olltoghchán ann laistigh de bhliain, agus go bhfuil siad meáite ar bhuntáiste iomlán a bhaint as an gcinneadh sin ag Fianna Fáil go seasfaidh siad leis an rialtas seo go dtí go mbeidh an tríú buiséad curtha i láthair acu. Is ceann d’iontais ár linne é conas mar a cuireadh ualach na staire ar leataobh, agus go bhfuil Fine Gael agus Fianna Fáil anois mar a bheadh i mbarróg ghrámhar faoi mar nach raibh riamh aon drochfhuil eatarthu. B’fhearr an áibhéil a sheachaint, gan amhras: maidin inniu féin bhí siad ar an raidió ag baint stiallacha as a chéile de bharr mioneasaontais éigin a tharla sa Dáil.

Go deimhin, ní féidir gan a bheith díomách as an Dáil agus conas mar a fheidhmíonn an institiúid, agus conas mar a riartar í. Is doiligh gan a mheas go seachnaíonn rialtais, oiread agus is féidir, plé agus díospóireacht cheart, chríochnúil a dhéanamh ar ábhair thromchúiseacha, go háirithe ar leasuithe bunúsacha a mbeadh tionchar fadtéarmach acu ar shaol an phobail. Gan amhras, ní féidir díospóireacht a sheachaint i gcás go mbíonn bille nua le rith nó acht le leasú, bíodh fiú amháin ansin gur minic a chuirtear ciorrú nó srian leis an díospóireacht, pé deis a fhaightear chuige sin. Ach is cinnte go ndeintear athruithe faoi cheilt, agus gur mó sin ar mhaithe le caothúlacht, agus d’fhonn conspóid agus cur i gcoinne a sheachaint.

Is minic le tabhairt faoi deara ar an teilifís an spléachadh a bhíonn ar fáil ar ionad fairsing, taibhseach na Dála, agus an bhaicle bheag teachtaí a bhíonn i láthair agus ábhar éigin á phlé, agus Clare Daly ar a cosa taobh le Mick Wallace sna cúlbhínsí, agus í ag caint go fuinniúil agus go líofa faoi ábhar éigin atá ag dó na geirbe aici – go deimhin, ábhar go mbíonn tábhacht leis agus riachtanas lena phlé. Ach cá bhfuil an bhreis agus céad teachta eile atá as láthair? Níltear ag rá ar aon chor go bhfuil siad díomhaoin, ach níos dóichí ná a mhalairt, bíonn siad i gceann éigin de na cúlseomraí ag scríobh litreacha go duine éigin ina dtoghcheantar, ar chúis éigin phráinneach, gan amhras. Ba dheacair a rá gur spléachadh é seo a spreagfadh aon mhóraird nó aon mheas ar leith.

Ba mhinic sa cholún seo beag is fiú a dhéanamh de ról agus d’éifeacht na dteachtaí neamhspleácha, nó atá ina mbaill de na mionpháirtithe iomadúla. B’fhéidir nár mhiste leorghníomh a dhéanamh sa mhéid sin. Ba bhoichte go mór é an Dáil dá n’éagmais faoi láthair, agus ba lú éifeachta é. Tá sé seo fíor fúthu idir mhná agus fhir, ach níor mhiste ar aon chor tagairt a dhéanamh do mhná de gach uile aois a labhrann go minic agus go spreagúil (agus go minic i nGaelainn!) faoi ábhar éigin a bhfuil tábhacht agus iomchuibheas ag baint leis. Fós, tá athmhachnamh agus athleasú riachtanach maidir leis an Dáil, mar a bhí geallta go minic ach nár tharla riamh. Agus go deimhin, nach furasta dearmad a dhéanamh ar Sheanad Éireann, nó céard a tharla don athleasú a bhí beartaithe don institiúid sin?

San am céanna, tá an teacht le chéile do dhaoine anaithnid ar a ndtugtar an Tionól Saoránach ar bun in óstán amuigh i Mullach Íde, agus iad ag plé le hábhair a fhéadfaí, agus nár mhiste iad a phlé, sa Dáil nó sa Seanad. D’fhéadfaí a rá faoin gcomhthionól seo nach bhfuil a ról soiléir, gan trácht ar aon chor ar an gcostas a bhaineann leis, agus gur bealach éalaithe atá ann i gcás rialtais nach bhfuil sásta an fhreagracht a ghlacadh, agus gníomhú nuair a thagann ceisteanna achrannacha chun cinn. Go rómhinic is moilleadóireacht agus cur ó dhoras a bhíonn i gceist ag an rialtas, agus is beag a chuireann an comhthionól le stádas na Dála agus an tSeanaid.

Gan amhras is é an cheist is mó agus is dothomhaiste faoin Dáil faoi láthair ná an comhréiteach neamhghnách idir Fhine Gael agus Fhianna Fáil. Cén fhaid eile a leanfaidh sé, nó an ndéanfaidh ceapachán Leo Varadkar mar Thaoiseach aon difríocht? Is ceist thábhachtach eile an mbeidh toradh fadtréimhseach air ó thaobh pholaitíocht na tíre sa mhéid gur beag idir an dá pháirtí ó thaobh a ndearcaidh pholaitiúil, agus fiú mura dtarlódh aon ní dá bharr sa ghearrthréimhse, is athrú an-bhunúsach atá ann ar dhearcadh agus ar threo na polaitíochta i gcoitinne. Is tráthúil, b’fhéidir, agus sinn ag druidim le comóradh céid an Chogaidh Chathartha, ar a dtugtaí Cogadh na gCarad, go bhfuil an comhréiteach seo tarlaithe anois, agus nár mhiste dá maolódh sé aon teannas a tharlódh idir an dá thaobh.

Má tá maolú ar an ngoimh idir an dá sheanpháirtí pholaitíochta, an bhfuil sé ag teacht chun cinn, agus fiú ag méadú, idir Fhianna Fáil agus Sinn Féin; nó an bhfuil goimh Fhianna Fáil agus Fhine Gael, ar thaobh amháin, dírithe go príomha anois ar Shinn Féin? Ní féidir a chur as an aíreamh, ach oiread, go raibh baint ag an réiteach idir an dá mhórpháirtí lena ndeargnaimhdeas araon do Shinn Féin. Is ceist eile fós an measa naimhdeas amháin ná an dara cinéal naimhdis, ach ós ag caint dúinn ar imeachtaí agus stádas na Dála, ba dheacair a rá go gcuireann sé mórán le ceachtar díobh.

Tá, is cosúil, fadhbanna ag Sinn Féin ar dhá thaobh na teorann faoi láthair. Is cinnte go bhfuil tromchúis ar leith ag baint leis an tsáinn ina bhfuil na comhráití idir an páirtí sin agus an DUP chun teacht ar réiteach, agus Tionól agus Feidhmeannas a athbhunú. Tá práinn ar leith leis sin i bhfianaise na mórthábhachta a bhaineas leis an mBreatimeacht i gcás an oileáin ar fad. Ní fios an bhfuil an DUP ag tarraingt na gcos, agus ag baint úsáide as pé socrú a rinne siad leis an bPáirtí Caomhach chun rialtas a bhunú i Londain. Is mí-ámharach leis go bhfuil an Ghaeilge á tarraingt isteach sa chonspóid seo, agus go mbeadh mí-úsáid á baint aisti ar mhaithe le hionramháil agus caoithiúlacht pholaitiúil. Nach gcaithfidh pé réiteach a deintear teacht le téarmaí agus coinníollacha Shocrú Aoine an Chéasta, agus nach bhfuil an Ghaeilge luaite sa Socrú sin?

Ba léir nach raibh an Taoiseach róthógtha le ráiteas na gCoimisinéirí Ioncaim le déanaí faoin mBreatimeacht, agus go háirithe a dtuairim nach bhféadfadh ‘teorainn bhog’ a bheith ar an oileán seo, dá bhfágfadh an Bhreatain an t-aontas custaim agus an margadh aonair, chomh maith leis an Aontas féin. Sa chás sin, ní fhéadfaí an tseiceáil agus an mhoill a sheachaint, ná déanamh gan an fearas agus na foirgnimh a ghabhann leis. Ní raibh siad, mar a deirtear, ag cur fiacail ann, agus ba léir leis a n-imní go raibh ‘caint bhog’ na bpolaiteoirí, agus go háirithe iadsan sa Bhreatain, ag cur dallamullóg ar an bpobal. Ach cad is féidir dúinn a dhéanamh agus sinn ag brath go hiomlan orthu siúd, a ndeirtear linn go bhfuil siad ag cur ar ár son.

Scéal mór eile faoi láthair sea mí-iompar na mbaincéirí. Baineann scanradh ar leith le scéal seo na morgáistí, agus go dtiocfadh le hoiread de na baincéirí agus na bainc a bheith chomh míthrócaireach agus mídhaonna gur loit siad a saol ar oiread sin daoine neamhurchóideacha, nach raibh mí-iompar d’aon chineál ar siúl acu. Go deimhin, ba iad na baincéirí a bhí ciontach i mí-iompar, ach coirpiúlacht a bhí i gceist i ndáiríre, pé acu an gciontófar iad ansin nó nach ndéantar.

Tá scéal níos leithne i gceist, gan amhras; scéal é a bhaineann le tubaist agus tarrtháil na mbanc a bhfuilimid uile ag díol go daor as, lucht na morgáistí san áireamh. Ba í saint na mbaincéirí ba chúis leis an tubaist sin, ach ba é diktat an Bhainc Cheannais Eorpaigh in Frankfurt a chinntigh gur sinne, cáiníocóirí, agus arís lucht na morgáistí bréige san áireamh, a íocfadh an scór. Ach tá dóthain ráite go minic cheana againn faoi conas mar a thréig an tAontas na gnáthdhaoine agus a gcearta, ar mhaithe le cearta agus buntáiste lucht na gcorparáidí móra, na baincéirí bradacha ina measc.

Feasta, Samhain 2017

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais


Feasta - Smaointe polaitíochta Feasta - Smaointe polaitíochta