Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Targaid Chun Tosaigh


le Luaí Ó Murchú (Redmond O’Hanlon)


Aistrithe ag Diarmaid Ó Tuama

Le linn don Crossley tender a bheith ag dul ina ruathar thar mhullach an chnoic, mhúch an tiománaí an t-inneall. D’imigh an leoraí le fána go ciúin agus tharraing isteach ag geata na reilige. Shuigh na fir gan chorraí istigh ann, iad le cúl a chéile ar dhá bhinse a bhí leagtha amach comhthreomhar lena chéile. Bhí dath liath ar an deannach a bhí ar a léinte, ar a mbrístí agus ar a mbairéid – criosanna gualainne orthu go léir agus gunnáin acu. Raidhfilí Lee-Enfield idir a nglúine acu, d’fhéach an líne fear a bhí ina suí chun tosaigh go neamh-mhothaitheach ar an slua thart timpeall ar an uaigh nuadhéanta – na daoine ag scaipeadh de réir a chéile agus iad ag imeacht tríd an ngeata i dtreo an bhóthair.

Léim an ceannasaí complachta amach ar an mbóthar ón suíochán taobh leis an tiománaí agus shiúil a fhad le geata na reilige. Rinne sé scrúdú géar orthu siúd a bhí ag teacht amach agus, nuair a shiúil na straigléirí deireanacha thairis, ghlaoigh sé ar na fir ar an leoraí. ‘An seó thart, de réir dealraimh! An meitheal lámhaigh imithe cheana féin, is dóigh liom. Mór an trua go bhfuilimid ró-dhéanach.’ D’fhreagair fear ón leoraí. ‘Ní i gcónaí a bhímid ródhéanach,’ ar seisean.

Agus Seosamh Ó Baoill ag teacht amach an geata, chuala sé an t-oifigeach ag caint. Uair amháin roimhe sin chuala sé an guth sin – ón dorchadas ar an mbóthar os comhair an tí an oíche ar thug na fir cuairt ar a dheartháir, Proinsias. Go tobann, thug an t-oifigeach ag geata na reilige faoi deara go raibh Seosamh ag stánadh air le linn dó a bheith ag dul thairis. Ní raibh ach cúpla slat siúlta aige thar an oifigeach nuair a chuala sé an t-ordú, ‘Tusa ansin! A fhir óig! Ar ais leat anseo.’

Sheas Seosamh Ó Baoill ar feadh soicind, ansin lean sé air ag siúl ar aghaidh. Le linn dó a bheith á dhéanamh sin, thug an t-oifigeach ordú os ard. Chualathas fuirseadh cos agus buataisí troma ar an leoraí agus léim na fir amach ar an mbóthar.

Chualathas boltaí raidhfilí á gcliceáil agus á mbrú agus bhí mná ag glaoch go práinneach ar Sheosamh Ó Baoill. ‘Joe, Joe! Tar ar ais, a bhuachaill.’

Thiontaigh sé thart. Thug sé faoi deara láithreach nach raibh aon duine ar an mbóthar seachas an líne fear a raibh a raidhfilí leathardaithe acu. Chonaic Seosamh go raibh an t-oifigeach ag faire go géar air – go fonnmhar beagnach.

‘Is mór an trua nár lean tú ort ag siúl,’ arsa duine de na fir – é ag siotgháire le linn dó bota a ghunna a ísliú ar an mbóthar. Agus é ag siúl i dtreo an oifigigh, chonaic Seosamh an scata ban ina seasamh go neirbhíseach ar thaobh an bhóthair.

‘Ná déan aon argóint leo, a Sheosaimh,’ arsa duine de na mná. Bhí seanfhear ag brostú tharstu, greim láimhe aige ar bhuachaill beag.

A lámha taobh thiar dá dhroim, d’fhan an t-oifigeach san áit ina raibh sé. ‘D’ainm?’ a d’fhiafraigh sé.
‘Seosamh Ó Baoill is ainm dom.’
‘D’aois?’
‘Ocht mbliana déag.’
‘Cad a thug anseo inniu thú?’
‘Sochraid mo dhearthár a thug anseo mé.’
‘Tuigim. Deartháir leis an gCaptaen Proinsias Ó Baoill atá imithe ar shlí na fírinne?’ arsa an t-oifigeach, searbhas ina ghlór.
‘Is ea. Is mise an t-aon deartháir a bhí aige.’
Ba chosúil go raibh an t-oifigeach idir dhá chomhairle. Bhí an naimhdeas folaithe in iompar an fhir óig tugtha faoi deara aige – agus, chomh maith leis sin, thug sé suntas don chaoi ar sheachain Seosamh an teideal sir a thabhairt air le linn dó a bheith ag caint. Labhair sé go tobann. ‘A chábóg shotalach! Imigh leat abhaile. Agus bí cúramach faoin gcomhluadar a bhíonn agat as seo amach. Go gasta,’ ar seisean, ‘nó cuirfimidne le do luas.’

——*——
Sna laethanta ina dhiaidh sin b’annamh a labhair a chomrádaithe sa cholún os a chomhair faoi bhás a dhearthár. Thuig siad an dlúthcheangal a bhí idir na deartháireacha. Níor labhair Seosamh riamh faoi imeachtaí na hoíche sin, nuair a chuala sé scaoileadh na n-urchar drithleach sa dorchadas agus fuaim íseal inneall an chairr ar Bhóthar Drumsillan. Ach bheadh cuimhne aige go deo ar an toitín neamhlasta ina luí ar an mbóthar agus ar an mbosca cipíní solais a raibh greim láimhe ag a dheartháir air nuair a thángthas ar a chorp. Agus le linn dóibh Proinsias Ó Baoill a iompar isteach i dteach a athar, ba é Seosamh féin a phioc suas an t-aon phíosa d’armlón 303, mar aon leis an dá chartús ídithe. Ba é gunnán 45 Smith and Wessan a d’úsáideadh na saighdiúirí de ghnáth chun daoine a mharú istoíche, ach ba ó Dhún Míleata an Ghleanna Dhuibh a tháinig an scuadrún an oíche sin. Le huirlis troda den chineál sin bheadh sé ní b’fhusa fanacht anaithnid dá mbeadh coiste cróinéara i gceist, nó dá dtiocfadh tuairisc ó shaineolaí balaistíoch – cibé fiúntas a bhainfeadh léi – ar na piléir a bhainfí amach as aon chorp.

De réir mar a thit amach, ní dhearnadh ach scrúdú sciobtha ar chorp Phroinsias Uí Bhaoill. Níor glacadh le haon fhreagracht mhíleata agus, taobh istigh de chúpla seachtain, bhí an scéal faoi mharú Phroinsias Uí Bhaoill an meán oíche sin chomh marbh le Proinsias féin.

Ach bhí an piléar 303 a d’ardaigh a dheartháir Seosamh den bhóthar aige fós. Dar leis féin, agus de réir a shamhlaíochta óigeanta, ba shiombail é an piléar den chóras ar mhóidigh sé féin agus a dheartháir deireadh a chur leis – siombail nua-aimseartha de thua an chrochadóra, de rópa an chrochadóra, den scuad lámhaigh. Ar an gcaoi sin, d’iompaigh an piléar ina bhuachloch, ina fheitis a raibh pearsantacht inti agus, ar deireadh thiar, ina oibseisiún in aigne Sheosaimh. Ó am go chéile dhéanadh sé comhrá leis an bpiléar, ag bronnadh beatha agus mothálachta air. ‘Tá jab le déanamh againn – agamsa agus agatsa,’ a deireadh sé agus é ag breathnú ar an bpiléar ar a bhois, ar na línte loma duáilceacha a bhí air, ar an gcás práis agus ar an bpointe nicile a bhí ag lonrú de thoradh na láimhseála gan stad ina phóca. ‘Lá éigin,’ a deireadh sé, ‘seolfaidh mé ar theachtaireacht thú ar son Phroinsias. Rachaidh tú díreach chuig an bpointe atá i gceist agam. Ní dhéanfaidh tú aon mhoill agus, má sheachadann tú an teachtaireacht de réir mar a iarrfaidh mé ort, ní bheidh aon ghá agat fanacht le freagra.’

——*——
Le fána an tsléibhe bhíodh cleachtadh á dhéanamh ag na fir ar bheartaíocht treallchogaíochta, béim á leagan acu ar dhul chun troda istoíche. Dhéanaidís staidéar ar scileanna do pháirc an áir, ar bhreathnóireacht, ar thacaíocht chosanta, ar dhuaithníocht agus ar ghuaiseacht trastíre. Agus iad ag cleachtadh aimsitheoireachta, scaoilidís a ngunnaí le targaidí seiftithe agus bhíodh an fhuaim le cloisteáil i gcearnóg an bhaile trí mhíle síos uathu, rud ar chuir an garastún áitiúil suim ann. Rinneadh iarrachtaí an namhaid a mhealladh chuig na bunchnoic, ach theip ar na hiarrachtaí sin. Bhí an tír-raon garbh agus an chosaint chumhdhaigh rófhabhrach don cholún a bhí ag gníomhú sa cheantar. Ligtí don namhaid cuardach trialach a dhéanamh – ag súil, tar éis imeacht ama, go n-éireodh na patróil taiscéalaíochta míchúramach. I mbeirteanna nó ina nduine is ina nduine, mar fhairtheoirí, choinnigh an colún súil ghéar ar na bunchnoic, ag breathnú amach thar an radharc ollmhór ag titim go droimneach ar an machaire i bhfad uathu faoi cheo an fhómhair. Nuair a cuireadh Seosamh amach ar diúité, chonaic sé teach a mhuintire na mílte thíos faoi agus tithe eile ar dhá thaobh an bhóthair. Ón áit sin d’fhéadfadh duine na scamaill deannaigh a d’fhág na leoraithe ina ndiaidh a fheiceáil le linn dóibh gluaiseacht faoi lánluas isteach is amach go dtí an Gleann Dubh.

Maidin amháin agus é ag breathnú ar an scamall dusta ag gluaiseacht soir i dtreo Chúl Doire chonaic Seosamh Ó Baoill an carr ag tógáil an chúlbhóthair a rith isteach sna cnoic. Míle ní b’fhaide suas an bóthar, stad an carr agus thuirling beirt fhear amach as. D’fhócasaigh an breathnóir a ghloiní ar an mbeirt agus chonaic sé an duine ab airde acu ag spré léarscáile amach ar bhoinéad an chairr. D’aithin sé an t-oifigeach a bhí á cheistiú agus é ar a bhealach amach ón reilig roinnt seachtainí roimhe sin. Bhí éide á caitheamh ag an bhfear eile agus raidhfil crochta thar a ghualainn aige. D’fhan an tríú duine, an tiománaí, sa charr. Choinnigh Seosamh súil ar an mbeirt ag déanamh a mbealaigh tríd an bhfraoch go dtí gur shroich siad an cosán a bhíodh á úsáid ag lucht caorach. Thosaigh an péire acu ag dul in airde ar an gcosán casta.

‘Níl ann ach beirt,’ a smaoinigh Seosamh agus é ag faire ar na fir a bhí ag teacht ina threo. Bhí déshúiligh ag an oifigeach agus cás léarscáile ar crochadh thar a ghualainn. D’fhéach sé siar agus labhair sé lena chomrádaí. Bhain an saighdiúir a raidhfil de agus d’iniúch sé an tír-raon garbh ar dheis agus ar chlé. ‘Aimsitheoir, is dócha,’ arsa Seosamh leis féin, ‘agus gasta chun targaid a aimsiú.’

Ghluais an bheirt in airde agus níorbh fhada go raibh siad cúpla slat ón áit ina raibh sé ina luí – agus ansin d’imigh siad as radharc thar mhullach an chéad chnocáin eile. Ní raibh Seosamh cinnte an dtabharfadh a fhairtheoir féin, giota ní b’fhaide in airde ar na cnoic, gluaiseacht na beirte faoi deara.

Ag cur san áireamh go raibh an fear thíos ag fanacht agus, gan amhras, ag faire ar an mbóthar ón gcarr, rinne an breathnóir lámhacán chun tosaigh ar na ceithre boinn agus bhreathnaigh in airde thar mhullach an chnocáin. Bhí na fir ag dul síos i dtreo an talaimh leibhéalta, áit ar imigh an gleann as radharc siar thar ghualainn an tsléibhe.

Ón áit ina raibh sé i bhfolach rinne sé staidéar ar an mbearna a raibh an bheirt fhear imithe tríthi. Bhí sé den tuairim go bhfillfidís an bealach céanna, mar bhí an carr fós ag fanacht leo. Tar éis dó scrúdú a dhéanamh ar an taobh thall den chnoc ní fhaca sé aon rian de na fir a bheith ag filleadh agus ghluais Seosamh Ó Baoill ar gcúl agus thosaigh ag déanamh staidéir ar an talamh idir an áit ina raibh sé féin agus an bhearna sa chnocán.

Dá bhfillfeadh an bheirt fhear, bheadh buntáiste an talaimh aird acu, ach seans nach mbeidís chomh cúramach céanna agus ag iad ag filleadh ar an gcosán céanna. Bheadh buntáiste na ganfhiosaíochta aige féin, ach níor bhraith sé ar a shuaimhneas nuair a chuimhnigh sé ar an oifigeach neamhchoimisiúnaithe a bhí ag siúl tuairim is fiche slat taobh thiar den oifigeach. Bheadh an chéad urchar furasta go leor, ach dá rachadh an t-aimsitheoir i bhfolach ar chloisteáil an urchair dó, bheadh fadhb ag Seosamh Ó Baoill. Ag an am céanna, a smaoinigh sé, ní ligfeadh an saighdiúir coimhdeachta don oifigeach dul rófhada chun tosaigh air agus, dá bhrí sin, ba chosúil nach mbeadh ach achar gairid idir an bheirt fhear nuair a thiocfaidís tríd an mbearna ar an gcnocán.

Bhí an taobh clé d’fhána an fhéir, a bhí leathite ag caoirigh, briste ag meascán de charraigeacha agus d’aiteann. Ar thaobh na láimhe deise bhí meascán garbh de sceacha geala, driseacha agus raithneach. Dhreap an breathnóir go mullach an chnocáin arís. Ní fhaca sé aon rian de na fir ag filleadh. Gan a bheith róchinnte de féin, roghnaigh sé áit inar thug na sceacha geala agus an raithneach radharc dó ar an gcnocán agus, leis na toir ar a chúl, dhreap sé anuas chuig áit ní b’ísle. Le bairille an raidhfil, scoilt sé an raithneach, ag tabhairt radhairc dó ar an bpointe inar bhris an cosán sléibhe imlíne an chnocáin. Seans, a mheas sé, nach mbeadh i gceist ach urchar amháin – nó dhá cheann ar a mhéad – ‘má bhím gasta go leor.’

Agus é ina luí ansin chocáil sé an raidhfil leath bealaigh agus lig sé don urchar sa chuasán titim isteach ina láimh. Chuir sé cartús eile, a bhain sé amach as póca a bhrollaigh, san áit ina raibh an seancheann, an cás ídithe agus lonrach. Faoi mar ba neach mothaitheach é, labhair sé go samhalta leis an bpiléar. ‘Bhuel, a sheanchara, táimid i gcomhluadar a chéile le fada an lá. Ach is cosúil go mbeimid ag scaradh ó chéile anois. Is fútsa anois an teachtaireacht ar smaoinigh mé uirthi go minic a sheachadadh.’

Ag coinneáil sprionga na cartúslainne in airde, chuir sé an piléar sa chuasán, bhrúigh an coca chun tosaigh, dhún an bolta agus chuir an greamán sábhála i bhfeidhm. Sheiceáil sé na treoracha súile go cúramach. Ón áit ina raibh sé ina luí, luasc sé béal an raidhfil ar dheis agus ar chlé trasna ar bhearna an chnocáin. Chuimhnigh sé ar dháiríreacht an teagascóra agus é ag leagan béime ar na rialacha a bhain le díriú gunna: an cúltreoir a bheith dírithe in airde; an tsúil chlé a dhúnadh; breathnú ar an targaid. ‘Cad eile sa diabhal a dhéanfadh duine ach breathnú ar an targaid?’ ar seisean leis féin! In ionad díriú ar lár nó ar an gcuid ab ísle den tsúil sprice, mhol an teagascóir dóibh díriú ar an lár agus ar an gcuid ab airde den targaid agus iad i mbun catha. Nuair a bhí Seosamh Ó Baoill sásta go raibh gach rud in ord agus in eagar, scaoil sé an greamán sábhála agus shocraigh sé é féin síos ag fanacht.

Bhí an ghrian chóir a bheith os a chionn. Chuala sé ticeáil na scotháin aitinn agus a gcuid faighneog ag pléascadh faoi theas na gréine – agus chonaic sé an t-allas ar a lámha le linn dó greim a choinneáil ar an raidhfil. Nuair a d’fhéach sé thar threoracha an raidhfil ar an mbearna sa chnocán, thug sé faoi deara go raibh éirí agus titim na tultreorach ar aon luas le frithbhualadh a chroí. Ó am go chéile dhéanadh sé cleachtadh ar na rudaí a dhéanfadh sé nuair a bheadh radharc aige ar an targaid: brú a chur ar an truicear le linn dó a bheith ag díriú ar an targaid; an bolta a ionramháil go gasta tar éis dó an t-urchar a scaoileadh; agus ansin an sciob-urchar – dá mbeadh gá lena leithéid. Ghlac sé leis go mbeadh dhá nó trí shoicind aige i ndiaidh an chéad urchair sula rachadh an saighdiúir coimhdeachta faoi chumhdach. Ba leor trí shoicind, dar leis, le deis a thabhairt dó an dara hurchar a scaoileadh dá mbeadh gá leis.

Giota beag uaidh ar thaobh na láimhe deise d’eitil cearc fhraoigh in airde go tobann ón aiteann agus rinne sí a bealach go dtí lomán carraigeach. Bhí radharc soiléir aige ar chluimhreach dúrua an éin agus chonaic sé an chíor dhearg os cionn na súl. Lig an t-éan trí ghlao scornúla aisti, ‘gobac, gobac, gobac,’ sular ísligh sí í féin isteach san aiteann arís. Ar feadh leathshoicind dhún an breathnóir a shúile tuirseacha i gcoinne spalpadh na gréine agus thug sé faoiseamh do mhatáin theanna a ghéag.

Nuair a d’oscail sé a shúile arís, chonaic sé scáthchruthanna na beirte i gcoinne fhíor na spéire sa bhearna. Sheas siad tamall ag féachaint anuas ar na fómharaithe sa pháirc, áit a raibh buainteoir ag déanamh torainn. Ansin thosaigh an bheirt ag dul síos an cosán sléibhe. Bhí an t-oifigeach chun tosaigh. Ba de choiscéimeanna fada scaoilte a shiúil sé, é ag feadaíl de réir mar a bhí sé ag dul ar aghaidh, a chaipín ina láimh aige. Tharraing Seosamh Ó Baoill an raidhfil isteach ar a ghualainn. Go gasta agus go mín, dhírigh sé na treoracha ar an targaid – ‘barr na tultreorach i lár an U agus ar chéim le guaillí na cúltreorach.’ Tharraing sé anáil dhomhain le linn dó an fear a chur faoi na treoracha. Agus é ag teannadh a mhéire, bhain sé brú den truicear – agus bhraith sé ar feadh soicind an díoscán bídeach in aicsean an raidhfil le linn don sabhán a bheith ag gluaiseacht trasna an luamháin. Ansin, díreach agus é ullamh do phléascadh bladhmannach an urchair agus don raidhfil a bheith ag brú i gcoinne a rostaí agus a ghuaille, chonaic sé geansaí dearg an bhuachalla óig a bhí ag siúl taobh thiar den oifigeach. Bhí an buachaill, agus é ar a bhealach go dtí na fómharaithe thíos, ag iompar canna agus ciseáin, clúdaithe le héadach bán. Díreach chun tosaigh ar an triúr acu, bhí brocaire donn an bhuachalla ag smúradh agus ag siortú ar dhá thaobh an chosáin.

Ag éirí ar a chosa, chúlaigh Seosamh Ó Baoill go gasta – é ar a chromruathar – chuig cumhdach lom na gcrann coill. Bhí sé ansin ina sheasamh i spás beag i measc na dtor – ag éisteacht leis na coiscéimeanna ag teacht ina threo, leis an ngadhar ag cuardach agus le frithbhualadh a chroí féin. Chas sé beagán ar chlé i dtreo fuaim na nguthanna ar an gcosán, an raidhfil chun tosaigh agus an bota i gcoinne a leise.

Dhruid seordán an bhrocaire ní ba ghaire dó. Ansin, de ruathar, phléasc an gadhar tríd an scrobarnach agus chonaic sé cruth an fhir trí na driseacha. Láithreach bonn sheas an gadhar ag stánadh ar an bhfear a bhí ag faire ar an gcosán. Ag drantán agus colg air, thosaigh an t-ainmhí ag cúlú. Go tobann, lig sé tafann as, tafann amháin, trialach agus fiosrach.

Fiche slat uathu stad an bheirt fhear ar an gcosán ar chloisteáil an tafainn ghéir dóibh.

‘Tá rud éigin istigh ansin,’ arsa an t-oifigeach lena chompánach agus iad ag breathnú ar na crainn choill. Le linn do na fir agus don bhuachaill a bheith ag gluaiseacht ar aghaidh síos an cosán, rinne an gadhar tafann arís. Stad an bheirt fhear láithreach agus d’fhéach i dtreo na fuaime.

Labhair an t-oifigeach de ghuth íseal agus bhain piostal uathoibríoch amach as a phóca. ‘Tá sé chomh maith againn breathnú isteach ansin,’ ar seisean. Chrom Seosamh Ó Baoill ní b’ísle faoina chumhdach lom.

‘Tá sé sa tóir ar choiníní, sir,’ arsa guth soiléir an bhuachalla. Leag sé síos a channa agus a chiseán agus d’fhéach go fonnmhar i dtreo an scrobarnaigh. ‘Beireann sé ar cheann san áit sin i gcónaí,’ ar seisean. ‘Rug sé ar cheann inné – ceann mór leis. Tim! Tim! Tar anseo, boy,’ a scairt sé amach. Phléasc an gadhar amach as an raithneach agus rith amach ar an gcosán arís.

‘Tabhair tús beag domsa,’ arsa an t-oifigeach.

‘Blimey! Ní bheadh a fhios agat cad air a dtiocfá sna cnoic dhamanta seo, sir,’ arsa a chomrádaí agus iad ag imeacht síos an cosán, an buachaill ag siúl taobh thiar díobh. A raidhfil réidh, shleamhnaigh Seosamh amach as a chumhdach, ag coinneáil súile ar an ngrúpa. Faoin am sin bhí an buachaill agus an gadhar imithe ón mbeirt fhear agus ag trasnú an fhraoigh i dtreo an ghort arbhair chun an béile a thabhairt do na fómharaithe. Bhí Seosamh in ann na fir oibre, ina léinte le muinchillí gearra, a fheiceáil ag bogadh go mall i dtreo an cheann tíre – an buachaill ag druidim leo trí bhearna na páirce. Phioc cuid acu punanna den talamh agus shuigh siad orthu chun an béile a ithe. Chuala Seosamh guthanna an oifigigh agus a chomrádaí ag éalú uaidh agus iad ar a mbealach síos an cosán chuig an gcarr ar an mbóthar. Thíos sa pháirc bhí na fir ina suí ag ithe. Ina lár ar fad chonaic sé caor bheag bhídeach – geansaí an bhuachalla.

Tharraing Seosamh Ó Baoill siar bolta an raidhfil agus bhain amach an cartús a bhí sa chuasán. D’fhéach sé arís ar an bpiléar a bhí ina luí ar a bhois. ‘Amárach, b’fhéidir,’ a dúirt sé os íseal leis féin, ‘nó an lá dár gcionn – nó an lá ina dhiaidh sin arís – am éigin, tiocfaidh siad amach ar na cnoic arís.’ Scaoil sé an piléar ar ais ina phóca agus chuir ceann eile isteach sa chartús. Ba go huathoibríoch a d’oibrigh sé agus é ag dúnadh an bholta – é ag breathnú ar an scamall deannaigh a d’fhág an carr ina dhiaidh ar an mbealach go dtí an Gleann Dubh. Ansin chaith sé a raidhfil in airde ar a ghualainn agus, ag casadh i dtreo na gcnoc, thosaigh sé amach ar an tsiúlóid fhada thar na fánaí donna a bhí idir é féin agus an teachín a raibh an colún reatha ag fanacht ann.

Gluais

• stothach, tufted • cartús, cartridge • buachloch, talisman • duaithníocht, camouflage • aimsitheoireacht, marksmanship • seiftithe, improvised • taiscéalaíocht, reconnaissance • droimneach, undulating • cuasán, chamber (of gun) • cartúslann, magazine (of gun) • cúltreoir backsight (of gun) • súil sprice bull’s eye • faighneog seed-pod • treoracha sights (of gun) •?tultreoir foresight (of gun) • scioburchar snapshot • lomán outcrop • fómharaí harvester • buainteoir reaper • sabhán sear (of gun) • luamhán lever/bent (of gun) • seordán rustling.

Feasta, Bealtaine 2018

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais