Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Piaras Mac Gearailt: File Déiseach (Cuid 2)

le Breandán Ó Cróinín


Leagan de chaint a tugadh ag Tionól na nDéise, mar chuid de Thionól Niocláis Tóibín, i gColáiste na Rinne sna Déise ar an 10 Feabhra i mbliana. 

Dealraíonn an scéal, pé scéal é, go raibh rudaí eile ag luí ar a intinn agus ag dó na geirbe aige agus an lámhscríbhinn seo á breacadh aige. Ba dhóigh le duine agus é ag tabhairt sciuird tríd an lámhscríbhinn seo gur chúrsaí creidimh ba mhó a bhí sa cheann ag Piaras nuair a scrígh sé a bhfuil inti agus dá chomhartha san tá an leabhar breac le ceathrúintí nó rannta beaga den tsaghas so aige:

Cé peacach fóiríor líonta go leor me ’láib,
’s me ceangailte i gclí chaoithigh dom dhóigh do ghnáth,
is dearbh ná fuighead choíche gan dóchas bás,
is banaltra chíoch Rí Ghil na Glóire im láimh.
Ina theannta so, gheibhimid éachtaint ana-shuimiúil anso ar an ndearcadh a bhí ag an nGearaltach ar na nua-uaisle Protastúnacha a bhí ag teacht chun cinn san ochtú haois déag áit go nochtann sé a thuairimí ina dtaobh go neambalbh i gcomhfhreagras fileata idir é féin agus Domhnall Ó Murchadha. Bhí Ó Murchadha mar a tugtar le fios anso ‘dá chomhairliú do Ghaedhalaibh gan dul in éadóchas ar Dhia & cé gur cruaidh é a gcás, go bhfóirfeadh ortha uair éigin’ mar, fé mar a deireann sé:
Is é d’fhógair slóite na ndiabhal amach,
Sódom is Gómor is iad do leag,
ní mó leis-sean feoirling cé dian an bhreath,
ná Bródric do sheoladh ’na ndiaidh is Crofts.
Dar le Piaras ‘beirt den uaisle nua a bhí i gCorcaigh’ ag an am ab ea Broderick agus Crofts agus ‘dís dob ea iad do bhí comhachtach éigneach chum Gaeil 7 eaglais Chríost do cheann-mhúchadh’. Ina theannta san a deir sé, ‘ba ghnáthach le Broderick a bheith ‘ag briseadh ’s ag leagadh seancheall 7 teampallaibh 7 ag déanamh ballaí iothlann, stáblaí is luibhghoirt dá gclocha coisricthe. Ar an abhar san do dubhradh leis gan stad d’éis a bháis, 7 do ceangladh do leac a thuama na focail seo mar leanas:
Treascair a líog is cloígidh an dlíodóir cam,
an feannarthach fill is choíche an millteoir ceall,
m’atuirse chroí gan fuíoll a maireann beo od’ shamhail,
in Acheron thíos i dtinte scriosta teo deamhain.
Dán nimhneach go maith is ea an dán so is ráineodh go raibh a chúis féin age Piaras leis seo. Deirim é seo mar go ndealraíonn sé ná raibh Piaras i bhfad pósta nuair a cuireadh iachall air ‘a chóta a dh’ iompó’ agus glacadh leis an bProtastúnchas d’fhonn a chuid talún agus a raibh aige de mhaoin an tsaoil a chimeád fé mar a mhíníonn sé féin ina dhán clúiteach ‘A Chogar a Charaid’, dán go bhfuil cóip de anso againn ina láimh féin. Níl aon amhras ná gur aiste filíochta an-chumhachtach í an ceann so ina labhrann an Gearaltach óna chroí amach agus is fuirist do léitheoirí an dáin seo an chráiteacht aigne a bhí ag gabháilt lastuas do, ní foláir, a shamhlú. Is le Tomás de Barra éigin ó Chluain Meala a labhrann Piaras anso toisc an Barrach a bheith ag casaoid leis de dheascaibh é bheith ag dul chun teampaill’. Is suimiúil go bhfuil an cheannscríbhinn atá age Piaras anso i mBéarla agus é sa tríú pearsa, mar a déarfá, fé mar a bheadh sé ag iarraidh faid a chur idir é féin agus an t-eachtra so:
The following rhymes were fixed on P[ierce] F[itz]G[erald] judging he wrote them by way of apology & complaint to Mr. Thomas Barry of Clonmell & other Gentlemen who made themselves busey in charging & upbraiding him for becomeing an in[n]ocent child of the Reformed Church.
A chogair, a charaid ’s a Bharraigh is múinte méin,
is doilbh liom ceangal le Calvin is Luther claon,
acht golfairt mo leanbh, ’s a gcreachadh gan triúch, gan tréad,
tug srothanna óm’ dhearca le caise is túirlingt déar.
Tá an donas le fada ar chlannaibh na n-úrscoth dtréan,
dá stolladh, dá stracadh, dá ngreadadh ’s dá mbrú go faon,
mun stopairse, ’Athair ghil, beartaibh na mbúr, is baol,
gur follas go gcaithfidh gach seabhac bheith dubhach mar mé.
Mo dhonas, mo dheacair, mo dhanaid, mo chumha, mo chréacht,
mo scoltadh thríom scartaibh, mo pheannaid, mo phúir go héag,
nár thoil liom mo leanbh ’s a maireann bheith súite i gcré,
seoch cogadh do tharraint ar m’anam le dúil san tsaol .…
Agus, dar ndóigh, bhí mórán Caitliceach in Éirinn sa chruachás céanna ag an am fé mar a thugann Piaras é féin le fios i línte deireanacha an amhráin seo:
A chumainn smaoin mar bhímse im cheap i dteannta,
’s go dtuigtear dhíbh dar linn gur fear me meallta.
scuit is cíos is íoc is greadadh clampair,
chuir na mílte dhínne ’teacht chun teampaill.
Níl a fhios againn cathain go díreach a thit an t-eachtra so amach ach luífeadh sé le réasún gur tharlaigh sé tar éis don bhfeirm agus tailte na nGearaltach titeam mar oidhreacht ar Phiaras sa bhliain 1753 mar a chonaiceamair. Dh’fhéadfaí a thuairimiú, áfach, gur ghaibh Piaras chun teampaill don gcéad uair sa bhliain 1759 nó tamaillín roimis más aon iontaoibh linn iontráil shuimiúil sna ‘Convert Rolls’ ón mbliain sin a thugann le fios gur iompaigh ‘Pierce Fitzgerald’ áirithe, go raibh seoladh i ‘Pillpark, Co. Waterford’ ina Phrotastúnach. Dar ndóigh, is í an ainm cheart Ghaelainne ar an áit seo ná ‘Páirc an Phoill’ athá trasna na teorann ó bhaile dúchais Phiarais i bparóiste na Claise Móire, Contae Phort Láirge – an paróiste gurbh as dá bhean chéile – Eilís Ní Laidhléir – fé mar a chonaiceamar níos túisce. Tá an chuma ar an scéal, mar sin, gurb ionann an Pierce Fitzgerald so agus ár bhfile agus gur ag maireachtaint i bParóiste na Claise Móire a bhí sé ag an am – b’fhéidir go raibh an dá ghabháltas talún acu. Cá bhfios dúinn? Pé scéal é, más é Piaras Mac Gearailt, file, an té atá luaite anso agus glacaim leis gurb é is dócha gur bhraith sé brú á chur air ar feadh tamall de bhliantaibh roimis seo chun iompó poiblí a dhéanamh; ní móide gur iompó de dhroim oíche ab ea é. Bheadh fhios aige, gan dabht, go raibh ar an té a bhí ag iompó ina Phrotastúnach a chruthú go mbeadh sé de réir dhlíthe na heaglaise sin ach, ar a laghad, fé mar a thugann sé le fios sa dán so, bheadh ar a chumas greim a chimeád ar a ghabháltas.

Ar aon chuma, cé gur éirigh le Piaras a raibh de mhaoin an tsaoil aige a chimeád is féidir a bheith siúráltha dho gur ghoill an t-eachtra so go mór air agus tá roinnt bheag dánta eile uaidh a thacaíonn leis an dtuairim sin. Tá teacht againn, mar shampla, ar dhréacht eile anso ina lámhscríbhinn féin ina dtugann sé le fios ná raibh sé i ndáiríribh in aon chor fén iompó so ach, aríst, gur cuireadh iachall air glacadh leis. ‘Tréithe na Maighdine Muire’ a thugann Ó Foghludha ar an ndán so agus is é a deireann an Gearaltach ag tosach an dáin phróis seo ná:

Tá páirt nó roinnt don chreideamh Sacsanúil Liútaránach so do ghlac me (7 ní mar rogha) nach taitneamh liom, 7 is é sin gan impí ar bith do chur chum Muire, Máthair Chríost, ná onóir, pribhléid ná urnaí [a] thaispeáint di, 7 dom barúil gurb í Muire bantiarna an alla álainn aoibhinn ainglí, banríon na bhflathas, crann soilse is criostal na Críostaíochta, díonaitheoir na bhfíorlag, farraige na daonnachta, grianán na glóire gile, greann is garda na bhfíoraon …
Is leanann sé air agus an Mhaighdean á hadhradh aige: ‘péarla na glóire’, ‘réaltan eolais gach seachránaigh’, ‘Taca na bhFann’, ‘Lámhchóra na Lag’, ‘Ceannsú na nAchrannach’, ‘Sásamh an Bhreithimh’, ‘Tuile na nGrás’ agus ‘Tonn Chlíodhna na Trócaire’ a thugann sé uirthi agus, ar deireadh, meabhraíonn sé dhúinn gur ar achainí Mhuire: ‘do rinn Críost an chéad mhíorúilt riamh mar d’iompaigh sé an t-uisce chum bheith an’ fhíon 7 dá bhrí sin guím go díograiseach óm chroí gach Protestant do bheith in aon mheon i méin, i dtuairim, in intinn ’s in aigne lé.’ Tuairmíonn Ó Corcara in The Hidden Ireland, go bhfuil an nóta próis seo ‘surely very naïve’ ach bheinnse den dtuairim gur searbhas atá anso againn seachas aon tsaontacht ar thaobh an Ghearaltaigh! Níorbh aon amadán é Piaras. Dáltha mórán d’fhilí na Gaeilge san ochtú haois déag scrígh Piaras aithrí phearsanta, ‘Sceithfead mo Chlaonbhearta’ nó ‘Aithrí an Ghearaltaigh’, agus cé go bhfuil cuma fhoirmleach, nósúil ar an ndán so, go háirithe nuair a léimid i dtaobh iarrachtaí an fhile chun spéirmhná óga ‘a bhréagadh’ agus nuair a labhrann sé ar a thugtha is a bhí sé do ‘shaoltacht, do phóit is do mhallaíocht ghnáith’, fós deinim amach go bhfuil cuma na fírinne ar an scéal ach tráchtann sé ar an slí inar shéan sé ‘an t-aon chreideamh cóir’ fé mar a chímid anseo:
Is ba shaothrach mé ag bréagadh gach spéirbhruinneall óg
le sméideadh, le póga, le haiteas ’s le páirt
is gach n-aon acu ghéilleadh dom bhréagadh is dom mhóid’
ba dhéarach ’na dheoidh is dob ainnis a gcáil;
’na dhéidh sin do thréigeas an t-aon chreideamh cóir
d’fhúig mé fé dhaorbhruid i ngéibheann ’s i mbrón
’réabadh mo chréachta ’s ag spréachadh mo dheor
chum aon mhac na glóire dom chabhair óm námhaid.
Ar deireadh báire, áfach, cuireann Piaras a dhóchas i nDia mar go dtuigeann sé go maithfear gach éinní dhó fé mar a maitheadh a gcuid peacaí do pheacaigh an Bhíobla. Ach más amhlaidh gur bhraith Piaras go bhfaigheadh sé fhéin maithiúnas ina chuid peacaí – go háirithe mar lena bheith ‘ag dul chun teampaill’ níor chiallaigh sé sin go mbeadh trua aige do gach éinne a dh’iompódh ina Phrotastúnach. Dh’fhéadfadh sé é fhéin a chosaint go saoráideach gan ach ‘golfhairt’ a chuid leanaí a lua ach bhí grúpa amháin ná beadh aon trua aige dhóibh agus b’shin iad na sagairt a dh’iompaigh ina ministrí – agus bhí mórán acu a dhein amhlaidh.

Scrígh Piaras barántas fileata ar Dhiarmuid Ó hAirt, sagart a dh’iompaigh ina mhinistir i gCorcaigh sa bhliain 1774 agus dar leis ná raibh i ndán do Dhiarmuid, mara ndéanfadh sé aithrí, ach tinte agus pianta síoraí ifrinn:

Mo thrua tu feasta mara nglacair mo chomhairle i dtráth
’s mo thrua mhór t’anam bheith damanta i mbrón gan tábhacht,
id chuail bhocht caite faoi leacaibh ag dreo go táir
’s na sluaite deamhan dod stracadh ’s dod dhó de ghnáth.
Scrígh sé an tarna dán ‘Chum Diarmuid Uí Airt’ chomh maith ina labhrann sé go díreach leis an nduine céanna, ‘tar éis iompuighthe dhó ‘na mhinistir ó bheith ‘na shagart, – an tríú lá fichead de mhí na Nodlaig, 1774 […]’ agus ag impí air filleadh ar an gcreideamh ceart.

Cé go bhfuil gangaid agus nimh le braistint insa dá dhréacht so ní faic iad in ao’ chor i gcomparáid le haor nimhneach, bhinibeach atá le fáil ina lámhscríbhinn féin. Is í an aor atá i gceist agam anso ná ‘Aisling Bhaothlaigh Mhic Criomhthain’ nó ‘Aor ar Sheán Paor’ agus é dírithe ar an Athair Seán Paor a dh’iompaigh ina mhinistir sa bhliain 1763. Mar bharr ar an ndonas is cosúil gur chol ceathar le Piaras ab ea an fear so agus is é is dóichí ná gurb é an gaol so eatarthu fé ndeara a fhíochmhaire, neamhthrócairí is athá an dán áirithe seo. Dán fada is ea Aisling Bhaothlaigh Mhic Criomhthain agus is dóigh liom go bhfuil sé ar cheann dos na dánta is suimiúla i leabhar so Phiarais agus is fiú dhúinn féachaint ar ghnéithe áirithe de.

Tá an dá Cheannscríbhinn ag gabháil leis an ndán so age Piaras anso – ceann i mBéarla (gurb í an phríomh-cheannscríbhinn í) agus an tarna ceann i nGaeilge. Míníonn an ceann Béarla go hachomair agus go beacht cad é go díreach atá sa treis anso:

The following bitter severe satire wrote for John Power, commonly called Sullivan, who was an Augustinian and Pastor of the parishes of Tallow in the County of Waterford, in derision for his denouncing of the Apostolic Faith and becoming a Parson of the reformed church.
Agus cuirtear tús leis an ndán i gceart leis an tarna ceannscríbhinn ina dhiaidh san:
Aisling do rinn Baothlach Mac Criomhthain Mhic Fheidhlim Uí Sheachnasa do Sheán Dall Ó Súilleabháin .i. Seán Mac Phiarais Paor Bhaile Uí Chadhain i nDéiseach, bráthair baoth bréan d’Ord St. Augustine, do thréig 7 do tharcaisnigh an tOrd rialta rafar beannaithe ina raibh sé, 7 tá anois ’na mhinistir fá ghúna dhubh ’s gurb faide saol an ghúna ná saol an mhinistir.
Ó thaobh struchtúir do tá an dán suimiúil go maith – ar an gcéad dul síos ‘Aisling’ atá ann nó b’fhéidir ‘drochthaibhreamh’ ba chirte a rá. Tosnaíonn sé amach fé mar a bheadh gnáthaisling ón ochtú haois déag ann ach amháin nach spéirbhean álainn a castar ar an bhfile ach An Bráthair Seán Paor agus é ‘ina stráill gan aon rosc’ mar a deireann sé. Cuirtear formhór an dáin i mbéal ‘sméirle gránna’ nó ‘scriosaire ciarbhuí’ atá tagtha aníos ó Ifreann chun cur síos a dhéanamh don bPaorach ar na huafáis ifreanda agus ar na pianta síoraí atá ag feitheamh leis ach a mbeidh a thréimhse ar an saol so curtha isteach aige – agus é seo ar fad mar gheall ar an iompó cóta a dhein sé. Meabhraítear do anso nách tréimhse ghairid a bheidh le cur isteach aige in Ifreann ach oiread:
Ní ar feadh tamaill ná sealad gan éifeacht,
ach ar feadh an tsíoraíocht i mbriathraíocht béithe,
fé mar chleachtais go heasmailteach craosach
in aghaidh dhlí Pheadair ler scarais go héadtrom.
Beidh do cheann ’s do dhranndal créimthe
ag piastaí dubha a’ brú id bhéalsa;
beidh do theanga dá shracadh ’s dá réabadh
ag madraí fiaigh an diabhail ’s ag faolchoin.
In inead na póite id scornaigh chraosaigh,
imirt is ól is pógadh béithe,
beidh míle diabhal go pianmhar saothrach
od thachtadh le peannaid ó scarais led chéile.
Deirtear linn tamaillín ina dhiaidh so gurb ionann an scriosaire ifreanda so agus Seansailéir An Ochtú Anraí, Thomas Cranmer é féin, an té go bhfuil na véarsaí seo ar fad curtha ina bhéal ag an nGearaltach. Dob fhéidir a rá is dóigh liom gurb iad na véarsaí is suimiúla ar fad insa dán so ná an dá véarsa a thugann eolas dúinn ar shinsir an Phaoraigh agus an Ghearaltaigh araon mar gur féidir a dhéanamh amach gur chol ceathracha ab ea an bheirt seo – an file agus an té atá á aoradh agus ní hamháin sin ach gur féidir a dhéanamh amach nárbh é Seán Paor an chéad duine dá threibh a dh’iompaigh a chóta:
Tá ann baineannach buileamhail, fraochda,
fíochmhar, feargach, mallaithe, céasta,
cása piostal aicise ’na caolchrobh
ag tabhairt na mionn go dteannfaidh piléar leo.
Ba seanmháthair tráth gan bhréag duit,
an diabhal bé buile seo ghriogadh ár gcléir chirt;
Grás Ósbar a hainm mun dearmad dhéinim,
i gCnoc an Leathair do mhaireadh i nDéiseach.
Ceann de nótaí Béarla Phiarais a thugann an scéal iomlán dúinn anso: ‘This female was Grandmother to the Friar. Her name was Grace Osborn. She at the time of her husband Pierce Power being on his deathbed cock’d a pistol at the Popish priest that attempted going to him at his earnest request. She chose that he should die like a beast, and I think she was right, rather than as a Papist.’

Agus féach chomh maith an nóta Laidine age Piaras anso : ‘Mala arbor malos fructus feret’ nó ‘droch-thorthaí a fhásann ar dhroch-chrann’. An dúchas fé ndeara an Paorach a dh’iompó mar sin ach más ea ba mhór idir na Gearaltaigh agus na Paoraigh dar le Piaras! Is cosúil gur chuaigh an scéal so isteach sa bhéaloideas agus sa tseanchas agus tá insint níos iomláine againn anso ag Tomás Pléimionn ag scríobh do i bPort Láirge ag tosach na naoú haoise déag: An uair do bhí [a] fearr pósta .i. Piaras Paor a’ fáil bháis do bhí aig sgreada ag iarradh [sagairt] don f[h]íorchreidiomh 7 air bhraith sin do Ghrás gan grásta thánnig sí ar chionn an staire 7 cása pistol lodaighthe aige (sic) 7 air a tteacht don tsagart go troithéasca do chocáil sí an pistol 7 do dhearbhaigh go séidfaich inchinn an tsagairt as a chloigean[n] dhá dtucfach trioth tairis sin. Táinig ansin sagart óg a cculaith mná 7 an uair d’aithin é do chocáil arís an t-arm teinntuidhe agas go madh éigean do sin imtheacht 7 d’f(h)an an bhean mhallaighthe mar sin gur éag Piaras [ARÉ 23 L 9 (551), 236; Tomás Pléimionn a scrígh i gco. Phort Láirge c. 1817 -22] Is díol suime é, áfach, gur bhreac Piaras an dán binibeach so síos anso go háirithe nuair atá cóip dá leithscéal féin mar gheall ar an bpeaca céanna aige tamaillín ina dhia’ san. Dob fhéidir a thuairimiú go raibh na cúrsaí seo fós ag luí ar a aigne – agus ar a choinsias chomh maith b’fhéidir – agus sin é an taobh go bhfuil an oiread so ina lámhscríbhinn féin mar gheall ar na heachtraí seo – eachtraí a bhaineann le hiompú creidimh agus eachtraí a bhain go dlúth lena shaol féin agus le saol a mhuintire ag dul siar go dtí deireadh na seachtú haoise déag. B’fhéidir ar deireadh, áfach, go bhfeaca sé go raibh íoróin áirithe sa scéal – sé sin go raibh sé ag cáineadh daoine mar gheall ar rud go raibh sé féin tar éis gabháilt tríd – bíodh gur ar chúiseanna difriúla a tharlaigh sé ina chás féin – is b’fhéidir gurb é sin fé ndeara an rann so a bheith aige ag deireadh na lámhscríbhinne, rann go bhfuil an chuma air gurbh é fhéin a scrígh:

A Phiarais a ghliaire ba sanntach meon,
ag riaradh gach ciabh-bhruinneal modhúil tais óg,
níor fhéadais gan fiaradh le cam go hóg,
sa diabhal duit ó thriallais chum teampaill leo.
Is deacair dúinne anois, gan dabht, dhá chéad go leith bliain tréis do Phiaras a bheith i mbun pinn, a mheon aigne i dtaobh na gcúrsaí seo ar fad a thuiscint agus fé mar atá ráite agam – tá idir shúgradh agus dáiríribh sa lámhscríbhinn seo dá chuid sa tslí is go mba mhaith an té a thabharfadh fé bhreithiúntas cinnte a thabhairt ar an scéal go hiomlán.

Samhlaím féin Piaras Mac Gearailt, Ard-Sirriam Leithe Mogha i samhradh na bliana 1769 é gan a bheith ar fónamh ach é fós i mbun pinn age baile i mBaile Uí Chionnaola; é ag tarrac as a raibh de lámhscríbhinní ina leabharlann féin chun an ‘dioscán bocht dealbh so’ mar a thug sé air a chur i bhfóraibh a chéile don mbean óg úd go raibh sé chomh tógtha san léithi agus don ógfhear a bhí ar tí í a phósadh. Más cnuasach ilghnéitheach, eicléictiúil féin é, is dóigh liom, ar deireadh, gurb iad na dánta is suimiúla ar fad atá anso ná na dánta a bhaineas lena shaol féin agus le saol dhuine dá chuid ghaolta chomh maith le heachtra stairiúil a bhain dá shinsir féin. Cuid ana-shuimiúil de stair na dúthaí seo ina bhfuilimid – dúthaigh na nDéise – is ea iad so gan amhras.

‘Sic Transit Gloria Mundi’ na focail dheireanacha atá againn óna láimh ina lámhscríbhinn féin ach b’fhéidir go raibh súil le Dia age Piaras go mairfeadh an lámhscríbhinn seo chun go mbeadh a thuairisc ina dhiaidh agus tuiscint age daoine ar phríomheachtraí a shaoil. Is nuair a chuimhnímid ar a bhfuil de lámhscríbhinní Gaelainne imithe sa bhfraoch orainn i rith na mblianta, ba chóir dúinn bheith baoch go dtáinig an seoid amháin seo slán chughainn ó láimh Phiarais.

Ina dhia’ so, dar ndóigh, ba cheart dúinn a bheith baoch do scríobhaithe na Gaelainne a lean leis an dtraidisiún ársa so dár gcuid, traidisiún ina dtáinig cuid mhaith eile de shaothar Phiarais féin slán. Ceann dos na dánta nó na hamhráin is clúití ar fad a scrígh Piaras gan aon amhras is ea Rosc Catha na Mumhan – ceann Seacaibíteach a luas ag tosach na cainte anocht agus is dóigh liom go mb’fhéidir gurbh fhiú agus go mba chuí dhúinn críochnú leis an amhrán iontach so de chuid Phiarais anois. An téacs atá romhaibh amach anso [roimh an lucht éisteachta] tá sé bunaithe ar chóip álainn a dhein Tomás Ua Conchubhair i gCo. Thiobraid Árann sa bhliain míle ocht gcéad daichead. Ba é breithiúntas Phiarais Béaslaí ar an Rosc Catha ná gur seoid é ina bhfuil ‘draoidheacht ins na foclaibh a chuireann ceol na dtonn agus ceol na gaoithe agus taitneamh gréine ar an bhfairrge agus luingeas fé sheol go meidhreach in umhail dúinn.’ Ní dócha go ndéarfadh éinne go raibh aon áibhéil á déanamh aige.

Mar urchar scoir mar sin: mara mbeadh ar marthain againn ó láimh Phiarais Mhic Gearailt inniu ach an t-aon amhrán so dá chuid bheadh a fhios againn cén mianach a bhí ann mar fhile is mar ealaíontóir focal. Ní dóigh liom gur cheart féachaint ar Phiaras mar mhionfhile ón dtréimhse seo na hochtú haoise déag is tá súil agam gur léir do dhaoine ón gcaint seo agam inniu gur file é gur chóir do Ghaeil na hÉireann a bheith bródúil as – go háirithe Gaeil na dúthaí seo ina bhfuilimid tráthnóna – dúthaigh a shíneann ó oirthear Chorcaí thar teorainn isteach go dtís na Déise – dúthaigh gurbh aon dúthaigh amháin í nuair a bhí Piaras Mac Gearailt ina bheathaidh.

——*——
Léachtóir i Roinn na Gaeilge, Coláiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimnigh, is ea an Dr Breandán Ó Cróinín. Is iad na príomhspéiseanna taighde atá aige ná litríocht Ghaeilge na hochtú haoise déag, An Fhiannaíocht, nua-litríocht na Gaeilge, go háirithe nua-phrós na Gaeilge, agus litríocht agus teanga Chorca Dhuibhne. D’fhoilsigh An Sagart a eagrán de fhilíocht Phiarais Mhic Gearailt sa bhliain 2015.



Feasta, Bealtaine 2018

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais