Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Ag Cruthú na Todhchaí: Tír Eile

le Gabhán Ó Fachtna

Coiscéim: Baile Átha Cliath, 2016. ISBN: 6-660012-160310

Léirmheas le Marie Whelton


Réamhfhocal

Dhá ghearrscéal déag san iomlán atá sa chnuasach Tír Eile le Gabhán Ó Fachtna. Ag tús an leabhair luann an t-údar dhá shliocht a thugann leid don léitheoir faoi phríomhthéama na ngearrscéalta. Sliocht le L.P. Hartley is ea an chéad cheann: ‘Is tír eachtrannach é an t-am atá thart; déantar rudaí ar dhóigh eile ansin’ agus sliocht le Mícheál Ó Coileáin is ea an dara ceann: ‘Tabhair dúinn an todhchaí.’ Sa léirmheas seo, léireofar go bpléann scéalta Uí Fhachtna le ceithre ghné éagsúla de théama na todhchaí - an todhchaí a chuirtear amú, na dúshláin a bhaineann lena bheith ar thairseach na todhchaí, an tionchar a bhíonn ag cúrsaí polaitíochta ar thodhchaí na timpeallachta, agus, ról na heolaíochta i gcruthú na todhchaí. Feicfear gur tír eile í an todhchaí a chruthaítear ach, in ainneoin go bhfuil rudaí difriúil sa tír eile sin, feicfear, freisin, gur áit aithnidiúil í an todhchaí atá fréamhaithe san am comhaimseartha. Trí dhul i ngleic leis an ngaol sin idir an t-am i láthair agus an t-am atá le teacht taispeánfar go n-éiríonn leis na scéalta gnéithe tábhachtacha den eitic chomhaimseartha a phlé idir eitic na heolaíochta agus eitic na polaitíochta; idir roghanna an duine aonair agus chomhpháirteachas an chine dhaonna i gcoireanna corparáideacha. Ar an drochuair, áfach, beidh sé soiléir gur dearcadh ródhiúltach ar an gcine daonna agus ar an todhchaí a chuirtear chun cinn sa chnuasach agus go mbaineann sé sin d’éifeachtacht na scéalta ar bhealach tábhachtach.

An todhchaí nach gcruthaítear

Tá an chéad scéal sa chnuasach suite i mBéal Feirste ar 12 Iúil. Is é Paul an príomhcharachtar agus is andúileach é. Tá sé ceangailte i bhfáinne fí na handúile. Gach lá ólann sé, codlaíonn sé, dúisíonn sé agus aon nóiméad eile atá aige, caitheann sé é ag dul ó shiopa poitigéara amháin go siopa poitigéara eile áit a n-insíonn sé bréaga d’fhonn síoróip chasachta a cheannach dó féin. Cruthaíonn an lá saoire deacrachtaí ar leith dó sa mhéid is go bhfuil cuid de na siopaí dúnta. Tugtar le fios dúinn gur duine briste truamhéalach é atá ag iarraidh éalú ‘ón tsíorimní’ agus ó dhúiseacht ‘náireach an tsaoil’ (lch 14). Is í an tuairisc ag deireadh an scéil ar smaointe an phríomhcharachtair is mó a léiríonn a chráiteacht agus a éadóchas maidir leis an todhchaí: ‘Ach fiú agus é ag titim ina chodladh, ar chúl a intinne bhí smaoineamh ag ithe air, smaoineamh faoin lá dár gcionn agus na laethanta ina dhiaidh, nó ar na saolta seo ní raibh ach fírinne amháin ann. B’éigean é uilig a dhéanamh arís’ (lch 14). Is léir ón sliocht sin gurb ionann an t-am i láthair agus an todhchaí don té atá i bpríosún na handúile. Toisc nach dtéann sé i ngleic leis an andúil níl sa todhchaí ach tóir thimthriallach ar an gcéad steall eile.

Ní mar a shíltear a bhítear agus is fairsinge gach duine ná na lipéid a bhuailtear anuas air - is iad sin na téamaí a phléitear sa scéal ‘Tír Eile’ áit a mbuaileann an léitheoir le Jamie Docherty. Is mac léinn é a bhfuil dochtúireacht ar siúl aige ach a bhfuil post páirtaimseartha faighte aige, freisin, san Iarsmalann Náisiúnta. Tá Porter i gceannas ar obair Jamie agus is duine béalscaoilteach é a dhaorann comhghleacaí amháin – Tariq - bunaithe ar a shainiúlacht chiniúil. Diaidh ar ndiaidh, cuireann an léitheoir aithne ar Tariq agus ar Jamie agus léirítear nach raibh Porter cruinn ina bhreithiúnas orthu. Tugtar le fios gur chaill Porter a smacht ar an todhchaí, agus ar na nithe a bhí faoina chúram san iarsmalann ón am atá thart, trína shleamchúis ghairmiúil agus trína chiníochas.

Na dúshláin a bhaineann lena bheith ar thairseach na todhchaí

Tá téama na todhchaí i gceist, freisin, sa scéal ‘An Tonn’ ar sheoid shuaithinseach shnasta i lár an chnuasaigh é faoi mháthair shingil agus a mac Dylan. Tá cónaí orthu in árasán beag in áit atá faoi mhíbhuntáiste gar do Londain. Gnáthdhéagóir is ea Dylan ar go leor bealaí ach is léir, freisin, nach bhfuil sé go hiomlán sona ar scoil agus go bhfuil sé buartha faoi ‘na buachaillí garbha’ (lch 66). Lá amháin, tagann litir chuig a mháthair ag insint di go bhfuil cuairt thar oíche buaite acu i bpáirc uisce in Hertfordshire. Ag an bpáirc buaileann Dylan le hOfra agus tarlaíonn eachtra eatarthu a théann i gcion go mór air agus nuair a fhilleann sé ar a ghnáthshaol is léir go bhfuil tús curtha ag Dylan le deasghnáth aistrithe saoil agus go bhfuil suim sna cailíní múscailte ann den chéad uair. Tá teideal an-oiriúnach ar an scéal – d’ardaigh an chuairt iad ar feadh tamaillín ach thráigh an tonn, freisin, agus fágadh Dylan, go háirithe, in áit eile ag streachailt ní hamháin le fadhb na bulaíochta ach leis na fadhbanna a mbíonn ar dhéagóirí dul i ngleic leo agus iad ar thairseach a dtodhchaí féin.

An pholaitíocht, an timpeallacht agus an todhchaí

Téann sé cinn de na scéalta sa chnuasach i ngleic go príomha leis an tionchar a bhíonn ag cúrsaí polaitíochta ar an timpeallacht agus ar an todhchaí. Tá ‘Sunda Norton’ suite in Alasca agus is iad an lánúin phósta – Bob agus Mariel Knox – atá mar phríomhcharachtair sa scéal. De réir a chéile, faigheann Mariel amach go bhfuil sé i gceist ag Bob Sunda Norton a thrasnú in ornataptar ar a mbeidh mótar a gheobhaidh a chumhacht ó fhuinneamh na gréine. Beidh sé d’aidhm aige feasacht i dtaobh na timpeallachta a spreagadh tríd an gcuriarracht. Is léir do Mariel go bhfuil spéis dhúghafach ag Bob sa togra agus déanann sí iarracht a chur ina luí air go mbaineann dainséar leis. Ní éiríonn léi dul i gcion air, áfach, agus leanann Bob ar aghaidh ina hainneoin. Tá an tuairisc ar an gcuriarracht féin lán le teannas agus le híoróin thragóideach. Sa deireadh, tagann scáileán mór idir Bob agus an ghrian. Ba scáileán é a chuir na Rúisigh sa spás chun an tArtach a chosaint ón ngrian. Gan fuinneamh na gréine titeann Bob isteach in uiscí fuara marfacha an tSunda. Is í an teachtaireacht a thagann as an scéal nach n-éiríonn le hiarrachtaí an duine aonair todhchaí na timpeallachta a athrú.

Díomhaointeas agus éadairbhe iarrachtaí an duine aonair cur i gcoinne an chórais is ábhar, freisin, den scéal ‘Aleksander Akhremenko’. Tá an scéal suite sa todhchaí agus is léir gur gníomhaí ar son na timpeallachta é Sasha (Alexsander) a chuir long go tóin poill d’fhonn iarann a chur leis na haigéin chun planctón a spreagadh. Tuigtear ag an deireadh go gcuirfear Aleksander chun báis toisc nach raibh sé ‘sách aithríoch’ (lch 121) maidir lena ghníomhartha. Téann an scéal i ngleic leis an eitic rialtais agus leis an eitic chorparáideach ach téann sé i ngleic, freisin, le nádúr na fírinne. Dar leis an gcarachtar Oleg Volkov, atá ina ionadaí do na húdaráis pholaitiúla sa scéal, déanann ‘an planctón uilig dochar do thimpeallacht na mara’ (lch 120). Is bréag lom í sin a áitíonn nach bhfuil an ceart ag an eolaíocht maidir leis an timpeallacht agus a chuirfidh ‘fake news’ an lae inniu i gcuimhne don léitheoir. Cé go bhfuil gach rud athraithe sa tír eile seo, tá síolta na tíre sin le feiceáil san am i láthair.

Tá ‘Roimh an Eolaíocht is ina Diaidh’ suite i mBéal Feirste agus is é Michael an príomhcharachtar. Is ailtire é atá ag obair ar phleananna athnuachana do na seacht dtúr i mBéal Feirste thuaidh. Faigheann sé litir ó Ailbhe Mac Raois ag iarraidh air ceann de na bloic a dhíláithriú. Toisc ainm Ailbhe a bheith ar eolas ag Michael ó fheachtas eile lena raibh baint aige, tá Michael buartha go bhfuil ‘rud éigin taobh thiar’ den litir. Cé go bhfuil Michael ró-óg le bheith bainteach leis na Trioblóidí, is léir go bhfuil rian na dTrioblóidí agus na polaitíochta fós ar a smaointe. Sa deireadh, glactar le pleananna Mhic Raois ar mhaithe leis an tsíocháin. An tEarrach dar gcionn, faigheann seanbhean bás nuair a shéidtear í i stoirm i gcoinne ceann de na foirgnimh mar thoradh ar ‘Éifeacht Venturi’. Is léir go bhfuil an t-athrú aeráide i gceist arís sna tagairtí do cheann de na stoirmeacha úra a mbíonn ainmneacha orthu agus don éifeacht mharfach a bhíonn ag an ngaoth nuair a shéideann sí idir dhá ilstórach faoi luas. Thar aon rud eile, spreagann an scéal ceisteanna faoin ngaol a bhíonn ann idir an eolaíocht agus an pholaitíocht. Bíonn an pholaitíocht ag iarraidh teacht ar chomhréiteach; bíonn an eolaíocht ag iarraidh cloí le rialacha na heolaíochta. Sa scéal, is iad na polaiteoirí seachas na saineolaithe a dhéanann na cinntí maidir leis an ailtireacht agus is é an bás an toradh.

Abhainn sa Spáinn a thugann a hainm don scéal ‘Guadalquivir’. Is scéal é atá suite arís sa todhchaí agus tá tíreolaíocht na cruinne athraithe ar bhealaí tábhachtacha sa todhchaí sin - luaitear ‘Stáit Aontaithe na hEorpa’ (lch 122), mar shampla. Is scéal scanrúil é faoi theifeach Moslamach atá ag iarraidh dul go dtí an Eoraip. Tá an téamh domhanda tar éis an teocht a ardú chomh hard sin go bhfuil bóthar in áit na habhann a thugann a hainm don scéal agus go bhfuil ar na Spáinnigh frithchaiteoirí speisialta a chur sna bóithre chun an domhan a chosaint ón teas. Bíonn ar na ‘dúchasaigh’ iad féin a chosaint ó na frithchaiteoirí trí dhul faoi obráid súl chun ionchlannáin speisialta a fháil. Bíonn d’fhothoradh air sin go bhfeidhmíonn na hionchlannáin mar chomhartha eitneachta - mura bhfuil ionchlannáin ag duine is comhartha é sin gur de chine eile an duine sin, rud a éascaíonn díbirt na n-inimirceach neamhdhleathach, ar ndóigh. Dála an phríomhcharachtair sa chéad scéal thuas, tá an cine daonna sáinnithe i bhfáinne fí sa scéal seo. Tógtar céimeanna chun rudaí a leigheas agus bíonn orthu céimeanna eile a thógáil chun iad a chosaint ón leigheas. Ach is scéal é, freisin, a mhúsclaíonn go leor ceisteanna eiticiúla faoin tslí a bhfeallann daoine ar a gcomhdhaoine ar son an bhrabúis agus faoi na slite a dtógann daoine ballaí eatarthu féin.

Ní gearrscéal sa chiall thraidisiúnta é ‘Na hOileáin Liobraíocha’ - ó thaobh stíle de is gaire í an stíl do stíl fhíorasach na léachta ná do ghearrscéal. Cuntas beacht stairiúil atá ann agus tá an léachtóir ag féachaint siar arís ó am éigin i bhfad amach sa todhchaí. Tagraíonn an t-údar d’olltubaiste éigin a tharla san am atá thart agus tugann sé le fios go mbíonn hairicíní i Londain agus Stócólm gach bliain. Tá straitéisí cliste in úsáid, freisin, a thugann le fios go bhfuil bonn réalaíoch ag an todhchaí a shamhlaítear. Baineann an chuid is mó den tuairisc le cur síos ar thrí mhicreanáisiún a cruthaíodh ar thrí oileán shaorga. Turgnaimh le daoine daonna, go bunúsach, ab ea na hoileáin, turgnaimh a chruthaigh nach n-oireann sé do dhaoine daonna a bheith scartha amach óna chéile ar bhealach saorga; go dtagann córais pholaitiúla agus córais cheannais éagsúla chun cinn ar ais nó ar éigean; gur féidir le daoine a bheith an-bhrúidiúil lena gcomhdhaoine i gcúinsí áirithe; go bhfuil daoine mar an gcéanna sa deireadh thiar thall agus go santaíonn siad an tsaoirse thar rud ar bith eile.

Mar a bheifí ag súil leis faoin teideal ‘An Gaineamh’, tá an scéal sin suite san fhásach. Taighdeoir atá mar phríomhcharachtar agus is é an t-ábhar taighde atá aige ná gaineamh. Tá sé ag iarraidh teacht ar bhealach ina mbeadh comhlachtaí in ann úsáid a bhaint as gaineamh an fhásaigh (seachas as gaineamh na farraige) chun foirgnimh a thógáil. Arís, maidir le cúrsaí ama de, is sa todhchaí atá an scéal suite agus is domhan é atá athraithe go mór de bharr an téimh dhomhanda. Tugtar leideanna anseo agus ansiúd go gcreideann na carachtair go bhfuil deireadh an domhain i ngaireacht dóibh - tá círéibeacha ar siúl agus bíonn géarchéimeanna ann go minic. Cloiseann na príomhcharachtair, ansin, go bhfuil siad i mbaol agus déanann siad cinneadh an stáisiún a fhágáil san oíche chun éalú ón trioblóid ach, ar ndóigh, tá a mbeatha i mbaol san fhásach, freisin. Agus é amuigh san fhásach, feiceann an príomhcharachtar dhá rud a thugann dóchas dó ach tuigeann sé ansin nach pailmeacha iad (mar a shíl sé ar dtús) ach dhá chos choincréite ollmhóra a rinne sé féin mar chuid dá thaighde. Déanann líne dheireanach an scéil macalla ar an dán cáiliúil le Shelly - ‘Ozymiandias.’ Is ráiteas éadóchasach í ar uabhar, ar éadairbhe agus ar neamhbhuaine na cumhachta: ‘Dhá chos ollmhóra, cuid de rí a raibh cumhacht gan chuimse aige tráth den saol ach a dhealbh imithe leis na céadta’ (lch 176). Is léir go dtéann an scéal i ngleic le go leor ceisteanna eiticiúla – cur amú airgid ar thaighde brabúsach seachas ar shábháil na timpeallachta, a thapa agus a bhriseann an tsibhialtacht síos, an iomaíocht agus an troid a thagann chun cinn i ndaoine nuair nach bhfuil acmhainní acu, an easpa grá a bhíonn ann idir daoine agus mianach an duine fós a bheith ina mharthanóir.

Eitic na heolaíochta agus an todhchaí

Cé go bhfuil cúrsaí eolaíochta pléite i gcuid de na scéalta sin thuas, tá trí scéal sa chnuasach a phléann go díreach le cúrsaí eolaíochta agus a dtionchar ar an todhchaí. De ghnáth, i scéalta Uí Fhachtna, is iad an chlaontacht, an scaradh, an fhulaingt agus an bás na torthaí a fhásann as tosaíocht a thabhairt do shíol ginealaigh amháin thar cinn eile. Sa scéal ‘Schönberg bei Kiel,’ déanann an t-údar comparáid indíreach idir fealsúnacht na Naitsithe agus cleachtas na gcomhlachtaí eolaíochta maidir le clónáil agus ar an mbealach sin ardaíonn sé ceisteanna caolchúiseacha maidir le heitic na heolaíochta agus go háirithe maidir leis na himpleachtaí a bhaineann le héalang ghéiniteach amháin a chaomhnú thar cinn eile. Léiríonn an scéal, freisin, an faopach ina bhfuil an duine nua-aimseartha maidir le cúrsaí eolaíochta agus cúrsaí teicneolaíochta – ar lámh amháin, tá gach duine ag baint úsáide as táirgí nua-aimseartha, ar lámh eile déanann na táirgí damáiste ollmhór don timpeallacht agus do dhaoine, damáiste a bhfuil úsáideoirí na dtáirgí comhpháirteach ann dar le hÓ Fachtna. Mar an gcéanna in ‘An Áit a nDéantar na Balúin’ - trí charachtar Baker, éiríonn leis an údar fimíneacht na freacnairce a phlé ar bhealach cliste agus is í eitic na gcomhlachtaí cumarsáide idirnáisiúnta agus comhpháirteachas gach duine i mímhoráltacht na gcomhlachtaí sin na príomhthéamaí sa scéal sin.

An bhitheitic atá faoi chaibidil sa scéal ‘Clinique Saint-Lazare’. Tá leid sa tagairt do ‘Saint Lazare’ ar an gcineál leighis a chleachtar sa chlinic – cineál aiséirí a chuirtear ar fáil óir is clinic í ina ndéantar trasphlandaithe coirp (ceann duine amháin a nódú le corp duine eile), rud a thugann an dara seans do dhaoine le hailse. De réir mar a théann an scéal ar aghaidh, áfach, faigheann an léitheoir amach nach bhfuil ailse ar an bpríomhcharachtar ar chor ar bith ach gur duine saibhir é atá in ann íoc as an obráid agus as corp iomlán atá níos óige ná a chorp féin. Go bunúsach, tá sé i gceist aige maireachtáil go deo le cabhair an leighis. Ardaítear go leor ceisteanna sa scéal faoi eitic an leighis, faoin eilíteachas sa leigheas agus faoin gcumhacht a bhíonn ag dochtúirí daoine ‘tábhachtacha’ a shábháil thar dhaoine bochta. Is cinnte, áfach, nach léirítear an bheatha shíoraí ar domhan mar rud iontach sa scéal seo. Duine uaigneach brónach is ea na príomhcharachtar sa deireadh. Níl aon ghaolta aige agus mothaíonn sé uaidh a bhean chéile an t-am go léir. Is Oisín é i ndiaidh na bhFian ar go leor bealaí agus cé go bhfuil sé fós sa tóir ar Thír na nÓg, is baoth dó a bheith.

Tátal

Is ríléir ón achoimre sin go dtugann an cnuasach seo dúshlán an léitheora nua-aimseartha machnamh a dhéanamh faoin tionchar a imríonn sé/sí ar an todhchaí. Is í hipitéis na catastróife atá á cur chun cinn tríd an leabhar síos, áfach, agus is í fáistine an scéalaí go bhfuil an domhan i mbroinn an bhrátha cheana féin agus go n-athróidh an domhan chun donais má leanann rudaí ar aghaidh mar atá siad anois – éireoidh na daoine saibhre níos saibhre, beidh cuid mhaith den domhan ina fhásach, beidh acmhainní an domhain teoranta agus tá gach seans ann go dtitfidh an tsibhialtacht as a chéile. Cé go léiríonn Gabhán Ó Fachtna scil in ionramháil aincheisteanna a bhfuil a mbunús le feiceáil sa saol comhaimseartha, braithim, go bhfuil cuid de na scéalta ródhiúltach faoin gcine daonna agus nach dtéann siad i ngleic leis an gcomhthuiscint ná leis an bhfíorghrá a bhíonn ann idir daoine. Fágann sé sin gur eispéireas intleachtach, seachas eispéireas mothálach, é léamh an leabhair seo i gcoitinne agus go mbaineann sé sin dá thairbhe mar thráchtaireacht chriticiúil ar an gcultúr comhaimseartha agus mar ghríosadh chun athraithe.

Feasta, Bealtaine 2018

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais