Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


- - An Ghaeilge, teanga stairiúil neamhaicmeach. - -

Ó am go chéile bímid ag plé gnéithe dár ndinnseanchas cosúil lenár logainmneacha, agus de ghnáth is é a bhíonn i gceist ná an truailliú a tharla faoi réimeas na Breataine nuair a deineadh galldú ar na ceartainmneacha dúchasacha, agus fágadh sinn leis na leaganacha galldaithe agus truaillithe. Tháinig sé seo chun cuimhne le déanaí nuair a léamar alt spéisiúil ag léachtóir in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste inar thagair sé don fhaillí, iomlán agus domhínithe, a deineadh den Ghaeilge sa chóras oideachais nuair a bhí sé ag fás aníos sa chathair sin.

Gan amhras, ní raibh sé domhínithe ar fad. Is é an córas oideachais Protastúnach a bhí i gceist, agus ba ghné den mheon agus den eispéireas a ghabh leis sin go raibh gach ar bhain leis an nGaeilge naimhdeach agus mífhabhrach don teanga a chleacht siad féin. Ba nós dó, áfach, laethanta saoire a chaitheamh gach samhradh lena sheanmhuintir i gCo. Aontroma in áit darb ainm ‘Ahoghill’. B’ait leis mar ainm é go bhfuair sé amach gur Gaeilge a bhí mar bhonn leis, agus gur thruailliú a bhí ann ar ‘Achadh Eochoille, the ‘Field of the Yew Wood’. Conas, agus nár thrua, fiú, go raibh sé chomh dall ar an mbunteanga?

Ní iontas rómhór a easpa tuisceana. Is mó d’iontas, b’fhéidir, an daille intinne faoin ábhar atá coitianta ar ár dtaobhna den teorainn. Is suntasach leis gur ‘Irvine’ is sloinne d’údar an ailt shuimiúil seo. Rithfeadh leat go mbaineann an easpa eolais céanna le sloinnte, pé teanga ina mbíonn siad, agus a laghad a thuigtear an bunús a bhaineann leosan. Nár dheacair bunús ní ba ársa a aimsiú ná mar atá i gcás shloinne an údair nó na leaganacha eile de, cosúil le ‘Ervine’, a mbaineann a chomharsa Linda in oirthear Bhéal Feirste úsáid as. Sloinne é, de réir an tseanchais, a théann siar amach go dtí teacht Chlainne Mhíle agus a gceannaire, Eireamhón, go hÉirinn thart ar mhíle go leith bliain roimh bhás Chríost.

Is é cúis go bhfuiltear ag tagairt arís don tsuimiúlacht agus don tábhacht a bhaineann le logainmneacha agus sloinnte ná go bhfuil an Ghaeilge ina cnámh spairne i dTuaisceart Éireann, in argóint bhréige a bhaineann le hathghairm an Tionóil agus an Fheidhmeannais. Tá sé riachtanach a dheimhniú nach bhfuil bonn réasúnta ná stairiúil le haon áiteamh go mbaineann an Ghaeilge le haicme nó le creideamh amháin. Tá sé sin bréagnaithe ag an stair ó thús ama go dtí tús na hathbheochana agus bunú Chonradh na Gaeilge. Ba dhéistineach an mhaise dúinn go mbainfeadh seicteachas nó cuspóirí polaitiúla lenár dtacaíocht don teanga i dTuaisceart Éireann.

Tá míshásamh curtha in iúl ag Comhairle na hEorpa do rialtas na Breataine maidir leis an neamhaird atá déanta sa Ghaeilge mar mhionteanga de chuid an Tuaiscirt. Ba dheacair a bheith muiníneach go mbeidh aon dea-thoradh air sin, seachas mar a bhí leis an ngearán a rinne an Chomhairle le rialtas na Poblachta faoin staid ‘thubaisteach’ ina bhfuil a teagasc i scoileanna an Deiscirt.



Feasta, Bealtaine 2018

Abhaile | barr | clár na míosa seo