Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Smaointe Polaitíochta

Comhaontú Aoine an Chéasta inniu
le Seán Ó Loingsigh




Tá an ceiliúradh thart agus na seanpolaiteoirí tar éis filleadh abhaile; sé sin, muran focal róláidir é ‘ceiliúradh’ ar na hócáidí i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath ar ar fhreastail an t-iarUachtarán Clinton, an t-iaraire Blair, iarThaoiseach Ahern, David Trimble, Gerry Adams agus Seamus Mallon agus máistir na hidirghabhála féin, George Mitchell: bheadh sé faillíoch gan a lua go raibh John Hume, duine de laochra an Chomhaontaithe, in easnamh de bharr a dhrochshláinte.

Comhaontú Aoine an Chéasta agus an comóradh a deineadh ar ócáid a shínithe fiche bliain ó shin atá i gceist gan amhras. Má bhí sé le brath go raibh maolú ar an gceiliúradh toisc go bhfuil an Tionól agus an Feidhmeannas ar fionraí le bliain is ráithe, ba léir fós é an dóchas, dá mhéid an mhoill, go mbeidh lá eile fós ag na hinstitiúidí sin. Is amhlaidh atá an iomad ag brath ar a n-athfhilleadh, más cás linn an tsíocháin a bhuanú ar an oileán seo.

Is cóir a rá go raibh na hócáidí le moladh agus go ndeachaigh na polaiteoirí a luadh go mór i bhfeidhm orthusan a bhí i láthair ag na searmanais. Ba léir fós a dtiomantas agus a ndúthracht go mairfeadh an tsíocháin a bhí mar thoradh ar a n-iarrachtaí. Ní raibh aon duine díobh ba mhó a thuill aird ná an seanadóir ó na Stáit Aontaithe. Bhí gach a raibh le rá aige tomhaiste agus beacht, agus dá bhogbhriathraí é ba léir gur bheag a ghlacfadh sé le bladhmann. Ag tráth a bhfuil an pholaitíocht agus polaiteoirí sna Stáit faoi scamall, níor fhág an seanadóir séimh seo aon duine in amhras faoina chumas.

Go deimhin, d’fhéadfadh go raibh an teacht le chéile seo tráthúil agus riachtanach chun na polaiteoirí sa Tuaisceart, go háirithe iadsan a bhaineann leis an DUP agus Sinn Féin, a spreagadh arís chun cur lena n-iarrachtaí na hinstitiúidí a athghairm. Ar an taobh eile, cá raibh ionadaithe ó Rialtas na Breataine? Cá raibh an Príomhaire May? Is fada atáthar in amhras faoi sheasamh agus cur chuige an rialtais i Londain maidir lena n-easpa suime i gcúrsaí na tíre seo, ach is ábhar buartha ar leith an neamhaird atá léirithe sa bhagairt don tsíocháin ar an oileán seo a bhaineann le Brexit. Chualamar arís le déanaí ráitis ó bhaill pharlaiminte i Londain ag déanamh beag is fiú den Chomhaontú.

Táimid i dtaithí ar ráitis mhíchiallmhara ó Boris Johnson agus fiú ó Rúnaí Brexit, David Davis, cé nach rabhamar ag súil lena leithéid le déanaí ó urlabhraí de chuid pháirtí an Lucht Oibre i Sasana, Barry Gardiner, ach ní bhímid ag coinne le ráitis den chineál céanna ónár gceannairí polaitíochta féin. Ní raibh ach an baile sroichte ag na maithe móra a luamar níos luaithe, iadsan a thuill oiread moladh de bharr a ndea-oibre fiche bliain ó shin i mbuanú na síochána, agus iad fós ar a gcroídhíchill ag moladh don DUP agus do Shinn Féin teacht ar réiteach i dtreo go bhféadfaí an Tionól a athghairm, ná go raibh ceannairí Fhine Gael agus Fhianna Fáil arís ar a seanphort nach bhfuil Sinn Féin oiriúnach le bheith i rialtas sa Deisceart, nó mar a chuir an Taoiseach é, le déanaí, gur páirtí seicteach a bhí ann.

Ní deargamadáin daoine. Tá an mhíloighciúlacht rófhollasach, mar a dúradh go minic cheana. Conas go mbeadh Sinn Féin lánoiriúnach chun dul i mbun rialtais i dTuaisceart Éireann, ach nach mbeadh siad amhlaidh anseo sa Deisceart, nó mar a chuir an Taoiseach arís é, gur páirtí seicteach é. Gan amhras, ní théann an easpa loighice amú ar pholaiteoirí an Tuaiscirt, mar a chuireann Jim Allister, polaiteoir agus dílseoir den seandéanamh in iúl dúinn go rialta, agus go deimhin mar a chuir sé in iúl do na polaiteoirí a bhí ag freastal ar cheann de na hócáidí comórtha le déanaí i mBéal Feirste. Tá inchreidteacht pholaitiúil riachtanach, go háirithe nuair atá gnó chomh tábhachtach le Comhaontú Aoine an Chéasta ag brath air. Ní haon chosc dearcadh seo na bpríomhpháirtithe sa Deisceart ar leithéid David Davis ráiteas a dhéanamh go bhfuil an Taoiseach ag géilleadh do bhrú ó Shinn Féin maidir leis an gComhaontú. Is lú fós an inchreidteacht atá ag airí rialtais i Londain um an dtaca seo in aon ráitis a bhaineann le Brexit.

Gan amhras ní lia duine ná barúil, agus nach mó fós atá san amhlaidh i gcás polaiteoirí nó fiú iarpholaiteoirí. Bhí sé suimiúil go raibh polaiteoirí ó na seanlaethanta ag roinnt a dtuairimí linn le déanaí: bhí Ruairí Quinn atá anois, is cosúil, ina chathaoirleach ar mheitheal machnaimh (think tank, a dhuine!), dar teideal Institiúid um Chúrsaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha, ag cur comhairle ar an Taoiseach, agus ag rá nár chóir dúinn ag an tráth seo a bheith ag leagadh an iomad béime ar an teorainn, i bhfianaise na bhfadhbanna a fhéadfadh a bheith mar thoradh ar an gcruatheorainn, nó i gcás nach bhféadfaí teacht ar réiteach ar ball.

Dá mbeimis, dar leis, ag leagan béim rómhór ar an bhfadhb, is amhlaidh a bheifí ag léiriú, gan riachtanas, cé chomh neirbhíseach agus atáimid faoin gceist. Chun cur leis sin, ina thuairim, ní hí fadhb na teorann an t-aon fhadhb nó an fhadhb ba mhó. Tá, dar leis, dhá ais i gceist sa scéal, an ais thuaidh-theas agus an ais thoir-thiar idir an Bhreatain agus an t-oileán seo, agus ba é an ceann thoir-thiar ba thábhachtaí den dá cheann. Bhí sé ag caint go huile ó thaobh na heacnamaíochta, agus ag déanamh neamhshuime den ghné ba thábhachtaí den cheist. Níor thagair sé olc ná maith don Chomhaontú a raibh oiread le rá faoi anseo, ná don ról a bhí aige i mbuanú na síochána. Bheadh go leor a déarfadh gur chóir go mbeadh tús áite ag an tsíocháin ar an eacnamaíocht sa chás sin.

Bheadh siad ann leis a déarfadh, i bhfad ó bheith neirbhíseach faoin gceist, go mba chóir dúinn, go hard agus gan aon rian míthuisceana, ár seasamh a dhéanamh lom soiléir, agus a dheimhniú arís nach mbeadh sé inghlactha go bhfillfí ar theorainn chrua ar an oileán. Is beag is fiú linn go mbeadh polaiteoirí i Sasana, mar atá faoi láthair agus mar a luadh níos luaithe, ag déanamh beag is fiú den Chomhaontú, ach is lú fós againn iar-aire dár gcuid féin ag déanamh mar an gcéanna.

Bhí sé suimiúil nárbh é an Cuinneach an t-aon iaraire ó pháirtí an Lucht Oibre a bhí ag roinnt a thuairimí linn le déanaí faoin mBreatimeacht. Bhí Éamon Gilmore, atá anois, is cosúil, ina thoscaire síochána ag an AE sa Cholóim, ag cur in iúl dúinn, beagnach i dtiún lena chomh-iaraire, go raibh an-seans i ndeireadh na dála go mbeadh malairt poirt i Londain agus go maolódh na Sasanaigh ar a n-éileamh, nó fiú go bhfanfaidís san Aontas Custam. Sea, má sea: b’fhéidir seo agus b’fhéidir siúd. Níl i gceist mar sin ag an Sasanach glic ach gothaí, agus gan ann ach cuid den phróiseas margála, agus nach aon chall dúinn a bheith ag éirí ró-shuaite faoi ag an tráth seo. Ba dheacair a rá gur cur chuige stuama nó fóirsteanach é.

Tá an t-am ag sleamhnú agus tá an Taoiseach agus an Tánaiste ag rá go gcaithfidh míniú a bheith ar fáil ón mBreatain faoi mhí an Mheithimh, a léireoidh conas is féidir dóibh cloí lena ngeallúint nach mbeidh teorainn ‘chrua’ ar oileán na hÉireann, ach fós nach bhfanfaidh siad san Aontas Custam ná sa Mhargadh Aonair. Tá go leor a shíleann go bhfuil sé sin dodhéanta. Má tharlaíonn nach mbíonn an Bhreatain in ann cloí lena ngeallúint, is cinnte go mbeidh fadhb ag an Rialtas a mhíniú conas gur glacadh chomh héasca sin lena leithéid, agus a fhios acu nach bhféadfaí seasamh leis? Is cosúil go bhfuiltear ag súil go mbeidh soiléiriú ar fáil ar an bhfadhb nuair a thagann ceannairí an AE le chéile arís i mí an Mheithimh.

Tá raic fós faoin triail i mBéal Feirste ina bhfuarthas na himreoirí rugbaí agus a gcairde neamhchiontach in éigean ar bhean óg. Gan amhras, bhí ar tharla déistineach, ach bhí an triail féin amhlaidh freisin, ach b’aisteach go mbeadh an mhioninsint phoiblí riachtanach agus go mbeadh sin ina hócáid ag lucht féachana, ag caitheamh an lae ag baint spraoi aisti. Is dócha go mbeadh daoine ag gearán pé treo a raghadh an breithiúnas. B’fhurusta leis a bheith docht agus dobhogtha agus b’fhéidir róbhreithiúnach. Bhí na daoine uile a bhí gafa sa chás seo an-óg, agus bhí a lán óil i gceist, dá olcas de leithscéal é. Ach má bhí baois na hóige i gceist, agus pé bhí ciontach nó neamhchiontach, tá saol na ndaoine óga uile a bhí gafa sa triail curtha as a riocht ar fad, agus ní bheidh sé éasca dóibh teacht chucu féin.

Aisteach gurb é a thagann chun cuimhne ná Íosa Críost ag siúl an bhóthair sa Phailistín agus na scéalta a bhíodh aige. Bhí ceann iomráiteach faoin Mac Drabhlásach agus a chuid ragairne agus an fháilte a chuir an t-athair roimis nuair a d’fhill sé abhaile. Ansin bhí scéalta faoi mhná nach raibh a n-iompar thar mholadh beirte agus é i bhfad ró-réchúiseach ag comhrá leo, in áit iad a dhaoradh mar a bhí tuillte, dar le daoine ceartaiseacha; ach cé chaithfidh an chéad chloch? Níl mórán maithiúnais i gceist ag údaráis an rugbaí ach oiread, agus iad ag rá go gcaithfidh na himreoirí idirnáisiúnta agus idirchúige a gcuid rugbaí a imirt thar lear feasta, is é sin dá nglactaí leo in aon tír eile.

Gan amhras tá cultas an rugbaí ag déanamh buartha dóibh, agus an drochtheist a ghabhann leis ó thaobh na fearaíochta, mar a thugadh mo chomhscoláirí i mbunscoil an Bhuailtín air fadó, bíodh nach leis an gcluiche sin amháin a bhaineann sé sin. Agus, chun cur lenár scéalta mórálta, nach gcuirfeadh sé Píoláit ag ní a lámha i gcuimhne. I gcás na mná óige, is fada go mbeidh fonn ar aon bhean eile a sampla a ghlacadh agus dul i muinín na dlí. Táthar ag rá go gcaithfear cúrsaí gnéis a mhúineadh níos fearr nó níos luaithe sna scoileanna. N’fheadar!



Feasta, Bealtaine 2018

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais