Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


CORRABHUAIS

Duais-scéal le Pádraic Breathnach

Chuala sí páipéar an lae á bhrú trí pholl na litreach thíos. An Irish Times, an nuachtán Éireannach ba mheasúla, dar léi, agus ba dheas an chaoi a rabhadar á fháil le tamall: seachadtha trína ndoras chomh moch seo ar maidin ar dhea-phraghas. Seacht a chlog ar maidin, seachas ag triall ar an siopa agus nárbh annamh na cóipeanna uilig díolta ansin.

Rith drith bheag phléisiúir trí cholainn Mhajella as an mbuntáiste beag seo a bhí acusan ar a gcuid comharsan, toisc í a bheith ina ball den cheardchumann; cé, déanta na fírinne, nár mhórán maitheasa a bhí sa cheardchumann, dar léi; dar lán an leabhair, ba é an perk beag seo anois an t-aon ní fóintiúil a bhí déanta aige.

Conradh a bhí ag an gceardchumann le foilsitheoirí an pháipéir ar son na mball seo a bhí anois ar scor. Ball anseo, ball ansiúd, cibé cén chaoi faoi bhonnacha an diabhail arbh fhiú don pháipéar an conradh nuair a b’éigean fear is veain a fhostú? An tiománaí féin níor fhéad sé an cheist a fhreagairt.

‘Diabhal a fhios agam, dháiríre!’ ar sé.
Straois orthu araon.
‘Ach gur post é!’ ar sé.
‘Ach gur post é!’ a d’athléigh Majella.
‘Pé ar bith cén fhad a mhairfeas?’ ar sé.
Go díreach sin, a smaoinigh Majella, cibé cén fhad? Nár dhiabhlaí go bhféadfaí fostaí a aimsiú do phost mar é – ag éirí chuile mhaidin roimh bhreacadh an lae – ar thuarastal suarach.

Majella ar a marana ag luí ar shlat a droma sa leaba. A fear Eric lena cliathán, é fós ina chodladh. An rachadh sí síos staighre d’fhonn an páipéar a thabhairt aníos? Spléachadh scioptha a fháil ar na mór-chinnlínte? Ach céard ab fhiú an dua sin ach oiread? Céard a bhí le n-aithris sna páipéirí maidin ar bith ach seanscéalta duaircis a mbeifeá ag éisteacht leo arís is arís eile i gcaitheamh an lae uilig ar raidió is ar theilifís? Drochscéalta uafáis, béim orthu cionn is go ndíolfaí nuachtáin. Nárbh áirid freisin an tarraingt a bhí ag drochscéalta? B’fhíor don seanráiteas: ‘Misery loves a companion!’ Cén chaoi a bhfuil tú inniu? Ó, muise, mé ag baint lae as, mé ag treabhadh liom ar éigean!

Meangadh ag maíochtáil ar éadan Mhajella. Ba é an téarma ‘treabhadh’ faoi deara é. Gur mheas sí i gcónaí coraíocht is crácamas a bheith ag gabháil leis. Capall faoi úmacha, ag tiaráil i ngort, go mb’in i dtólamh an íomhá a borradh ina hintinn. D’aon turas go mba é an téarma ‘seoladh’ a d’úsáid sí féin. Cé mar atá agatsa, a Mhajella? Ó, a mhaisce, mé ag seoladh! Bád mór, long, ag taisteal na mara móire go bogásach faoi sheolta bocóideacha bacóideacha. Ar a bealach ciúin go dtí Valparaisó i gcéin.

An saol go compóirteach anois aici féin is Eric, míle buíochas le Dia. Cé is moite de nuaíocht Aisling. Ar lúcháir ar dtús é. Ansin stangadh. Aisling ag súil. Í faiteach le cúpla bliain go mbeadh sí imithe thar a ráta. Níorbh ionmholta, a chreid sí féin, go dtabharfaí faoi chéad pháiste is tú sna ceathrachaidí. A dhúnárasaí, bhogásaí, is a bhí Aisling faoin scéal ar fad. Í amhlaidh faoi chuile ní ó fhág sí baile. Pósadh ná páiste, gan aon deifir faoi thada uirthi.

An chaoi fhánach ar casadh í ar Aosa. Ar an idirlíon. Gan oiread is smearaithne acu ar a chéile roimhe sin. Níor mhórán iontaoibhe a bhí aici féin as an mbealach sin, go sábhála Mac Dé sinn thiocfadh le duine castáil ar ghealt ar bith! Bíodh is a mórfhoghlaim is a haois, mheas Majella i gcónaí nár bhain dóthain clisteachta le hAisling, í an-neamhurchóideach ar shlite. Ach a thógtha is a bhí Aisling le hAosa; ag ríomh chomh cneasta is a bhí sé is á cháineadh féin.

‘A mháthair, is é an t-idirlíon an bealach nuaí!’
‘A mháthair, is cuma faoi aois!’
‘A mháthair, tá tú róshean-nósach!’
B’fhéidir é, b’fhéidir go mba dhoiligh castáil ar fhear cneasta i gclub nó i bpub, an iomarca gleo is glugair, ach bhain caimiléireacht freisin leis an idirlíon. Go mbíodh sí ag déanamh staidéir ar Aosa, é ina shuí ansin de leataobh sa chúinne. An plíoma sa chúinne céard a chonaic Aisling ann? É ró-óg le haghaidh Aisling! Cé mar athair a bheadh ann? Cá fhad a bhfanfaidís le chéile? Í ag cur na gceisteanna céanna ar Eric.

An gliondar a bhí ar Aisling, ámh. Nár stad sí ach ag inseacht scéilíní. Gan aon dúnáras ag gabháil léi nuair ba mhian sin léi! An cur síos a rinne sí ar an seomra thuas staighre inar chónaigh Aosa. Ceithre urlár in airde. Murarbh é Halla na Daoirse a bhí ann! Ar cheann faoi a chuirfeadh sin ar dhuine eile! ‘Staighre bíse go dtí é! Ó, an staighre bíse!’ a deireadh sí.

Ba dhona a thuig sí féin céard ba staighre bíse ann. Ach níorbh aon ró-ríméad a bhí uirthi féin, a haon iníon a bheith ag coinneáil comhluadair le strainséara fir i mbráca lóistín i scamaill na spéire! A Aisling, a stór!

Bhuel, a Mhaighdean, a cheanúla is a bhí Aisling ar an staighre sin!
‘A luaichte is a leagaim barr mo choise ar chéad chéim an staighre bíse gur grá a mhothaím!’
Dia idir sinn is an anachain!
‘Go n-airím boladh an ghrá ag síothlú síos go dtí mé!’
A leithéid de ráiméis ó bhean dá haois! Pé ar bith cén seachmall a bhí uirthi? Níos mó ceana aici, ba dhóigh leat, ar an staighre aisteach ná ar an bhfear féin! Bean chomh fásta léi! Chomh héirimiúil! Nárbh áirid ceart an seachmall a thagann ar dhuine a luaichte is a bhualann saighead an ghrá é, nó í?

‘A luaichte is a leagaim barr mo choise...!’
An chaoi shoineanta a ndearna Aisling cur síos uirthi féin is Aosa lámh ar láimh ina chéile go dtí bun an staighre! Go ndéanadh sí féin feitheamh bomaite, ar son an spraoi!

‘Tusa chun tosaigh!’
‘Mná chun cinn!’
‘Tusa ag dearcadh ar mo thóinse!’
Iad araon ag scigireacht ar nós gasúr.
‘Bímis lámh ar láimh!’
An staighre róchaol, ar ndóigh. Iad ar an modh céanna ag barr an staighre. Ach go mba ghnás le hAosa a dhul síos chun tosaigh uirthise.

‘Ar fhaitíos go dtitfeá!’
Go ndearna sí scigireacht.
‘Dhá dtitfinnse anuas ortsa go mb’in í do chaiscín déanta!’
Go mba iad a shúile a mheall i dtosach í. Go ndearna siad spréacharnaíl, a dúirt sí. Gur leath an spréacharnaíl a thúisce is a rinne sé meangadh, agus gur leath sí tuilleadh nuair a mhaígh an meangadh ina straois. Go n-abraíodh sí smideanna barrúla, a dúirt sí, d’fhonn is an spréacharnaíl a spreagadh. Go raibh a shúile ar nós deora uisce, buachlocha ag scaladh iontu.

An chaoi a ndeachaigh siad amach ar a gcéad dáta! Chuig a n-ionad cluthar príobháideach féin, roghnaithe aigesean, é á stiúradh sise go rúndiamhrach.

‘Ní mé an spleodar nó diomú a bheas ort?’
‘Ná habair nach spleodar!’
Na Beanna Geala, ó, a Mhaighdean Álainn!
‘Ag na póilíní a bhí an áit seo tráth!’
Grainc a chuir Aisling uirthi féin.
‘Bhí mé ag ceapadh go mbainfí geit asat!’ arsa Aosa. ‘An RIC: Constáblacht Ríoga Éireann! Ach b’in i bhfad ó shin!’
‘Gur chuala mé trácht ar an RUC, ach an RIC!’ arsa Aisling.
‘Aimsir na nDúchrónach gur dódh an teach seo go talamh! Ach gur aiséirigh sí aríst as an luaith ar nós an Féinics!’
‘Pé ar bith cérbh é an Féinics?’
‘Éan! A hionchollaíodh as luaith an éin a chuaigh roimhe! Nó gurb in atá de réir mhiotaseolaíocht na Gréige ar chaoi ar bith, go gcoinnítear ar aghaidh ag aiséirí mar sin!’

‘Meas tú an ndéanfaidh muide amhlaidh?’

Ina suí ar chathaoireacha boga dóibh ag ceann na bialainne, ag blaismínteacht fíona, dheamhan deifir a bhí orthu go dtreorófaí chun a mboird iad. Aisling ag smaoineamh di féin go mb’áirid an chaoi a rabhadar chomh nasctha cheana féin. An dtiocfadh ann go mba é an fear seo a bheadh mar chéile saoil aici? Ach foighid ort fóilleach! Í sásta nár chuir sí aon phéint uirthi féin bíodh is a máthair i dtólamh ag moladh di feistiú. ‘Is maith le fear a chailín a bheith feistithe, beagán péint a bheith uirthi!’

Go mba é an focal sin ‘péint’ thar aon ní eile a chuir olc uirthi. ‘Péint! An ag tagairt do dhoras atá tú?’
‘Dea-phearsantacht, a Mhaim! Nílimse le bréagán a dhéanamh asam fhéin d’fhear ar bith!’
‘‘Bréagán,’ ní gá dhuit!’
‘Óinseachín ná tráill!’
‘Beagáinín smidithe!’
‘Smearadh, smais ná smidiú, a mháthair!’
Ba chuimhneach lena máthair dhá láimh Aisling a bheith leata mar shagart ar altóir is í ag argóint.
‘Smidiú ná smaois, a mháthair!’
Gurbh ise a roghnaigh Aosa ina dhiaidh sin. Thar a raibh de mhná ag tóraíocht is á dtairiscint féin. Gur scríobh sé chuici. Gur scríobh sé an darna babhta is an tríú babhta chuici. Go mb’in a mheall í. Níor fhreagair sí a chéad ná a dharna hiarracht arae, facthas di, an-chuid de na fir a scríobh i dtobainne nach raibh iontu ach daoine corra. In ainm an Domhnaigh na spéiseanna a bhí ag daoine díofa; na hachainíocha a bhíodar a dhéanamh! Daoine díofa ar lóistín a bhíodar ag lorg! Daoine eile díofa ag tairiscint lóistín; nó lacáiste sa lóistín ach iad seirbhísí áiride a fháil! Bhí duine a dúirt go bhfaigheadh sí a bheith istigh ina árasán ach í éadaí leathair a chaitheamh! Éadaí latex a d’iarr duine eile!

Ní raibh lóistín uaithi, bhí a lóistín féin aici.
Gur chuir sí spéis in Aosa ceart go leor, gur bhreathnaigh sé tarraingteach ina phictiúr agus gur fhuaimnigh a ghuth cneasta. Fostaíocht mhaith freisin aige; níos fearr ná aici féin ainneoin é níos óige. Spéiseanna den chineál céanna acu. Spéis sa taisteal aige.

An raibh sí féin iarracht róchríonna dó? An dtabharfaí cougar uirthi? Ar chougar í Brigitte, céile Emmanuel, uachtarán nua na Fraince? Brigitte os cionn na dtrí fichid, Emmanuel faoi bhun an dá fhichid. Gan bearna aoise chomh mór sin, ná baol air, idir í féin is Aosa.

Mar mháistreás scoile de chuid Emmanuel a bhí Brigitte nuair a casadh ar a chéile an chéad uair iad. Bhí sin rómánsúil ar chaoi, ach áirid ar chaoi eile. Mac léinn sna déaga luatha, cúig bliana déag! Nó ar shé bliana déag é? Dá mbeadh sé na hocht mbliana déag féin! Í ceathracha an t-am sin, nó os a chionn!

Ar bhean scartha í Brigitte? An raibh gasúir roimhe seo aici? Sa bhFrainc, níor their le Francaigh – mná ná fir – gasúir a bheith acu sula bpósfaí iad; le mórán céilí, páirtnéirí nó eile. Éire ag éirí mar sin anois. An tIarla Eadbhard, an fear mór capall sin i gCo. Chill Dara, gur éalaigh a thríú bean uaidh is gur phós sí duine dá mhic: mac lena chéad bhean. Níor ceapadh mórán faoin eachtra toisc go mb’uaisle iad.

Murach cara carad, a d’oibrigh in aon oifig le hAosa, ní móide go gcasfaí Aisling is Aosa ar a chéile go brách, go mb’ise a spreag Aosa leanacht ar aghaidh lena thóir idirlín ar Aisling. A dheimhnigh dó spéis ag Aisling ann. Agus gur thug sí a huimhir ghutháin ar ball dó.

Cúiléith ann bíodh is nárbh fhear ollscoile é. An dochtúireacht aicise. A tuisimitheoirí ag moladh di a hintinn a dhíriú ar chúrsaí léinn agus ar fhir ollscoile. Í a bheith ina léachtóir ollscoile í féin. ‘Má fhaghann tú post mar léachtóir in ollscoil tá tú ceaptha go buan! Agus pós leathbhádóir!’

‘Bheinn i mo bhean leisure ansin!’ a bhíodh sí ag spochadh.
‘Níl dream is mó leisure ná lucht ollscoile!’ a mhaídís-sean.
Ach gurbh í an chloch ba mhó a bhí ar a bpaidríní faoi seo ná cá fhad go bpreabfadh Aosa an cheist mhór? An priacal céanna i gcloigeann Aisling bíodh is nach raibh sí á ligean uirthi dóibhsean! Í ag cur na gceisteanna ina meabhair. Cén áit ba spleodraí léi? Áit éigin i Londain nó i bPáras seachas i mBaile Átha Cliath? Nua Eabhrac? Cara léi cuireadh an cheist uirthi i gcarr cliathánach ag gabháil timpeall an Pháirc Láir ansin is gur shíl sí é an-rómánsúil.

Aisling ag déanamh straoise. Níorbh eol dise cé chomh rómánsúil is a bhí sin: go gcuirfí an cheist ba thábhachtaí i do shaol ort, cac capaill ag líonadh do pholláirí! Ach nuair a rinne sí staidéar air ba dhóigh léi go raibh sé rómánsúil. Gur dheimhnigh an cara sin, ina dhiaidh sin, nár chumhra léi aon bholadh eile riamh ó shin ná boladh chac capaill! Agus nár rómánsúla léi áit ar bith ar dhroim an domhain ná an Pháirc Láir i Nua Eabhrac.

Ba í Páras an chathair ba roghain léi féin, dar le hAisling, cé nach n-abródh sí sin ró-ard ar fhaitíos nach inti a chuirfí an cheist uirthi. Ar mhullach an Túir Eiffel ansin? Nó i mBláthghairdíní na dTuileries? Dáiríre píre, níorbh iad sin a roghain, iad róchoiteann! Bhí aithne aici ar bhean ar cuireadh an cheist uirthi is í ar bharr an Empire State Building; bean eile le hais Dhealbh na Saoirse; bean eile fós le linn di féin is dá buachaill a bheith ag freastal ar chluiche idirnáisiúnta sacair; ag freastal ar an mBláthsheó i Chelsea a bhí beirt eile.

Áit éigin bheag neamhchasta, b’in ba roghain le hAisling. Áit éigin ar nós caifé bhig ar an Champs Élysées! Go ngabhfadh a fear i dtobainne ar leathghlúin, má ba i bhfianaise shlua féin é! Cupáinín caife i leathláimh aige: ‘An bpósfaidh tú mé?’ ‘Fainic a ndoirtfeá do chréme chocolatée orm!’ Go ndéanfaidís beirt gáire. Go mbeidís sna trithí gáire. Nuair a rinne lánúin gáire domhain lúcháireach mar sin, d’fhanadar in éineacht go brách an domhain.

‘Ní gá aon fretting, a mháthair, déanfaidh sé ina uain cheart fhéin é!’
‘An chaoi fhánach a bhfuarann cumann!’
‘Ó, Dia dhár réiteach!’
‘Mura mbeirtear an uain ar an urlainn, a deirim leat!’
‘Ó, a Rí an Domhnaigh!’
‘An uair sin féin, a deirim leat! Go gcaitear súil thar chlaí is go bhfeictear cnoic níos glaise! Go dtig le duine a bheith fágtha ar an trá fholamh mura gcuirtear an maide rámha go críonna i gcroga!’

Go bhfaca a máthair a hiníon ag titim chun feola. Cé go mba mheasa dá mba ar an gcaoi eile é! Dá mba ag éirí anorexach nó bulimeach a bhí sí! Ach níor dheas í an raimhre. Nuair nárbh í an raimhre cheart í. Ach mar a deir an ceann eile: ‘You are what you eat!’

Go mb’in, dáiríre píre, a chuir smacht uirthi féin ina hógbhean di. Go mb’iad sin go díreach na briathra a dúirt bean eile léi – you are what you eat – iad ag déanamh comhrá is díospóireachta faoi bhia is faoi bheatha, an chaoi ar méadaíodh meáchan; cé nár dhóigh léi go mba le drochmheas é mar d’airigh sí gur bhraith an té eile a tuaiplis a thúisce is a bhí a ráiteas scaoilte as a béal aici. Gur leath luisne ar a gruanna agus gur chrom a dearca. Gur mheangadh a mhaígh láithreach ar a héadan féin. Scig ard gháire ansin. Áthas uirthi, ámh, nár déanadh leithscéal a ghabháil; ná smid níor labhair sí féin.

Ach go dtáinig athrú meoin uirthi i ndiaidh na cainte údaí. Gur athraigh sí a nós agus gur chaill sí dhá chloch mheáchain. Go raibh sí slím ó shin.

Go ndearna sí an chorrghuí ar son a hiníne. Gur dhúirt sí an chorrphaidir. Gur íoc sí an chorrphingin ar son aifrinn.

Cé nár chaill Aisling meáchan. Ná dheamhan a raibh an cineál eile meáchain á chur aici uirthi féin. Níor mhór di brostú. Aosa is go gceapfá nach leáfadh im ina bhéal, mar a déarfadh lucht an Bhéarla. Baol ar bith go raibh sé cleasach? Comhcheilgeach? Eric beagán amhrasach freisin faoi. An chaoi nár ól sé fuisce!

‘Is maith liom duine a ólann fuisce. Braoinín den RedBrest! Ag blaismínteacht an ghrúdarlaigh Erdinger seo atá saor ó alcól, ba ghnaíúla a bheith ag diurnú gloine oráiste!’

‘B’fhéidir nach maith leis blas an oráiste!’ arsa Majella.
Iad beirt ag déanamh smuta gáire.
‘Muise, a chréatúir,’ arsa Majella, ‘nach mór na trioblóidí a bhíonns agat!’
Ar a laghad ar bith, tá fear faoi dheireadh ag Aisling, a bhí Majella ag rá léi féin. Cé go mba é an trua é nár aimsigh sí níos túisce é, agus nuair a d’aimsigh go mba é an trua é nárbh fhear é a réitigh níos fearr dá haois, is dá héirim. Ollamh ollscoile!

‘Léachtóir ollscoile ar a laghad ar bith!’
‘Fear a mbeadh saoirse ama aige!’
‘A d’fhéadfadh a bheith sa mbaile léi dhá mbeadh cúram tí nó clainne uirthi!’
Glacaidís leis, ámh, bídís ag baint lae as; go gcaithfeadh sé go suáilceach léi, b’in an príomhrud. Agus bhreathnaigh sé go raibh sé á dhéanamh sin, bhreathnaíodar sásta; ag gabháil ar ruathair i gcéin sách minic ar aon chaoi: cuairteanna ar an Louvre i bPáras; ar dhánlanna móra Mhaidrid is Bheirlín. Iad ag caitheamh aimsire i gCathair na hAithne is in Amsterdam, (nó Amsterdamhsa, mar a dúirt file éigin). Suim mhór san ealaín ag Aisling, b’ealaíontóir an-mhaith ina hóige í, ach gur lig sí dá tallann seargadh.

Chuile thuras, iad ag cur fúthu sna hóstáin ba dhaoire, óstáin chúig réalt, a mhaisce, ó, a mh’anam, níor leor gnáthóstáin ar chor ar bith, cibé cá bhfuair Aosa an t-airgead? Loinnir shearbhais ar éadan Mhajella, í den tuairim go mba í Aisling ba mhó a bhí ag íoc na téiléireachta. Cén dochar sin, ámh, dá dtapódh sé an cheist? A gearb á dó as é a bheith ina liúdramán chomh mór.

Go mb’eol do Mhajella an imní chéanna a bheith faoi cheilt ar Eric. Gur bhorr sé lá, buile air nach rabhthas á chaitheamh sách flaithiúil lena hiníon. Ar sé go drisíneach: ‘Iad sách fada ag siúl amach le chéile, a shílfeá!’

‘Go sílfeá,’ arsa Majella le sáiteán, ‘go mbeidís i riocht reatha faoi seo! Agus ní in óige atá ceachtar acu ag dul!’

Ar ndóigh, réiteach le haghaidh na hócáide móire á dhéanamh ina cloigeann le fada ag Majella. An séipéal agus an t-óstán ina coinne roghnaithe aici. Cé nár fhéad sí a bheith cinnte go réiteodh Aisling lena rogha, ná, go deimhin, níor fhéad sí a bheith cinnte nár bhainis humanist a bheadh ann. Faraor, comhrá ar bith den saghas seo is dúnáras nó achrann a tharraing sé ó Aisling.

Cúirt Eochaire, go mb’in ba mhaith le Majella. Nach raibh am a dtug sí geábh uirthi sin nár sceitimíní a bhuail í. Go mba bhreá léi oíche a chaitheamh inti. A bhféadfaí Cúirt an tSrutháin Dheirg a ghairm chomh dílis céanna uirthi, mar go bhfuil abhainn ag sníomh lena binn ar dath dearg atá ar a grinneall. An ascaill fhada lúbach go dtí í, ní raibh tráth nach bhfaca sí tréad d’fhianna ag gabháil trasna, ón ngarrán clí go dtí an garrán deas, agus a luaichte is a d’fheicfidís an gluaisteán ina leith go mba iad a thugadh faoi na bonnacha é. A leithéide d’abhóga is d’aclaíocht!

Capaill is marcaigh freisin. Cé nár sa tóir ar na fianna a bhíodar. Gur mhothaigh Majella i gcónaí gur bhain rud éigin sona le fianna, agus le capaill. Crú capaill crochta os cionn dhoras a tí féin! Cé nár dhóigh tada seachas pisreogachas ag gabháil leis an mbraistint! Má bhain ádh le crú amháin, cé mhéid ádha a bhain le foireann cruifí? Foirne cheithre chrú!

An túr storrúil stairiúil go mb’in gné eile a réitigh léi faoi Chúirt Eochaire. Agus an dá fhaolchú! Go mb’fhacthas di go mb’in tréith a bhain i gcónaí le foirgintí stairiúla, faolchoin a bheith os a gcomhair. I dtólamh ina luí go socair suanmhar ar an mbán.

An t-iarla a chéadthóg an chúirt seo bhíodh mná go leor aige. Neart searbhóntaí freisin, giollaí is garraíodóirí. Atmaisféar an ama sin, méid áirid de le braith i gcónaí san áit. An t-athrú ba mhó nár thaithnigh le Majella ná an pháirc ghailf. Cé go mba mheasa tuirbíní gaoithe.

Dar lán an leabhair, ba mhinic a chreid Majella gur ar Aisling féin a bhí an locht nár chuir Aosa bealadh faoina gcuid imeachtaí. An mhoill seo ag cur an-imní uirthi. Iad á fhágáil rómhall uilig! Bheadh Aisling imithe thar a ráta! Thar an am ba shábháilte di ar chaoi ar bith. Daoine ag rá go raibh taighde déanta le tamall a chruthaigh go mb’fholláine nach mbéarfaí páistí ró-luath. Na fichidí arda, a dúradh, nó na tríochaidí ísle. Taighde! Gan sa taighde go minic ach tráchtas acadúil le haghaidh ardú céime, iarracht le teoiric ‘nua’ sheafóideach éigin a chruthú, ar mhinic tosaithe amach leis an bhfreagra!

Ach, mo léan, Aisling níos sine ná ceachtar de na haoiseanna údan.
Ina dhiaidh sin is eile, bhreathnaigh sé nárbh í Aisling a bhí ag cur moille ar chúrsaí, mar, í amanta, go magúil, ag tabhairt ‘Bean an Dáibhísigh’ uirthi féin. Sea, a mhaisce, a sloinne á athrú aici! Bean chomh neamhspleách ina hóige léi! An t-am sin í síoraí ag tabhairt ‘feiminí’ uirthi féin, ag fógairt don saol nach leomhfadh sise a bheith faoi bhois aon fhir. ‘Bean an Dáibhísigh!’ Nach gceadódh sí fiú go ngairmfí ‘Bean Dáibhís’ uirthi! Nó ‘Aisling Dáibhís!’ ‘Bean an Dáibhísigh’ nó ‘Aisling Bean an Dáibhísigh’, go mb’iadsan amháin a bheadh uaithi, a dúirt sí. Ar theidil róshealbhacha iad sin, dar lena máthair.

Grianghrafanna as éadan a chéile dá bhfoilsiú ag Aisling ar Facebook. Draideanna uirthi féin is Aosa, ligthe siar i Jacuzzi. An-chuid daoine ag cur a dticeanna, ag rá gur thaithnigh na pictiúirí leo, agus, ar uairibh, ag cur aguisíní: ‘Nach álainn beirt a fheiceáil atá chomh sona?’ ‘Nach mór i ngrá lena chéile atá an bheirt seo?’

Sea, i nDomhnach, a bhíodh Majella ag mungailt di féin, bíodh gach cruán ina bhogán agaibh. Fad is nach riasc nó moing é a ligfeas síos go híochtar an domhain sibh! Ach, a mhuirníní, cuirigí bealadh faoi bhur n-ioscaidí!

‘Idir Jacuzzi anois,’ a deireadh sí le hEric, ‘idir Jacuzzi is uisce an tsáile, duirling is spaisteoireacht chladaigh, léimt ar charraigreacha is scigireacht gháire, an muirniú is an tláithínteacht seo ar fad eatarthu iad ag bronnadh sliogán is slámanna duilisc ar a chéile, b’fhearr liom agus thabharfainn a lán dhá socróidís síos!’

Cé go mba í an fhoighid a d’éilíodh Eric bhí barúil mhaith ag Majella go mba í an bhail séire chéanna a bhí airsean.

‘Bhí acu gluaiseacht, a Eric!’
‘Foighid, a bhean!’
‘Foighid?’
‘Faghann foighid faoiseamh freisin!’
Mí na Bealtaine nó mí Dheireadh an Fhómhair, b’in iad na míosa i gcoinne bainise ba roghain le Majella. Agus go gcaithfí cultacha gléasta. An dath dubh ba dhínitiúla, dar léi. Daoine ag tabhairt dínit an bhróin air sin, ach go mb’in dearcadh nár aontaigh sí féin ar chor ar bith leis.

Go deimhin, í ag cogarnaíl di féin le píosa, nár mhiste léi faoi seo ach go mbéarfaí páiste. Saor ó chuing an phósta nó eile. Fiú is mura mbeadh ann ach éinín cuaiche. Cárbh fhios ach oiread nár ar Aosa a bhí an fabht? Cárbh fhios nár ar a dhuán seisean a bhí an sionnach? É cruthaithe ar na mallaibh síol an fhir, babhtaí, a bheith chomh lag le hubh ar bith mhná.

Gan aon tsúil ag Majella leis, gur fhógair Aisling go raibh sí féin is Aosa ag súil. Bhuel, a Mhaighdean! Nár mheas Majella riamh, an méadú a bhí tagtha ar cholainn a hiníne go mba raimhre chun linbhín é.

Idir sceitimíní is speabhraídí uirthi. Eric mar an gcéanna. Garpháiste faoi dheireadh! Go mbeadh sí ina mamó! Ciocu ab ansa léi mac nó iníon? B’fhearr léi féin iníon cé go raibh barúil mhaith aici go mba mhac ba dheise le Eric. Gan aon dúnáras feasta ar Aisling.

‘Mac a bheas ann,’ ar sí go stuama. ‘Cé nach mise a bhéarfas é, is mise a bheas mar mháthair aige. ‘Sé Aosa an t-athair.’

——◊——
Ghnóthaigh an gearrscéal seo, ‘Corrabhuais’,
Duais an Mhaolánaigh, Oireachtas na Gaeilge 2017

Feasta, Feabhra 2018

abhaile | barr | clár na míosa seo