Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


SAOTHRÚ AN GHAIRDíN

le Bríd Ní Mhóráin


An Sagart, 2015 (€15)



á léirmheas ag Liam Prút

‘Ní hamháin go bhfuil friotal canta ár seanmhuintire ar a toil aici ach is oidhre í ar a ndínit agus ar a meas tomhaiste orthu féin.’ (Máire Mhac an tSaoi)

*******************
N’fheadar an mór de chreach a d’fhág Voltaire ag an éigse tar éis a shlad ar chúrsaí meitifisce? Más in an cheist a chuir Bríd Ní Mhóráin roimpi a fhreagairt in Saothrú an Ghairdín, is deacair réiteach na faidhbe aici a mheas. Pléann sí mórán ábhar—an béaloideas, an dúlra, na piseoga, an mháithreacht, an díth clainne agus a díothú. Ní sheachnaíonn sí na ceisteanna creidimh.

In ‘Pluais Bhrónach na Boirne’ (110) feictear an béaloideas mar chuid de thimpeallacht an dáin. Is é ‘Brónach’ an t-ainm atá ar ‘Chailleach Chinn Bhoirne’ a bhfuil a tairngreacht snaidhmthe le stairsheanchas shlua dhrochfhuadair Dhonnchadha Uí Bhriain ag triall ar Chorca Mrua1 sa bhliain 1347—‘...sarar gheal / maidin an chatha a thaibhsigh / an Bhadhbh dóibh, í ag ní / scata corp, … i loch craorag fola’. Tá an dúlra mar chuid den stair fhuilteach—
Ráinig mar a thuar an Chailleach
D’ibh an chloch cró na bhfear
agus tá an ghearb i bhfolach
... fé shaifírí na gceadharlach.2
Cuidíonn sonrú na n-éan sa dán dúlra ‘Fuar Fuar í Éire’ (128) le réadúlacht na tuairisce — ‘deargáin (red-wings) ón Oirthear ag lorg sa tsneachta’; ‘an mheaig’, ‘an dreoilín’. Cuireann stíl an-ghar don dán díreach le haiceantacht an dáin —
An t-éan fann mar a fhéadfaidh,
an fámaire láidir mar a shantóidh.
In ‘Poc Sí’ (112-3) táimid ar oilithreacht sí, an persona ag fáil buillí tréana sliotair agus camán sa lios. Iarraidh na ciotóige a bheith ina deasóg, ‘ceilt a nádúir thuathail’, a tharraingíonn an greadadh. Dán atá i gcás idir dhá leagan bhéaloideasúla é, géarchúis (mar-dhea!) an Chiarraígh (Iar-Chorcaígh) bhréagshoineanta laistiar de! Braitear an réadúlacht chéanna ar ‘Ráiteachas na Tairngreachta’ (116-7), teideal ón stairsheanchas i gceist ann agus féinbhású na n-óg mar ábhar aige. Fiafraítear den ghaoth tuige a bhfuil tarrac ‘ag an rógaire dubh / ar ghile na hóige’. Dán faoi cheann de mhórdhúshláin ár ré atá ann; an míshuaimhneas, an toille agus an ghaoth ‘ag geonaíl léi’ mar fhreagra orainn. Táimid chomh dall ar na cúiseanna leis an bhféinbhású is a bhí ár sinsir ar na cúiseanna lena ndóchas sa bhfear thall a shlánódh ón Sasanach sinn! Ní dheachamar i ngleic le ceachtar éigeandáil acu.

Meath na bliana um Shamhain a chomórann ‘Anamchara’ (72). Iarrtar díonadh Phroinsiais ar bhreacadh agus dorchú na huaire agus gealltar ‘biáide an tsolais’ ina ómós. Tá ‘dáil druideanna’ ag faire na leanaí gáireacha faoina bpúicíní. Séasúr ceiliúrtha é — ‘Canann meantán séis ar sceach ag gabháil buíochais’. ‘Anamchairde’ iad Samhain, idir dhúlra is chlapsholas, agus Proinsias a bhfuil lé speisialta ag Bríd leis in ‘An Naomh agus an Crann Almóinne’ (12) –
‘A bhráthair,
labhair liom ar ghrá Dé,’
arsa Proinsias …
Chrith an crann
a ghéaga, shín
fé spéir shneachtaidh
is bhláthaigh.
Sin Bríd Ní Mhóráin gan sárú. Seachas an ghontacht, b’fhéidir gur i ndánta mar ‘Ómós Áite’ (103) is láidre a sainbhua, dánta urrama agus bróin seachas caointe. Ní luann an teideal ómós do dhuine — ómós athar? —
Crioslaíonn Sliabh Mis an bhá,
geall leis dó, mar mháthair
cuartha timpeall a linbh,
a dhá láimh ag breith isteach go mánla
ar an gcailín atá gafa ina gúna gorm.
Déanann seanduine ‘ina chathaoir rotha’ den chailín beag a ardaíonn croí na máthar ‘lena gealgháire is a brí’. Bogann na ceiribíní thart fán bhá. Leathchéad bliain ó shin d’fhógair an seanduine — ‘Anso a shínfear mo chnámha / sa chré in am trátha’.

N’fheadar cé acu an cailín beag nó an seanfhear an persona? Cuimsítear na glúnta ann i dtimpeallacht sléibhe, cillíní agus farraige. Caoineadh, comóradh ar áit agus ar dhuine le chéile é agus saghas pailmseist droim ar ais. Tá an file i dtiúin le haisteoirí uile na mistéire creidimh agus an athraithe saoil sa dán seo!

Ní i leithinis Bhéarra ach i gCom Dubh (73) ar thaobh Chiarraí d’Inbhear Scéine atáimid anois i Morris Minor ag gluaiseacht trí Ghleann na Scáile, fear na scéal ag an roth agus scéal Scáil, bandia an locha, á insint aige don síofra beag linbh. Tá saol daichead bliain na hógmhná á scáiliú sa loch. Clapsholas eile — ‘raithneach an dearmaid’ — atá dá chomóradh. Sa dán ’Réalt Bheithil’ (74) fágann an súnámaí lus na gcnapán agus dos sabhaircíní sa bhfál. Is ionann agus dhá shúil iadsan a chaomhnaíonn blueprint na gnáthaíochta don uair a théarnóidh an chruthaíocht. In ‘Slán le Spridí Mhná Dubhach’ (77–8), éalaítear ón mbean sí agus ón bpúca trí thumadh sa taoide i modh catairsise tar éis teacht slán ó thromluí fada ‘mótarbhealaí’ agus ‘caolród’ na tíre. Ar thrá an Choma a chríochnaíonn an tromluí:
An téarma istigh, bhí mo chaid amuigh agam,
bheartaíos ar maidin fáil réidh lem chuideachta:
ní raibh aon tseift agam ach dul fé dhéin na taoide.
Saorghlantar lathach na mbóithre di agus teitheann na spridí ó scóladh na taoide — an púca chuig an Chathair; an bhean sí ‘os cionn tigh solais na Fianaite’. An persona féin ‘nuanite, chomh glan, chomh glé leis an gcriostal’.

An Fhionnghlais

Aimsíonn Bríd Ní Mhóráin a Soria3 féin cois na Fionnghlaise, bunáit mhachnaimh agus ‘snáth ceangail’4 trína cuid dánta.

(1) Dán sách fada é ‘An Fhionnghlais’ (18), ceann de dhánta saibhre na Nua-Ghaeilge. D’fhág Sir Walter Ráilleach agus Spenser ‘teibearsain’5 fola ann — ‘.... Craorac na spéire mheasc / le sruth a gcuid fola san uisce’. Tugann téama na Fionnghlaise a fairsinge dhual mháithriúil, mhanachúil don fhile. Tá an abhainn ag éisteacht go géar —
Cad é an fothram é sin le clos
– salm, clog is binnchantaireacht,
naoimh iad ag guí ar son a n-anama
a thógann botha ar a bruacha,
ina measc, Eiltín is Gobnait ….
Ach ní hé an manachas a shantaíonn an abhainn (20) a chneadann faoi mhasla ‘mún, geataí is Ten Ten Twenty’na drochíde.

(2) Nochtann ‘Caoineadh Carad’ (29) gné an-bhrónach — an féinbhású arís? — de scéal na Fionnghlaise: ‘Cad a thug ort port dil Fionnghlaise / thréigint róluath d’fhonn an abhainn mhór / … a thrasnú?’

(3) In ‘Aidbhint’ (71), féile ban seachas féile fear í an Nollaig. Seasann ‘Sarah’ agus ‘Éilís’ don díth clainne —
Seasaim ar bhruach na Fionnghlaise
Sarah mé, nó Eilís, ag dul isteach sna blianta —
ach níl aon tsúil aici ‘le breith mhíorúilteach’. Is é ionchas na máithreachta eithne an dáin. Samhlaítear sin i dteacht agus imeacht na n-éan anseo agus arís in ‘Aird Mhór Dhéagláin’ (85-6). Más tobar toirchis é tobar Dhéagláin in ‘Amhrán na Saontachta is na Taithí’, ní mór is fiú toradh a gheallúna. Glactar le prógras an réasúin a rianaíonn an Blácach agus Descartes: ‘tobar na n-amhrán’ seachas tobar toirchis é, arsa bean de mhuintir na háite.

Tá caoga bliain ann óna céad chuairt ar an bhFionnghlais agus a haidbhint mar spreagadh do na teachtairí dóchasacha eile chun na habhann. Ach oiread le hEdith Piaffe, ní aithreach léi tada. Is í féin abhainn na Fionnghlaise, an bhean i riocht abhann:
féachaim siar feadh mo chúrsa
ar thíortha an iontais ar a raibh mo thriall,
ar na teangacha tine a tháinig anuas orm.
In ‘Aidbhint’ a tharlaíonn an tionól tionscnaimh ar ghrua na Fionnghlaise. Tá réim na habhann ag forbairt de réir a nádúir i measc an phobail, i measc na n-éan is na n-ainmhithe. I ngarraí an chreidimh atáimid, ár machnamh ar ‘an Té gur cás leis / titim an ghealbhain ón spéir’:

Thángadar idir spideoga, mheantáin is dhreoilíní ‘ós na ceithre harda’ go grua na habhann. Tá croí, eithne agus spioradáltacht Bhríd Ní Mhóráin sa dán seo a tharraingíonn le chéile an Nollaig agus an Spiorad Naomh — an Fhionnghlais íocshláinteach ar nós Abhainn na hIordáine ina mbaistear dóchas stairiúil an duine.
(4) ‘Teacht is Imeacht’ (145). Bailchríoch na ndánta faoin bhFionnghlais mar áit tionóil — áit cadhan is fáinleog —agus ‘dara feacht’ an duine.

Gairdín na Leanaí Ceilte

I bhfianaise an chnuasaigh seo, is le saothrú gharraí bhásaithe na leanaí an ‘saothrú gairdín’ lena bhfuil Bríd Ní Mhóráin gafa. Is í coinsias an chreidimh theipthe í — agus fós éiríonn sí amach as duairceas na gcillíní chun an dúlra agus an grá a cheiliúradh. Dán ar leith is ea ‘Deilbhín Riaisc’ (156) sa chomhthéacs máthar agus bunóice, ach is é an t-athair an dealbhóir agus é ag féachaint i ndiaidh sábháilteacht na beirte ‘sa tsaol eile’:
... an ceann, béal rabhnáilte is poill áit na súl,
an muineál is cabhail ag caolú ina bun
sin iad baill bheatha dheilbhín Riaisc.
Turas an athar go ‘Baile na Cille’ nó go ‘Drom Caor’ i ndorchadas na hoíche a ríomhann ‘Seoithín Seó’ ( 149) —
Mar nár rith linn maireachtaint
dhein leaba ár mbáis den leaba luí seoil.
Caoineadh na n-éan ar na leanaí ‘nach bhfaca ár bhformhór solas an lae’ is ea a ‘Toradh’ (Drom Caor) (150). Níor mhór an díth clainne i gcás an phersona a shnaidhmeadh le díothú clainne an chillín agus is coscraíde sin an t-easnamh agus an brón. Fágadh ‘babhlaí adhmaid’ sa chillín lena ndáilfeadh bean bainne bó ar na leanaí in ‘An Banfhile sa Chillín’ (151). In ‘Anamacha na Marbh’ (53) tá an dúlra mar chuid lárnach de chaoineadh na ndaoine óga nach bhfaca an ‘domhan lán de dhathanna’. In ‘Lúireach Gléigeal’ (155) táimidne, leanaí ‘saonta mar éiníní’, ‘díbeartha ag reacht cruaidh na heaglaise’: sinn ‘gan chosaint ó nádúr ná ó eaglais’. Tá leithéid ‘Limbus Infantium’ againn in ‘Sciuird’ (147-8). Táimid dulta ródhomhain sa bhéaloideas agus liosta tranglamach againn de na cumraíochtaí agus de na cromraíochtaí nach foláir don athair críonna de ‘spiorad míshona’ a chur de ‘sara scaoilfear é … isteach sna flaithis’. Tá scian na coise duibhe le tarraingt air mura nglacfaidh sé le ceacht uascánta a chuid mithidí —
… má bhuaileann tú le spiorad míshona
— athair críonna an linbh suirí thug breab
don mbean chabhartha chun é phlúchadh,
cuirfidh sé cruacheist ort …
Más duairc é scéal Bhríd Ní Mhóráin, is baolach gur fírinneach. Níl sa bhfilíocht go minic ach iarracht coinneáil bord ar bord le breithiúnas sóisialta na staire. Mheabhródh sé do dhuine ‘Le Chant des Morts’ (1944-1948) le Pierre Reverdy atá ag caoineadh mhairbh an Dara Cogadh Mór. Nuair a ceileadh a saol ar óige an chogaidh bhí an grá mar leithscéal dó freisin:
A la lueur de la guerre
Au refus des condamnés
Toutes les prisons de verre
L’amour les a refermés.6
Breithiúnas ar an bhfear mar thaobh inloicht an chine dhaonna é ‘An Fear Bréige’(124):
Agus cad déarfá leis an ngealbhan deiliúsach,
go dtagann anuas, gan eagla, ar a cheann,
is scaoileann, le drochmheas, a sciodar ann.
An ceart glacadh le gníomh an ghealbhain ina ‘ana-chomhartha’ déistine thar ceann ghealbhain na hÉireann a chítear ‘... ag cac a ndéistin / ar na fearaibh bhréige ina bhfeisteas gléasta’. Críoch an-láidir leis an dán é ‘tiarnúlacht is gaisce / na maidríní lathaí is a máistri ceilte’. Níl deireadh ráite maidir le Saothrú an Ghairdín.

Tagairtí:


1. ‘Corcamrua’ dar le M.F. Ó Conchúir.
2. gentian.
3. Antonio Machado.
4. Máire Ní Ráinne.
5. Bunleagan Ceiliúradh Cré.
6. Ferraille, Plein Verre, Le Chant des Morts... suivi de Pierres blanches, nrf, Poésie/Gallimard, Mercure de France, 1948, lch. 99.

Feasta, Feabhra 2018

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais