Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Labhair Máire Ní Annracháin ag ócáid seolta leagain nua de

Táin Bó Cuailnge


le Darach Ó Scolaí


(Leabar Breac. 240 lch. Crua. ISBN: 978-1-911363-11-8)
i mBaile Átha Cliath ar an 12 Nollaig 2017


Míle fáilte roimh an leagan álainn nua seo de Táin Bó Cuailnge, atá ar na scéalta is cáiliúla agus is íocónaí ar fad i dtraidisiún na Gaeilge. Cé gurb é An Leabhar Gabhála leabhar bunaidh na nGael, is cinnte gurb í An Táin an scéal – nó an tsraith scéalta— a bhfuil stádas an bhunscéil aige in intinn an phobail. Is breá agus is cumasach an leagan nua atá réitithe ag Darach Ó Scolaí i nGaeilge shoiléir an lae inniu. Tá ardmholadh ag dul dó. Is iomaí cúis atá agam lena rá go bhfuil sé den chéad riachtanas leaganacha nua-aimseartha a bheith againn de scéalta móra uile na Gaeilge le go bhféadfadh pobal an lae inniu teacht orthu gan stró, agus ba mhaith liom cuid díobh a lua.

Ní leor leaganacha cóirithe do pháistí, dá thábhachtaí iad. Ní scéalta do pháistí amháin iad na seanscéalta móra miotasacha. Ar ndóigh ba náireach an mhaise dúinn gan deis a thabhairt don óige cur amach a bheith acu ar a n-oidhreacht féin, nár slán a bhféiniúlacht chultúir dá n-uireasa. Ach iad a theorannú do pháistí, b’ionann sin agus céim síos, nó stádas páistiúil, a bhronnadh ar na téacsanna agus go deimhin ar léitheoirí lánfhásta.

Ní leor na leaganacha scolártha, dá thábhachtaí iad. Tá ról dearfach luachmhar ag na leaganacha cóirithe, cúramacha, acadúla, le go dtuigfear teanga, forás, comhthéacs stairiúil agus brí bhunaidh na scéalta. Ach sáraíonn buntéacsanna an chultúir na leaganacha scolártha, mar tagann siad chugainn i dteanga nach féidir leis an gcuid is mó de léitheoirí an lae inniu a thuiscint, agus le trealamh eagarthóireachta a bheas ina bhac orthu. Ní hionann ar fad an bhrí a bhí ag scéalta móra ag tús a ré agus an bhrí a thógtar dóibh níos faide ar aghaidh agus atá lán chomh bailí. Caithfidh pobal an lae inniu a gcuid seanscéalta a bheith acu i bhfoirm a labhrós leo go réidh má tá siad chun iad a bhlaiseadh i gceart agus dul i ngleic leo i saol an lae inniu. Sin mar a tharlaíonn i dteanga dhomhanda ar bith a thugann an t-ómós cuí dá seoda. Samhlaigh Shakespeare, cuirim i gcás. Is mór idir Béarla na leaganacha reatha a léann an pobal dá shaothar agus an teanga inar cumadh an chéad lá iad.

Ní leor na leaganacha Béarla, dá thábhachtaí iad. Bímis bródúil as seoda na Gaeilge, agus bíodh siad ar fáil i mBéarla don domhan mór, ach teastaíonn siad i nGaeilge an lae inniu do Ghaeilgeoirí an lae inniu. Is ionann a bheith i dtaobh leis an mBéarla amháin, gan leagan nua-aimseartha Gaeilge, is ionann é agus bearna shiceolaíoch agus chultúrtha a chruthú. Tugann sé le fios go mbaineann an téacs le tréimhse fadó fadó in áit éigin eile. Cruthaíonn sé easpa leanúnachais sa traidisiún. Cé go bhfuil difear suntasach idir an tSean-Ghaeilge agus Gaeilge an lae inniu, agus fiú idir leagan Chormaic Uí Chadhlaigh sa gcló Gaelach a foilsíodh in 1956 agus an leagan nua seo, is beag na bearnaí sin le hais an achair idir an buntéacs agus aon aistriúchán Béarla.

I gcomhthéacs ginearálta na Gaeilge i saol an lae inniu, is tábhachtaí fós gan a bheith ag brath an iomarca ar leaganacha Béarla. Ceist íogair í ceist an aistriúcháin i gcás aon teanga atá faoi bhrú ó na fathaigh sa gcomharsanacht. Ní hí seo an áit leis an bpointe seo a fhorbairt, agus ar aon nós ní gá, óir tá tuiscint ghéar ag Gaeilgeoirí ar pholaitíocht an aistriúcháin.

Ach scéal chomh lonrach leis an Táin a chur i dteanga an lae inniu agus í ‘faoi gheit’, sin rud eile ar fad. Leagan a chur ar fáil le comharthaí stíle a labhraíonn linn inniu, is ionann sin agus comhartha beochta agus beatha. Beocht na Gaeilge mar theanga atá i gceist agam, agus beatha an scéil féin. Comhartha beatha nach mór i gcónaí í an athnuachan, agus tá sine nua curtha ag an saothar seo i slabhra athnuachana na Gaeilge.

Tá an t-ádh orainn i dtraidisiún na Gaeilge, gur féidir linn éadáil a chruthú as gorta. B’fhearr linn go mór nach gcuirfí laincis an drochshaoil ar an litríocht, ná moill ar fhorbairtí éagsúla i gcaitheamh an 18ú agus an 19u céad, ach toradh amháin a bhí orthu le linn na hAthbheochana, gur cuireadh lucht Gaeilge ag tochailt i bhfad siar sa traidisiún. Bímis buíoch as an tuiscint íogair, ghéarchúiseach atá ag scríbhneoirí agus léitheoirí na Gaeilge ar an traidisiún sin anois, agus buíoch de na scríbhneoirí a tharraingíonn ar an tobar sin gan trá. Cloiseann lucht Gaeilge na macallaí agus cloiseann siad go soiléir iad. Cuireann an tuiscint ar an traidisiún blas breise ar an litríocht nua-aimseartha; tuigtear go bhfuil rud éigin domhain, allabhrach agus go minic rúndiamhrach á mhothú againn, fiú mura bhfuil muid in ann é a ainmniú. Cuireann an téacs seo go mór le neart an traidisiúin sin.

Ó tharla go bhfuil buneachtraí scéalta An Táin leagtha síos ag an traidisiún, braitheann feabhas an leagain seo ar chaighdeán na teanga agus na stíle agus ní ar an bplota. Caighdeán ard – an cineál is airde – atá ann. Tá an stíl nádúrtha, soléite, saibhir. Tá luas agus rithim gan stró ann.

Is earra álainn, de dhéantús álainn é, faoi mar is dual do Leabhar Breac mar fhoilsitheoir. Tá dhá bhealach le breathnú air seo: a haon, gur fada ó leabhra áille a bhí lucht Gaeilge i gcaitheamh na n-aoiseanna agus go raibh an t-ádh orainn gur coinníodh an litríocht sna lámhscríbhinní. Ach tá an dearcadh eile .i. gur léir gur earraí maisithe iad na sean-lámhscríbhinní, iarrachtaí ar ealaín agus áilleacht a chruthú, agus gur mithid dúinn ómós a thabhairt do na scríobhaithe trína mhacasamhail a dhéanamh. Faoi mar atá déanta ag na foilsitheoirí anseo, nár laga Dia iad.

Níl fear in Éirinn is fearr ná Darach Ó Scolaí chun tábhacht na díospóireachta a thuiscint. Sílim, dá bhrí sin, go mbeidh sé sásta nuair a spreagfaidh an leagan nua seo de An Táin a thuilleadh díospóireachtaí faoi ról an chultúir dhúchais i saol an lae inniu. Tarlóidh sé sin toisc gur scéal mór í An Táin, téacs a bhfuil glactha leis mar chloch choirnéil an Ghaelachais, agus go bhfuil fáil air anois i nGaeilge ghlan chomhaimseartha. Féach, mar shampla, ar an gconspóid a ghin The Merchant of Venice le gairid nuair a pléadh cé acu ba chóir na tagairtí maslacha do na Giúdaigh a bhaint as, nó a fhágáil ann. I gcás seantéacs, ar éigean an ghintear an díospóireacht mura bhfuil stádas ard canónda aige agus é ar fáil go réidh. Bheadh téacsanna meánaoiseacha na hEaglaise conspóideach freisin murach gur i Laidin atá siad agus ní thuigtear na tagairtí frithghiúdacha go forleathan. Gan ach cúpla sampla a lua shamhlóinn go bhféadfaí comhrá spéisiúil a bheith ann faoi na hUltaigh a bheith in aghaidh Fir Éireann. Nó stádas na mban. Nó tuiscint níos géire fós a chruthú faoi na macallaí atá le cloisteáil i litríocht an lae inniu. Nó ról an laochais i saol an lae inniu agus an toradh a leanann é má dhéantar eiseamláir as an ngaiscíoch.

Cuireann an saothar seo seoid de chuid na Gaeilge, na hÉireann agus go deimhin an domhain uile, cuireann sé í ar fáil don aois nua. Ba chóir don údar féin –agus is cinnte go mbeidh Gaeilgeoirí uile– bródúil as an maisiú seo ar an aois agus ar an mílaois ina mairimid.

Feasta, Feabhra 2018

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais