Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Aitheasc a thug an tOllamh Pádraig Ó Macháin ag ócáid a tionóladh
sa Seomra Caidrimh, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, an 22 Samhain 2017,

in ómós do Dhonnchadh Uasal Ó hAodha
ar éirí as cathaoirleacht Bhord na Gaeilge dó.



A chairde,
Fearaim fáilte mhór romhaibh, agus fáilte go háirithe roimh Dhonnchadh, a chlannmhac agus a mhuintir.

Lá mór é seo agus ceiliúradh á dhéanamh againn ar an obair mhór thorthúil atá i gcrích ag Donnchadh Uasal Ó hAodha ar son na teangan, ar son na hOllscoile agus ar son mhic léinn na hOllscoile seo thar daichead éigin bliain.

Mí Lúnasa na bliana seo, chuir Donnchadh in iúl d’Uachtarán an Choláiste Ollscoile seo go raibh beartaithe aige éirí as cathaoirleacht Bhord na Gaeilge, tar éis dó breis agus fiche bliain a chaitheamh ina chathaoirleach ar an mBord.

Leor ó dhuine a dhícheall, agus níl aon amhras ná go bhfuil breis mhór agus a dhícheall déanta ag Donnchadh le blianta fada, sa Choláiste Ollscoile agus i saol na hÉireann chomh maith. Mura ndéanfadh duine ach sracfhéachaint a thabhairt ar a curriculum vitae, déarfadh an duine sin nach curriculum vitae ar aon chor é ach caithréim, agus is beag mír sa gcaithréim sin nach leis an nGaeilge a bhaineann sí.

Ón dara lá déag de Bhealtaine 1976 tá Donnchadh ina bhall de Bhord na Gaeilge; agus ó 1992 i leith bhí ina chathaoirleach ar an mBord. Tréimhse fhada i saol duine amháin é sin, agus ní haon ionadh gur lena linn a baineadh amach na gaiscí oibre a ndeinimid go léir talamh slán inniu díobh: Dún Chíobháin a cheannach agus a fhorbairt thiar i bparóiste an Fheirtéaraigh; Scéim na Scoláireachtaí Gaeltachta a chur ar bun; seomra na Gaeilge sa Choláiste, an Seomra Caidrimh, a bhunú; polasaí maidir le cur chun cinn na Gaeilge sa Choláiste a bheartú agus a bheachtú.

Ina theannta san go léir, ní ceart dúinn a sheasamh náisiúnta agus idirnáisiúnta a dhearúd, é ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ó 2011 go 2014, agus ina Uachtarán Oinigh ar an Oireachtas. Cuimhnímis leis ar an saothrú pobail ar ghlac sé páirt ann go fonnmhar – i bhfad Éireann sarar chualathas trácht ar ‘Community Engagement’: Cór Chúil Aodha, Daonscoil na Mumhan, Dáil na Mumhan, agus a thuilleadh eagraíochtaí agus gluaiseachtaí nach iad. Is maith is cuimhin liom féin bualadh le Donnchadh ag seoladh fhéilscríbhinn Bhreandáin Uí Chonchúir, ócáid a chaitheas a fhágaint go luath chun léacht a thabhairt i mBaile Mhic Cairbre an oíche chéanna; cad déarfá ach nuair a bhaineas an áit sin amach i gceartlár na nDéise go bhfuaireas Donnchadh romham arís.

Mar is eol dúinn go léir, ní raibh sa bhallraíocht ná sa chathaoirleacht ná sa ghníomhaíocht riamh – dá thábhachtaí é – ach obair dheonach. Bhí Donnchadh feadh an ama ina Riarthóir ar Aontas na Mac Léinn san Ollscoil seo, agus tar éis gur bunaíodh agus gur tógadh Áras na Mac Léinn, arbh é féin a chuimhnigh ar a leithéid a bhunú chéad uair, is é a bhí ina Bhainisteoir Ginearálta ar an Áras nó gur chuaigh ar scor sa mbliain 2010. Lean sé air áfach lena dhea-obair don mBord, agus is sinne a thairbhigh de sin.

Nuair a chuimhnímid air gur fear cathrach é Donnchadh a bheartaigh d’aon ghnó dul chun cónaithe i nGaeltacht Mhúscraí, ní haon ionadh ar aon chor é teist na díograise a bheith air. Bíonn díograiseoirí agus díograiseoirí ann, áfach, agus bíonn gá le gach aon sórt acu san am ceart: an té a raghadh chun achrainn agus chun bruíne, agus an duine a raghadh chun áitithe agus chun pléite go séimh múinte díscréideach. Bíonn a thábhacht féin leis an dá shaghas san, ach sa bhfaidtéarma is dóigh liom gur tábhachtaí go mór an duine stuama ná an duine teasaí. Agus is í an stuaim a shamhlaímse le Donnchadh i gcónaí.

Thar aon cheann dá chuid suáilcí atá molta anso agam, caithfead a rá go mbuann an greann agus an gealgháire orthu go léir. Ní raibh lá riamh dár casadh Donnchadh Ó hAodha orm ná raibh cúis éigint ghrinn le roinnt aige liom. Fear mór cuideachta is ea é, agus is mór a bhraithfidh Bord na Gaeilge uathu a phearsantúlacht agus a chroíléis.

Ní ceart aon chuid dá bhfuil ráite agam gné eile de Dhonnchadh a cheilt. Is é sin gur fear léinn é, fear mór léachtaí do fhreastal, agus fear mór léitheoireachta. Sara n-iarraim ar chomharba Dhonnchaidh i gCathaoirleacht an Bhoird, Ciarán Ó Gealbháin, comhartha ardmheasa agus buíochais a bhronnadh air, agus sara n-iarraim ar Dhonnchadh féin labhhairt libh, ba mhaith liom bradaíl bheag a dhéanamh ar véarsaí le Gael na nGael, agus an méid seo a rá:
Cé scríobhfadh stair na hÉireann is na tréanríthe muara?
cé scríobhfadh call na Gaeilge is an traochadh do fuair sí?
cé scaoilfeadh startha Chéitinn don té bheadh gan tuairisc,
gníomhartha mear na Féinne is gach tréanchath dár bhuadar?
Saoi de mhaithibh Gael tú den tsaorfhuil dob uaisle,
do chinn ó shleachtaibh Éibhir is Éireamhóin uasaigh;
gríobh de ghartfhuil Aodha ná staonfadh i dtuargain,
síoda ceart na héigse is céirbheach na suadh tú.

Feasta, Feabhra 2018

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais