Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc

Dán

le Micheál Ó hAllmhuráin

Guth na nGlún

i.m. Dolores O’Riordan

Ba tú a chuir cluas le héisteacht
Ar an nglúin óg,
agus a tharraing diamhair-aire an domhain
Ar rúin do cheoil
Ó luanscrios uafar ár laetha...

Do chonaic súile cinn gach éinne
Do thuiscint óg
Ag eitilt le soineantacht a dhíriú ar dhomhan
A bhí slogtha sa dóib
Nó diansuaite ag díchéille...

Mar aingeal a thuig ár gcréachta
Is neameabhair ár mbeo,
Lean tú ort ag cantain i ndoircheacht an domhain
D’fhonn sonas is só
A scaoileadh le spiorad ár saortha...

Go bhfille tú slán abhaile, a chroí,
ar Cheol-áras na gCaomh,
Le beatha na mbuanghrást binn
a bhlaiseadh beo i láthair Dé.

Feasta, Feabhra 2018

Abhaile | barr | clár na míosa seo