Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc

Dán

le Dubhán Ó Longáin

An Phóg 1

Toradh na chéad oíche
A chaitheamar le chéile –
Tuar mílte.

An Phóg 2

Ordóg Fhinn do theanga
A thuarann cogadh
Eadrainn
Tchíonn tú troid is cath
Ar mhachaire do leapa.

Géillim,
Níl ionam anois
ach a ndéanann tú díom,

Bradán mé
Ónar baineadh a chumhacht.

An Phóg 3

Mé anois ag smaointiú
ar an oíche sin.
Eachtra ghliondrach –
bhog mé go deifreach le
hanáil dhomhain do mhéine.

Feasta, Feabhra 2018

Abhaile | barr | clár na míosa seo