Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Smaointe Polaitíochta

Cé atá oiriúnach?
le Seán Ó Loingsigh


Nuair a fógraíodh le déanaí go raibh curtha in iúl do cheithre chlann déag gan dídean a bhí ag fanacht in Óstán an Gresham go mbeadh orthu an t-óstán a fhágaint, níor leor a rá gur baineadh geit as cuid againn: an Gresham! Ní hé go bhfuil aon ní as ord le duine ar bith fanacht in áit ar bith, ach go gcuireann sé ina luí orainn arís chomh dona agus chomh diachrach is atá an fhadhb tithíochta agus easpa dídine. Is féidir a bheith cinnte gur beag sólás do na clanna i gceist iad a bheith ag fanacht i dtimpeallacht chomh cáiliúil agus costasach, gan trácht ar an strus a bhaineann leis an tsáinn ina bhfuil siad, agus cá mbeidh cead luí a gcinn acu feasta.

Inné féin bhí ball de pháirtí an Lucht Oibre ar Bhardas Bhaile Átha Cliath ar an teilifís ag cáiseamh faoin Gresham a bheith ag bagairt bata is bóthar ar na clanna i gceist, ach deamhan focal aisti, ná míniú uaithi ar an fáth nach raibh ar chumas an Bhardais freastal ar an riachtanas tithíochta a bhí go follasach acu, mar a bhí siad ag déanamh gan cheist le ceithre scór bliain, gur cuireadh stop leis deich mbliana ó shin. Fós níl fhios againn cén fáth go mbeifear ag brath ar an earnáil phríobháideach, nó pé acu an idé-eolaíocht an phríobháidithe is bonn leis, mar a luamar anseo cheana.

Fuair duine d’aspail mhóra an domhandaithe agus an tsaormhargaidh, agus gan amhras an phríobháidithe, bás le déanaí. Ó Bhaile Átha Cliath ó dhúchas ab ea Peter Sutherland, a bhí ina Ard-Aighne againn tráth agus ina Choimisinéir san Aontas Eorpach. Fuair sé ardmholadh tar éis bháis dó, mar a bhí tuillte gan cheist aige. Bhí ábaltacht as an ngnáth ann, ach ina theannta bhí daonnachtúlacht ag baint leis nach i gcónaí a luafaí lena phiara. Tá sé le tabhairt faoi ndeara gur lena linn a d’athraigh an AE treo, agus in áit an bhéim a bheith ar chearta an duine aonair agus ar an gcothromaíocht, ba mhó cás feasta leas an tsaormhargaidh, agus an dírialáil a chuirfeadh aon srian le feidhmiú an mhargaidh sin. Bheadh sé fíor a rá gur thacaigh Sutherland go hiomlán leis an malairt treo sin.

Bhí sé suimiúil nach raibh ach moladh i gceist sna feartlaoithe ar shaol agus ar shaothar Sutherland, seachas b’fhéidir an tagairt a dhein Fintan O’Toole ina cholún san Irish Times don mhalairt treo atá luaite. Glactar leis an bhfealsúnacht ar sheas sé leis mar an cheartchreideamh nua, go háirithe sa dioscúrsa poiblí mar a léirítear é sna meáin chumarsáide, ar na nuachtáin agus ar an raidió agus an teilifís. Agus, ar ndóigh, leantar leis an bport go bhfuil ár ngeilleagar ag déanamh thar cionn agus beagnach fillte ar an staid ina raibh sé an taca seo deich mbliana ó shin, in ainneoin ár mórfhadhbanna i gcúrsaí sláinte agus an easpa tithíochta sóisialta. Pé fiúntas nó a mhalairt a luaitear faoin dearcadh polaitiúil a bhí ag Peter Sutherland, is deacair glacadh leis go mbeadh sé an-tógtha leis na heasnaimh atá chomh soiléir faoi láthair sa dá chás sin.

Ba chasadh nua sa pholaitíocht anseo ó dheas go raibh Arlene Foster, a bhí ina Céad-Aire ar Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann inár measc i gCill Airne le déanaí, agus í ag caint ag cruinniú poiblí ansin. B’fhurasta a rá go m’fhearrde i mBéal Feirste í, agus an Tionól agus an Feidhmeannas ar ais i mbun oibre, seachas mar atá faoi láthair agus iad gan feidhm le bliain anois. Nach beag is fiú é an DUP agus Sinn Féin, agus iad gafa go huile ag cur an milleán ar a chéile maidir le cé atá ciontach sa mhoilleadóireacht, agus an dochar atá mar thoradh air sin do Chomhaontú Aoine an Chéasta. Nach é an Comhaontú sin crann taca na síochána i dTuaisceart Éireann.

Ach san am céanna, cé nach gcuirfeadh céad fáilte roimh an gcuairt seo, ag cuimhneamh siar dúinn ar na blianta dorcha nuair nach gcuirfeadh polaiteoirí den chlaonadh céanna polaitiúil le Foster cos thar teorainn ar ór ná ar airgead? Níl an turas, b’fhéidir, inchomórtais leis an míorúilt a tharla nuair a thit Naomh Pól dá chapall ar an mbóthar go Damascus, nó fiú cosúil leis an gcomhbhá aisteach a tharla idir Ian Paisley agus Martin McGuinness, beannacht Dé lena n-anamacha araon. Tá súil againn gur bhain sí tairbhe as an turas, agus cá bhfios nach spreagfadh sé í chun dlús a chur athuair lena hiarrachtaí chun an Tionól agus an Feidhmeannas a athbhunú.

Is minic dúinn anseo ag léiriú amhrais faoin drochphoiblíocht docheansaithe a thuilleann Sinn Féin ar na meáin chumarsáide, ach ina theannta ag páirtithe polaitiúla eile a mbeidís in iomaíocht leo, agus a ndeirimid i gcónaí gur thosaigh sé nuair a tháinig McGuinness agus Adams ó dheas ag cur a ladar i bpolaitíocht chúng sheascair na Poblachta. Ach ansin, bhí Sinn Féin go mór le lochtú le déanaí de bharr na conspóide a bhain le baill agus ionadaithe ar údaráis áitiúla a bhí ag éirí as an bpáirtí agus iad ag gearán go raibh drochíde agus ansmacht á thuilleamh acu óna gcomhbhaill, agus nach raibh lucht ceannais i mbun aon srian a chur leis.

Shrois an chonspóid seo a buaic nuair a thaispeáin Barry McElduff, MP an pháirtí i dTír Eoghain Thiar, físeán ar na meáin shóisialta ina raibh sé le feiscint ag spaisteoireacht thart in ollmhargadh agus bullóg aráin Kingsmill ar a cheann, cothrom an lae dhá bhliain is daichead ó tharla sléacht sa bhaile den ainm céanna, inar mharaigh baill a ndeirtear gur den IRA iad, deichniúr sibhialtach Protastúnach a bhí ag filleadh abhaile óna gcuid oibre. Nuair a leag Sinn Féin téarma ráithe d’fhionraíocht air is amhlaidh a mhéadaigh ar aithis an phobail agus, ní nach ionadh, ar mhíshásamh ghaolta an deichniúir.

Ansin, cé gur dhearbhaigh McElduff nach raibh aon bhaint ag a chuid geáitsíochta leis an sléacht barbartha sin i Kingsmill; ghabh sé a leithscéal arís, agus athdheimhnigh sé nár le mailís a bhí an gheáitsíocht, agus d’éirigh sé as oifig. Nuair a cháin sé go huile an drochghníomh, agus cé go raibh cúiteamh éigin déanta aige, bhí sé cuí gur éirigh sé as oifig, in áit an téarma suarach fionraí a bhí i gceist ag an bpáirtí. Is féidir gur chéim é a éascaíonn teacht le chéile na bpáirtithe arís, agus tá súil anois go mbrostóidh sé athghairm an Tionóil atá chomh práinneach sin faoi láthair.

Ní miste tagairt arís don chonspóid agus don fheachtas faoi oiriúnacht Shinn Féin a bheith i mbun ghnó na polaitíochta daonlathaí anseo ó dheas. Is deacair brí a bhaint as conas a fhéadfadh páirtí polaitíochta a bheith i mbun rialtais go dlisteannach i dTuaisceart Éireann ach nach mbeidís amhlaidh sa Phoblacht. Cén chaingean a choisceann é, nó an bhfuil Comhaontú Aoine an Chéasta fabhtach, bíodh gur síníodh é thar ceann dhá rialtas agus ocht bpáirtí pholaitiúla? Níl sé éasca go háirithe i gcás Fhianna Fáil, a bhí i rialtas nuair a shínigh an Taoiseach an Socrú i 1999, gar do fiche bliain ó shin.

Tá, gan amhras, tráchtairí polaitíochta i dteideal pé seasamh is mian leo a ghlacadh maidir le hoiriúnacht pháirtí pholaitíocha ar bith a bheith i mbun rialtais, agus an dearcadh sin a phoibliú ar pé nuachtán nó iris is mian leo. Ní miste dóibh a dtuairimí a chur i láthair freisin faoi eachtraí barbartha a tharla le linn na coimhlinte i dTuaisceart Éireann, ó thosaigh máirseálacha na gCeart Sibhialta agus ‘Cath Thaobh an Bhogaidh’ i 1968 go dtí gur síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta i 1999. Gan amhras bheifí ag súil go mbeadh a dtuairimí curtha i láthair le cothromaíocht agus gan chlaonpháirteachas. Ní i gcónaí a tharlaíonn sé sin, pé acu ó thaobh na dtráchtairí é nó ó thaobh na bpolaiteoirí.

De ghnáth is fearr scríobh na staire a fhágáil faoi na staraithe, ní hamháin ar mhaithe le cothromaíocht, ach nár mhiste faoi láthair an ró-bhinib atá sa dioscúrsa poiblí a mhaolú. Nach suimiúil go mbeidh Gerry Adams, béte noir na dtráchtairí, má bhí riamh, ag éirí as oifig faoi cheann cúpla seachtain agus gur cosúil gurb í Mary Lou McDonald a roghnófar ina áit. An laghdófar, má sea, ar an mbinib?

Táimid ag dul i dtaithí ar ráitis aisteacha, agus fiú míchuí, ón Uachtarán Trump ó ceapadh é thart ar bhliain ó shin. Ní dócha, i ndáiríre, go bhfuil aon choir déanta aige ná aon mhí-iompar i gceist a thuillfeadh táinseamh, ach bhí danarthacht agus graostacht as an ngnáth ina thagairt do thíortha beaga, agus bochta, san Afraic agus Meiriceá Theas mar ‘phoill chaca’. Ach beag an baol ná go músclaítear arís na ceisteanna faoina oiriúnacht mar Uachtarán ar na Stáit Aontaithe, agus mar a deirtear go hardnósach, b’fhéidir, ina cheann feadhna ar an Domhan Saor. Is ábhar buartha ar leith é do na polaiteoirí sna Stáit Aontaithe, pé an Poblachtánaigh iad nó Daonlathaigh. Ní hé go mbeidh ár dTaoiseach féin ar a shuaimhneas ar fad agus é, mar is cosúil atá i gceist aige, ag tabhairt a chuairt ar Washington ar Lá ’le Pádraig. Cé air a bheadh fonn a bheith i gcomhluadar an Uachtaráin seo lá ar bith den bhliain?
Feasta, Feabhra 2018

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais