Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Gach ar Fágadh

Gearrscéal le Colin Ryan

 

‘Táim imithe anois,’ a dúirt an seanduine. ‘Imithe glan. Imeacht gan teacht, b’in é an chaoi riamh. Dhera.’

Rinne sé casacht thirim, rud a dhéanfadh neach gan fuil gan smuga. Ba dheacair é a aithint agus an solas múchta ina thimpeall.

‘Ach tá tú anseo,’ a dúirt Luciana Wu. ‘Ag caint.’

‘Níl ionam ach an chuimhne atá ag an saol orm,’ a dúirt an seanduine. ‘Ní buan í an chuimhne. Imímid go léir, sin é an chaoi, dhera.’

An chasacht arís, níos tirime fós. Páipéar á stróiceadh, a déarfá. A lámha ar crith, a shúile ina smál, iad folamh ó bheogacht.

——◊——

Seanteach ard, lán de sheantroscán, de sheanbhruscar, de sheanbholadh taise. Bhí Luciana tar éis tréaniarracht a dhéanamh ar chúpla fuinneog a oscailt sa seomra suí, iad i ngreim ag meáchan na haimsire. Ar cuairt a bhí sí, nó ina gadaí.

Jab páirtaimseartha ba ea é seo, an ghadaíocht, an fiosrú, an cur i gcéill. Bhí beatha le saothrú aici agus í i muinín jabanna difriúla, freastal, glanadh, spiaireacht. B’fhéidir go bhféadfadh sí a corp a dhíol, ach níorbh aon spéirbhean í, bean thanaí dhubh, meabhróg mhífhoighneach de phór na hIodáile agus na Síne. PhD le críochnú aici. Ach bhuaileadh corrfhear bleid uirthi, nó corrbhean féin. Níorbh olc an áis an méid sin uaireanta.

Í ar fostú uaireanta ag C.P. Thorne, Bleachtaire Príobháideach. Ní raibh aithne aici ar C.P. Thorne, má bhí sé ann riamh; Clara a bhí i bhfeighil an ghnó, bean stuama amhrasach, ina bearrachán fadsrónach.

‘Uacht atá i gceist,’ a dúirt sí le Luciana. ‘Ceann a cailleadh nó a ceileadh, más fíor. Seanscéal. An iníon atá ag casaoid. Fuair na deartháireacha an t-iomlán agus d’fhéadfadh sí dul chun an dlí ach ní hacmhainn di é. Is saoire sinne. Tá sí barúlach go bhfuil uacht eile ann, ach tá an teach cuardaithe ina fhóid chaola aici agus gan faic dá bharr aici.’

‘Nach mbeadh gach rud ag na dlíodóirí?’ a dúirt Luciana.

‘Níl,’ a dúirt Clara. ‘Is beag plé a bhí aige féin le lucht dlí i ndeireadh a shaoil. B’fhearr leis gach a raibh aige a choinneáil sa bhaile. Dúirt mé léi féin go gcuirfinn an duine ba ghlice dá raibh againn i mbun na hoibre. Sin tusa, cheal aon duine eile. Cén rath atá ar an tráchtas?’

Suibíochtú agus oibiachtú in ardbhéascna Iáva. Dia idir í agus an tubaiste.

‘An donas,’ a dúirt Luciana.

‘Caith uait é,’ a dúirt Clara. ‘Ní léifear choíche é agus é déanta agat. Dochtúirí leighis atá ag teastáil seachas dochtúirí léinn. Tá sé chomh maith agat bualadh leis an iníon. Déanfaidh mé coinne léi.’

Marie. Bean tuaithe, í colgdhíreach ar an gcathaoir. Bean sheiftiúil.

‘Nílim ag iarraidh an domhain,’ a dúirt sí. ‘An tríú cuid. Bheadh sin cothrom.’

‘Agus deir tú go bhfuil uacht ann a thabharfadh an méid sin duit?’ a dúirt Luciana.

‘Chonaic mé í. Tamall roimhe sin thiteamar amach le chéile. Bhí sé taghdach. Ach nuair a bhuail an tinneas é ghlaoigh sé orm agus d’iarr orm teacht isteach chuige.’

An seanduine ina shuí i gcathaoir mhór sa seomra suí, píosa páipéir ina lámh aige. Bhíos chun an t-iomlán a thabhairt don bheirt eile, a dúirt sé, Tom agus Brendan. Ach is gearr uaim an bás agus rinneas athsmaoineamh. An cothrom i gcónaí.

‘Cúig uacht a bhí déanta aige,’ a dúirt Marie. ‘An gcreidfeá é? An oidhreacht roinnte agus athroinnte agus athroinnte arís. An ceann ba dhéanaí a fuair siad, b’in an ceann a thug gach rud do mo dheartháireacha. Ach táim cinnte go bhfuil uacht eile ann, an ceann a thaispeáin sé dom. Tá glais nua curtha isteach ach d’éirigh liom fuinneog a oscailt ar chúl an tí agus eagla orm go gcuirfeadh duine déanfasach fios ar na póilíní. Rinneas dianchuardach ach ba shaothar in aisce é. Ach ceapaim anois gur fearr daoine eile a thabhairt isteach. Daoine atá oilte ar an obair seo.’

Gan dabht. Daoine fíorghlice a thiocfadh ar an gcrúiscín óir le cuma nó le cleas. Dream riachtanach.

‘Ní dhéanfaimid dhá leath dár ndícheall leis,’ a dúirt Luciana. É ráite go teann aici faoi mar a bhí fios a gnó aici.

‘Seoda mo mháthar agus an seanchlog atá ar an matal, iad sin go háirithe,’ a dúirt Marie. ‘Ba bhreá liom an clog úd agus mé óg, an maisiú, na deilbhíní a thagadh amach agus an uair á bualadh.’ Rinne sí miongháire. ‘Nuair a shleamhnaíos isteach agus mé ar thóir m’oidhreachta, rinneas an clog a thochras arís. B’ait liom an chuid sin de m’óige a athmhúscailt, is cuma faoin gcuid eile.’

‘Ní bheadh do dheartháireacha sásta réiteach a dhéanamh?’

‘Is fada nach rabhamar ar aon intinn. Ní scaoilfidh siad a ngreim.’

——◊——

Mí Lúnasa. Melbourne i mbéal an Earraigh. Lá a raibh iarracht den fhuacht ag gabháil tríd. In Coburg a bhí an teach, gairdín fásta os a chomhair amach, ceann eile ar a chúl, i sráid chiúin. Seanchrainn ann, iad gan torthaí anois. Tháinig Luciana ar rothar go hard sa tráthnóna, í neamhshonrach, foscúil, agus shleamhnaigh timpeall an tí. Ba mhór an t-iontas nár tháinig aon ghadaí ceart chun an áit a chreachadh, ach tar éis di í féin a streachailt thar leac na fuinneoige thuig sí céard ba chúis leis. Teach siúil a bhí ann: cé nár chreid sí féin i dtaibhsí.

Shuigh sí síos ar chathaoir sa seomra suí mar a bheadh tuirse éigin tar éis í a bhualadh; bhí siortú déanta ag Marie i bpoill agus i bprochóga, i dtarraiceáin, i gcupaird, i ndriosúir; seans gur tháinig na deartháireacha ar an uacht dheireanach agus gur scrios siad í; seans nach ndearna; seans nach raibh an uacht riamh ann. Ach seans go n-éireodh léi í a aimsiú.

An uair seo lá arna mhárach bheadh sí ina suí in amharclann bheag i measc scata díograiseoirí ag féachaint ar bheirt aisteoirí ag labhairt línte a scríobh sí féin. Ní bheadh sí sásta leis na línte ná le lucht a labhartha. Ní bheadh brabús ná clú le baint astu. Ach leanfadh sí uirthi ag breacadh. De ghrá an stáitse. Ag cumadh scáileanna.

An seanduine os a chomhair amach, ina rud a d’fhás go nádúrtha ann. Ina aisteoir.

‘Fear cothrom mé,’ a dúirt sé. ‘Is furasta díoltas a imirt. An ceart a bhaint amach. Ach shíleas nárbh fhada go mbeinn ag déanamh cré, shíleas sin, bhíos ag cuimhneamh ar an gcré.’

An chasacht.

‘Tá sé ina lá go fóill, tá sin, ach tiocfaidh an oíche. Bhíos pósta le tríocha bliain, mé i mo scafaire groí ar dtús agus gan mo shárú ann, ag tógáil tithe, b’in mo cheird, ag tógáil agus ag leagan. Cailleadh í féin ach choinníos smacht orthu, ar an gclann. Ní bhíonn an rath ach mar a mbíonn an smacht. Bhíos dian. Agus anois táim imithe.’

Ba dheacair é a aithint thar a raibh ina thimpeall.

‘Tá uacht ann,’ a dúirt Luciana, ‘an ceann deireanach, ceann cothrom. Tá sí dulta amú.’

Ach bhí sé imithe i gceart, é slogtha ag an solas, ag an scáth, ag an troscán.

Chuir sí a cosa fúithi, ag imirt a hintinne ar na háiteanna a bhféadfadh píosa gioblach páipéir dul i bhfolach. Í ag cuimhneamh freisin ar an seanchleas: rud a cheilt os cionn cách.

Chrom sí ar an teach a shiúl: an pasáiste, na seomraí codlata, an seomra folctha, an chistin. Bhíodh an seanduine ina léitheoir: úrscéalta, leabhair staire, leabhair theicniúla, fiú na filíochta. Leabhair curtha i gceann a chéile ar bhoird, ar dhriosúir, ar bharr vardrús, ar an urlár féin. Caonach liath ar roinnt mhór acu, mar a bhí ar na ballaí.

D’fhill sí ar an seomra suí, í ag baint lán súl as an tranglam agus é ag dul ó sholas; thóg sí ceann do leabhar ar an matal faoi scáth an chloig agus smúit an chaonaigh air. Ba chuid suntais é an clog, éabann agus ór, scáthán ballach ar a chúl: bhuail sé a sé agus nocht na rinceoirí gleoite grástúla, iad ag bogadh go righin réidh. Iad féin agus Luciana á samhlú dóibh féin sa ghloine, agus lámha Luciana ag breith ar an leabhar, á oscailt, leathanach fillte ag titim amach.

——◊——

‘Cén teideal a bhí ar an leabhar?’ a dúirt Clara an lá dar gcionn agus í ag ithe borróige.

‘Ag Déanamh Cré. Conas gairdíní a fheabhsú. Agus an uacht istigh ann. An bhfuil sí léite agat?’

‘Tá. Tá sí dátaithe dhá lá roimh a bhás agus faigheann Marie an t-iomlán.’

‘Níorbh é an t-iomlán a bhí uaithi.’

‘Caithfidh sí a toil a chur leis, an créatúr.’

‘Ní dhéanfaidh,’ a dúirt Luciana, ag cuimhneamh ar an gcothrom, agus shlog Clara fuíoll na borróige, chuimil lámh dá béal, bhain croitheadh beag as a guaillí.

‘Glaofaidh mé uirthi,’ a dúirt Clara. ‘Ní ar ár mbreith atá.’

Tháinig Marie, í colgdhíreach mar ba ghnách, gur athléigh sí an uacht go cáiréiseach.

‘Níor léigh mé go cúramach an chéad uair í,’ a dúirt sí. ‘É ina shuí ann, ag cur cor eile sa scéal orm, agus mise trí chéile. Bhí an diabhal ina bholg. Ní raibh a fhios agam go raibh sé ag saothrú an bháis, ach ba dhóigh leat go raibh an saol seo fágtha aige cheana. I dtarraiceáin a bhí na huachtaí eile. Cá raibh sí seo?’

Taispeánadh an leabhar di.

‘Bhíodh an-trácht aige ar gharraíodóireacht,’ a dúirt sí, ‘agus an gairdín ag dul chun fiántais. Níl a fhios agam cén chré a dhéanfadh sé féin.’

‘Achrann dlí a bheidh ann,’ a dúirt Luciana.

‘Níl uaim ach na seoda agus an clog,’ a dúirt Marie. ‘Ní dhiúltóidh siad mé agus an uacht seo á bagairt orthu. Tá costas ag gabháil leis an dlí. Maidir leis an gcuid eile, tá cead acu í a choinneáil. Leagfaidh siad an teach, is dócha. Leag sé féin a lán lena bheo.’

D’imigh sí, agus bhain Clara searradh aisti féin.

‘D’éirigh measartha maith leat,’ a dúirt sí.

‘Ní dhéanfainn an dara cuardach. Áit chomh gruama is a chonaic mé riamh. Agus é féin. Ní mór a scáil a chur faoi chónaí.’

‘Seafóid. Bailigh leat. Glaofaidh mé ort – más gá.’

Thug Luciana a haghaidh ar an saol agus ansin ar an amharclann, seomra a bhí plódaithe le daoine a raibh aithne aici ar a leath, agus mar ar mhothaigh sí cúinge agus fairsingeacht na cruinne.

Bhí an seanduine ina shuí lena taobh, ag cogarnaíl i dtaobh an chothroim. Lig sí dó imeacht ina cheo: tháinig an ciúnas agus na carachtair (na scáileanna eile) ag teacht chun soiléire os comhair an tsaoil.                     — Críoch

An tÚdar: Tógadh Colin Ryan ar fheirm in oirdheisceart na hAstráile. Suim aige riamh i dteangacha. Tháinig dúil aige sa Ghaeilge agus ar é ar scoil, agus nuair a bhain sé Melbourne amach thug sé faoi mháistreacht a fháil uirthi. Tá scéalta foilsithe aige i mBéarla ach is i nGaeilge is mó a scríobhann sé. Is fada scéalta agus eile á bhfoilsiú aige sna hirisí Gaeilge. Chaith sé tamall fada ina státseirbhíseach, rud a thug léargas éigin dó, is dócha, ar nádúr an duine. Labhraíonn sé idir Ghaeilge agus Bhéarla sa bhaile.



Feasta, Meán Fómhair 2018

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais