Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Cartlann Náisiúnta Athbheochan na Gaeilge

Cuid 3

le

Maolsheachlainn Ó Caollaí

‘He had so many books and ould Irish manuscripts: sure when he died it took us a whole day to burn them’.1

Sa dá alt roimhe seo bhí mé ag trácht ar thábhacht cáipéisí áirithe stairiúla agus ar an bhfaillí a dhéantar iontu, ní hamháin ag daoine aonair agus ag eagrais, ach ag institiúidí an stáit a bhfuil oidhreacht ar leith drochmheasa acu ar stair agus fianaise na staire. Is claonadh é atá fréamhaithe go domhain san aigne coilínithe.

 

In Irisleabhar na Gaeilge, Feabhra 1901, foilsíodh scéal faoi Mhannbhar Mór Mac Rí Lochlann. Más fíor, is i dtuama mór meigiliteach a bhí dhá scór troigh ar fhad, ar bharr Chnoc Fhionnchairn i gContae Mhuineacháin atá Mannbhar curtha. Sa tráchtaireacht i mBéarla a bhí sa dara chuid den alt a bhí ar an Irisleabhar, bhí sliocht fada as alt a scríobh Énrí Ó Muirgheasa agus a foilsíodh ar The Dundalk Democrat, 15 Nollaig 1900.

I mBéarla a bhí an t-alt agus ba dheacair fuinneamh agus fearg Uí Mhuirgheasa a aistriú go teanga eile. Dúirt an t-údar gur fágadh taisí Mhannbhair gan chorraí ar feadh dhá mhíle bliain go dtí timpeall 1870, ach ‘an ignorant peasant cleared away all but six or seven feet of the grave.’ Ansan dúirt Ó Muirgheasa gur tharla ainghníomh níos measa fós tamall gairid roimhe sin. Scriosadh, a dúirt sé, de réir tuairisce a bhí ar The Gaelic Journal sa bhliain 1900, uaigh Chéin Mhic Cháinte, ar bharr chnoic ar a dtugtar ‘Killen Hill’ air.

Dúirt Seán de Rís ina leabhar Peadar Ó Doirnín gurbh iad lucht an Bhéarla a thug ‘Killen Hill’ air, ach ‘Cnoc Chéin Mhic Cháinte’ a thug lucht na Gaeilge air, mar a d’ordaigh Lugh féin, mac Chéin. Ba chun na háite seo, ‘Úrchnoc Chéin Mhic Cháinte’, a bhí Pheadar Ó Doirnín ag iarraidh Nuala a mhealladh sa dán álainn úd. Tá an cnoc in aice le Dún Dealgan.

Bhí Énrí Ó Muirgheasa deimhin de gurbh é an malartú teanga ba chúis leis an fonn scriosta: ‘… the destruction of our monuments is a direct result of the loss of the national language’, a dúirt sé. Nuair a bhí an Ghaeilge ag na daoine bhí meas acu, a dúirt sé, ar na séadchomharthaí agus eolas éigin acu ar a stair. Ach anois, bhí sin imithe. ‘Ina áit tá aineolas dúr, docht, dall.’ Ar maos san aineolas sin, ‘… the Irish barbarian of the nineteenth century goes forth every year with a crowbar on his shoulder and a foreign jargon on his tongue’, chun ‘sean-séadchomhartha éigin a scuabadh chun siúil – séadchomhartha a bhí ina chruthúnas narbh barbaraigh iad a shinsir roimhe le míle bliain anuas.’

Faraor géar, ar na saolta seo ní hé an gró a bhíonn ag an mbarbarach, ach an t-ollscartaire. Bhí mé seacht mbliana d’aois nuair a chéad-chonaic mé ollscartaire. Céard a bhí á dhéanamh aige? Istigh i lár rátha a bhí sé, ag déanamh ‘cruán crua den bhogán bog agus bogán bog den chruán crua.’

Ba le fear saibhir é an ráth. Níorbh aon ‘ignorant peasant’ é. Bhí sé ar an bhfíorbheagán daoine sa chontae a raibh céim ollscoile acu. Ba chrann taca áitiúil é leis an bpáirtí polaitiúil ba mhó sa tír ag an am. Shílfeá go dtuigfeadh sé nach ceart iarsmaí na staire a mhilleadh.

Dúirt daoine go raibh sé mícheart cur isteach ar an ráth agus go mbeadh aiféala air, go mbeadh mí-ádh air. Le linn na hoibre a bheith á dhéanamh, tháinig scéal chuige go raibh bás tragóideach faighte ag deartháir leis i Meiriceá. Ar ndóigh, mheas cuid de mhuintir na háite go raibh baint ag an obair sa ráth leis an drochscéal. Mheas mo mháthair, a raibh cúlra Caitliceach-Phrotastúnach ag a muintir, nach raibh sa chaint sin ach ‘pisreog’: ‘pisreog’ a dúirt sí agus ní ‘piseog’.

Thug an phisreog sin, a bhí coitianta fós ag an am, cosaint ar feadh tamaill eile do cuid mhór de na ráthanna eile sa tír, ach ba ghairid gur láidre é saint ná piseoga. Ar na saolta seo, níl fios cén scrios a rinne feilméirí agus forbróirí agus lucht gaimbín eile ar shéadchomharthaí, go háirithe ráthanna, le linn na seachtóidí, na n-ochtóidí agus ina dhiaidh, agus iad sa tóir ar airgead an Chomhargaidh.

Mar ba dhual do stát a loit an chartlann phoiblí agus a chaith teanga agus Gaeltacht na tíre i dtraipisí, níor thug an stát cosaint éifeachtúil do na séadchomharthaí a milleadh. Déanta na fírinne, is minic gurb iad údaráis stáit aineolacha a spreagann na millteoirí. Nach in go baileach a bhí i gceist nuair a d’fhógair Comhairle Contae na Gaillimhe ina bplean contae gur limistéar forbartha tionsclaíochta agus tithíochta é croílár Ármhagh Eachroma, mar a bhfuil taisí agus cnámha cúig mhíle Gael a maraíodh an Domhnach úd i 1691 agus, mar chomhartha drochmheasa, a fágadh ar feadh bliana gan adhlacadh. Tá dhá mhíle de ‘Chlann Wully’ ann, a cuireadh, is dócha in olluaigheanna nach fios go baileach cén áit ar an ármhagh, nó gar dó, a bhfuil siad. Bheifeá ag súil go mbeadh níos mó measa ag rialtas áitiúil Éireannach ar mhairbh an dá thaobh ná mar a bhí ag Arm Rí Liam ar na Gaeil.

Craobh Réalt na Mara, Dumhach Thrá

Díreach ag an am a raibh barbaraigh ag scrios uaigh Chéin Mhic Cáinte, bhí a mhalairt de dhaoine ar fud na tíre ag iarraidh dorchadas an aineolais agus an fhéinfhuatha náisiúnta a chloí agus eolas, dóchas agus athghabháil oidhreachta a chur i réim. Tháinig dream beag amháin acu seo le chéile don chéad uair ar an 29 Samhain 1900. Bhí craobh de Chonradh na Gaeilge le bunú do cheantar Dhumhach Thrá i mBaile Átha Cliath. I halla paróiste Réalt na Mara, Dumhach Thrá, a bhí an cruinniú agus roghnaíodh Craobh Réalt na Mara mar ainm don chraobh nua.

Tuairim is dhá scór bliain ó shin thug fear a raibh cónaí air i nDroichead na Dothra beart beag cáipéisí dom. Bhí a dheartháir, Seaghán M. Ó Conchubhair, ina Rúnaí ar Chraobh Réalt na Mara ag tús an chéid seo caite. Cartlann na craoibhe, nó a raibh fágtha di, a thug sé dom.

Tá sé easnamhach go leor mar chartlann. Níl ach imleabhar amháin ann as trí imleabhar miontuairiscí. Miontuairiscí na mblianta 1911 go 1913 atá againn. Mar sin, níl miontuairiscí 1900 go 1910 againn. Níl liostaí na mball ann ná cuntais airgid. Seachas litir amháin ó Dhubhghlas de hÍde, agus ciorclán ó Sheán Ó Cathasaigh, an drámadóir, agus triúr eile, níl comhfhreagras na craoibhe ann. Níl a meirge le fáil ach oiread, cé go bhfuil fhios againn go raibh a leithéid acu, agus go siúladh siad taobh thiar de i mórshiúl na Gaeilge le linn Sheachtain na Gaeilge.

Ach tá roinnt gearrthán nuachtán ann ar fhoinsí eolais iad ar imeachtaí agus ar chuid de phearsana na craoibhe chomh fada siar le 1900. Tá mé ag ceapadh go bhféadfaí níos mó eolais a fháil ach nuachtáin tráthnóna an ama úd a chuartú. Bhí liostaí sleamhnán ann chomh maith, a chuireann in iúl dúinn go mbíodh léachtanna nó taispeántais le ‘lóchrann draíochta’ acu. Bhí trí ghrianghraf sa bheart maraon le roinnt ábhar bolscaireachta, agus fillteáin a bhain le heagras eile, Scoil Ghaeilge Thamhna, a raibh nasc ag cuid de bhaill na craoibhe leis.

Tá ainmneacha cuid de na baill tosaigh le fáil sna miontuairiscí agus sna gearrtháin nuachtáin. Sa chathaoir ag an gcéad chruinniú bhí garmhac le Denis Downey, a bhí ar dhuine den 350 príosúnach cogaidh a chuir Arm Shasana, faoi cheannas an Mhaorghinearáil Duff, chun báis tar éis dóibh géilleadh agus a gcuid arm a thabhairt uatha, ar an 29 Bealtaine 1798, ar an gCurrach gar do bhaile Chill Dara. Ba i Sráidbhaile Laoise sa bhliain 1821 a rugadh an Canónach John O’Hanlon, mac iníne le Denis Downey. Ó oíche bhunaithe na craoibhe go dtí go bhfuair sé bás cúig bliana ina dhiaidh sin, bhí an Canónach Seán Ó hAnluain ina Uachtarán ar an gcraobh, agus cé go raibh sé an-sean, d’fhreastail sé féin go tráthrialta ar na ranganna Gaeilge, agus thug sé gach tacaíocht a d’fhéad sé do thionscnaimh athbheochana eile na craoibhe.

Sagart, staraí, ealaíontóir, file, scríbhneoir agus comhalta d’Acadamh Ríoga na hÉireann ab ea é. Sa bhliain 1842 chuaigh sé ar imirce lena mhuintir go Missouri i lár na Stát Aontaithe agus is in St. Louis a ornaíodh é sa bhliain 1847. Níorbh fhada go raibh rabhartaí móra teifeach as Éirinn ag sroisint chóstaí thoir thuaidh Mheiriceá, agus fiú machairí láir na Stát Aontaithe. Tá fad 1,200 míle ar an Mississippi, idir New Orleans agus St Louis, ach bhí longa gaile cáiliúla an Mississippi ag seoladh aneas ó New Orleans go dtí St. Louis ag iompar teifigh Éireannacha, go leor acu leagtha amach ar chláir uachtaracha na long, iad ar an dé deiridh de bharr ghalair an Ghorta. In ainneoin go raibh an fiabhras tógálach agus go minic marfach, chuaigh an sagart nua-oirnithe Ó hAnluain ina measc ag fóirithint orthu. D’éirigh leis, freisin, cabhair a fháil dóibh ó údarás na cathrach.

Bhí an mhoghsaine dleathach agus á chleachtadh i Missouri ag an am. Mar a bheifí ag súil leis, bhí Ó hAnluain ina choinne. Scríobh sé tuairim is 35 leabhar (bhí deich n-imleabhar i gceann acu) in imeacht 56 bliana agus sin gan aon Phádraig Ó Snodaigh ann chun é a ghríosadh! Ba náisiúntóir agus smaointeoir polaitiúil é. Bhí sé cairdiúil le George Petrie agus Seán Ó Donnabháin. Tá cur síos ar a shaol agus go leor eolais eile le fáil in Like Sun Gone Down: Selections from the Writings of John Canon O’Hanlon le Pádraig Ó Macháin agus Tony Delaney, Galmoy Press, 2005, agus sa réamhrá ina leabhar féin, History of the Queen’s County. (1907, athchló 1981).

Staraí eile, Seoirse Ó Muanáin, a toghadh mar Uachtarán nuair a d’éag an Canónach. Bhí ainm Uí Mhuanáin ar eolas ag gach dalta scoile a rinne stair don Ardteist i rith thríocha nó ceathracha bliain tosaigh an stáit, mar is é a scríobh cuid dá bhfuil sa leabhar staire a dtugtaí ‘Hayden and Moonan’ air go coitianta. Ba chomhalta den Choiste Gnó í Máire Ní Aodáin, údar eile an leabhair úd. Ag an am sin, i mblianta tosaigh an fhichiú céad, bhíodh ar a laghad seisear nó seachtar ban ar Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge, rud a bhí fíor-neamhghnách agus nár tharla in aon eagras náisiúnta eile nach eagras ar leith do mhná é. I 1911 bhí naonúr ban agus ceathrar fear ar choiste Chraobh Réalt na Mara. Emilí Nic Stóer a bhí ina cisteoir agus ina leasuachtarán in éindigh le Diarmaid Ó Riain, an leasuachtarán eile. Diarmaid agus Emilí a bhí i mbun ceann de ranganna na craoibhe. Ar leathanach fánach, scartha, nach cuid é den leabhar miontuairiscí, tá clár cruinnithe don 6 Aibreán 1906. Bhí an ‘óigbhean’ Emilí ina cisteoir ag an am sin.

Ar na daoine eile a bhí gníomhach sa chraobh idir 1910 agus 1913, bhí Áine Ní Dhuinn, Lúsaí Ní Chornbhall agus a deartháireacha Art agus Críostóir, agus Áine agus Eithne Nic Stóer, deirfiúracha Emilí, an leasuachtarán. Bhain muintir Stoer le teaghlach Éireannach-Ghearmánach, Caitliceach-Phrotastúnach. Bhí Caitlín agus Cléire Ní Dhúbhghaill ar an gcoiste. B’fhéidir nár dheirfiúracha iad Caitlín agus Cléire, mar níorbh ionann a seoltaí poist. Bhí Bean Mhic Gabhann ar an gcoiste in éindigh le Bean Uí Choisdealbha, a fuair bás sa bhliain 1912. Ina gcomhaltaí freisin bhí Ailís Ní Phléimeann, Donnchadh Ó Broin agus Eibhlín de Buitléir, a raibh na litreacha M.E i ndiaidh a hainm. Chomh maith leis na daoine atá luaite d’fhreastail Tomás Ó Gormáin, Eamon Mac Maoláin, Cristín Ní Chléirigh agus Seaghán Moffat ar chruinniú chinn bhliana 1912.

Sa bhliain 1899, an bhliain roimh bhunú Chraobh Réalt na Mara, bhí Seoirse Ó Muanáin ina chisteoir, agus sa bhliain ina dhiaidh sin ina rúnaí, ar an Ard-Chraobh. Ó 1900 go dtí 1915, bhí sé ina bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge. De réir gearrtháin atá sa chartlann, rinne sé sár obair go deonach don Chonradh. I measc cáipéisí na craoibhe, tá gearrthán nuachtáin, gan dáta ná foinse luaite, ina bhfuil grianghraf agus cur síos an-mholtach go deo ar Mhac Uí Mhuanáin, agus an dá bhonn óir a bhí gnóite aige ó Chumann na Mac Léinn Dlí i gcomórtais óráideachta agus chleachtas dlí. Dúradh freisin go ndearna sé saothar mór agus é ina chathaoirleach ar choiste airgid Chonradh na Gaeilge agus gurbh eagraí, riarthóir agus bolscaire den chéad scoth é, go raibh fuinneamh agus tionscnaíocht as an ngnách aige, agus gur fhág sé rian buan ar an eagras. Ag an am a foilsíodh an scéal sin, bhí sé ag cleachtadh dlí agus léitear in áit eile gur bhain sé gradam abhchóide shinsearaigh amach sa bhliain 1930, agus ba bhreitheamh sa Chúirt Chuarda é ina dhiaidh sin.

Ach ba é an rúnaí, Seaghán Ó Conchubhair, an laoch ba mhó a d’fhóin don chraobh. Ba é an rúnaí é agus chomh maith leis sin mhúin sé an t-ardrang seachtainiúil a bhí ag Craobh Réalt na Mara. Trí rang sheachtainiúla a bhí acu: ardrang, bunrang agus rang do pháistí. Cuireadh deireadh leis an rang do pháistí sa bhliain 1910, toisc go raibh sé ró-dheacair smacht a choinneáil ar na páistí, agus go háirithe toisc go raibh an Ghaeilge á múineadh anois i ngach scoil i gceantar na craoibhe.

Bhí stádas fíor-neamhghnách ag Seaghán M. Ó Conchubhair. Bhí sé ina rúnaí ar an gcraobh agus ag an am céanna ina rúnaí ar Scoil Ghaeilge Thamhna agus, fan go fóill: ag an am ceanann céanna, ina rúnaí ar Bhord na gCeantar gCúng, an bord stáit a raibh sé de chúram air, faoi réim na Sasanach, aire a thabhairt do na ceantair ba bhoichte san Iarthar. Ba cheantracha Gaeltachta iad cuid mhór de na ceantair a raibh baint ag Bord na gCeantar gCúng leo. Réamhtheachtaí Údarás na Gaeltachta, ar bhealach.

Tá gearrthán sa chartlann ar dócha gurbh as An Claidheamh Soluis, Feabhra nó Márta 1912, a tógadh é. Faoin gceann teidil ‘Meeting of the Coiste Gnótha’, tá sé luaite go ndearna an Conradh fiosrú faoi luaidreán go raibh cuid d’ardoifigigh Bhord na gCeantar gCúng ag cur cosc ar oifigigh shóisearacha an bhoird a bhí ag iarraidh bheith rannpháirteach i gConradh na Gaeilge. Ó Rúnaí an Bhoird a tháinig an freagra mar leanas:

A Dhuine Uasail,

D’orduigh Bord na gCeantar mBocht domsa admháil go bhfuaradar do litir den 31 Eanair 1912 agus atá orm a rádh leat ’na thaoibh nach feasach don mBord go bhfuil aon bhunadhas leis an sgéal atá luaidhte i do litir.

Le mór-mheas,

   Mise, Seaghán M. Ó Conchubhair

Ag an am sin bhí an Seaghán M. Ó Conchubhair céanna sár-ghníomhach i gConradh na Gaeilge!

Léitear ar ghearrthán eile a tógadh ó An Claidheamh Soluis, 21 Eanair 1911, faoin gceannteidil ‘An Coiste Gnótha’, tuairisc ar chruinniú an choiste sin ar 10 Eanáir 1911. Dúradh go raibh litir faighte ón ‘Congested Districts Board for Ireland’. Ar an 21 Nollaig 1910 a scríobhadh an litir:

Ar smuaineadh do’n Bhord so ar iarratas ó Chonnradh na Gaeilge – ‘go mbeadh sé de chead ag daoinibh a bhéas ag dul fá sgrúdughadh comórtasach i gcóir post fá’n mBord, Gaedhilge do ghlacadh mar ádhbhar sgrúduighthe’, do cheap an Bord mar leanas: Gur chóir agus gur cheart an rud é eolas ar an nGaedhilge do bheith ag oifigeachaibh an Bhuird a mbíonn baint acu le Gaedhilgeoiribh.

Agus do cheap an Bord freisin caoi a thabhairt do gach uile iarrthóir dul fá sgrúdughadh béil san Ghaidhlig agus má éirigheann leis san sgrúdughadh agus má tá gach uile eolas eile aige chomh maith le cách, é do ghlacadh i seirbhís an Bhuird thar na hiarrathóiribh eile nach bhfuil Gaedhilg acu,

   Is mise, le meas mór ort

   Seaghán M. Ó Conchubhair.

(Do Phádraig Ó Dalaigh, uasal, Rúnaidhe Chonartha na Gaedhilge)

Cuireadh in iúl i lár Aibreáin 2018, as 18,775 post in 15 roinn stáit, nach bhfuil an Ghaeilge ag teastáil do 99.92% de na poist sin. Bhí bord stáit a bhí faoi cheannas na Sasanach in ann stádas fostaíochta a thabhairt don Ghaeilge sa bhliain 1911, ach níl an stát Éireannach in ann ná sásta oiread na fríde de stádas fostaíochta a thabhairt don ‘teanga náisiúnta’!

Le linn na mblianta a mbaineann na miontuairiscí seo leo, 1910 go 1913, bhíodh freastal maith ar na cruinnithe coiste, ach i dtuarascálacha bliantúla na mblianta deireanacha bhíodh an rúnaí ag trácht ar lagtrá in imeachtaí na craoibhe. Ní raibh mórán ag freastal ar na ranganna faoin am seo, ba ghráin leis na baill an bailiúchán náisiúnta, agus d’iarr siad ar an Ardfheis, in ionad an bhailiúcháin, imeacht an-mhór a eagrú i nDroichead na Dothra a thabharfadh airgead isteach. Níor ghlac an Ard Fheis leis. Sa bhliain 1910 d’éirigh leis an gcraobh £10.3.5 a bhailiú, agus is dócha go raibh díomá orthu nár éirigh leo ach £3.12.0 a bhailiú i mbailiúchán náisiúnta 1912. Ach ba mhór an méid é £10.3.5. Ar bhonn an athraithe sa chostas beatha sa Bhreatain idir 1910 agus 2018 b’ionann é agus €1,100 ar a laghad inniu, agus ar bhonn luach oibre, b’ionann é agus €4,200 ar a laghad. An seachtú cuid a thugadh an Conradh ar ais don chraobh.

Agus iad ag iarraidh daoine a mhealladh isteach sa chraobh reáchtáladar coirmcheoil agus díospóireacht phoiblí i nGaeilge. Is cosúil gur i mBéarla a reáchtáltaí na cruinnithe coiste, mar is i mBéarla is mó a bhíodh na miontuairiscí scríofa. Ba iad miontuairiscí an chruinnithe ar an 11 Nollaig 1913 na miontuairiscí deireanacha sa leabhar agus ina dhiaidh sin tá go leor leathanach bán fágtha sa cháipéis úd.

Ar an gceathrú lá de Mheitheamh na bliana sin scríobh An Craoibhín chucu ag gabháil buíochais leo as ucht an rún tacaíochta leis féin a ghlacadar nuair a bhí easaontas sa Chonradh. Níor mhaith liom gan litir lámhscríofa eile atá sa chartlann a lua. Ar an 22 Aibreán 1907 scríobh ceathrar ball den Chonradh ón seoladh ‘11 Sráid Íochtarach Ua Chonaill’ chuig na craobhacha. Bhí an litir sínithe ag Seoirse de h-Ireabhoin agus Earnán de Blaghd, baill den Ard Chraobh, agus Seaghan Ua Cathasaigh agus Séamas A Déacin, baill de ‘Chraobh Droma Chonarach’, Sráid Dorset Íoc. Dúradar gur bhaill Phrotastúnacha iad den dá chraobh atá luaite, go rabhadar ag teacht le chéile go tráthrialta agus go rabhadar ag iarraidh teacht ar ‘the best means of bringing their co-religionists into line with the Irish Language movement’. Na héilimh a bhí acu ná: 1. Seirbhís i nGaeilge ar a laghad uair sa mhí i gceann de na heaglaisí sa gcathair; 2. Na hallaí paróiste a bheith ar fáil le haghaidh léachtanna agus imeachtaí; 3. Ranganna Gaeilge agus staire a bheith ar fáil i ngach scoil Phrotastúnach. D’iarr siad ar na craobhacha ainmneacha a gcomhaltaí Protastúnacha a chur chucu.

Ar ndóigh, b’ionann Seaghán Ua Cathasaigh agus Seán O’Casey an drámadóir. Muna bhfuil dul amú orm, d’éirigh leo seirbhís a eagrú in Eaglais Naomh Caoimhín ar an gCuarbhóthar Theas, gar do ‘Chrosbhóthar Uí Lionáird.’

Sa chartlann freisin tá dornán beag gearrthán as nuachtáin ina raibh tuairiscí ar bhásanna. Tá an dáta 17.09.1946 scríofa ar cheann acu a bhfuil cuma cló The Irish Press air. Sochraid ‘Miss C. Doyle, 10 Bóthar Naomh Íte, Glasnaíon’ atá á thuairisciú. Bhí an Taoiseach agus Bean de Valera ann, chomh maith le daoine a bhain leis an dá thaobh i gCogadh na gCarad. I láthair freisin bhí ‘Seán M. Ó Conchubhair’. I ngearrthán eile nach bhfuil aon dáta air ná foinse luaite leis, tá ceann teidil ‘Miss Chrissie Doyle: An Appreciation’. Ba chara í le hÉamonn Ceannt agus a bhean, agus bhí sí rannpháirteach san Éirí Amach agus i gCogadh na Saoirse. Le linn na gcúig bliana is fiche deireanacha dá saol, bhailigh sí a lán cáipéisí a bhain le Conradh na Gaeilge, agus ‘her unique collection has enriched the National Library’. Níl fhios agam an raibh baint aici le Craobh Réalt na Mara, ach bhí Seán M. Ó Conchubhair ag a sochraid agus coinníodh na gearrtháin i gcartlann na craoibhe. Tá gearrthán beag eile ann a fhógraíonn bás eile – Éamonn Ó Néill, 17 Bóthar Waterloo – ar an 10 Aibreán 1946. Tá cuntas breá ar a shaol agus a shaothar ar son na Gaeilge in Ainm.ie. Ba chara é le Pádraig Mac Piarais. Ó tharla gur chaith sé tamall ina chónaí i gceantar na craoibhe, b’fhéidir go raibh baint aige le Craobh Réalt na Mara.

Scoil Ghaeilge Thamhna

Bhí nasc ag Craobh Réalt na Mara le Scoil Ghaeilge Thamhna, scoil samhraidh Ghaeilge do dhaoine fásta. Samhlaím daoine ag fiosrú ‘In ainm Dé, cá bhfuil Tamhain?’ Ní Taiwan, ach Tamhain! Is oileán é i gCuan na Gaillimhe, ach go bhfuil bóthar isteach ann anois agus le fada an lá. Cúig nó sé mhíle siar ó dheas ó Órán Mór atá Tamhain. Toisc gur cailleadh an Ghaeilge ar Thamhain, tá an áit ligthe i ndearmad, ach ag tús an fichiú haois bhí dóchas ag daoine go bhféadfaí an Ghaeltacht bheag sin a tharrtháil, agus is chuige sin a bhí Scoil Ghaeilge Thamhna ag fónamh.

Braithim gur seanchara liom anois é Seaghán M. Ó Conchubhair. Seo chugainn arís é, ach an uair seo is é Rúnaí Scoil Ghaeilge Thamhna é. Bhí Seaghán ina Rúnaí Onórach, mar a thugtaí ar an rúnaí nach raibh á íoc ach a rinne an obair! Ach breathnaigh, cérbh iad na leathbhádóirí a bhí aige i dTamhain. Tá leabhrán beag dátheangach i gcartlann Chraobh Réalt na Mara dar teideal:

‘Scoil Ghaedhilge Thamhna, Co. na Gaillimhe, 1912.

An Téarma 5adh Lá de Mhí Lughnasa go dtí an 31adh Lá.

Uachdarán: Ruaidhrí de Céasmaint.’

Ar an gcoiste bhí Éamonn Mac Giolla Mhártain, Tul-ladhraig, (Cathaoirleach); An tAthair S. Ó Catháin, SP, Órán Mór; Eibhlín de Buitléir M.E.; An Dr Séamus Ó Beirn, Cill Milcín, Mám; Domhnall Ó Murchadha, 25 Cearnóg Pharnell; Tomás Ó Máille, Ollamh na Gaeilge, Coláiste na hOllscoile, Gaillimh; Pádraig Ó Máille, Mám; Liam Mac Giolla Bhrighde, 71 Sr. Eccles; Seán Ó Coilidh, Droichead na Dothra agus an Cisteoir Onórach, E. R. Mac G. Ó Diocs, M.R.I.A., 17 Sr. Chill Dara. Cérbh é an ‘Ceann Oide’? – ‘Éamonn de Bhailéara, B.E.’

Ba ón gceantar iad na ‘Fó-Oidí’, Micheál Ó Fathaigh (Tadhg) agus Máire Ní Choinnibh. De réir tuairisce, d’éirigh go maith leis na múinteoirí.

Ba bhall de Chraobh Réalt na Mara í Eibhlín de Buitléir. Is i dTamhain a rugadh an Dr Séamas Ó Beirn. Tá cur síos breá ar a shaol agus a shaothar ar son sláinte mhuintir Chonamara le fáil ar Ainm.ie. Chabhraigh sé le bunú Scoil Ghaedhilge Thamhna. Bhí gaol pósta aige le beirt a bhí ar an gcoiste, na deartháireacha Tomás agus Pádraig Ó Máille. Ba de mhuintir cháiliúil Uí Mháille as Muintir Eoghain i dtuaisceart Chonamara iad agus páirt ar leith acu i stair na tíre níos deireanaí.

Ach cérbh é E. R. Mac G. Ó Diocs? Ernest Reginald McClintock Dix (1857-1936), cé eile? Ba dhlíodóir agus leabharbhách é, dar le Ainm.ie. Is cosúil gurb iad an bheirt úd, Earnán Diocs, a raibh seoladh aige freisin ag 21 Sráid an Chláir, agus Seaghán M. Ó Conchubhair, ba mhó a bhí taobh thiar de Scoil Samhraidh Thamhna. Cuireadh tús leis an Scoil sa bhliain 1909. Ar Thamhain a chéadchas Earnán ar a bhean chéile, Elizabeth Rachel Leech, agus ba ann a d’fhoghlaim sise a cuid Gaeilge. Ba scríbhneoir agus amhránaí cáiliúil í. Tá cur síos níos iomláine orthu beirt ar Ainm.ie.

I gcartlann na craoibhe tá cóip fhíorghlan de lámhleabhar An Oireachtais, 1939, an bhliain a saolaíodh Oireachtas na Gaeilge don dara huair. Tá cóip chomh glan céanna ann den lámhleabhar don bhliain 1941. Ar bharr an dá lámhleabhar tá an t-ainm Seán M. Ó Conchubhair. Bhí sé tar éis glacadh le litriú ciorraithe dá ainm, ach ní dá shloinne.

Sa chartlann chomh maith bhí cóip amháin den iris ‘Samhain’ — eagrán 1901 — ‘Edited for the Irish Literary Theatre by W.B. Yeats’. Scríofa ar an leathanach tosaigh tá ‘Seaghán M .Ó Conchubhair, 22adh Deireadh Fóghmhair 1901’. Istigh ann, maraon le téacs an dráma Casadh an tSúgáin, tá alt le Edward Martyn, an fear céanna a bhí níos deireanaí ina chathaoirleach ar Scoil Ghaeilge Thamhna.

Murach gur coinníodh na cáipéisí seo, ní dóigh go mbeadh aird ar bith ar scéal Chraobh Réalt na Mara agus Scoil Ghaeilge Thamhna, ná ar chuid de na daoine a d’oibrigh go dian faoina mbratacha. Níor éirigh fós le Ainm.ie an Canónach Ó hAnluain na Seán M. Ó Conchubhair a ghabháil ina eangach, ach anois go mbeidh an bunábhar seo le fáil i gcartlann Chonradh na Gaeilge in Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Gaillimh, beidh aird orthu athuair ag staraithe agus scoláirí eile.

Tá mé ag ceapadh go bhfuil a chómhaith d’ábhar stairiúil a bhaineann le hathbheochan na Gaeilge fós i seilbh chraobhacha agus daoine aonair. Cuma cén áit ina bhfuil sé, nuair nach i gcartlann cheart atá sé, tá an t-ábhar sin i mbaol mar atá inste sna haltanna seo. Tá deis ann anois é a chur ar fáil don chartlann in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Maolsheachlainn Ó Caollaí, 27 Bealtaine 2018


1.
(Ráiteas a rinne duine de shliocht scoláire Gaeilge i gCo. Thiobraid Árann. Bhí sé ag caint ag am a raibh an malartú teanga curtha i gcrích le tamall ina cheantar. An Col. Eoghan Ó Néill a d’inis an scéal sin dom.

Feasta, Meán Fómhair 2018

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais