Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Laochas, Lot agus Lúba na Beatha:

Beatha Dhónaill Dhuibh

le Séamus Barra Ó Súilleabháin

Cló Iar-Chonnacht: Indreabhán, 2016. ISBN: 978-1-78444-142-5

Léirmheas le Marie Whelton

 

Réamhfhocal

Is cnuasach filíochta é Beatha Dhónaill Dhuibh ina dtéann Séamus Barra Ó Súilleabháin i ngleic go cruthaitheach le raidhse de théamaí comhaimseartha agus ina ndéanann sé plé nuálach ar leith ar an ngalar intinne. Sa léirmheas seo, tabharfar spléachadh tosaigh ar an léargas ar an gcoinníoll daonna a ofrálann Ó Súilleabháin sa trí chuid éagsúla dá chnuasach – ‘Beatha Dhónaill Dhuibh’; ‘Loitríocht’ agus ‘Gunsaku Tuathail.’ Ina dhiaidh sin pléifear gnéithe den stíl a chleachtann sé agus déanfar an saothar ina iomláine a mheas

An Laochas agus An Galar Dubhach

Is í an chéad chuid an chuid is toirtiúla den chnuasach agus sa chuid sin buaileann an léitheoir le Dónall Dubh. Mar a deirtear ar an gclúdach ní léir an é sárlaoch, príomhlaoch nó frithlaoch an tsaothair é, ach is cinnte gur laoch de chineál éigin é. Ar ndóigh, tá go leor scríofa go hidirnáisiúnta faoi shaolré an laoich agus tá go leor scoláirí Gaeilge tar éis saolré an laoich a rianú i litríocht na Gaeilge i gcoitinne.

Sna dánta seo, tugtar ómós do Dhónall Dubh mar laoch dúchasach, mar rí, mar Thaoiseach, agus uaireanta is é Dónall Dubh an tUngthach nó an Meisias. Ní haon ionadh é, dá bhrí sin, go n-úsáidtear foclóir an laochais agus go dtagraítear don fháistine (lch 73-77) agus don riastradh (lch 61). Mar is iondúil i litríocht an laochais, tagann Dónall Dubh i láthair faoi chlónna éagsúla – éan (lch 7) a thuarann an bás is ea é ag tús an leabhair, seanmharcach ríoga i gcarbad órga is ea é i ndán amháin (lch 21-25), ardaingeal a dteastaíonn uaidh daoine a tharraingt i dtreo an dorchadais is ea é i gceann eile (lch 40). Cé go dtagraítear do thréimhsí éagsúla ina shaol – a thréimhse sa bhroinn, a bhreith, a thréimhse ar scoil, a óige agus a theacht in inmhe – is léir go maireann an laoch go miotasach ó ghlúin go glúin. Is féidir leis a bheith sean nó óg, is féidir leis a bheith i gcéin nó in Éirinn agus ag an deireadh, mar is dual do na scéalta laochais is fearr, cuirtear béim ar neamhbhásmhaireacht Dhónaill nuair a dhearbhaítear nach dtagann deireadh lena bheatha sa leabhar.

Cé nach dtagann deireadh leis an laoch sa leabhar, is cinnte go n-éiríonn le Séamas Barra Ó Súilleabháin dul i ngleic leis agus go suaimhníonn sé é go pointe. Tá sé tábhachtach a chur san áireamh go ndeirtear go neamhbhalbh sa dán ‘An Galar Dubhach’ gurb é Dónall Dubh an galar dubhach:

leatsa

an cholainn

so

 

arsa Dónall i gcogar

 

pé slí

a ghabhann

 

is ann

Domsa,

 

leis (lch 48).

Ar an ábhar sin, tríd an gcéad chuid den leabhar síos, déanann an file pearsantú (nó ‘laochú’) ar an ngalar dubhach agus, sa tslí sin, éiríonn leis bunús agus tréithe an ghalair a chur os ár gcomhair. Tar éis réamhstaidéar tosaigh a dhéanamh ar an gcnuasach, feictear dom gur féidir fealsúnacht Uí Shúilleabháin maidir le Dónal (nó maidir leis an ngalar dubhach) a achoimriú in aon phointe dhéag:

Déanann Dónall iarracht seilbh a ghlacadh ar cholainn an údair agus rinne sé an rud céanna lena shinsir: ‘Agus ná bíodh eagla ar bith ortsa, a thaisce. / Bhí Dónall Dubh ann fadó. Is minic a bhí. Agus beidh. / Go deo’ (lch 70). Bíonn cloí agus, uaireanta, cailliúint an duine féin go mór i gceist sna dánta.

Bíonn an fhulaingt mhothálach agus an suaitheadh aigne ann nuair atá Dónall i láthair. Agus Dónall ina pháiste óg caoineann sé os comhair an easpaig (lgh 15-16); nuair a sceitheann cara air mothaíonn sé náirithe (lgh 19, 20) agus, fiú, tar éis dó srian a chur ar an ngalar tagann taom scaoill aniar aduaidh air (lch 103).

Baineann gné fhoréigeanach le pearsantacht Dhónaill – in ‘Cuimhne ar Shean-Dhónall’ is seanfhear é a bhagraíonn a ghunna ar na misinéirí a thagann chuig a theach gan cuireadh. Mar an gcéanna in ‘Fuadach Fight Club’, tá Dónall ag troid agus cuirtear é i gcomparáid le Conchúir Mac Griogair (lch 62). Bíonn Dónall cruálach go leor leis féin agus le daoine eile.

I gcuid mhaith de na dánta, bíonn baint ag Dónall leis an drabhlás – barraíocht alcóil agus drugaí, cearrbhachas, díomhaointeas agus drúisiúlacht (lgh 17-20, 36-39; lch 52; 69-70; 71-72; 73-77; 81-87; 89-90; 91-93).

Léirítear nach bhfuil meas dá laghad ag Dónall ar an reiligiún agus dar leis, nach bhfuil ann ach ‘srian chun na boicht a choimeád thíos’. In áit eile, deir sé: ‘Muintir Dé, muintir an Diabhail, mar a chéile iad’ (lch 28; feic, freisin, lch 57 agus lgh 73-77).

Tugtar le fios go mbíonn coimhlint idir an té a bhfuil an galar dubhach air agus a thuismitheoirí / an pobal beag (lgh 30, 34, 56).

Feiceann Séamas Barra Ó Súilleabháin baint éigin ag an ngalar dubhach leis an damhna dorcha atá ina shainghné den chruinne iomlán. I bhfocail an fhile: ‘is tú an damhna dorcha…a Athair’ (lch 80).

Ní ligeann an galar dubhach don té a fhulaingíonn leis a bheith i láthair sa nóiméad reatha. Mar a deirtear i ndán amháin: ‘ní mian leis mise / bheith tumtha go foirfe / sa neomat i láthair / is mian leis / tusa a sciobadh / i ndoircheacht a fhormaid’ (lch 40).

Tá nithe áirithe a thugann faoiseamh don údar ón ngalar dubhach – tá tugtha faoi deara aige go dtugann ‘cósta creagach Chiarraí’ íocshláinte agus síocháin áirithe dó (lch 99) agus tá tugtha faoi deara aige, leis, gur lá iontach é an lá ar a ndéanann sé ‘dearúd ar Dhónall’ (lch 100-101)

In ainneoin a chuid iarrachtaí go léir, áfach, ní féidir leis an údar an galar dubhach a dhíbirt go hiomlán riamh. I bhfocail an fhile: ‘chím ar loop é / ar scáileán na síoraíochta / ná téann riamh as’ (lch 108). Is léir go nglacann an file leis go bhfuil an dorchadas ina shaintréith den choinníoll daonna agus den domhan ina mairimid (lgh 101,102-107).

Ní fhaigheann Dónall bás ach tá baint éigin aige leis an mbás mar sin féin – mar a deirtear ag fíorthús na coda: ‘deirtear go mbeidh bás sa chomharsanacht má chloistear dónall dubh ag grágarlaigh’ (lch 7). B’fhéidir bás an duine féin a bheith i gceist mar a luadh thuas.

Is léir ó na pointí sin go n-éiríonn le hÓ Súilleabháin léargas úr oscailte a thabhairt ar an ngalar dubhach. Is léargas é a thuilleann tuilleadh taighde agus anailís scolártha.

Lot

Ábhar eile a thuilleann taighde ná na ráitis láidre a dhéanann Ó Súilleabháin i go leor de na dánta faoi thopaicí conspóideacha polaitiúla eile – an sceimhlitheoireacht, an dífhostaíocht, an imirce, nádúr an tslánaithe, cultúr comhaimseartha na n-óg, cultúr an alcóil agus beartais déine an rialtais aimsir an chúlaithe ina measc.

Tá an ghné pholaitiúil sin le léamh, freisin, ar na dánta turgnamhacha trialacha atá sa dara cuid den chnuasach. Tugann na dánta sa chuid sin léargas áirithe ar óige an fhile agus, mar is léir ón teideal ‘Loitríocht’, úsáideann an file an fhilíocht iontu chun tuairimí agus idéanna a lot. Is leor trí shampla a lua – liodáin is ea an dán ‘Guí’, mar shampla amháin, ina gcuireann an file mallacht ar liosta de rudaí: ‘scrios ar chóras... scrios ar ghaeltacht…scrios ar chruinneas… scrios ar loitríocht’ (lch 113). Sa dán ‘Siamsaíocht’ faightear tagairtí do Disneyland agus d’AK47 in aice lena chéile (lch 115) agus in ‘Cultúr’, mar shampla eile, scriosann sé go leor tuairimí coitianta maidir le nádúr an chultúir (lch 122-125).

Bóthar Lúbtha na Beatha

Sraith de haiku-nna atá sa tríú cuid den leabhar ach arís, mar a thugann an teideal (‘Gunsaku Tuathail’) le fios, tá a chasadh féin bainte ag an bhfile as an bhfoirm. Tá an seanfhocal (‘pobal beag, ifreann mór’, lch 153) ag tús na coda spéisiúil agus léiríonn sé go dtarraingíonn an file mórthéamaí an chnuasaigh le chéile ar bhealach snasta sa chuid dheireanach sin. Go bunúsach, fágtar an léitheoir leis an tuairim gur bóthar fada cam (lch 159) é bóthar na beatha, agus gur féidir dul sa treo mícheart go héasca. Tá na focail dheireanacha (‘slán le Tuathal’ – lch 159) lán le dóchas, áfach, agus tuigtear gur mian, ar a laghad, le guth an dáin dul ar bhóthar a leasa.

Stíl Éagsúil Shaibhir

Maidir le cúrsaí stíle agus friotail de, tá éagsúlacht shuaithinseach i stíl Uí Shúilleabháin. Cuid de na dánta, tá siad curtha i láthair mar phíosaí próis, cuid acu mar dhánta coinbhinsiúnacha, cuid acu mar haiku-nna agus is liosta ó bhrabhsálaí Dhónaill é dán amháin (lch 89). Is léir, i gcoitinne, go mbaineann an-tábhacht le leagan amach na bhfocal ar an leathanach (feic an focal ‘éan’, mar shampla, ar lch 156).

Tá rian an láithrithe bhéil ar na dánta go léir. Bogann Ó Súilleabháin go héasca ó Ghaeilge go Béarla agus chuig teangacha eile – an Laidin agus an Béarlagair maslach san áireamh. Tá saothar Uí Shúilleabháin neadaithe go daingean, freisin, sa traidisiún – cloistear macallaí ó fhilíocht Sheáin Uí Ríordáin níos mó ná uair amháin sa chnuasach agus baintear casadh nua as seanfhocail sheanbhunaithe. Ní leasc leis, ach an oiread, teanga an Bhíobla (feic lch 64: ‘nocht dúinn do ghnúis’) agus teanga na bpaidreacha Críostaí a úsáid (feic lch 70).

Tátal

Tá an-mhianach don fhilíocht léirithe ag an bhfile óg seo ina chéad chnuasach filíochta. Tá moladh tuillte aige as plé go cruthaitheach le téamaí comhaimseartha agus go háirithe as plé go misniúil leis an ngalar intinne. Anuas air sin, tá stíl uathúil úrnua á forbairt ag Ó Súilleabháin a thuilleann tuilleadh staidéir. Is trua é, áfach, nár cuireadh nasc chuig comhad fuaime leis an leabhar, óir tá an chuma ar go leor de na dánta gur don chluas a cumadh iad.

——◊——

Is léachtóir le Gaeilge í An Dr Marie Whelton in Institiúid Oideachais Marino, Baile Átha Cliath.

Feasta, Meán Fómhair 2018

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais