Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Gallán an Ghúim

Caidreamh an Stáit le Scríbhneoirí na Gaeilge: Máirtín Ó Cadhain, Seosamh Mac Grianna agus Seán Tóibín

Gearóidín Uí Laighléis, Coiscéim 2017, xvi + 348 lch. €12

Léirmheas le Síle Ní Mhurchú

 

Tagann teideal an leabhair seo ó Mháirtín Ó Cadhain: le barr seanbhlais a thug sé ‘gallán sóivéadach’ ar an nGúm ina léacht iomráiteach ‘Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca’ (1969). Bhí sé de nós ag na Griannaigh a bheith ag caitheamh anuas ar an nGúm chomh maith céanna leis an gCadhnach agus tá a rian ar an scéal: creidtear go forleathan nár chaith an eagraíocht sin go maith le scríbhneoirí na Gaeilge sna blianta tosaigh agus gur bheag fiúntas a bhí le luathiarrachtaí an Ghúim léitheoireacht na Gaeilge a fhorbairt agus a chur chun cinn.

Ach, pé ní mar gheall ar an aidiacht ‘sóivéadach’, is féidir brí dhearfach leis a bhaint as meafar an ghalláin i dteideal an leabhair: tugann sé le tuiscint go bhfuil fiúntas agus buanseasmhacht ag baint leis an nGúm. Tagann sé seo leis na príomhargóintí a dhéanann Gearóidín Uí Laighléis i gcorp an tsaothair: bhí caidreamh an Ghúim leis na scríbhneoirí agus na haistritheoirí a dhein obair dó níos casta agus, i mórán slite, níos fearr ná mar a cheaptar agus is féidir a áiteamh go raibh an Gúm radacach agus misniúil mar eagraíocht.

Na príomhfhoinsí a úsáideann Uí Laighléis ná comhaid an Ghúim féin – meamraim inmheánacha agus comhfhreagras leis na haistritheoirí. Dírítear ar an triúr is tréithí a chuaigh i mbun aistriúcháin don nGúm, is iad sin Máirtín Ó Cadhain, Seosamh Mac Grianna agus Seán Tóibín. Roghnaíodh an triúr seo toisc go raibh a gconair trí phróiseas foilsitheoireachta an Ghúim ionadaíoch agus toisc go raibh teist na dea-Ghaeilge orthu.

Corcaíoch ab ea Seán Tóibín, múinteoir scoile a thosnaigh ag aistriú go Gaeilge sular bunaíodh an Gúm fiú. Is fearr aithne inniu ar a mhac, an t-aisteoir Niall Tóibín, fear ar chuir Uí Laighléis agallamh air agus taighde don leabhar seo ar bun aici. Tugtar tuairisc ar gach saothar a d’ullmhaigh an triúr thuasluaite (níor foilsíodh gach ceann acu), idir aistriúcháin agus téacsanna úr-nua: an tslí a roghnaítí saothair le haistriú nó a ndéantaí coimisiúnú ar ábhar nua, plé ar cheisteanna stíle agus teanga, próiseas na heagarthóireachta, na dúshláin a bhain le leabhair a réiteach don gcló, cúrsaí airgeadais, agus mar sin de.

Míníonn Uí Laighléis go bhfuil eolas pearsanta ar na haistritheoirí le fáil sna comhaid chomh maith le sonraí mar gheall ar chur chuige an Ghúim. Tá an tuairisc a thugann sí ar an gcaidreamh idir Seosamh Mac Grianna agus a chol ceathrar Domhnall Mac Grianna fíor-spéisiúil: bhíodh teannas eatarthu mar bhíodar ar thaobhanna difriúla sa Chogadh Cathartha, agus ina dhiaidh sin bhí Domhnall ag obair don nGúm agus bhí sé de chumhacht aige glacadh le hobair Sheosaimh nó diúltú dó. Deir Uí Laighléis go léiríonn caidreamh Sheosaimh Mhic Ghrianna leis an nGúm an t-anró a bhain lena shaol féin: bhí an obair a dhein sé nuair a bhí sé i mbarr a mhaitheasa ar fheabhas ar fad, ach níor éirigh leis ardchaighdeán a bhaint amach go leanúnach. Pointe tábhachtach eile a luann sí ná go bhfuil léiriú ar shaol agus ar mheon Sheosaimh le fáil sna litreacha seo ach nach bhfuil scagadh ceart déanta ag scoláirí orthu fós.

Buailimid le mórán blúiríní eolais feadh na slí san anailís ar chomhfhreagras na n-aistritheoirí. Mar shampla, nuair a d’iarr Seán Tóibín cead ar Rudyard Kipling leaganacha Gaeilge de chuid dá scéalta a fhoilsiú, ‘chuir sé in iúil go tur dam ná rabh le fáil agam’ (lch 107). Faighimid blaiseadh de shaol na linne leis: sampla de seo an litir ina míníonn an Tóibíneach go raibh thiar air lena chuid oibre toisc gur ‘loisceadh an leabharlann phoiblí [i gCorcaigh] agus mo bhailiú beag féin de leabharaibh aimsir na Black & Tans’ (lch 105). Sa bhliain 1946, scríobh an Cadhnach go dtí an Gúm á rá go raibh sé tosnaithe ar ‘liosta de chainteanna, de sheoraithe, de Bhéarlagar a bhíos an-tréan ag Béarlóirí, nó a theagas isteach i bpáipéir nuaíochta, ar na scannáin agus in áiteachaí den tsórt sin’ a thiontú go Gaeilge (lch 84). Cheap sé cuid de na haistriúcháin é féin agus thóg sé cuid eile acu ó chaint na ndaoine i gConamara ag an am. Dhiúltaigh na heagarthóirí agus na léitheoirí don saothar seo, áfach, agus faraor, tá an lámhscríbhinn caillte anois.

‘Ábhar seachliteartha’ is mó a phléitear sa leabhar seo, a mhíníonn Uí Laighléis (lch xi), ach tá caibidil shubstaintiúil ann ina bhféachtar go grinn ar na téacsanna féin. Níor thug na haistritheoirí cuntas ar a dtuiscintí ar cheird an aistriúcháin ach, léiríonn an chomparáid cháiréiseach atá déanta ag Uí Laighléis idir na haistriúcháin agus na buntéacsanna Béarla go raibh a chur chuige sainiúil féin ag gach duine den triúr agus iad i mbun oibre.

Sheachain an Tóibíneach aon tagairt do chúrsaí collaíochta agus dhein sé ‘Gaelú’ nó ‘Caitliciú’ ar na téacsanna in áiteanna trí nathanna cainte ón mbéaloideas nó nathanna a bhaineann leis an gcreideamh a chur leo. Is é breithiúnas Uí Laighléis ná go bhfuil ábhar maith léitheoireachta ina aistriúcháin, má léitear iad gan féachaint ar bhuntéacsanna an Bhéarla. Chuireadh an Cadhnach focail bhreise isteach sna téacsanna agus dheineadh sé athscríobh iomlán ar ghiotaí dóibh. Tá a chuid aistriúchán thar a bheith canúnach in áiteanna a raibh Béarla caighdeánach á úsáid sna buntéacsanna: nílid dílis, mar sin, ach ar an dtaobh eile den scéal, fágann san go bhfuil saibhreas iontach Gaeilge le fáil iontu.

Ba dheacair don gCadhnach agus do Mhac Grianna araon cuid de réimeanna cainte an Bhéarla a chur in iúl sa Ghaeilge – caint na ndaoine uaisle, téarmaí ná raibh aistrithe go Gaeilge fós ag an am, agus mar sin de. Bhí ar Mhac Grianna a chuid téarmaí seoltóireachta féin a chumadh agus An Mairnéalach Dubh le Joseph Conrad á ullmhú aige. Sa bhunleagan Béarla, úsáidtear focal maslach áirithe (ar leasc liom é a thabhairt anseo) ag tagairt do phríomhcharachtar an scéil, an mairnéalach dubh. Deir Uí Laighléis go léiríonn na leaganacha a roghnaigh Mac Grianna, ‘ciardhubhán’ agus ‘fear dubh’, a bhá do na daoine gorma. Tá leagan Mhic Ghrianna den scéal níos sásúla do léitheoirí an lae inniu, ach b’fhiú breis anailíse a dhéanamh ar an gceist seo, dar liom. Tarraingíonn úsáid an fhocail ghránna sa leagan Béarla aird ar an gciníochas sa litríocht agus sa tsaol mór leathan, rud a cheiltear sa téacs Gaeilge.

Tá scoláirí éagsúla tar éis aitheantas a thabhairt do ghnéithe de luath-obair an Ghúim, ach tá an anailís atá déanta ag Uí Laighléis anseo níos iomláine ná aon rud a foilsíodh go dtí seo. Admhaíonn sí go raibh laigí áirithe ag baint le cur chuige an Ghúim: ní raibh straitéis fhadtéarmach acu agus cuireadh deireadh le scéim an aistriúcháin díreach nuair a bhí an ghlúin a thosnaigh ag foghlaim na Gaeilge ar scoil sna fichidí ag teacht in inmhe. Cosnaíonn sí an Gúm ar mhórán den gcáineadh a deineadh air, áfach. Dheinidís cinsireacht áirithe ar a gcuid foilseachán, ach ba nós coitianta é sin in Éirinn agus thar lear sa chéad leath den bhfichiú haois. Ní raibh na híocaíochtaí a tugadh do na haistritheoirí chomh híseal sin ar fad.

Ní raibh na daoine go léir a bhí ag obair don nGúm ar aon aigne agus bhíodh plé bríomhar ar siúl acu maidir le luach na saothar a cuireadh chucu: ní fíor a rá go rabhadar go léir cúngaigeanta. Dá mhéid an droch-mheas a bhí ag Ó Cadhain agus Mac Grianna ar an nGúm, tá Uí Laighléis den tuairim láidir go raibh tionchar mór ag an obair aistriúcháin a dheineadar ar an saothar liteartha a tháinig uathu. Ní féidir a mhaíomh gur theip ar scéim an Ghúim, mar d’éirigh leo éagsúlacht leabhar a chur ar fáil sa Ghaeilge agus cuid acu san ar ardchaighdeán. Tugann Uí Laighléis blaiseadh den saibhreas seo dúinn agus rithfeadh sé le duine gur mór an trua go bhfuil sé chomh deacair sin teacht ar na leabhair seo inniu. Nárbh fhiú an chuid is fearr acu a chur i gcló arís?

Leabhar breá maisiúil é seo agus is díol suime iad an raidhse íomhánna de cháipéisí ó chartlann an Ghúim atá priontáilte ann. Is cinnte go mbainfidh daoine a bhfuil suim acu i mbeartas teanga an Stáit, i stair an aistriúcháin agus i bhforbairt na nua-litríochta tairbhe as Gallán an Ghúim a léamh.


Feasta, Meán Fómhair 2018

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais