Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc

I gCuimhne ar Pheadar Ó Conaill

(1755 – 1826)

le Micheál Ó hAllmhuráin

 

Seasta fén ngréin anso i bhfuadar Thrá Lí,

Táim ag cuimhneamh ort is ar an stró go léir

A chuir tú ort féin ag cnuasach, le grá do chroí,

Gach frása a chum ár muintir le ceol is le céill.

Chím d’intleacht ag diantaighde i bhfad siar

Ag fiosrú fairsinge na fírinne le faobhar

Is ag samhlú slí le hoidhreacht na nGael a shuíomh

Ionas nach raghadh solas ár sibhialtachta i léig.

Is le foirfeacht a bhaint amach, le dúil is le draíocht,

Téann tú ag tóraíocht focal i gcóngar is i gcéin

Go míneodh mogalra macallaí uaisleacht uilíoch

Agus iompar glórmhar spiorad seolta na saor.

Is seo tú ag tarrac leat do bhosca leabhar ar do dhroim

Ag filleadh ar nead d’óige as Luimneach an léinn

I ndóchas go gcuirfeá bailchríoch ar an bhfís

A las loinnir na glóire mórthimpeall iomramh do lae.

As tonn obann inspioráide spreagann tú do nia

Chun tathaint ar an gConallach ó dheas i gCiarraí féin

Cúnamh a thabhairt duit radharc rí-úr ar ár saíocht

A chur i gcló ar mhaithe le leas ár gcine ghroí féin …

Gread leat as m’amharc is abair, le fíoch fuar, leis an seanamadán

Gur chuir sé am a bheatha amú ag tiomsú a shainbhailiúcháin!

Feasta, Meán Fómhair 2018

Abhaile | barr | clár na míosa seo