Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Gaeltacht agus Gàidhealtachd

 

Bhí alt suimiúil le déanaí faoi Ghàidhlig na hAlban ar iris teilifíse BBC Capital a thug léargas cuimsitheach ar na hiarrachtaí atá ar bun chun an seanteanga dhúchais ansin a athbheochan, a bheag nó a mhór cosúil leis na hiarrachtaí atá ar bun againn féin le breis agus céad bliain anois chun ár dteanga féin a tharrtháil agus a chur chun cinn. Is mór-ionadh a laghad teagmhála a bhí agus atá idir an dá dhream, iadsan in Albain agus in Éirinn, atá gafa leis an iarracht athbheochana, go háirithe nuair go bhféadfaí a rá go bunúsach gurb í an teanga chéanna atá i gceist, agus nach beag ná go bhféadfaí a shuíomh gur canúnachas is mó a scarann iad.

Pé an bhfuil sé sin fíor ar fad nó nach bhfuil, séard atá suimiúil faoin alt ag Lennox Morrison, ar de bhunadh Eilean Leòdhais sna h-Eileanan Siar é, go ndeineann sé soiléir an chosúlacht atá, ní hamháin idir an dá theanga, ach atá idir scéal na hathbheochana, de bhrí gur tharla an meath teanga céanna sa dá chás mar thoradh ar chaingne dlí réimeas na Sasanach. Is iad na fadhbanna agus deacrachtaí céanna atá ann, pé acu an í an Ghaeltacht in Éirinn nó an Ghàidhealtachd in Albain atá i gceist. Is iad na fadhbanna céanna, agus an tábhacht chéanna, a bhaineann le cúrsaí oideachais, ón naíscoil go dtí an ollscoil, a bhaineann le soláthar scolaíochta trí mheán na Gàidhlige nó na Gaeilge. Tá na cosúlachtaí céanna le fáil arís sa cheol agus sna hamhráin.

Ó thaobh na hathbheochanna, bheadh sé fíor gur tharla sé sin anseo níos luaithe ná mar a thosnaigh in Albain. Ag trácht ar chaingne dlí na rialtas Sasanach, ba chóir a rá go raibh siad ag tabhairt tacaíochta don athbheochan in Albain fiú sular ceapadh an rialtas dúchais i nDún Éideann, bíodh nach ionann sin is a rá go maithfear a gcuid iarrachtaí dóibh an Ghaeilge agus an Ghàidhlig araon a chur de dhroim seoil! Agus is ceart a lua leis gur cosúil go bhfuil an BBC ag tabhairt aird ar an nGáidhlig faoi láthair, mar atá siad ar an nGaeilge i dTuaisceart Éireann. An féidir oiread céanna a rá faoi RTÉ féin?

Is chuige atáimid ná aird a dhíriú ar a laghad teagmhála a bhí trasna Shruth na Maoile idir an dá iarracht, i bhfianaise na ndlúthcheangal a bhí idir an dá dhream agus an dá theanga. D’fhéadfadh go mbeadh níos mó teagmhála tairbheach sa dá chás, agus go dtuillfeadh sé poiblíocht agus tionchar níos leithne. Tagann an sean-nath ‘ní neart go cur le chéile’ chun cuimhne. Go háirithe i bhfianaise na conspóide atá i dtuaisceart Éireann faoi Acht Gaeilge a bheith ina chosc ar athghairm an Tionóil, níor mhiste an chomthuiscint ó thaobh tábhachta agus réimse cultúrtha na teanga. Cuimhnítear leis gur Preispitéirigh formhór mór mhuintir Eilean Leòdhais, a bhfuil oiread airde dírithe anois ag scríbhneoir an ailt ar a n-iarrachtaí athbheochana.



Feasta, Meán Fómhair 2018

Abhaile | barr | clár na míosa seo