Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Smaointe Polaitíochta

Cíor Thuathail na Polaitíochta!

le Seán Ó Loingsigh

 

Is fada ina phort coitianta againn an chíor thuathail ina bhfuil an saol polaitiúil faoi láthair, agus go bhfuil sé sin amhlaidh go háirithe san Eoraip agus sna Stáit Aontaithe, limistéir a bhféadfaí a rá fúthu go raibh comhthuiscint seanbhunaithe agus comhghuaillíocht dobhogtha eatarthu le tréimhse a théann i bhfad siar sa stair, ach go háirithe go dtí tús an chéid seo caite agus an tubaist chinniúnach sin an Chéad Chogadh Domhanda.

Dá mb’fhéidir an t-athfhilleadh stairiúil, i ndáiríre, is cinnte gur chogadh é sin a sheachnófaí thairis aon cheann eile. Bíodh nach ionann go díreach an chomhghuaillíocht atá anois ann agus a bhí ann an tráth úd, agus go bhfuil a ról malartaithe ag an Rúis agus ag an nGearmáin, cé déarfadh nach bhfuil an chomhghuaillíocht sin go mór i mbaol faoi láthair leis an mBreatimeacht, agus ó toghadh Donald Trump ina Uachtarán i Washington.

Is féidir, gan amhras, go n-athróidh an scéal seo arís agus go bhfillfidh an status quo a rabhamar le fada ina thaithí, ach ní féidir an míshuaimhneas a bhaineann leis an tréimhse idirlinne mar atá faoi láthair a shéanadh, agus is aisteach gur cosúil go bhfuil sé ag goilliúint orainne in Éirinn níos géire ná aon tír eile san Eoraip, go háirithe ag cur san áireamh go rabhamar i gcónaí chomh seachantach agus cáiréiseach faoinár bpolasaí neodrachta.

Ní hé an polasaí sin an t-ábhar is mó buartha dúinn ag an tráth seo, agus ní haon ionadh go mbeimis gafa leis an mBreatimeacht agus an mhórthábhacht a bhaineann leis sin ó thaobh na teorann, ach níos mó fós ó thaobh na síochána agus Comhaontaithe Aoine an Chéasta, mar a bhímid go minic ag tagairt dó anseo le tamall anuas.

Ón taobh sin ní féidir gan aird a dhíriú arís ar an bhfolús atá i saol polaitiúil an Tuaiscirt toisc go bhfuil an Tionól ar fionraí le breis agus bliain go leith anois, agus an fhailí neamhfhreagrach atá Rialtas na Breataine ag déanamh den cheist. Ba léir arís le déanaí an neamhfhreagracht seo sa bhealach a chaith an rialtas sin leis an gcruinniú de chomhairle idir-rialtais na Breataine agus na hÉireann, comhairle a bunaíodh faoi scáth an Chomhaontaithe.

Cuimhnigh gurbh é an chéad chruinniú den choiste sin é a tionóladh le haon bhliain déag. Bhí an Tánaiste agus an tAire Dlí agus Cirt i láthair thar cheann na tíre seo, ach thar cheann na Breataine d’fhreastail Rúnaí an Tuaiscirt air, i bhfochair leas-aire éigin nach cuimhin liom a ainm. Cé gur labhair Coveney agus an tAire Ó Flanagáin leis na tráchtairí tar éis an chruinnithe, mar is gnách a dhéanamh, ní raibh tásc ná tuairisc ar thoscairí na Breataine. Ba léir gur beag is fiú follasach a bhí i gceist, nó nár mhian leo go gcuirfí aon suntas ann mar ócáid.

Má ba bheag an t-ionadh an neamhfhreagracht um an dtaca seo, is fíordhíomách é an dearcadh agus an stiúir i gcoitinne atá mar bhonn leis, i dtreo gur ag méadú de shíor atá an imní inár gcásna, ach cad is féidir le haon rialtas anseo a dhéanamh faoi, seachas a bheith ag súil go gcloífidh an tAontas Eorpach leis an seasamh daingean atá glactha acu go dtí seo faoin gcineál teorainn a bheidh againn ar an oileán, nuair a bheidh an Bhreatain scartha leis an Aontas. Maidir leis sin, tá baol ann dúinn go bhfuilimid i bhfad ró-réchúiseach, agus fiú gur glacadh go ró-éasca leis an gcúlstop, an ‘backstop’, mar a thugtar air, a thugann deimhniú don tír seo nach mbeidh teorainn chrua ar an oileán mar thoradh ar an mBreatimeacht.

Tá tráchtairí sa Bhreatain, agus níos tábhachtaí ná sin tá polaiteoirí ann freisin, a deireann nuair a rachaidh na comhráití comhréitigh idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach i ngéire, agus go mbíonn baol nach mbeifear in ann teacht ar aon réiteach, nó go bhfágfadh an Bhreatain gan teacht ar réiteach, go mbeadh toradh dá leithéid sin chomh mífhabhrach don dá thaobh go ngéillfeadh nó go maolódh an tAontas ar a seasamh maidir leis an gcúlstop, ar a raibh an tír seo agus an rialtas anseo ag brath chomh mór air.

Tá gan amhras seasamh daingean glactha ag Michel Barnier, an príomh-idirbheartaí thar cheann an Aontais go dtí seo, agus is cinnte go bhfuil moladh agus muinín tuillte aige anseo in Éirinn dá bharr sin. Is féidir, áfach, nach aige a bheadh an focal deireanach dá dtéadh na cainteanna go cnámh na huillinne, nó go mbeadh briseadh síos ag bagairt.

Tá tacaíocht agus tuiscint léirithe dúinn ag go leor polaiteoirí eile san Aontas. Níl mórán cloiste go fóill ó na maithe móra i mBeirlín nó i bPáras. Ní chun scaoill atáthar nó ag cruthú amhrais, ach nár mhiste dúinn a bheith níos fuarchúisí faoi cheist atá ríthábhachtach inár gcás. Nár dódh cheana sinn!

Is suimiúil gurb é an t-aon bhealach eile go dtarlódh malairt treo i Londain ná go mbeadh malairt rialtais i gceannas ann. Is ansin a thagann an DUP isteach sa scéal seo agus an ról atá acusan ag coinneáil an príomhaire May agus a rialtas Caomhach i gcumhacht. Bhí alt suimiúil ag Newton Emerson, tráchtaire géarchúiseach Aontachtach faoin gceist seo ar an Irish Times le déanaí ina raibh sé ag cur síos ar an gceist chéanna sin agus ar ról an DUP, ní hamháin ag coinneáil May agus a rialtas i gcumhacht, ach ina theannta ag cur cosc ar athghairm an Tionóil i dTuaisceart Éireann.

Bhí sé sin ag caint faoin bhfórsa dochoiscthe ag teacht i dteagmháil leis an ábhar nó an rud sin atá dobhogtha. I gcás Shinn Féin agus an DUP, is é rogha an léitheora é cé díobh san atá dochoiscthe agus cé atá dobhogtha. Is beag amhras ná go bhfuil an DUP ag baint gach orlach buntáiste a b’fhéidir as an staid mhí-ámharach ina bhfuil cúrsaí polaitiúla na Breataine, staid a d’fhéadfaí a leagadh ar leic an dorais ag uimhir a 10 Sráid Downing agus ar mhíchumas an rialtais.

I gcás an DUP, mar a luadh in alt Emerson, tá aontachtaithe stóinsithe, leithéidí a n-iarcheannaire, Peter Robinson, ag éirí buartha go bhféadfadh drochthoradh a bheith sa bhfadtréimhse ar chur chuige an pháirtí, ní hamháin mar thoradh ar a dtacaíocht don bpáirtí Caomhach agus don Bhreatimeacht, ach go háirithe de bharr go nglactar leis, mar a dheineann Emerson agus Robinson, gurb é an páirtí sin is mó is cúis leis an bpolasaí sin.

Cá seasann ceannaire an pháirtí, Arlene Foster, faoin gcur chuige seo? Ar thaobh amháin tá sí ag tabhairt lántacaíochta don pháirtí parlaiminteach i Londain, ach ar an taobh eile ba chosúil go raibh sí ag aontú le Peter Robinson. An amhlaidh nach féidir di smacht iomlán a bheith aici ar na baill pharlaiminte sin i Londain, daoine mar Nigel Dodds, Sammy Wilson agus Gregory Campbell, b’fhéidir, de bharr nach bhfuil sí féin ina measc?

D’fhéadfaí a chur leis na deacrachtaí atá ag Foster faoi láthair, agus go gcaithfidh gur ábhar buartha di an fiosrúchán poiblí atá ar siúl maidir le mí-úsáid airgid a bhain leis an scéim fuinnimh in-athnuaite a raibh dlúthbhaint aici leis. Ach is é is baolaí ná an folús polaitiúil a raibh Emerson ag tagairt dó, mar a bhí Póilín Ní Chiaráin ag déanamh ina colún ar Tuairisc.ie, agus go deimhin mar atá sí ag déanamh go héifeachtach leis na blianta ó Bhéal Feirste.

Is é bhí i gceist acu ná go mbaineann fíordhainséar leis an bhfolús polaitiúil seo, agus leis an teannas atá ag teacht chun cinn arís idir an dá thaobh, dílseoirí agus poblachtánaithe. Agus ní hamháin teannas, ach níos measa ná sin go bhfuil eachtraí foréigneacha ag tarlú agus ag méadú arís in aghaidh an lae.

Ba dheacair a rá nach é is mó is cúis leis sin ná gan córas nó institiúid pholaitiúil, Tionól ná Feidhmeannas, a bheith ag feidhmiú le tréimhse rófhada ar fad. Is cosúil gurb iad an rialtas i Londain agus an DUP amháin nach bhfuil ag tabhairt aird ar an staid dainséarach atá ag brúchtaíl arís sa Tuaisceart.

Tá freagracht ar leith ar an rialtas i Londain, agus ar an bpríomhaire May, féin faoin staid dainséarach sin. Ní hé amháin de bharr toghchán gan riachtanas a ghairm, ach go ndeachaigh sí i muinín an DUP chun rialtas a bhunú, nuair a chaill sí an móramh a bhí ag a páirtí sa pharlaimint. Ba léir gur shocrú neamhoiriúnach agus baolach a bhí ann i gcomhthéacs Chomhaontú Aoine an Chéasta, agus gur dá thoradh anois atá cos i dtaca ag an DUP. Ba dheacair a rá nach gcuireann dearcadh agus neamhshuim pholaiteoirí de chuid an rialtais i Londain, ní hamháin sa Chomhaontú ach níos mó ná sin sa bhagairt don tsíocháin atá arís anois athmhúscailte sa Tuaisceart, leis an olc.

Ach ar eagla go gcuirfí inár leith go bhfuil an milleán á leagadh go héagothrom ar an DUP seachas ar Shinn Féin, an dara príompháirtí sa bFeidhmeannas, go háirithe nuair gurb iadsan ba chúis le scor na hinstitiúide sin bliain go leith ó shin, ar an mórchóir déarfaimis gurb iad an DUP anois atá freagrach agus go háirithe go raibh éileamh Shinn Féin maidir le haitheantas don Ghaeilge réasúnta, agus ar aon chéim leis an aitheantas atá tugtha don Gháidhlig in Albain agus don Bhreatnais sa Bhreatain Bheag, agus mar atá sé aitheanta le fada ag foras mar Comhairle na hEorpa.

I gcás Shinn Féin agus an prionsabal íonghlan poblachtánach nach gcuirfear cos thar táirseach i dTeach na dTeachtaí i Londain, b’fhéidir go bhfuil tráth na hathchomhairle sroichte, agus i bhfianaise na dúsháinne ina bhfuil staid pholaitiúil an Tuaiscirt, ach thar aon ní an baol go bhfillfí ar thubaist an fhoréigin, go gcuirfí ruaig gan a thuilleadh moille ar an gcomhghuaillíocht mhallaithe sin atá bunaithe i Westminster idir an Páirtí Caomhach agus an DUP.

Feasta, Meán Fómhair 2018

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais