Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údair

Naisc


An Dr Breandán Ó Cróinín, a sheol

An Tromdhámh

le Feargal Ó Béarra

Leabhar Breac, 2018. ISBN 978 1 911363 21 7. 100 lch. Crua. €16
ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne ar an 3 Samhain 2018


Táim an-bhuíoch de Dharach Ó Scolaí as an gcuireadh teacht anso inniu chun an t-ardsaothar so An Tromdhámh a sheoladh ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne. Tá aithne ag pobal na Gaeilge ar Dharach mar scríbhneoir ficsin é féin agus mar fhoilsitheoir – é ina chaptaen mar a déarfá ar an gcomhlacht foilsitheoireachta so Leabhar Breac go ndéarfainn mar gheall orthu mar dhream liteartha – go dtí le déanaí ach go háirithe – gurb é an t-úrscéal liteartha an chloch is airde ar an bpaidrín acu. Tá sé sin fíor i gcónaí b’fhéidir ach is léir chomh maith anois go bhfuil tionscadal litríochta an-tábhachtach eile sa tsiúl acu ina theannta san. Sé sin le rá: Seanscéalaíocht na Gaeilge a chur in oiriúint do léitheoirí an lae inniu.

Chuir Darach tús leis seo é fhéin nuair a chuir sé leagan nua-aimseartha (nó athinsint más maith libh) den scéal Fiannaíochta, Feis Tí Chonáin amach thiar sa bhliain 2000. Ceiliúradh ar an bhFiannaíocht agus ar sheanlitríocht na nGael atá sa leabhar so agus é mar chomharba cuí ar an leagan scoile den ríscéal úd Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne a chuir Nessa Ní Shé amach fadó, leabhar eile go bhfuil an-tóir air i gcónaí.

Ina theannta so, dar ndóigh, tháinig Conaire Mór le Diarmuid Johnson chughainn anuraidh gurb é atá ann ná athinsint ar an scéal tragóideach, clúiteach úd Toghail Bruíne Da Dearga agus ceann eile aige i mbliana – Tuatha Dé Danann (bunaithe ar Chaith Maige Tuiread) atá i measc na leabhra atá á seoladh anso inniu. Dhá sheoid litríochta is ea an dá cheann so chomh maith. Ansan gan dabht baineadh siar asainn ar fad ach ar seoladh an leagan nódh de Táin Bó Cuailgne a chuir Darach féin fénár mbráid ag tosach na bliana, leabhar go ndúirt An tOllamh Gearóid Denvir ina thaobh gur chuir sé leagan Thomas Kinsella in áit na leithphingine. Agus ní beag san. Mar sin tá sraith leabhara ag léitheoirí na Nua-Ghaelainne anois a thugann éachtaint dúinn ar shlite difriúla ar shaibhreas agus ar ilchineálacht sheanlitríocht ár sinsear.

Is é an ceann is déanaí acu so ná An Tromdhámh atá curtha fénar mbráid ag an nDr Feargal Ó Béarra. Is tá áthas orm a rá gur seoid eile fós is ea an ceann so. Leagan Nua-Ghaeilge de cheann des na saothair phróis is fearr dá bhfuil againn ó thréimhse na Nua-Ghaeilge Moiche atá sa leabhar so. Sé sin le rá an téacs go dtugtar Tromdhámh Ghuaire air a scríobhadh timpeall ar thosach na ceathrú haoise déag (is cuid de préamhaithe chomh fada siar leis an seachtú haois), agus cé go bhfuil an téacs so ar cheann des na saothair is taitneamhaí ón dtréimhse úd ní féidir a rá go bhfuil cur amach ag an bpobal air i ndáiríribh. Beidh anois!

Fé mar a tharlaíonn, dheineas féin staidéar ar an dtéacs so nuair a bhíos ar an Ollscoil – fadó fadó in Éirinn anois braithim – agus thaitin sé go mór liom mar théacs cé gurbh é a bhí ar siúl againn i ndáiríribh ná féachaint ar leagan ós na lámhscríbhinní agus é á dhíchódú againn mar a déarfá – cúram ná taitneodh le gach éinne b’fhéidir, agus rud a d’fhág nár chríochnaíomar an scéal in ao’ chor, ní nach iontach. Ach buíochas le Dia bhí leagan i gcló ag Cormac Ó Cadhlaigh ón mbliain 1939 agus mar sin léas é sin tamaillín ina dhiaidh sin féachaint conas mar a chríochnódh sé. Ach má táim macánta mar gheall air, bhí díchódú agus dua i gceist leis sin chomh maith óir is sa seanchló atá sé sin gan dabht, agus fiú amháin daoine a tógadh leis an seanchló Gaelach ní le saoráid a léifidís a leithéid inniu. Mar sin bhí géarghá leis an leabhar so – níl aon dabht faoi sin.

An Tromdhámh mar sin: cad is ábhar dó? Scéal grinn go príomhdha atá i dTromdhámh Ghuaire, scéal a scrígh duine léannta ní foláir agus é mar chuspóir aige, dhealródh sé, coilichíní paor nó ceapa magaidh a dhéanamh den ndream ardnósach santach úd – filí na hÉireann. Nó i bhfocail eile ‘é a thabhairt fén bpoll dóibh.’ Agus mara ndeineann! Tagann dream filí, ceoltóirí agus eile – go bhfuil Seanchán Toirpéist é fhéin mar cheannaire agus mar ollamh orthu – tagaid ag lorg aíochta agus oinigh ón Rí Guaire – duine go raibh teist na flaithiúlachta air, dar ndóigh, óir dob ionann a ainm agus an fhlaithiúlacht í féin sa traidisiún i ndáiríribh. Gan dabht deirtear anso gur dhuine é ‘nár aoradh agus nár imdheargadh maidir le hór ná le hilmhaoinibh riamh’ ráiteas a thugann leid dúinn i dtaobh phríomhthéama an tsaothair óir fé mar deirtear ‘ní buan duine tar éis a aortha.’

Fanann an dream filí seo i mbruín atá déanta d’aon ghnó ag Guaire dhóibh chun gur féidir leis freastal agus tindeáil orthu, ach ní fuirist mianta na tromdháimhe a shásamh agus i ndáiríribh cuireann na filí tástáil ar an rí leis na mianta áiféiseacha a thagann orthu, mar dhea. Dea-shampla is ea an mhian so a thagann ar Mhuireann, baintreach Dhalláin Forgaill – mian a ndeireann sí ina taobh ná beidh sí ‘buan ná beo ar feadh i bhfad’ mara bhfaighidh sí í. Cad tá uaithi ach ‘scála [nó babhla] de lionn leamhnachta agus smior as murnán muice allta ann’ agus ina theannta san ‘peata cuaiche a bheith ag ceiliúradh ar chrann eidhinn ina fianaise.’ Ach ní leor an méid sin féin, mar teastaíonn an méid seo uaithi leis: ‘Mé a bheith gléasta fé éide ildathach de líon an damháin alla agus each riabhach fé mhoing chorcra fúm. Ceithre cosa gléigeala fúithi, a teanneire ar a muin, agus crios ina timpeall de mheall blonaige toirc gléigil, agus í a bheith ag crónán roimpi isteach go Durlas.’ Agus fé mar a deir sí ansan: ‘Sin é mo leor.’ Ní mór a bhí ag déanamh tinnis di!

Nuair a fhiarthaíonn Guaire de Sheanchán an mhaidean dár gcionn conas mar atá ag an dtromdhámh is é freagra atá aige dhó ná: ‘Ní rabhamar riamh aon uair is measa a bheimíst’ (frása a bheadh úsáideach ag éinne a bhíonn ag freastal ar chruinnithe d’aon tsaghas nuair a bhíonn na clamhsáin ag uimhir a haon ar an gclár oibre). Fágann so Guaire an-chráite ar fad toisc go bhfuil baol ann go n-aorfar é. Éiríonn leis, áfach, an mhian so a shásamh le cabhair ó charachtar eile sa scéal, Marbhán Muicí, ‘naomh, fáidh agus file agus mogh dhílis do Dhia’, fé mar a deirtear linn. Is mar sin níl aon bhaol ann go n-aorfaí ná go n-imdheargfaí Guaire ar easpa flaithiúlachta an turas so. Ach gan amhras níl ansan ach an chéad mhian a tharlaíonn ar na haíonna santacha so agus cuirtear triail i ndiaidh triallach ar Ghuaire ar an modh céanna sa tslí is gurb é a dhícheall é teacht slán ó mhianta na Tromdháimhe. Agus fanann an tromdhámh fairis breis is bliain. Mí, ráithe is bliain le bheith beacht fé!

Sa deireadh is é Marbhán Muicí a thugann slat dá dtomhas féin dos na filí nuair a bhuaileann sé isteach ina measc agus iarann orthu scéal na Tána – Táin Bó Cuailgne féin – a insint dó. Agus gan dabht, níl acu! Iarrachtaí na Tromdháimhe ar scéal na Tána a aimsiú fara le cur síos ar an ndíoltas glic a imrítear ar Sheanchán féin atá sa chuid eile den scéal agus nílim chun aon rún eile a scaoileadh anso ach bígí ag faire amach dos na lucha, an cat agus gan dabht an lobhar! Is dar liom, bheadh fonn ar éinne scéal mar seo a léamh mar is ardphíosa litríochta atá ann – agus cuid dár ndúchas liteartha mar Ghaeil.

Sin é an scéal mar sin ach cad fén dté a sholáthraigh an téacs so dhúinn? Deinim amach sa chás so go bhfuair Tromdhámh Ghuaire – téacs atá deacair go maith ó thaobh teangan agus crota – deinim amach go bhfuair sé fear athchóirithe a dhiongbhála nuair a bheartaigh Feargal Ó Béarra ar dhul ag obair air. Scoláire teangan agus litríochta is ea Feargal, go bhfuil ardteist ar chruinneas agus ar shaibhreas a chuid Gaeilge, agus dar ndóigh is fear Gaeltachta é. D’fhéadfaimis a shamhlú gur fear ó iarthar na hÉireann a chum Tromdhámh Ghuaire an chéad lá agus tuiscint is tarrac ar sheanfhoinsí na litríochta féna láimh aige. D’fhéadfaimis an rud céanna a rá mar gheall ar Fheargal dar ndóigh leis an saineolas ar fad aige ar theanga agus ar litríocht na Sean-Ghaeilge is na haon tréimhse ó shin.

An téacs atá soláthraithe ag Feargal dúinn anso tá sé gan cháim, is nílim ag caint ar bhotúin chló nó éinní mar sin (is bíodh a fhios agaibh ná fuil aon bhotúin den tsaghas san le fáil san eagrán nua so). Táim ag caint ar an tslí inar chuaigh sé i mbun oibre agus an láimhseáil cháiréiseach a dhein sé ar an mbuntéacs sa tslí is gur éirigh leis Tromdhámh Ghuaire a thabhairt slán chughainn féna chulaith Nua-Ghaeilge agus gach ab fhéidir de shaibhreas foclóra agus teangan a thabhairt leis san am gcéanna. Dob fhiú d’éinne, dála an scéil, an tIarfhocal atá ag Feargal ar chúl an leabhair – agus an nóta gearr aige ar conas mar a chuaigh sé i ngleic le teanga an tsaothair – dob fhiú d’éinne é sin a léamh mar is eiseamláir é don dté a thabharfadh féna leithéid d’obair a dhéanamh, agus tugann sé tuairim don ngnáthléitheoir fén mbunsaothar féin chomh maith.

Níl aon amhras ná go bhfuil éacht déanta ag Feargal leis an leabhar so is tá sé le ‘moladh go crannaibh na spéire’ fé mar deirtí fadó. Tá súil agam nach é seo an t-aon cheann amháin a dhéanfaidh sé ach oiread óir tá mórán oibre den tsaghas so gan déanamh – sé sin le rá go bhfuil géarghá lena thuilleadh téacsanna Sean-Ghaeilge a chur in oiriúint do léitheoirí na Nua-Ghaeilge. Óir is é mo mhórthuairim ná má fhaigheann léitheoirí na linne seo blaiseadh den tseanlitríocht go dtiocfaidh dúil acu inti.

Sara gcríochnód, dob olc an mhaise dhom gan tagairt a dhéanamh do chlúdach álainn an leabhair seo atá deartha ag Caomhán Ó Scolaí, agus cé go ndeirtear nár cheart riamh aon tsaothar a mheas do réir a chlúide is féidir libh a bheith deimhnitheach de go bhfuil an méid atá laistigh den gclúdach so chomh hálainn, chomh hiontach is chomh pléisiúrtha leis an íomhá ildaite seo atá mar bharr maise ar an leabhar.

Mar fhocal scoir mar sin, traoslaím an leabhar so leis na daoine ar fad go raibh baint acu leis – na foilsitheoirí, eagarthóirí, lucht deartha is clódóireachta agus go háirithe gan dabht an t-údar nó ‘an fear athinste scéil’ go bhfuil éacht thar éachtaí bainte amach aige leis an tseanseoid seo ó scéalaíocht ár sinsear atá athbheoite aige dhúinn sa leabhar so. ‘Ní buan duine tar éis a aortha’ a deirtear sa leabhar ach is dócha gur buan é tar éis a mholta is a cheiliúrtha. Tá ábhar ceiliúrtha anso ag Leabhar Breac agus ag Feargal Ó Béarra. Guím gach rath oraibh agus gura fada buan sibh i mbun oibre!

Fógraím, mar sin, gan a thuilleadh righneachais, go bhfuil Tromdhámh Fheargail Uí Bhéarra seolta anois go hoifigiúil anso ag Oireachtas na Gaelainne Chill Airne 2018. Bainíg súp as!

Breandán Ó Cróinín

Feasta, Nollaig 2018

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais