Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


An Chéad Dáil á comóradh i gCorcaigh

Neil Buttimer, Roinn na Nua-Ghaeilge, Ollscoil Chorcaí*

Is mór an onóir is an phribhléid domsa é an cúpla focal so a rá ar ócáid stairiúil an lae inniu. Sid í an dara huair a labhras leis an gComhairle Contae. An chéad turas, is timpeall 1990 é, nuair a bhí airgead á lorg agam. Beidh áthas oraibh a chlos ná fuil aon síntiús i gceist ar maidin. Theastaigh deontas chun leabhar aistí, Cork History and Society: Interdisciplinary Essays on the History of an Irish County, a chur i gcló. Tugadh an chabhair sin go fial. Tháinig an saothar amach i 1993. Fágaim cóip bhronnta de anois agaibh, ní hamháin mar chomhartha buíochais, ach chun an ócáid ar a bhfuilimid a mharcáil. Ba é an saothar sin ar Chorcaigh an séú himleabhar sa tsraith faoi stair na gcontaetha. An cúnamh airgid a thug sibhse go flaithiúil, b’iontach an sampla é do chomhairlí eile, is ábhar misnigh don bhfoilsitheoir a bhí ann ina theannta. Tá leabhair dá shaghas i gcló anois ag Geography Publications ar sheacht gcontae is fiche. Is gearr uaidh an t-iomlán a bheith réidh, éacht oibre. Déarfaidh sibh ná fuil baint ag an méid sin le scéal an chomórtha inniu. Táim ag súil leis an gceangal eatarthu a léiriú ar ball, mar aon leis an léargas beag a leanas eatarthu mar cheangal.

Is mó is spéis le duine scéal ar bith má bhraitheann sé go mbaineann an eachtra leis féin go pearsanta, ar chuma éigin. Sin an méid a tharla im chás-sa maidir leis an gcomóradh atá ar siúl i Seomra na Comhairle anseo. Is eol daoibh gur chruinnigh an Chéad Dáil le chéile cothrom an lae inniu, tá céad bliain ann, i dTeach an Ardmhéara, i mBaile Átha Cliath. Ráinig go bhfuil ainm an Tí sin ar sparánacht atá ar fáil de shíor in Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Scoláireacht Chiste Theach an Ardmhéara. Comórtas idir na coláistí ollscoile é, agus duais airgid ag dul leis, má bhuann tú í. Chuireas isteach air i 1975, bliain na bunchéime agam, chun an duais agus a cuid airgid a ghnóthú. An té a bhainfeadh an sparánacht, bheadh air nó uirthi trí pháipéar scrúduithe trí huaire a’ chloig an ceann a sheasamh, díreach i ndiaidh deich bpáipéar scrúduithe trí huaire a’ chloig an ceann chomh maith a leagtaí an uair sin don B.A. Níorbh fhada an mhoill ort a thuiscint gur dream dáiríre iad siúd a bhí bainteach le Teach an Ardmhéara, má bhí coinníollacha dochta den tsaghas san ag leanúint na Scoláireachta i gcuimhne orthu. An tráth ar bhuaigh mise í, cad a thiocfadh chugam ach nóta comhghairdeachais ó sheanmhúinteoir meánscoile dem chuid sa Mhainistir Thuaidh, Pádraig Ó Callanáin, an chéad bhuaiteoir i gCorcaigh sna 1920í, gur ó cheantar Chluain Droichead dá shinsir. Ba mhór aige siúd é, agus is tábhachtach linn go léir i gcónaí é, má thagann duine dár mic léinn féin sa chéad áit.

An té a déarfadh, mar sin, go bhfuil Teach an Ardmhéara i bhfad ó intinn mhuintir Chontae is Chathair Chorcaí, féach ná beadh an ceart go huile is go hiomlán aige. Ná ní raibh ach chomh beag ar an 21 Eanáir 1919, toisc a oiread Corcaíoch a chuaigh rannpháirteach i gcor an lae úd, agus sna himeachtaí a tharla roimhe. Bheadh a fhios gan amhras agaibh gur naonúr ón ndúiche timpeall orainn a ainmníodh chun na parlaiminte i dtoghchán Mhí na Nollag 1918. Gan a n-ainmneacha a thógaint in aon ord faoi leith ach ag tosnú thoir, seo iad iad: David Kent (ó thoghcheantar Chorcaigh Thoir), Thomas Hunter (Corcaigh Thoir-Thuaidh), Diarmuid Lynch (Corcaigh Thoir-Theas), Patrick O’Keeffe (Corcaigh Thuaidh), Terence McSwiney (Corcaigh Láir), Michael Collins (Corcaigh Theas), Seán Hayes (Corcaigh Thiar), mar aon le James Joseph Walsh agus Liam de Róiste (ionadaithe Chathair Chorcaí). Tá na hainmneacha le léamh as Gaeilge ar shuíomh Idirlín na Comhairle Contae sa chuntas ar sheisiún an lae inniu, is sa leabhrán cuimhneacháin maisiúil a ghabhann leis.

Cuirimis na figiúirí sin i gcomparáid le réigiúin eile. Bhí trí thoghcheantar déag i gCathair is i gContae Bhaile Átha Cliath agus an líon céanna ball ag teacht uathu. Naoi dtoghcheantar a áirítear i mBéal Feirste, agus an uimhir chéanna Teachtaí, móide ceathrar ó na toghcheantair eile i gContae Aontroma, triúr toscairí déag in éineacht ón dtaobh thoir-thuaidh sin d’Éirinn. Mar sin, níl Corcaigh trí chéile difriúil ach de bheagán leis na hionaid seo. Bheadh Corcaigh chun tosaigh ar Dhoire (triúr ón gcathair is ón gcontae), ar Ghaillimh (ceathrar), ar Luimneach (triúr), is ar Phort Láirge (triúr, idir chathair is chontae, ar nós na coda eile). Slat tomhais sa bhreis staitisticí daonra ar áit Chorcaí sa tsaol. Bhí os cionn 477,000 duine ag maireachtaint i gCathair is i gContae Bhaile Átha Cliath i 1911, bliain an daonáirimh dheiridh roimhe sin; thar 580,000 in Aontroim (Béal Feirste san áireamh), agus beagnach 400,000 Corcaíoch ann, sa chathair is faoin dtuath.

Ar lá tosaigh na Dála, tharla ná raibh i láthair de naonúr feisirí Chorcaí ach beirt, Seán Seosamh Breathnach, ón gcathair, agus Seán Ó hAodha, as Contae Chorcaí Thiar. Bhí sé le rá i dtaobh triúr acu, Ó Caoimh, Mac Suibhne is Ó Fiachra, iad a bheith ‘fé ghlas ag Gallaibh’, i dtaobh an Loingsigh, é bheith ‘ar díbirt ag Gallaibh’, agus maidir leis na buachaillí dána so, de Róiste, Ceannt agus Ó Coileáin, go rabhadar ‘as láthair’, gan faic eile le hinsint. Níor fhág sin Corcaigh chun deiridh, ámh. Bhí tosaíocht ag an gcontae ar an bhfoireann rúnaíochta, le Diarmuid Ó hÉigeartaigh, ó chomharsanacht an Sciobairín, ina phríomhchléireach, agus cúntóir áirithe aige ó Uí Mhic Coille, a mbeidh mé ag labhairt sara fada arís air. Is é gnó a bhí le déanamh acu aontú ar ‘Bhunreacht’ na Dála; ‘Faisnéis Neamhspleadhchuis’ na Dála is na tíre a fhógairt, agus é sin chomh maith i bhFraincis, teanga idirnáisiúnta na taidhleoireachta; mar aon le ‘Clár Oibre Poblacánaighe’ a leagadh os comhair an tsaoil, Teachta thar ceann Chontae Chiarraí, Piaras Béaslaí, á dhéanamh sin, mar a thit amach.

Cuireadh gnáthrialacha na Dála a shocrú ar atráth don gcéad lá eile, an 22 Eanáir 1919, agus tosnaíodh ar oibriú i gceart ón bpointe sin ar aghaidh, le hinchur suntasach ó mhuintir Chorcaí. An Chéadaoin sin is ea ceapadh Mícheál Ó Coileáin ina Aire Gnóthaí Baile. Faoin 2 Aibreán 1919, nuair a scrúdófaí ceist na n-aireachtaí arís, bheadh an Coileánach iompaithe amach ina Aire Airgeadais. Liam de Róiste ón gcathair a d’ainmnigh é. D’ainmnigh de Róiste an Chuntaois Markievicz mar Aire Saothair an lá céanna. Ainmníodh an Róisteach féin sa seisiún sin mar bhall den bhfochoiste a d’fhéachfadh i ndiaidh cúrsaí tuarastail Dála. Chuirfeadh Liam ceisteanna Dála an lá úd chomh maith, i bpáirt le J. J. Walsh, ar staid na mbóithre is ar bhannaí airgid. Ba ghearr an mhoill Leas-Cheann Comhairle a dhéanamh de Liam de Róiste, de thoradh a thuisceana ar fheidhmiú na hinstitiúide is a sheasaimh i measc a chomhtheachtaí. Ní bheadh Corcaígh eile ina dtost ach oiread. An dara lá féin, tháinig moladh ó Thraolach Mac Suibhne maidir le páipéar nuachta a bhunú, nuachtán a thabharfadh insint na Dála ar imeachtaí na tíre, is dócha. Dá léimfeá ar aghaidh chuig an gcruinniú ar an 20 Lúnasa 1919, bheadh an Suibhneach ag déileáil le pointí chomh héagsúil le cruinnithe fochoistí Dála a réiteach, agus é le dul ar toscaireacht go cathair Luimnigh chun deacrachtaí leis an oideachas teicniúil ar an mbaile úd a fhiosrú. Comh-Chorcaíoch dá chuid, David Kent, bheadh maoiniú na talmhaíochta mar phort aige ar an 20 Lúnasa céanna, chun gan ach ceann de na scéalta a lua a raibh seisean tógtha leo.

Is léir mar sin go raibh obair phraiticiúil ar bun ag an Dáil ón tús. Níor shaothar gan stiúradh é, toisc go raibh sé ag dul ar aghaidh de réir prionsabail ar leithligh. Ba iad sin na treoracha ginearálta a leagadh amach sa chruinniú tosaigh ar an 21 Eanáir 1919. I measc aidhmeanna aitheasc an neamhspleáchais áirítear ‘leas an phobail a chur chun cinn’ agus ‘an ceart d’athchur ar a bhonnaibh.’ Is é a dúirt an ‘Clár Oibre Poblacánaighe’ go dtiocfadh ‘ábhar maoine na hÉireann faoi riaradh an náisiúin’. Loirg an ráiteas úd a dheimhniú ná beadh, mar a deir a chuid focal féin, ‘an t-ocras ná an fuacht ag goilleamhaint ar éin leanbh de cheal bídh, eudaigh ná dín tighe’, go ndéanfaí ‘aire cheart a thabhairt do sheandaoinibh agus do lagaibh an náisiúin … i n-ionad tarcuisne agus neamhshuime’, agus ‘sláinte an phobail … a chur in áirithe dóibh.’ Dílseacht don Dáil a chinnteodh na cuspóirí sin, dar leo. I mí Lúnasa 1919, chloisfí Traolach Mac Suibhne ag trácht ar riachtanas na dílseachta céanna. An tuairim sin den míbhuntáiste ónar fhulaing an tír agus a muintir le fada, níor cheann teoiriciúil é. Le linn chaint amháin Dála, mheabhraigh an Teachta Pádraig Ó Caoimh, a toghadh do Chorcaigh Thuaidh i 1919, go raibh 854,000 duine ag cónaí i gCorcaigh in 1841, ach gur tharla ísliú sa daonra sin go dtí 392,000 faoi 1911, cás nárbh fhéidir cur suas a thuilleadh leis, arsa sé, ach a chasadh. Ní sa Chéad Dáil a thug Ó Caoimh an t-eolas uaidh, ach sa Dara Dáil, ar an 7 Eanáir 1922, chun a bheith cruinn faoi. Sin an Dáil a reáchtáladh sna blianta 1921-22, de thoradh toghcháin na chéad bhliana díobh seo. Bhí Pádraig Ó Caoimh ag labhairt le linn na ndíospóireachtaí ar an gConradh idir Éire agus an Bhreatain, a d’fhéach le deireadh a theacht le Cogadh na Saoirse, agus é ag cur síos ar chuspóirí na polaitíochta náisiúnta trí chéile. Ba thragóid cheart é claochló na haimsire sin, agus an Cogadh na gCarad dár lean. Beifear á scagadh san am atá chugainn, gan amhras. Níor cheart don gcuimhneachán úd baint de thábhacht na n-eachtraí atá á gcomóradh inniu againn, ámh, de bhrí nach scéal tubaisteach atá le hinsint go fóill faoinar thit amach ar an 21 Eanáir 1919, ach ceann dearfa, is é lán de gheallúint.

Dar liom go mba chúis mhórtais do lucht an lae sin, cothrom an lae seo, tá céad bliain ann, go leor dá mbeadh curtha i gcrích ag a nDáil féin, agus ag gach Oireachtas eile ina diaidh, ón Tríú Dáil, a thosnaigh i mí Lúnasa 1922, anuas. Ní féidir le héinne againn ach tuairisc a bhreacadh ar a ghort féin chun a leithéid a thaispeáint. Is é mo ghortsa an Ghaeilge, agus gach a mbaineann léi. Tugadh cuireadh inniu dom an chaint seo a thabhairt toisc gur i nGaeilge beagnach ar fad a ritheadh an chéad chruinniú riamh den Dáil, céad bliain san lá inniu. Ní raibh de Bhéarla ann ach an t-ordú a leanas ón gCeann Comhairle, fear nár theastaigh go mbeifí ag béicigh is ag liúirigh, ach daoine á n-iompar féin go síochánta: ‘We desire that there shall be no cheering whatever.’ Go leor dár ghlac páirt i mbeartais an lae úd, bhí dlúthchaidreamh acu ar ghluaiseacht na Gaeilge le tamall roimhe. Bhí Cléireach na Dála, Diarmuid Ó hÉigeartaigh, ina bhall de Chonradh na Gaeilge (an t-eagras úd a bhláthaigh i gCorcaigh thar aon áit eile ó 1894 amach), agus dob amhlaidh leis dá chúntóir, Risteard Ó Foghlú, ó chomharsanacht na hEochaille, fear a luas go gairid ó shin. Ba Chonraitheoir é Liam de Róiste, bhí Traolach Mac Suibhne ina Chonraitheoir, bhí Mícheál Ó Coileáin sa Chonradh i Londain. Thug an bhallraíocht úd scileanna comhoibrithe is eagrúcháin dóibh nár chóir a dhearmad i gcomhthéacs saothar parlaiminte. An teagmháil acu leis an dteanga, ba bhealach í sin chomh maith chun dul amach ar dhúchas is ar stair na tíre. Dar liom go mba ábhar maíte do lucht na Dála tosaigh é na seifteanna a cheapfaí de réir a chéile le leas na teanga is an chultúir a thabhairt i gcrích. Bhí orthu siúd Coimisiún na Gaeltachta a sheoladh i 1926, féachaint le méid na gceantar san a shoiléiriú, agus iad a bhuanú. Is beag is eol don bpobal faoi eagras eile atá ann fós, agus ar cuireadh tús leis i 1928, Coimisiún na Lámhscríbhinní. An gnó a dheineann siad seo, foinsí scríofa de chuid saíocht is sibhialtacht na hÉireann, is cuma an sa tír seo a fhaightear nó thar lear, a aimsiú, cuntas a thabhairt orthu, is iad a fhoilsiú. An Coimisiún Béaloideasa Éireann sin a tháinig ar an bhfód i 1935, leagadh go leor den gcúram céanna orthu maidir leis an oidhreacht bhéil. Aithnítear tábhacht domhanda a bheith lena shaothar, atá ar fáil don saol mór anois ar duchas.ie.

Ba bheartais náisiúnta iad na cinn sin. Is ceart béim a leagadh ar iarrachtaí ar leibhéal logánta a tharla i dtrátha an ama chéanna. Bheadh áit cheannródúil ag Comhairle Chontae Chorcaí agus Bardas na Cathrach sna cúrsaí sin go luath san 20ú hAois, mar a léirigh taighde iarchéime faoi mo stiúradh. D’oibrigh an dá údarás, a deirim, go dícheallach chun deiseanna aosoideachais trí Ghaeilge a sholáthar. Ritheadar scéimeanna faoi choimirce a gcuid Coistí Gairmoideachais le seans a thabhairt daoine a chur chuig an Ghaeltacht, mar a mbeadh pearsana iomráiteacha cosúil le Domhnall Ó Corcora ina n-oidí teanga is litríochta acu. Thug an dá ghéag den rialtas áitiúil cúnamh thar na bearta chun go bhféadfadh a gcuid seirbhísí leabharlannaíochta foilseacháin Ghaeilge agus scoláiriúla a cheannach. Toradh ar an gcinneadh sin é go bhfaightear ceann de na cnuasaigh is fearr dá shórt sa tír sa taisce de chuid na Comhairle laistigh den Leabharlann Contae álainn trasna uainn. B’fhéidir nach cuimhin libh anois mise ag caint ar Cork History and Society ag an tús. Ar éigean a scríobhfaí leabhair staidéir den gcineál sin gan an t-athrú sa tsaol a tugadh chun cinn ó aimsir na Chéad Dála i leith. Is é athrú é acmhainní a chur ar fáil trína bhféadfadh muintir na hÉireann aithne níos fearr agus níos iomláine a chur orthu féin agus ar a bhféiniúlacht, deiseanna a bhí ceilte orthu cheana.

Leanfaí de bheith ag cruthú seansanna dá leithéid. Cuireadh tús le Raidió na Gaeltachta i 1972, le tacaíocht ón státchóras. Maidir leis sin, ba mhaith liom duine a cailleadh anuraidh a thabhairt chun cuimhne ag an bpointe seo, Seán Ó Loingsigh, ó Bhaile Mhuirne, trócaire air. Bhíodh seisean ag tuairisciú go rialta don Raidió úd ar bhur gcruinnithe Comhairle. N’fheadar an mór eile de na meáin chraoltóireachta a dheineadh amhlaidh. Chomh fada le cúrsaí poiblíochta de, thóg oifigigh Thithe an Oireachtais cinneadh fónta tá breis is fiche bliain ann, faoi cheannas an Chorcaígh, Kieran Coughlan. Ba é sin leagan leictreonach de na Díospóireachtaí Dála uile, mar aon le cinn an tSeanaid, a chur á gcóiriú agus ar fáil ar an Idirlíon. Deineadh an bhunobair thoir san Ind, mo thuairim, áit lena mothaímid nasc ar leithligh. Nuair a bhí an t-iomlán réidh agus é in airde ar an ngréasán, tá timpeall le scór blian ann, measaim go bhfuil an ceart agam a rá gurb í Éire an dara tír ar domhan le háis dhaonlathach dá shaghas a réiteach amach is a scaipeadh go forleathan. Is tríd is féidir le héinne againn aon ábhar pléite is mian linn a leanúint suas a músclaíodh sa Dáil, mise ag tagairt do scéal na Gaeilge, agus an dara duine do cheist ar bith is maith leis nó léi a bhí faoi chaibidil i dTeach an Ardmhéara, nó i dTeach Laighean ar ball.

Sin í ar deireadh an oidhreacht a d’fhág an Chéad Dáil againn le céad bliain anuas: oidhreacht na hoscailte amach, lenár mbealach féin a dhéanamh sa tsaol, de réir ár dtuisceana féin. Ná ní dóigh liom go rabhadar ag súil leis go dteipfeadh ar an iarracht, ná go stopfadh sí. Mar sin, in éineacht le Bliain Nua faoi Mhaise a rá le gach duine dá bhfuil i láthair ar maidin, níor chás Céad Bliain faoi Rath a ghuí ar ár gcuid socruithe féinrialtais. Mar a dúrt, níl deireadh leo go fóill. Gach seans, mar shampla, go rithfear trí thoghchán in Éirinn i mbliana, ceann náisiúnta agus dhá cheann eile cinnte, ceann na hEorpa fara toghcháin áitiúla. Bainfidh roinnt acu libhse mar ionadaithe de chuid na Comhairle. Má tá an téarma ag teacht chun críche duitse mar bhall, tréaslaím leat do shaothar fónta ar son mhuintir Chorcaí. Sa chás go rachaidh tú sa chomórtas, go n-éirí go geal led’ iarratas. Tá sibh go léir bainteach go dlúth, mar bhaill tofa, nó mar oifigigh sa Chomhairle, leis an gcóras aidhmeannach uasal a chuir fir chróga is mná stuama a mbrainse féin de ar fáil dúinne, pobal na tíre, i mí thosaigh 1919, Teachtaí sin is foireann na Chéad Dála, a bhfuil an lá seo ceaptha le bheith ina cheartchomhartha ómóis dóibh.

*Téacs na cainte a tugadh i Halla an Chontae, Corcaigh, ar an 21 Eanáir 2019, ar an ócáid chuimhneacháin ar an gCéad Dáil a d’eagraigh Comhairle Contae Chorcaí. Gabhaim buíochas le Conor Nelligan, Oifigeach Oidhreachta, agus le baill eile an Choiste Cuimhneacháin sa Chomhairle, as gach cóir a chuir siad orm lena linn, mar aon lem chomhghleacuithe Ollscoile, Gabriel Doherty agus Pádraig Ó Macháin, trínar tháinig an cuireadh. ◊

Feasta, Feabhra 2019

abhaile | barr | clár na míosa seo