Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Ag Filleadh ar a bPréamhacha?
– Ré Nua an Fhísdáin

le Shane Grant




Níl aon dabht ach go bhfuil fuadar agus fás ar leith faoin bhfilíocht bhéil i láthair na huaire. Táimid mar phobal na Gaeilge agus mar chibear-phobal na Gaeilge ach go háirithe, saibhrithe go mór le mí anuas agus físdánta proifisiúnta ó Reic agus ó Áras Scríbhneoirí na hÉireann seolta ina slaoda chugainn. Tugann ardáin mar YouTube deis iontach d’fhilí pobal léitheoireachta i bhfad níos leithne a bhaint amach i slí nach n-éireodh leo leis an meán clóite amháin. Tá ceathrar filí tar éis dán a fhoilsiú le mí anuas: Séamus Barra Ó Súilleabháin le ‘Raithneach’; Ciara Ní É le ‘Dán Crá’; Eoin P. Ó Murchú le ‘Dán Grá don Idirlíon’ agus Lauren Ní Chasaide le ‘Tarraingt’. Díreoidh mé go sonrach anseo ar dhá dhán le Séamus Barra Ó Súilleabháin agus le Ciara Ní É.

An Láithriú Comhaimseartha ag cur leis an Traidisiún

Bhain tábhacht riamh leis an mbéalraíocht agus leis an láithriú i stair na filíochta agus na litríochta Gaeilge (Ó Dúshláine 2011 & Denvir 2010). Is cuid lárnach dár n-oidhreacht an scéalaíocht agus traidisiún na caointeoireachta, ina bhfuil meas i gcónaí ar an bhfocal beo. Tá an oidhreacht seo tugtha ar aghaidh go dtí an lá atá inniu ann agus tá an focal ó bhéal ina chuid lárnach d’fhéilte litríochta anois. ‘Ní bhíonn féile ealaíne ná litríochta ar bith sa tír anois nach mbíonn léamh filíochta mar chuid bhunúsach di, agus filí Gaeilge páirteach go han-mhinic sna léamha céanna’ (Denvir 2010:12). Éiríonn le filí comhaimseartha dul i gcion ar phobal éisteachta nó léite trí tharraingt ar mheán na teicneolaíochta, a chuireann ar a gcumas réaltacht shochtheangeolaíoch na teanga a shárú agus ní ligeann siad di srian a chur ar a gcuid cleachtas: ‘Ní leasc leo modhanna nua aithrise agus seachadta a chleachtadh le léitheoirí agus le lucht éisteachta ilchineálach idirnáisiúnta a aimsiú’ (Ní Ghairbhí agus Ní Fhrighil 2010: 305).

Féachann Ní Ghairbhí agus Ní Fhrighil (2010) ar an gcleachtas seo mar fhilleadh nó mar leanúnachas ón láithriú stairiúil. ‘Ag filleadh ar bhunchleachtais sheachadta na filíochta atáthar san fhilleadh seo ar an bhfocal ó bhéal agus ar an tionlacan ceoil’ (Ní Ghairbhí agus Ní Fhrighil 2010: 293). Áitíonn De Paor (2016) gur cothaíodh nós an láithrithe seo le linn tréimhse fhilí Innti agus go bhfágann seo fearann na filíochta béil mar uacht ag na filí comhaimseartha.
The idea that poetry as an oral mode of verbal performance is long established in the Irish tradition and the determination to reach a listening as well as a reading audience is part of the legacy of Innti. (De Paor 2016: 26)

Fás na bhFísdánta

Deineadh suaitheadh ar fhearann na filíochta anseo in Éirinn le bunú “Reic” ag Ciara Ní É sa bhliain 2015. Daoibhse nach bhfuil cur amach agaibh ar choincheap “Reic” – séard atá i gceist leis ná ardán rialta (a bhogann ó ionad go hionad timpeall Bhaile Átha Cliath agus atá tar éis leathnú amach timpeall na tíre), a thugann deis do dhaoine filíocht, scéalta, píosa ceoil nó cainte a chur i láthair chomhluadair fháiltiúil. Tugann sanas an fhocail seo léargas dúinn ar a bhfuil i gceist leis an gcineál filíochta seo – go dtéann sí i bhfeidhm orainn chun go mbeidh ‘ceannach-isteach’ sa rud atá á chur inár láthair. Táthar ann atá ag aithris na filíochta agus iad atá i mbun a gcuid a dhíol linn.

Is iomaí ardán atá ar fáil ar an idirlíon más mian leis an bhfile feidhm a bhaint astu. Is féidir le filí iad féin a fhoilsiú go huathoibríoch ar shuíomhanna mar Youtube, Twitter, Facebook, Snapchat agus an iliomad áiteanna eile. Tá filí mar Shéamas Barra Ó Súilleabháin tar éis éirí cleachtach ar insealbhú a dhéanamh ar a gcuid filíochta ar Youtube. Ba mhó an gheit a bhain teacht chun cinn na n-amhránaithe nó lucht rapála nó reacaireachta ‘Kneecap’ asainn agus iad lán de dhánaíocht ina ndearcadh agus ina n-ábhar cumadóireachta. Tá lucht léite suntasach bainte amach trí fhearann na meán sóisialta – d’fhéach 5,200 duine ar dhán Ní É ‘Phenomenal Woman – Seó Beo Pheil na mBan le Lidl’ agus 6,800 ar ‘He’s just not that into you’. Bhain ‘Óglach’ in 2013 le Séamus Barra Ó Súilleabháin 3,200 amharc amach. Is spéisiúil gur éirigh le Kneecap an bheirt eile a shárú mar a d’fhéach 141,000 duine ar an géad amhrán ‘Cearta’.

Ní mór dúinn suntas a thabhairt don chomhthéacs cothaithe agus cruthaitheachta atá taobh thiar den bhforbairt seo. Le cúpla bliain anuas ach go háirithe, tá na deiseanna atá ar fáil d’fhilí na tíre ag athrú agus féilte nua filíochta tar éis teacht chun cinn: imeachtaí mic-oscailte REIC i mBaile Átha Cliath, Liú Lúnasa i mBéal Feirste agus láithreacht na filíochta Gaeilge ag féilte ceoil an chultúir choitinn, Body and Soul agus Electric Picnic. Is as an gcomhthéacs seo a thagann na físdánta seo a d’eascair as togra comhphairtíoch idir ‘Reic’ agus Áras Scríbhneoirí na hÉireann.

Raithneach le Séamus Barra Ó Súilleabháin

https://www.youtube.com/watch?v=hX6OK1VnSMg&t=21s ‘A Raithneach a Bhean Bheag, a Bhean Bhean Bheag’

Éiríonn leis an bhfile an fonn traidisiúnta a théann leis an gceoldán seo a chur ar foluain idir an saol traidisiúnta agus an saol comhaimseartha idir ábhar agus teanga. Is seift chliste é go bhfeictear dúinn an leabhar clúiteach leis an scríbhneoir Duibhneach Pádraig Ó Cíobháin sa chéad radharc den bhfíseán, An Gealas i lár na Léithe, agus é caite go cúramach ar an mbord i lár an tseomra suite, rud a thugann le fios go maireann an file óg seo ar shaibhreas litríochta na Gaeltachta agus é agtarraingt go suntasach as canúint Chorca Dhuibhne. Cumas teanga agus máistreacht focal atá léirithe tríd an bhfísdán, ach iad foirgthe le códmheascadh agus le códmhalartú i dteannta le corraí cainte comhaimseartha. Tráchtar ar an ‘remote control’ agus an ‘grinder’. Is léir dúinn go bhfuil na ‘munchies’ ar fáil ‘sa phress’. Tuigtear dúinn leis go bhfuil ‘Topaz ar oscailt’ agus go bhfuil sé ag déanamh ar ‘phackage tayto’! Is sa dán céanna a fhaighimid samplaí de shaibhreas teanga an fhile: ‘Seachnaímis gach cor sa tsaol ag deargadh goibín na gaile glaise’. Fonn rithimiúil tarraingteach agus soiléire cainte agus láithrithe an tSúilleabhánaigh atá mar bhuanna ar leith sa dán seo.

Dán Crá le Ciara Ní É

https://www.youtube.com/watch?v=lt3Jvy2-BXk&t=8s ‘Seo dán do na mná a shuíonn ina n-aonar go poiblí’

Is minic a tharraingíonn Ní É aird ar chás na mban i sochaí chomhaimseartha na hÉireann, agus a thugann sí faoi cheisteanna íogaire agus deacra a thabhairt chun solais i bhfoirm fhilíochta. Cuirtear síos ar an tslí go mbíonn ar mhná deileáil le cuirí agus le fonn comhrá agus tuilleadh ó fhearaibh agus iad amuigh leo féin i dteach tábhairne nó ionad eile. Is focail thar a bheith tuairisciúla agus gonta a úsáideann an file, nach bhfágann aon mhíthuiscint orainn ar a bhfuil i gceist aici ina teachtaireacht láidir. ‘Seo dán do gach fear a fheiceann bean agus a fheiceann folús, poll le líonadh, cuireadh oscailte beag beann ar an miangas… fir nach dtuigeann an difríocht idir cairdiúil agus leithleasach, idir ciapadh agus radaireacht’.

Tá rithim láidir rialta á sníomh tríd an dán ar fad leis an dord éifeachtach sa chúlra a choimeádann do chroí ag preabadh le linn na hinste. Cuireann an t-athrá go mór le héifeacht an dáin agus le cumhacht na teachtaireachta a chur abhaile orainn: ‘Níl uaim suí leat, níl uaim luí leat, níl uaim aon ní…’. Cuirtear aghaidheanna ban eile mar fhoinse inste ag druidim le deireadh an dáin, a thaispeánann gur téama uilíoch é seo a bhaineann le gach bean, agus ní leis an bhfile féin amháin. Is fiú suntas a thabhairt don úire a bhaineann le canúint an nua-chainteora, ina bhfuil meascán de thuin chainte na Mumhan agus Chonnacht fite fuaite le chéile. Is tríd an láithriú agus an léiriú thar a bheith cliste a éiríonn leis an ngontacht focal dul i bhfeidhm ar an léitheoir, agus fanann an fonn agus an teachtaireacht leat i ndiaidh na héisteachta.

Conclúid

Táthar ann atá i mbun athnuachan gan choinne a dhéanamh ar an saol, ar an nGaeilge agus ar ár dtuiscint. Tá sibh ag teacht chun cinn, a oidhrí dhil, i dtír ina bhfuil réimse i bhfad níos leithne de dheiseanna romhaibh ná mar a bhí romhainne daichead bliain ó shin. (Dorgan 2011: 20)

Dar le Theo Dorgan ba dhócha go mbeadh filí óga ag teacht chun cinn a dhéanfadh athnuachaint ar fhearann na filíochta in Éirinn. Is léir gur cuid den tairngreacht sin na filí seo. Ní féidir neamhaird a thabhairt, áfach, ar fhilí eile nár tráchtadh orthu san alt seo. Ná déanaimis dearúd ar lucht na ‘Scríbhneoirí Úra’ a tháinig chun aibíochta ó 2008 i leith, filí mar Ríona Nic Congáil, Caitríona Ní Chléirchín, Ailbhe Ní Ghearbhuigh agus Aifric Mac Aodha. Ní mór leis ceann a thógaint den bhorradh ar leith atá tagtha ar an bhfilíocht thiar i gCiarraí, i gceantar Chorca Dhuibhne ach go háirithe, le líon suntasach filí ag tarraingt ar an dúthaigh – Ceaití Ní Bheildiúin, Áine Moynihan, Maria Ní Mhurchú, Simon Ó Faoláin, Louis Mulcahy, Dairena Ní Chinnéide, Bríd Ní Mhóráin, Aogán Ó Muircheartaigh agus Tadhg Ó Dúshláine. Tá filí mar Mhicheál Ó Siochrú agus Paddy Bushe páirteach ann leis agus leithinis Uíbh Ráthaigh mar chúlbhrat do mhórán dá gcuid filíochta.

Cé go mbímid cráite go minic ag an gcnáimhseán agus ag an duairceas a bhaineann le fógraí nuachta agus eile a chuireann síos ar an titim atá tagtha ar líon na gcainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht, agus ar a dheacra is a bhíonn sé ar dhaoine teacht ar sheirbhísí ina dteanga féin, ná déanaimis dearúd go bhfuil ardú meeanman le baint as an gcruthaitheacht agus as an bhfilíocht sa Ghaeilge inniu. Más ann do dhúshláin iomadúla, is ann leis do dheiseanna ilchineálacha, agus cé a déarfadh cá seolfar sinn amach anseo? Cuimhnimis ar fhocail an Ríordánaigh; ‘Is iad na scríbhneoirí a mhúsclóidh an teanga agus is iad an teanga mhúscailte a mhúsclóidh na daoine chun labhartha na Gaeilge’ (ES 1952: 25).

Liosta Léitheoireachta

• Denvir, G. (2010) ‘Réamhfhocal’ in Ní Fhrighil, R. [eag], Filíocht Chomhaimseartha na Gaeilge, Baile Átha Cliath, Cois Life Teoranta.
• De Paor, L. (2016) ‘Leabhar na hAthghabhála: Poems of Repossession’, Indreabhán, Conamara, Cló Iar-Chonnacht.
• Dorgan, T. (2011) ‘Rud Éigin ag tarlú ach ní fios’ in Ó Dúshláine, T. & Ní Chléirchín, C. [eag] Filí INNTI go hIontach, Léachtaí Cholm Cille XLI, Má Nuad, An Sagart.
• Ní Ghairbhí & Ní Fhrighil (2010) ‘Filíocht Ghaeilge na Linne Seo’ in Ní Fhrighil (eag) Filíocht Chomhaimseartha na Gaeilge, Baile Átha Cliath, Cois Life Teoranta.
• Ó Dúshláine, T. (2011) Anois Tacht an Eala – Filí Chorcaí, INNTI agus an Réabhlóid Chultúrtha, An Díseart, An Daingean, An Sagart.
• Ó Ríordáin, S. (1952) Eireaball Spideoige, Baile Átha Cliath, Sáirséal and Dill.

Feasta, Feabhra 2019

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais