Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Beannú gan Cur Leis:
Dónall Ó Móráin ar Chomharbaí Dev


le Maolsheachlainn Ó Caollaí


‘Nuair a thug an Dr Dónall Ó Móráin, Ceannasaí Gael Linn Léacht an Oireachtais i dTrá Lí ar 29 Deireadh Fómhair rinne sé cur síos ar stair na Gaeilge le céad bliain anuas agus d’ionsaigh sé lucht polaitíochta na Poblachta de bharr an cúlú ón athbheochan atá ar bun ag a bhformhór.’ Cairde: Míosachán Cairde Gael-Linn, Iml. 4, Uimh. 11, Samhain 1982.

——◊——

Pádraig Ó Mathúna, Caiseal Mumhan agus Dún Chaoin, a chuir an léacht tábhachtach seo i gcuimhne d’eagarthóir Feasta. Tá mé buíoch den eagarthóir a d’iarr orm roinnt focal a scríobh a chuirfeadh ábhar an léachta seo i láthair athuair.

Sa bhliain 1923 a rugadh Dónall Ó Móráin i nGaeltacht Chiarraí. Bhí baint mhór ag a mhuintir le Cogadh na Saoirse, leis an gCogadh Cathartha agus leis an athbheochan náisiúnta. Ar thaobh an tSaorstáit a bhí a bhformhór, sílim, agus mar sin, áirítí é mar dhuine a raibh bá ar leith aige leis an Stát. Bhí aithne, agus b’fhéidir caradas, aige le daoine a bhí gníomhach i bhFine Gael agus i ngeall air sin agus ar a chúlra féin, measadh go raibh bá aige leis an bpáirtí sin. Tá sé tábhachtach sin a thuiscint. Ní mar réabhlóidí frithstáit a bhí sé ag labhairt nuair a thug sé léacht seo an Oireachtais sa bhliain 1982. Labhair sé mar dhuine ar mhór aige an Stát, ach a raibh díomá air nuair a b’éigean dó a admháil nach raibh iarracht fónta á dhéanamh níos mó ag polaiteoirí an Stáit sin an Ghaeilge a chur ar bhonn slán.

Bhí Dónall Ó Móráin ar dhuine de phríomhbhunaitheoirí Ghael Linn sa bhliain 1953 agus bhí sé ina Cheannasaí ar an eagras sin ar feadh blianta fada ina dhiaidh sin.

Tháinig Gael Linn ar an saol toisc go raibh daoine míshásta faoi staid athbheochan na Gaeilge, agus faoi bhánú na Gaeltachta a bhí faoi lán seoil ag an am. Shíl siad go dtiocfadh leo féin tionscnaimh nua eacnamaíochta agus cultúir a thosú a bheadh ina n-eiseamláir don Stát agus a chuirfeadh spreagadh úr nua i muintir na hÉireann, agus go háirithe i muintir na Gaeltachta.

Ar feadh blianta i ndiaidh bhunú an eagrais, cuireadh tionsnaimh mhóra agus bheaga ar bun a raibh samhlaíocht, nuálaíocht agus dóchas ag roinnt leo. Níor éirigh le cuid mhaith acu sin sa deireadh, ach d’éirigh thar cionn le cuid eile acu, go háirithe na tionscnaimh sin a raibh baint mhór acu le mórchumarsáid agus leis an gceol agus amhránaíocht dhúchasach. Ó 1956 ar aghaidh, chuir Amharc Éireann, nuachtscannáin Ghael Linn, dearcadh Éireannach faoi bhráid an lucht féachana ollmhóir a bhíodh le fáil sna pictiúrlanna ag an am sin. Roimhe sin, ba é dearcadh impiriúil Shasana amháin a bhíodh á chur faoina mbráid. Bhain an fadscannán staire úd, Mise Éire clú agus cáil amach do Ghael Linn. Ceol a bhí cóirithe ag Seán Ó Riada a ghabh leis an scannán. Mhúscáil idir cheol agus phictiúirí Mise Éire spéis i stair na tíre agus féinmheas náisiúnta a bhí ionann is caillte ag an am. Sna céirníní a d’fhoilsigh siad, léiríodh tuiscint ar an gceol agus amhránaíocht dhúchasach nach raibh le fáil roimhe sin sa dornán céirníní a d’fhoilsigh comhlachtaí tráchtála. Gael Linn a d’fhoilsigh ceirníní Sheáin Uí Riada agus chuir sin freisin le gradam an eagrais.

Bhí a chóras bailithe airgid féin ag Gael Linn, linnte seachtainiúla, agus lig sin do na mílte gnáthdhaoine, a thug scilling in aghaidh na seachtaine, a bheith rannpháirteach ar bhealach in obair an eagrais. Thug sin deis do Ghael Linn a bheith níos neamhspleáiche ar an stát ná mar a d’fhéadfadh a bheith dá mbeadh sé taobh go hiomlán le deontais.

Ba cheart dúinn cuimhneamh freisin gur fhóin Gael Linn don náisiún nuair a chuireadar ó mhaith (ó olc, a b’áil liom a rá) beartas an rialtais, ina raibh Seán Lemass ina Thánaiste agus ina Aire Tionscail agus Tráchtála, an ceadúnas don chéad seirbhís teilifíse sa stát a bhronnadh ar chomhlacht tráchtála Angla-Mheirceánach. Sa bhliain 1957 d’fhógair Lemass gur seirbhís teilifíse tráchtála a bhí le bheith ann agus gurb in sin! Thairg Gael Linn go foirmeálta an tseirbhís nua a reachtáil i gcomhpháirt le heagrais ghnó, NBC (National Broadcasting Corporation) Stáit Aontaithe Mheirceá ar cheann acu. Chuir sin an phraiseach ar fud na mias. Níorbh amhlaidh nach raibh na comhlachtaí gnó a bhí rannpháirteach in iarratas Ghael Linn inghlactha ag an rialtas. Ach, níor theastaigh ón rialtas ná óna gcomhairleoirí státseirbhíse go mbeadh eagras Gaeilge i mbun an chórais. Anuas air sin, agus os a choinne sin, ní fhéadfadh siad Gael Linn a dhiúltú agus an ceadúnas chun ceann de phríomhinstitiúidí déanta cultúir na tíre a thabhairt do chomhlacht gallda eachtrannach, mar a bhí ar intinn.

Dá bharr sin, b’éigean do na polaiteoirí glacadh leis an bprionsabal gur faoi úinéireacht an stáit a bheadh an córas teilifíse. Bua ollmhór ab ea sin, ach cuireadh ó mhaith é nuair ba chóras gallda, ar mhúnla gallda agus le meon gallda, a cuireadh ar fáil sa deireadh, bíodh is go raibh seirbhís phoiblí mar chuid de.

Ar ndóigh, bhí baint ag go leor leor daoine leis an obair ar fad a rinne Gael Linn, ach ba é Dónall Ó Móráin a bhí i gceannas agus a stiúraigh an bád le linn bhlianta órga an eagrais. Bhí aithne air mar dhuine poiblí dá bharr sin agus, ar ndóigh, i ngeall ar a ardchumas féin. Tugtaí aird ar a raibh le rá aige agus b’in é an fáth ar tugadh cuireadh dó léacht seo an Oireachtais a thabhairt.

I léacht seo an Oireachtais, mar sin, tá an Móránach ag labhairt le guth eolach, údarásach. Ní fhéadfaí a chur ina leith nach raibh ina ghlór ach éamh sa bhfásach, nó nach raibh fhios aige cad faoi a bhí sé ag caint, nó gur Fhianna Fáileach in éadaí caorach é, ag cur síos ar na hiarrachtaí a deineadh ó thús ré an stáit seo go deireadh ré de Valera chun an Ghaeilge a athbheochan agus a athréimiú.

Ba ar chomharbaí polaitiúla Fhianna Fáileacha de Valera, nár lean dea-shampla de Valera i leith na teanga, a bhí príomhaird an Mhóránaigh sa léacht. San leagan atá feicithe agamsa ar aon nós, níor thug sé faoin ‘mbuanrialtas’ a chuir cuid mhór den dea-obair ó mhaith, agus a bhfuil fúthu le fada an lá an chaidhp bháis a chur ar an teanga. Is dóigh gur shíl an Móránach go mb’éifeachtaí é tionchar a léirmheasa dá gcloífeadh sé le léirmheas ar na polaiteoirí, an dream, i ndeireadh na dála, a mhaíonn gurb iad a rialaíonn an stát.

Ní dúirt an Móránach i léacht an Oireachtais gur ag deireadh na dtríochaidí agus i dtús na ndaichidí a thosaigh an stát Éireannach ag cúlú ó athbheochan agus athréimiú na Gaeilge. Ach is amhlaidh sin a tharla. Ag an am sin a cuireadh deireadh leis an bhfeachtas chun An Garda Síochána a ghaelú. Mar is fíor anois i dtaobh na státseirbhíse, ní raibh aon Ghaeilge, nó mórán Gaeilge ag formhór na ngardaí a bhí ann ag deireadh na bhfichidí agus i rith na dtríochaidí. Murab ionann agus státseirbhísigh an lae inniu, bhí leithscéal maith acu. In aimsir na Sasanach a bhí a bhformhór ar scoil agus ní raibh ach bunscolaíocht ag an gcuid is mó acu. Cuireadh ranganna Gaeilge ar bun sna beairicí agus amannta i dtithe na ngardaí. D’íoc na gardaí ina lán beairicí as cúrsa Linguaphone ar a raibh na ceachtanna, i nglór Aindrias Uí Mhuimhneacháin, ar cheirníní ‘78’. Cheannaigh siad freisin, as a bpócaí féin, na gléasanna seinnte. Chuirtí ceachtanna míosúla amach chucu ón gceanncheathrú. Ceapadh na gardaí ba dhíograisí mar thimirí deonacha a d’eagraigh na ranganna agus a roinn an beagán Gaeilge a bhí acu féin ar a gcomrádaithe. Ba ar a gcuid rothar a ghabhadh siad timpeall san oíche go dtí trí nó ceithre bheairic a bheadh i ngiorracht deich mile nó mar sin dóibh.

Timpeall tús na ndaichidí cuireadh deireadh leis an bhfeachtas i measc na ngardaí. B’fhéidir go raibh baint ag ‘An Éigeandáil’ leis sin. B’fhéidir go raibh fáthanna eile leis chomh maith. Ach go gairid ina dhiaidh sin, thosaigh stádas na Gaeilge sa chóras oideachais ag laghdú go mall. Mar ábhar, agus mar ábhar amháin a bheadh an Ghaeilge á múineadh feasta i roinnt scoileanna ina mbíodh an Ghaeilge mar mheán, agus bhí líon na scoileanna sin inar laghdaíodh stádas na Gaeilge ag dul i méid de réir a chéile. Tháinig idé-eolaíocht an aon teangachais i dtreis i measc oideachasóirí áirithe. Measadh, mar a mheasadh thar lear freisin, go raibh dátheangachas mínádúrtha agus contúirteach. Dhéanfadh sé dochar d’intinn páiste.

Ag an am céanna a raibh an cúlú sa státchóras ag tosú, bhí rialtais an ama úd faoi cheannas Dev ag tosú ar thionscnaimh nua don Ghaeilge. Luaigh Dónall Ó Móráin na príomhthionscnaimh sin. Thabharfadh sin le tuiscint nach raibh fhios ag an rialtas polaitiúil céard a bhí ar siúl ag mbuanrialtas na státseirbhíse. Nó b’fhéidir gur chuid iad na tionscnaimh nua de ais-troid Dev agus lucht tacaíochta na Gaeilge i measc na n-airí.

Le cur síos ar stair pholasaithe Gaeilge an Stáit a thosaigh an Móránach an léacht. Tugtar faoi deara gur thug sé aitheantas do na hiarrachtaí macánta a deineadh, agus níor lig sé dá dhearcadh polaitiúil an chreidiúnt ar fad a thabhairt do Chumann na nGael agus an milleán ar fad a bhualadh ar de Valera agus Fianna Fáil. Déanta na fírinne, thug sé cothrom na féinne don ‘taobh eile’. Ligimis don Mhóránach féin an scéal a mhíniú. Tá an leagan seo díreach mar a bhí sé in Cairde, iris Chairde Ghael Linn. Tá mé ag ceapadh gur leagan ciorraithe atá ann.

——◊——
‘Níorbh iad na polaiteoirí amháin a bhí chun tosaigh i gcur chun cinn na Gaeilge le linn Chogadh na nDúchrónach. I mí Eanáir 1921, thug Cumann na Múinteoirí Náisiúnta comhdháil mhór le chéile, ar a riabh ionadaithe ó Aireacht na Gaeilge, ón gConradh, on Lucht Oibre agus ó Chumann na meánmhúinteoirí, chun clár nua teagaisc a cheapadh do na bunscoileanna ina mbeadh an Ghaeilge lárnach. Is ag an gcomhdháil seo a tháinig an clár teagaisc ar a nglaoití The First National Programme of Primary Instruction.

1922

‘Laistigh de mhí tar éis don chéad rialtas dúchais teacht i gcumhacht, reachtaíodh go gcaithfí an Ghaeilge a mhúineadh ó lá ’le Pádraig amach, ar feadh uair an chloig, ar a laghad, gach lá i ngach scoil ina raibh aon mhúinteoir in aon chor cáilithe chuige. I mí Aibreáin na bliana céanna sin, 1922, agus reibiliún in éadan an Rialtais ag bagairt ó lá go lá, ghlac an Rialtas céanna sin leis an ‘First National Programme’ agus threoraigh siad d’aon scoil nach raibh múinteoir le Gaeilge ag fónamh ann, múinteoir a thabhairt isteach ionas go bhfaigheadh gach mac léinn uair an chloig de theagasc sa Ghaeilge gach lá.

Fianna Fáil

‘Tá mé d’aonghnó tar éis cíoradh réasúnta mion a dhéanamh ar chúpla ceann de na gníomhartha tosaigh don Ghaeilge a chuir an chéad rialtas i gcrích in ainneoin chíor thuathail na haimsire. Nuair a tháinig Fianna Fáil i gcumhacht i 1932 léirigh siad an croí maith mór céanna don Ghaeilge.

‘Nuair a bhí an léacht seo ina dhréacht agam ní raibh ach sampla amháin tugtha agam den obair dhearfach ar son leas na Gaeilge a rinne rialtais éagsúla faoi cheannaireacht de Valera ó 1932 ar aghaidh. An sampla a chuir mé sa dréacht úd ná an Coimisiún um Ghaeilge sa Státseirbhís a bunaíodh i 1937 agus a rinne an-obair, fad a mhair sé, laistigh den státchóras chun úsáid na Gaeilge i gcúrsaí riaracháin phoiblí a chur chun cinn.

De Valera

‘Mheas mé gur leor sin chun an saothar a chaith an Stát le cur chun cinn na Gaeilge san blianta úd sna tríochaidí agus sna daichidí a léiriú. Bhí breall orm. Mar is eol daoibh tá comóradh céad bliain á dhéanamh ar de Valera faoi láthair. Coicís is an Domhnach seo caite, ceithre lá roimh bhreithlá de Valera, rinneadh móradh thar ceann an Rialtais — rialtas de chuid Fhianna Fáil — ar shaothar an fhir úd don Ghaeilge. Is ait an mac an saol: tá siad ag coimeád na rudaí is tábhachtaí a rinne sé don athbheochan faoi cheilt!

‘Cad a rinne sé don Ghaeilge, dar leis an Rialtas? Cabhraigh sé le bunú Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Bhunaigh sé Scoil an Léinn Cheiltigh mar chuid den Institiúid Ardléinn. Thug sé ar an Roinn Oideachais foclóir Béarla-Gaeilge a ullmhú. Spreag sé Rannóg Aistriúcháin na Dála chun litriú agus gramadach na Gaeilge a shimpliú agus a chaighdeánú. Agus ag deireadh a shaoil ba thábhachtach leis go gcuirfí foclóir Gaeilge-Gaeilge ar fáil. Ní mise ach a chomharbaí féin i rialtais Fhianna Fáileacha a rinne an liosta seo.

‘Nílimse anseo anocht chun De Valera a chomóradh nó a chosaint; is mó uair a d’ionsaigh mé go poiblí é faoi chúrsaí Gaeilge — agus tharla sé freisin go raibh mé criticiúil faoi ar ócáidí ag cruinnithe príobháideacha leis. Mar sin féin, an ceart choíche!

Níl trácht déanta ag a chomharbaí féin ar an tógáil a rinne sé ar bheartais Ghaeilge an rialtais sna fichidí sa réimse oideachais — an méadú mór sna tríochaidí agus sna daichidí ar líon na nA scoileanna, an forás ar na coláistí ullmhúcháin, an caighdeán ard sa Ghaeilge a leagadh síos don Ardteistiméireacht, an dainginiú a deineadh ar sheasamh na Gaeilge mar ábhar agus mar mheán teagaisc sna coláistí oiliúna.

‘Níl aon tracht acu ar an scéim deontais do chainteoirí óga dúchais sa Ghaeltacht ná ar an tacaíocht airgid a thosaigh sé ag tabhairt do scéimeanna chun daltaí Galltachta a chur gach samhradh chun na Gaeltachta. Níl aon trácht ar na deontais do na tréimhseacháin Ghaeilge. Níl aon trácht ar bhunú Bhord na Leabhar Gaeilge, scéim a d’áitigh Máirtín Ó Cadhain, Máirín Ní Mhuiríosa, an tAthair Aindrias Mac Aodhagáin (triúr nach maireann) agus mé féin ar De Valera ag cruinniú leis féin agus leis an Aire Oideachais ag an am, Seán Moylan.

[Clann le Gaeilge]

‘Níl aon trácht ar an tacaíocht airgid agus eile a thug sé don Oireachtas. Níl aon trácht ach oiread ar an dea-shampla a thug sé féin agus a bhean do thuismitheoirí Éireann trí Ghaeilge a thabhairt dá gclann féin. (Tá mé i bhfad ró-dhíscréideach chun an cheist a chur, cé mhéad de na ceannairí Dála inniu a thóg a gclann le Gaeilge!)

‘Rud eile fós: léirigh sé a thoilteanaí is a bhí sé go ndéanfaí athbhreithniú criticiúil ar pholasaithe agus ar obair rialtas éagsúil don Ghaeilge nuair a bhunaigh sé An Coimisiún um Athbheochan na Gaeilge sa bhliain 1958. Ba as tuarascáil an Choimisiúin úd a d’eascair pé pleanáil teanga a rinneadh sa tír seo le fiche bliain anuas. Níl ach cuid den liosta an-fhada tugtha anseo agam ach is leor an gearrliosta chun a léiriú go bhfuil difríocht an-bhunúsach idir é agus liosta an Rialtais.

‘Is brea linn go léir go bhfuil obair den scoth déanta ag Tomás de Bhaldraithe agus ag Niall Ó Dónaill ar na foclóirí. Is breá linn an obair éachtach ar chaighdeánú na teanga atá déanta ag Rannóg an Aistriúcháin. Tráth dá raibh ba mhaith ann é Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

Dí-aithint?

‘Ach féach an gearrliosta agamsa. B’in obair a chuir an Stát chun cinn go tréan faoi threoir De Valera — múineadh na Gaeilge ar fónamh; leathnú ar mhúineadh trí mheán na Gaeilge; soláthar leordhóthain múinteoirí ag a mbeadh ardinniúlacht sa Ghaeilge; óige na Galltachta ag blaiseadh dúchas na Gaeilge sa Ghaeltacht le cabhair Stáit; cothú na scríbhneoireachta trí Bhord na Leabhar Gaeilge agus trí dheontais do na tréimhseacháin; feachtas láidir chun úsáid na Gaeilge sa státchóras a leathadh fad a mhair an Coimisiún um Ghaeilge sa Státseirbhís. Seo an saghas tosaíochta ba chóir a bheith á glacadh ag lucht rialtais san obair athbheochana. Is maith ann iad na scoláirí foclóireachta ach ní chuirfidh siad múinteoirí le líofacht Ghaeilge ar fáil ná ní chuirfidh siad aon chuid den státchóras ag feidhmiú trí Ghaeilge.

Bhí athbheochantóirí láidre sna rialtais ar fad ó 1922 go dtí 1959. Cá bhfuil a gcomharbaí inniu?1 Ó 1959 i leith cé mhéad comhaltaí de na rialtais ar fad a bhí againn a chreid go diongbhálta i dtábhacht na hathbheochana teanga agus a chuirfeadh an chos i dtaca ina n-éadan siúd ar mian leo an Ghaeilge a bhogadh as an mbealach agus í a lóisteáil sa mhúsaem. Mar a deirim, is ait an mac an saol. Is rí-ait go bhfuilimse anocht ag cosaint de Valera ar a chomharbaí féin maidir lena shaothar ar son na teanga!

Beannú gan cur leis?

‘Is baolach gur léiriú é ar an dearcadh faoin nGaeilge atá ag cuid mhór de pholaiteoirí an lae inniu; léirigh dea-thoil di (dála and dea-thoil a léirimid do na healaíona) trí roinnt deontas a chur ar fáil don obair ach, ná hiarr orainne féin aon tosaíocht a ghlacadh. Go háirithe ná hiarr orainn infrastruchtúr a atógáil ar a bhféadfadh úsáid na Gaeilge forbairt — soláthar múinteoirí Gaeilge, múineadh éifeachtach na teanga, bunú mogalra de scoileanna lánGhaeilge ar fud na tíre, cothú na Gaeilge mar theanga riaracháin phoiblí, ceannas an chórais chraolacháin a chur i gceart maidir le cur i láthair na Gaeilge go tuisceanach. Agus mar sin de ….

‘Sin é mo mhíniú-sa ar an gcinsireacht atá á dhéanamh anois ag ceannairí Fhianna Fáil ar an gcuid is tábhachtaí den obair a rinne bunaitheoir an pháirtí sin don Athbheochan. Tá súil agam nach bhfuil mo mhíniú ceartbhunaithe. Gheofar sin amach nuair a fhoilseoidh an Rialtas an Plean Ceithre Bliana atá geallta acu agus ar a bhfuil Bord na Gaeilge ag obair faoi láthair.’
——◊——
Sin an méid atá san léacht mar a foilsíodh é ar nuachtlitir Ghael Linn, ach is cur síos gearr gonta é ar chuid den obair a rinne an Stáit ó 1922 anuas go deireadh ré De Valera. Is dócha go raibh a thuiscint féin ag an Móránach ar na fáthanna a raibh comharbaí Fianna Fáilleacha Dev ag leanacht na treorach a bhí tugtha ag an mbuanrialtas seachas treoir de Valera, ach níl sin le fáil againn anseo. Bhí cuid ar a laghad de chomharbaí Dev a bhí i gcumhacht i 1982 a raibh deis iontach acu ar scoil an Ghaeilge a fhoghlaim, rud nach raibh ag mórán den seandream. Ach, seachas an Taoiseach féin, Cathal Ó hEochaidh, agus duine eile a oileadh mar mhúinteoir agus nach raibh aon rogha aige ach Gaeilge a fhoghlaim, ní léir gur fhoghlaim an chuid is mó acu mórán.
Maolsheachlainn Ó Caollaí, 5 Eanáir 2019


1. Sa rialtas ag an am a tugadh an léacht, Deireadh Fómhair 1982, bhí: Charles Haughey, Taoiseach; Ray Mc Sharry, Brian Lenihan, Paddy Power, Martin O’Donoghue, Ray Burke, Brendan Daly, Gerry Collins, Pádraig Flynn, Michael Woods, Albert Reynolds, Seán Doherty, Gene Fitzgerald, John Wilson agus Desmond O’Malley.

Agus an dream a bhí sa rialtas díreach i ndiaidh ré Dev, i 1959: Seán Leamas, Taoiseach, Seán MacEntee, Paddy Smith, Kevin Boland, Patrick Hillary, Frank Aiken, James Ryan, Mícheál Ó Móráin, Jack Lynch, Oscar Traynor, Erskine Childers, Niall Blaney, Michael Hilliard, agus Gerard Bartley.◊

Nóta eagarthóra: Mo léan, d’éag Pádraig Ó Mathúna Dún Chaoin & Caiseal, beannacht Dé leis, ar an 8 Eanáir, sula bhfaca sé cur i láthair Mhaolsheachlainn Uí Chaollaí ar léacht Uí Mhóráin 1982, mar ba shuim leis.
• De réir mo chuimhne, b’é John Wilson thuas, a dhein cinneadh ina Aire dó go n-íocfadh an Roinn Oideachais as 100% den chostas ar shuíomh gaelscoile. Leathnódh an ghaelscolaíocht ar feadh tréimhse. Quantum mutatus!

Feasta, Feabhra 2019

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais