Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc

Dánta

le Marcus Mac Conghail

Ag Feitheamh

Ag feitheamh ar cheapaire
i siopa na gceapairí
An cúigear ceannchromtha
romham ag brú na gcnaipí
ar a nglicghutháin
Ag giolcadh fúthu atáim
agus mise, seans,
mar ábhar ríomhchomhrá
acu féin …

Ríomhaithne

Bhíodh mearaithne agam ort
ach ní chím níos mó tú
ach chím níos mó díot anois
ná mar a dheininn
— le do leanaí ag dul chun na scoile;
roimh, le linn, i ndiaidh do shaoire;
ar do lá breithe is tú ag braistint straoiseogach
— gach cuid ded shaol
nach gcífinn sa bhfíorshaol
dá mbeadh mearaithne
agam fós ort.
Bhuaileas leat lá tré thaisme glan
is ní raibh tuairim dá laghad agam
cad é a déarfainn leat
ach ansan dhein tú tagairt
don phostáil is déanaí uaim
is d’fhágamar mar sin é.

Straoisleabhar

… ah, straoisleabhar
bolg an tsoláthair is an eolais
gaineamh súraic an aineolais
muince laidhceannaí
don suathaireacht ego
ag tachtadh gach gnímh
— réamh agus iar —
agus beidh mé i láthair
nuair nach raibh i gceist
bheith i láthair riamh


Feasta, Feabhra 2019

Abhaile | barr | clár na míosa seo